Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go raibh éacht ar tí tarlú that a feat was about to be achieved
" I mí Feabhra bhuaigh Áth Cliath ar Scoil na mBráithre Críostaí, Inis Córthaidh sa chluiche ceathrú ceannais ach ní mó ná sásta a bhí an lucht bainistíochta le caighdeán na himeartha agus ní raibh aon chosúlacht go raibh éacht ar tí tarlú.
go bhféadfadh a leithéid tarlú that such a thing could happen
" Níor mhaith le héinne in Éirinn go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá ach, má thosaíonn cogadh, tá an chuma ar an scéal go bhféadfadh a leithéid tarlú.
go bhféadfadh a mhacasamhail tarlú that something similar could happen
" " Creideann sé go bhféadfadh a mhacasamhail tarlú i go leor tíortha eile sa réigiún.
ag tarlú go fóill still happening
" Tá na nithe seo ag tarlú go fóill i Meiriceá, agus tá Nua-Eabhrac ar cheann de na háiteacha is mó a bhfuil a leithéid ag gabháil ar aghaidh ann.
go bhféadfadh siad tarlú that they could happen
" Ach *tá* siad ag rá go bhféadfadh siad tarlú agus, go deimhin, go bhfuil fianaise láidir eolaíoch ann go bhfuil muid ar thairseach na dtarlúintí seo - go bunúsach, go bhfuil olltubaiste dhomhanda i ndán dúinn uaidh seo go ceann 20 bliain, go scriosfar codanna móra den phlainéad agus go gcaillfear na milliúin dá bharr.
ag tarlú happening
" Tá an binse ar siúl le breis is mí anois agus cé go ndearna cuid d’fheidhmeannaigh AWB iarracht a rá nach raibh a fhios acu céard a bhí ar siúl, is léir go raibh a fhios ag cuid mhaith daoine sa gcomhlacht go díreach céard a bhí ag tarlú.
tarlú occurence
" Rinne an tarlú seo Polannaigh a líonadh le háthas agus le bród.
tarlú occurence
" Rinne an tarlú seo Polannaigh a líonadh le háthas agus le bród.
ar a bhfuil ag tarlú on all that is happening
" Mar sin féin, is maith liom súil a choinneáil ar a bhfuil ag tarlú i ndomhan mór an spóirt.
le sracfhéachaint a thabhairt ar a bhfuil ag tarlú i mo thimpeall to glance at what's happening around me
" Anois is arís, osclaím iad le sracfhéachaint a thabhairt ar a bhfuil ag tarlú i mo thimpeall.
a mhaítear a bheith ag tarlú that it is claimed is occurring in them
" Cad é an tsaoirse ba cheart duit a thabhairt d’fhórsaí cosanta do thíre agus iad ag troid “in éadan na sceimhlitheoireachta”? Tá cur agus cúiteamh ann faoi láthair fá phríosúin rúnda na Meiriceánach ar fud na cruinne agus an céasadh a mhaítear a bheith ag tarlú iontu sa “troid in éadan sceimhle.
ní fhéadfadh sé tarlú it couldn't happen
" Agus ceoltóirí mar sin i láthair, ní fhéadfadh sé tarlú nach seinnfí ceol den scoth don lucht éisteachta mór a bhí i láthair.
ligean don phróiseas tarlú to let the process happen
" An rud a bhíonn deacair ná ligean don phróiseas tarlú agus iontaoibh a bheith agat asat féin, as pé rud a thagann amach.
ag tarlú happening
" ***An bhfuil fáil ag muintir na hÉireann i gcoitinne ar na healaíona nó an bhfuil an chuid is mó de na gníomhaíochtaí ag tarlú i mBaile****** Átha Cliath?*** Tá saol an-ghníomhach ealaíon i mBaile Átha Cliath.
ag tarlú happening
" Tá sé ag tarlú cheana féin: níl Meiriceá ag cur béime maidir le tacaíocht an rialtais ar innill níos éifeachtaí, ar chaighdeáin níos déine i dtaca le tomhaltas breosla nó ar iompar poiblí níos fearr, ach ar scaglanna a thógáil chun eatánól a dhéanamh as arbhar Indiach.
ag tarlú happening
" Is díol suntais, mar sin, agus léargas ar an athrú meoin atá ag tarlú sna sé chontae go bhfuil beirt ealaíontóirí múrmhaisithe – Danny Devenny, iarphríosúnach poblachtánach a d’fhoghlaim a cheird sa Cheis Fhada agus Mark Ervine, mac le iarcheannaire an PUP, David Ervine, a fuair bás i mbliana – i ndiaidh a theacht le chéile agus an sprioc chéanna acu – saothar a dhéanamh i gceantair lucht oibre Learphoill, an chathair atá roghnaithe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa don bhliain 2008.
nach bhféadfadh an rud céanna tarlú that the same thing couldn't happen
" Dá dtiontófá coirnéal sráide agus portráid de John Lennon a fheiceáil ar an bhalla os do chomhair, chuirfeadh sé sin miongháire ar d’aghaidh gan amhras! Mheall na ballaí múrmhaisithe i mBéal Feirste na mílte turasóir le cuairt a thabhairt ar an chathair, agus níl cúis ar bith nach bhféadfadh an rud céanna tarlú i Learpholl.
is cuma céard atá ag tarlú it doesn't matter what is happening
" Is féidir leis a spící a chur amach agus é féin a dhúnadh isteach chun a rud féin a dhéanamh, is cuma céard atá ag tarlú taobh amuigh.
Thiocfadh leis tarlú, it could happen
" Ceisteanna dlíthiúla Thiocfadh leis tarlú, mar sin, go mbeidh ceisteanna dlíthiúla faoin chur chuige seo.
tarlú happen
" Má éiríonn le foireann na hÉireann ballraíocht iomlán den ICC a bhaint amach, d’fheadfadh sé tarlú go mbeidh mé sa Gabba le comórtas trialach idir foireann na nAstráile agus foireann na hÉireann a fheiceáil.
Thiocfadh leis tarlú It could happen
" Thiocfadh leis tarlú go ndéanfaí “*chronic scam victim*” de dhuine amháin, mar a deirtear i mbileog an fheachtais.
Tar éis do chíréibeacha tarlú after riots occured
" Tar éis do chíréibeacha tarlú – a dtugtar Cogadh na Mormannach orthu anois – thug an stát ordú don arm na Mormannaigh a dhíothú in 1838.
thiocfadh leis tarlú it could happen
" Anois, an té nach bhfuil eolach ar an scéal Rúiseach, thiocfadh leis tarlú go gcuirfeadh sotal den sórt sin ó dhoras é.
tharluithe incidents
" Is minic ar chláir spóirt theilifíse a dhéantar anailís ar tharluithe i gcluichí agus ar earráidí réiteoirí.
ag tarlú happening
" Is leis an aghaidh a fhógraíonn muid cad é atá ag tarlú sa saol againn.
ag tarlú happening
" B’údar náire ag an Astráil é go raibh an ghéarchéim chomhshaoil seo ag tarlú ar chríoch dá cuid, go háirithe críoch atá ar liosta na Náisiún Aontaithe.
tarlú happening
" Chreid sé gurb é an bealach is fearr chun a fháil amach cad é a bhí ag tarlú ná é féin a chur gualainn ar ghualainn le saighdiúirí créachtaithe agus le daoine misniúla a chonaic sé trí shúil a cheamara.
tarlú happening
" An saol crua é a bheith os comhair ceamara sách minic chaon seachtain ar bonn seasta? BNC: Is obair chrua í, caithfidh tú i gcónaí a bheith ar an airdeall, caithfidh tú i gcónaí a bheith aireach faoi céard tá timpeall ort, céard tá ag tarlú sa domhan, bíodh tú i do láithreoir, nó id’ iriseoir, nó aon duine atá ag plé leis na meáin, mura dtuigfidh tú céard tá ag tarlú sa domhan mór, beidh sé sin soiléir! Ó chláracha do ghasúir, cláracha siamsaíochta, is cuma céard é an t-ábhar, mar ag deireadh an lae, tá bunús iriseoireachta leis an bpost.
bhí ag tarlú was going on
" Anois, ina dhiaidh, bhí mé in ann gáire a dhéanamh, ach ag an am níor thuig mé céard a bhí ag tarlú.
tarlú happen
" Rinne Ruairí Quinn pointe maith, ar chlár Vincent Brown le gairid, nuair a dúirt sé go bhféadfadh sé tarlú go mbeadh níos mó Teachtaí Dála ón eite chlé sa chéad Dáil eile ná mar a bheadh ag ceachtar den dá pháirtí eile.
cultúrtha/ealaíonta a bheidh ag tarlú ansin i rith na bliana sin.
" Cathair Chultúrtha na Ríochta Aontaithe ==================== Ba é Doire an chéad chathair ar ar bronnadh an teideal Cathair Chultúrtha na Ríochta Aontaithe agus beidh sé aici don bhliain 2013 agus beidh an Fhleadh ar an imeacht is suntasaí i measc lear mór imeachtaí cultúrtha/ealaíonta a bheidh ag tarlú ansin i rith na bliana sin.
Níor thúisce sin tarluithe no sooner had that happened
" Níor thúisce sin tarluithe ná scrios buama árasán Beate Zschäpe ar 26 Frülingstrasse, cathair Zwickau, 110 míle ar shiúil.
a bhféadfadh a tharlú dá réir which could arise from it
" Ar an láimh eile, aithnítear cead an úinéara a chuid sealbhúchas a chosaint ó thréaspas agus ó aon dochar a bhféadfadh a tharlú dá réir.
abair nach mbeidh dada eile ag tarlú i saol let’s say nothing else is happening in the life (of hip-hop)
" Is art form é as féin atá go hiomlán difriúil ó go leor stíleanna canta eile agus samhlaigh nó smaoinigh faoi hip-hop, abair nach mbeidh dada eile ag tarlú i saol an hip-hop ó bhliain amháin go bliain eile ach comórtas ina mbeadh 50 cent agus iad seo uile ag teacht le chéile, tá sé seafóideach, gan outlet ar bith eile a thabhairt dó” a deir sé.
in ainneoin go bhféadfadh sé tarlú go mbuafadh despite the fact that (KK) could win
" Deirim gur deireadh ré atá ann in ainneoin go bhféadfadh sé tarlú go mbuafadh Cill Chainnigh craobh na hÉireann an bhliain seo chugainn ach go fiú is go dtarlaíonn sé sin, is dóigh liom go mbeidh roinnt mhaith imreoirí cáiliúla in easnamh agus aghaidheanna nua ina n-áit.
ag tarlú timpeall na cruinne happening globally
" Is é SsangYong an ceathrú déantóir carranna is mó sa Chóiré Theas agus, cé go bhfuil cúlú geilleagair ag tarlú timpeall na cruinne, tá ag éirí go breá leo féin.
léiríonn an méid atá ag tarlú ann what’s happening goes to show
" Riachtanas na hInfheistíochta ============= A dhonacht is atá cúrsaí in earnáil déantúsaíocht na ngluaisteán abhus, táthar ann a mheasann go léiríonn an méid atá ag tarlú ann go mbeidh deireadh le hearnáil na déantúsaíochta ina hiomláine san Astráil sul i bhfad.
tar éis tarlú cheana féin happened already
" Dar leis go bhfuil sé tar éis tarlú cheana féin go mbíonn cluichí móra CLG le feiceáil in áiteanna thar lear mar a bhfuil Éireannaigh ag obair nó ar saoire iontu.
bhféadfadh sé tarlú mar thoradh ar it could happen as a result
" In aitheasc a thug Aire Airgeadais an ama, Richie Ryan, sa Dáil ar an 5 Nollaig, 1974, faoi chinneadh an rialtais deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge do phoist sa státseirbhís a fógraíodh mí roimhe sin, dúradh go bhféadfadh sé tarlú mar thoradh ar na hathruithe seo go gceapfaí státseirbhíseach sa Roinn Airgeadais nach mbeadh in ann Béarla a labhairt! An Dá Chéim i nDiaidh do Chúil =========== Ina áit na Gaeilge éigeantaí, tugadh isteach córas ina mbeadh marcanna breise (10%) ar fáil d’iarrthóir as inniúlacht sa Ghaeilge a bheith aige.