Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tithe leanna pubs
" Cuid mhaith acu is baintreacha agus daoine ina n-aonar iad nach dtaitníonn na tithe leanna leo agus a d'fhan sa bhaile roimhe seo.
teach leanna pub
" Le linn do Liam bheith i Meiriceá den dara huair, d'oscail teach leanna i Manhattan, Rocky Sullivan's, agus bhí aithne ag Liam ar na húinéirí.
i dtithe leanna in pubs
" Is beag caint a tharraing sé i dtithe leanna ó cheann ceann na tíre.
tionscal na dtithe leanna the pub industry
" Ach gan dabht ar bith is é an dianfheachtas atá ar bun ag na Gardaí le dornán míonna anuas an buille is troime atá faighte ag tionscal na dtithe leanna le fada.
dteach leanna a pub
" Nuair atá faill acu craic a bheith acu leat i dteach leanna nó i gcaifé, labhróidh siad leat ionann is gur tógadh sa chomharsain chéanna sibh.
dtithe leanna pubs'
" Oíche Shathairn, 28ú Samhain, bhailigh drong 200 duine le chéile i lár an bhaile gar d’am druidte na dtithe leanna agus thosaigh ag déanamh léirscrios ar shéalúchais Chaitliceach.
teach leanna pub
" Pádraic's Place an seanainm a bhíodh ar an teach leanna seo le barr measa ar an scríbhneoir Sean-Phádraic Ó Conaire a mhaítear a rugadh ar an láthair ar an 28 Feabhra 1882.
theach leanna pub(s)
" Tá dhá theach leanna deasa ann i gcónaí agus beatha den scoth le fáil i gceann acu.
i dteach leanna éigin in some pub
" Bhí mise ag tabhairt cuidiú dó ráitis a fháil ó na heagrais Ghaeilge faoi na hathruithe a bhí beartaithe agus ag coinneáil súile ar an chlog lena chinntiú go mbeinn i dteach leanna éigin don chluiche mhór.
teach leanna i lár an bhaile a pub in the middle of town
" Níor thúisce mise ann ná go raibh an bháisteach throm chugainn, faraor, agus rinneas mo bhealach ar luas lasrach go dtí teach leanna i lár an bhaile chun cluiche iománaíochta a fheiceáil ar an teilifís.
Sa teach leanna beoga in the lively pub
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
i dteach leanna in a pub
" Tharla gur cultúr éagosúil lena chéile iad, is féidir cairde a dhéanamh go furasta sa Spáinn ag dioscó nó i dteach leanna, ach sa tSín ní rachaidh siad chuig áit mar sin agus is doiligh aithne a chur ar dhaoine.
sa teach leanna in the pub
" Tharla comhrá Béarla amháin, iascaire coimhthíoch sa teach leanna, ar feadh leath uaire san achar trí seachtaine sin.
Athraíodh ainm an teach leanna the name of the pub was changed
" Athraíodh ainm an teach leanna ‘JP Byrne’ go ‘Roartys’ le haghaidh na sraithe trí chlár agus d’fhág an clár a lorg dá réir ar an tsráidbhaile.
i dteach leanna i lár an lae in a pub in the middle of the day
" Shníomhfadh scoil chumasach mar sin an dá phobal ina chéile arís, Gaeltacht agus Galltacht, agus chiallódh sé go mbeadh stócaigh is girseacha ag tabhairt aghaidh ar an tríú leibhéal nuair a bheadh dhá theanga go leith acu, go cumasach is go cliste, in ionad a bheith ina gcuid English monoglots ar meisce ag lorg troda i dteach leanna i lár an lae.
dtithe leanna pubs
" Ar an lá eagraítear toscairí i moil, nó ‘huddles’, i dtithe leanna agus in óstáin timpeall an bhaile.
i dtithe leanna in pubs
" Ní minic a bhím mar sin ach bhí gearrsteall ólta agam le cairde de mo chuid agus muid ag plé cúrsaí foclóireachta, ceist a bhfuil fairsinge inti mar atá a fhios agaibh agus ábhar ar ceart cuid mhór ama a chaitheamh i mbun chur agus cúiteamh á plé i dtithe leanna.