Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
héagsúlacht chultúrtha agus teangeolaíoch cultural and linguistic diversity
" Is impleachtaí iad a bhaineann le fostaíocht, le héagsúlacht chultúrtha agus teangeolaíoch, le hacmhainní, le feidhmeanna na scolaíochta in Éirinn, le tionchar stádas idirnáisiúnta teanga ar lucht a labhartha agus a foghlamtha, agus le bunphrionabail dlí.
teangeolaíoch chomparáideach comparative lingusistics
" Bíonn siad cumasach sna tuisil - tá seacht gcinn acu féin, mar aon le hainmfhocail neodracha, beomhara agus neamhbheomhara, agus na mílte féidearthacht! Agus céard a spreag iad chun an Ghaeilge a dhéanamh, agus cén cúlra a bhíonn acu? Bhuel, bíonn cuid acu ag déanamh staidéir ar an sean-Bhéarla, cuid eile ag díriú ar an nGaeilge ar bhonn teangeolaíoch chomparáideach, cuid eile ag lorg ábhar neamhghnách spéisiúil, agus cuid eile ar thóir na craice amháin.
an mhíorúilt theangeolaíoch sin that linguistic miracle
" Dar ndóigh, níl mé ag maíomh go dtosóidh gach duine sa tír ag labhairt Gaeilge mar gheall ar go bhfuil Des Bishop ag déanamh amhlaidh – ní dóigh liom go bhféadfadh duine ar bith an mhíorúilt theangeolaíoch sin a bhaint amach – ach is cosúil go gcruthóidh “In the Name of the Fada” dea-thoil sa bhreis i leith na teanga i measc mhuintir na hÉireann.
Teangeolaíoch linguistic
" Cé nach bhfuil an Ghaeilge in uachtar mar theanga an phobail in gach cuid den Ghaeltacht oifigiúil faoi mar atá léirithe in ‘Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007’, fós féin is ócáid an-speisialta Gaeltachta é a thugann daoine agus cumainn pheile de chuid Cumann Lúthchleas Gael atá ag feidhmiú sna ceantair Ghaeltachta agus Bhreac-Ghaeltachta le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad na nGael.
teangeolaíoch linguistic
" Chleacht sé moilleadóireacht ón tús: ag bunú Coimisiún na Gaeltachta le moltaí a dhéanamh, coistí le staidéar a dhéanamh ar na moltaí a rinne an Coimisiún, staidéar eile le tíocht aníos le critéir teangeolaíoch agus coiste eile fós le breathnú ar na moltaí ón staidéar sin.
Cuimsitheach Teangeolaíoch comprehensive
" Tuarascáil Choimisiúin na Gaeltachta (2002), Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta (2004), Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007), Dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge (2009), Tuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais ar an Dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge (2010).
Teangeolaíoch linguistic
" Is í an cheist a fhágtar linn ná an mbeidh na tionscnaimh éagsúla a sheol an tAire in ann an méid seo daoine a choinneáil ag labhairt go rialta agus an féidir an taoide a athrú leis an líon cainteoirí a mhéadú? Ar an chéad dul síos, tá lucht gníomhaíochta na Gaeilge ag fanacht le fada le céimeanna dearfacha a theacht as saothar Choimisiún na Gaeltachta agus as An Staidéar Teangeolaíoch a rinneadh seal de bhlianta siar.
an t-aos óg óna n-oidhreacht theangeolaíoch the youth have with their linguistic inheritance
" Dí-nascann an Denglisch an t-aos óg óna n-oidhreacht theangeolaíoch agus cuireann a dul chun cinn in iúl go bhfuil an Béarla níos inmhianaithe sa Ghearmáin ná an Ghearmáinis.
an díchuimhne theangeolaíoch seo this linguistic amnesia
" Ar ndóigh ní bhaineann an díchuimhne theangeolaíoch seo le doiciméid scríofa amháin.
chritéir theangeolaíocha linguistic criteria
" Gheall tú féin go dtabharfadh Acht na Gaeltachta ‘sainmhíniú nua don Ghaeltacht a bheidh bunaithe ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha’ ach is a mhalairt a tharla.
ciall teangeolaíoch linguistic sense
" Seo iad: (i) go ndéanfaí Acht na Gaeltachta 2012 a athghairm nó é a leasú le go mbeidh ciall teangeolaíoch leis an nGaeltacht, mar a gealladh; (ii) go gcuirfí Bord Oideachais speisialta ar bun le déileáil le gach gné den oideachas sna ceantair Ghaeltachta; (iii) go gcuirfí polasaí soiléir i bhfeidhm tríd an státchóras a chinnteoidh, go mbeifear in ann seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht ‘gan cheist gan choinníoll’, taobh istigh de dhá bhliain; (iv) go mbeadh cúnamh speisialta curtha ar fáil le nuachtán seachtainiúil Gaeilge clóite a chur ar fáil le freastal go príomha ar na ceantair Ghaeltachta; (v) go ndéanfaí bonn daonlathach a chur aríst faoi Údarás na Gaeltachta, sa gcaoi is go mbeidh ionadaithe tofa ag pobal na Gaeltachta ar an mBord.
aon bhunús teangeolaíoch any linguistic basis
" Déanfaidh mise mo bhreithiúnas air chomh maith ach ní bheidh sé bunaithe ar chruinneas nó ar líofacht a chuid Ghaeilge ach ar an méid seo: an mbeidh sé de mhisneach aige moltaí a bhí déanta sa Staidéar Teangeolaíoch ar Staid na Gaeilge sa nGaeltacht a chur i bhfeidhm? Mar shampla, an mbeidh sé toilteanach glacadh leis na critéir theangeolaíocha a bhí molta sa staidéar sin? An mbeidh se sásta deireadh a chur leis an gcur i gcéill atá ar bun ag a Roinn, faoina gcuirfear airgead amú ar phleanáil teanga i gceantair sa nGaeltacht oifigiúil nach bhfuil rian ar bith den Ghaeilge fágtha iontu? An mbeidh sé sásta deireadh a chur le stádas Gaeltachta na n-eastát tithíochta ar imeall na Gaillimhe? Tuigtear do chuile dhuine nach bhfuil aon bhunús teangeolaíoch le stádas Gaeltachta a bheith ag eastáit tithíochta i dTír Oileáin agus i gCnoc na Cathrach.