Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ina theannta sin As well as that
" Ina theannta sin, tá ceisteanna móra á n-ardú faoin mhéid taistil a bhíonn ar chaoirigh a dheánamh agus iad ag dul ó fheirm go seamlas.
i dteannta a chéile together
" Tá cultúr an Bhéarla agus an Meiriceánachas róláidir agus bíonn náire ar dhaoine a dteanga féin a labhairt ach amháin nuair a bhíonn siad i dteannta a chéile.
a mhatáin teannta his muscles tightened
" Strapaire fir, a mhatáin teannta, a shúile ag stánadh roimhe, a fhiacla druidte, bata i lámh amháin, an lámh eile ar nós sealgaire ag tarraingt a chreiche.
i dteannta along with
" Tá "Clár na Gaeilge" ar Raidió SBS chomh maith agus bím ag obair ar an gclár sin i Melbourne i dteannta le Colin Ryan.
i dteannta leis along with
" " Seo cuid de na nithe is tábhachtaí a bheas i gceist sa bhille: Beidh an Ghàidhlig ina teanga oifigiúil fud fad na hAlban, i dteannta leis an Bhéarla.
ina theannta along with him
" Agus is í Lainey Keogh (dearthóir éadaigh) an bhean gheal atá ina theannta.
i dteannta in the company of
" ”* Ní léir go bhfuil ceannasaíocht an Gharda Síochána ná an tAire Dlí agus Cirt buartha faoi ainm an gharda shinsearaigh a aimsiú a chas leis an bhfinné i dteannta Ard-Cheannfort an RUC – agus, más fíor, nár inis an méid seo dá cheannasaíocht.
a sheinneann im’ theannta who play along with me
" Tá ceoltóirí a sheinneann im’ theannta ar nós Úna Ni Chiosáin ar an veidhlín, Tom O’Connell ar an gcairdín, agus Mary Conroy ar an ngiotár, a bhíonn ar Radio Kerry im’ theannta gach aon oíche Dé hAoine ar “Kingdom Céilí” óna hocht go dtí na deich.
im’ theannta along with me
" Tá ceoltóirí a sheinneann im’ theannta ar nós Úna Ni Chiosáin ar an veidhlín, Tom O’Connell ar an gcairdín, agus Mary Conroy ar an ngiotár, a bhíonn ar Radio Kerry im’ theannta gach aon oíche Dé hAoine ar “Kingdom Céilí” óna hocht go dtí na deich.
ag canadh i mo theannta singing along with me
" Tá an tuiscint sin aga baile don cheol; is breá liom bheith in ann an ceol a thabhairt do dhaoine nach bhfuil sé cloiste acu cheana féin ach bainim an oiread céanna pléisiúir as bheith ag féachaint ar lucht éisteachta a bhfuil na focail ar eolas acu agus iad ag canadh i mo theannta.
inár dteannta there with us
" Caint éasca agus Eoin inár dteannta.
ag seinnt ina teannta playing along with her
" Ach níl sí ag gearán, ná mise ach oiread, óir tá mé ag seinnt ina teannta.
i dteannta le along with
" B’fhoinse den scoth é ó thaobh an cheoil de agus ba é a chuir le chéile an dá leabhair ceoil atá foilsithe ag Craobh Naithí, i dteannta le Méabh Ní Lochlainn.
i dteannta mo chairde in the company of my friends
" Ach i ndiaidh dúinn bheith tagtha abhaile go dtí ár dteach féin, chuaigh mé i dteannta mo chairde go dtí reilig ár mbaile chun iontas a dhéanamh de na coinnle go léir ag lonrú dhorchadas na hoíche.
ina theannta with him
" Anois, níl aon tuairim agamsa faoi cheol ach bhí Pat i gcónaí ag seinnt (ón uair a chuireas aithne cheart air sa mheánscoil) agus cén fáth nach mbeadh gig ag teastáil uaidh – bia, deoch, leaba don oíche, grian is girseacha na Spáinne? Ach, focann *hell*, ghlaoigh mé isteach chuige ar a laghad dosaen uair agus fiú agus mé ina theannta ar feadh dhá uair an chloig agus cnapáin ollmhóra raithní caite againn, bhíodh sé fós ag rá ‘b’fhéidir’ nó ‘níl mé cinnte an oirfeadh mo chuidse ceoil don tábhairne seo.
i dteannta leis an gcumadóir Ross Harris. along with the musician Ross Harris.
" Nach bhfásann na carachtair as a stuaim féin?”Ach pé scéal é, d’fhill Ihimaera blianta níos deireanaí ar Waituhi chun *libretto* a scríobh i dteannta leis an gcumadóir Ross Harris.
i dteannta diminsin Éireannaigh along with an Irish dimension
" *B’ann a bhí moltaí, den chéad uair, go mbeadh roinnt na cumhachta i dteannta diminsin Éireannaigh mar eochair a d’fhuasclódh fadhb an tuaiscirt go deo.
níl samhradh tugtha agam i dteannta mo thuismitheoirí I haven't spent a summer with my parents
" “Bhí mé an-neamhspleách riamh; chuaigh mé sna gasóga nuair a bhí naoi nó deich mbliana agam agus níl samhradh tugtha agam i dteannta mo thuismitheoirí ó shin! Bhí mé an-ghníomhach agus an-chróga nuair a bhí mé óg, ní raibh mé riamh cúthail.
Ina theannta sin, As well as that,
" Ina theannta sin, tá tromlach mór ag an rialtas sa teach íochtarach faoi láthair.
Ina theannta sin, as well as that
" Ina theannta sin, bhí cuid d’imreoirí gaisciúla na seachtóidí ag dul in aois – Paddy Cullen, Sean Docherty, Gay O’Driscoll is araile.
Ina theannta sin, as well as that
" Ina theannta sin, tá scrúdú samplach ag na ceithre leibhéal curtha ar fáil ar an suíomh www.
i mo theannta along with me
" Bhí sé an-deacair a bheith ag siúl, agus cé go raibh na daoine eile a bhí i mo theannta ar fad rud beag bacach, bhí siad ag bogadach timpeall an bhaile i bhfad ní ba ghaiste ná mise.
i dteannta a mhná áille, along with his lovely wife,
" Bhí cuireadh faighte aige seinnt ag an bhFéile Pan-Cheilteach i nDún na nGall agus i gClub an Chonartha, agus d’úsáid sé an turas le saoire bheag a ghlacadh i dteannta a mhná áille, Gwen.
I dteannta na dTibéadach, in addition to the Tibetians
" I dteannta na dTibéadach, tá daoine eile ag déanamh tinnis do Rialtas na Síne faoi láthair.
i dteannta le along with
" Ba é King a bhunaigh é, i dteannta lena bhean chéile, Nuala O’Connor, ar léiritheoir í chomh maith.
i dteannta na mac léinn, alongside the students
" Tá sainchomharthaí na sean-Pholainne le feiceáil i dteannta na mac léinn, na dturasóirí agus na bPolannach iad féin – idir óg agus aosta – agus iad ag baint suilt as an gcathair ghalánta seo.
i dteannta le along with
" Sílim go raibh deichniúr sa ghrúpa – leath díobh ó scoil na gcailíní, Coláiste Íosagáin – agus a leithéid de cheol a sheinn siad! A leithéid de bhua a bhí acu! Ní ba dhéanaí sa mhí, sheinneamar i gCaisleán Bhaile Átha Cliath don Lá Afracach, i dteannta le Republic of Loose, Sinéad O'Connor, Mundy agus flúirse ceoltóirí eile.
Ina theannta sin as well as that
" Ina theannta sin, mhaígh sé gur dhéagóirí don chuid is mó a bhí bainteach leis na himeachtaí agus nach raibh fianaise ann gur úsáideadh gunnaí in aon achrann a bhí ag na daoine óga seo leis na póilíní.
I dteannta along with
" I dteannta an stiúrthóra nua, ainmníodh painéal láidir ina bhfuil daichead imreoir páirteach ann i Mí na Samhna seo caite.
Ina theannta sin also
" Ina theannta sin, cuireadh i gcuimhne dúinn gur chun leas na tíre atá an borradh seo faoin daonra.
I dteannta le along with
" Agus sin mar a thagaimse isteach san scéal!I dteannta le Mick agus bean suaithinseach, an tOllamh Lizbeth Goodman ó SmartLab, táimse tar éis a bheith bainteach le hiarrachtaí an deis seo a chur ar fáil dóibh trí obair leis an My Tobii.
Ina theannta sin on top of that
" Ina theannta sin, rinneadh ionsaí uibheacha ar phríomhfheidhmeannach na monarchan Continental (aerbhoinn rotha) i Clairoix, gar do Pháras, tar éis dó dúnadh na monarchan a fhógairt.
criosannaí tárrthála teannta go docht lifebelts tightened firmly
" Beidh an Rialtas de leataobh agus na criosannaí tárrthála teannta go docht timpeall orthu.
i dteannta a chéile all together
" Ní hiad na cluichí féin a mhaireann im’ chuimhne le fírinne, ach an comhluadar is an spraoi, an ceol agus an t-atmaisféar speisialta a chruthaítear nuair atá na Gaeil ó Ghaeltachtaí uile na tíre i dteannta a chéile.
i dteannta along with
" D’fhear Sarah Schedl, dalta óg Artificial Eye, fáilte chroíúil roimh ‘Kino’ agus níorbh fhada go rabhas socraithe isteach go cáiréiseach i dteannta haiceannaí cruabhruite na ceannchathrach - gloine fíona réasúnta sibhialta sa láimh amháin agam agus peann le pár sa láimh eile.
i dteannta na fírinne the truth be told
" Gháir mise os ard níos minicí ná mar is dúil dom in Amharclann an Stáit ar Shráid an Mhargaidh i Sydney mífháiltiúil na hAstráile, nó in aon cineama eile, i dteannta na fírinne.
i dteannta le along with
" Dhá dhiosca, cúig rian fichead le leagan nua den amhrán ‘Cathain’ i dteannta le Liam Ó Maonlaí.
ina theannta san on top of that
" Caithfidh tú, go díreach, suí isteach sa charr agus é a thiomáint, chomh maith leis an obair eile ar fad ina theannta san.
Ina theannta sin furthermore
" Ina theannta sin, agus costas na hartola ag ardú go seasta, bhí costas seasmhach ar an gcumhacht eithneach.
Ina dteannta sin furthermore
" Ina dteannta sin, tá nótaí ann faoi gach amhrán agus gluais d’fhocail agus d’fhoirmeacha neamhchoitianta.
ina theannta along with him
" An bhfuair an cáiníocóir luach ár gcuid airgid as an turas seo do bheirt agus eitiltí rialta tráchtála ag dul ann ó Bhaile Átha Cliath? Dhá lá ina dhiaidh sin chosain sé €35,505 ar thuras a thug an tAire céanna go Prág (agus beirt ina theannta an t-am seo.
ina theannta along with him
" An bhfuair an cáiníocóir luach ár gcuid airgid as an turas seo do bheirt agus eitiltí rialta tráchtála ag dul ann ó Bhaile Átha Cliath? Dhá lá ina dhiaidh sin chosain sé €35,505 ar thuras a thug an tAire céanna go Prág (agus beirt ina theannta an t-am seo.
i dteannta along with
" I 1998 rinne an *Centre for Minority Rights Development*, i dteannta cúpla eagraíocht eile cosúil leis an *Minority Rights Group*, cás a thógáil i gcoinne a ndíshealbhaithe.
Ina theannta sin also
" Ina theannta sin, cuirfear ranganna ar fáil d’éinne ó fhoireann Rialtas na hAlban gur mian leo an teanga a fhoghlaim agus maítear go dtabharfar tuilleadh deiseanna inmheánacha dóibh í a úsáid.
i dteannta along with
" Bhíos féin is mo dheartháir i lóistín i dteannta a chéile.
i mo theannta along with me
Ina theannta sin as well as that
" Ina theannta sin, tá méadú suntasach tagtha le blianta beaga anuas ar an gcuid sin den daonra atá os cionn seasca bliain d’aois: sa bhliain 2000, bhí 20.
teannta linn has arrived
" Anois agus an drochshéasúr teannta linn, cá bhfuil an duine a thiocfadh i gcabhair orainn? Ní theastaíonn ó Sarkozy go mbeidh ar phobal na Fraince a bheith ag brath ar dhaoine eile in am an ghátair.
ina theannta sin also
" Iontu féin, is cuntas iad ar eachtraí a tharla, agus ina theannta sin oibríonn siad chun forleathnú a dhéanamh ar an téacs.
i dteannta leis along with
" "Thug mé mo chuid páipéirí uilig don Leabharlann Náisiúnta, mar sin b'éigean 50 bosca a bhogadh amach as m'oifig - i dteannta leis an 55 bosca as m'oifig i nGaillimh - agus níl ansin ach an chéad tráthchuid!" ar sé.
Ina theannta sin as well as that
" Baintear úsáid as an bhfocal seo in áit ‘nach bhfuil?’ mar shampla: ‘Tá ticéad sa bhreis agat don cluiche anocht, eh?’ Ina theannta sin, ba cheart duit a bheith eolach ar haca oighir, an spórt náisiúnta anseo i gCeanada.
ina theannta along with him
" Bhí Best ag fanacht in óstán agus spéirbhean álainn ina theannta.
i dteannta a chéile together
" Mhaígh sé go “dtiocfaidh bláthanna galánta as stumpa mo láimh ghonta nuair a chuirfear sochaí neamhdhíoltasach i dteannta a chéile.
I dteannta as well as
" I dteannta na gaisciúlachta agus na crógachta, na díomá agus an áthais, tugtar léargas dúinn ar iompar eile, idir theanga agus ghníomh, nach bhfuil inmholta ach a mhalairt ar fad.
I dteannta leis as well as
" Domhnach Broc ======= **CF: I dteannta leis na leabhar thuasluaite, tá taighde déanta agat ar an chuid eile - na hamhráin a tháinig as Oileáin an Bhlascaoid, tá Mám as Mála na mBailitheoirí agus tá taighde déanta agat ar Amhráin Mholta Bád ó Chonamara agus tá staidéar déanta agat ar Thomás Rua i Seanchas Béil Uíbh Ráthach.
i dteannta le as well as
" Caitheadh leo mar chimí Catagóir A, rud a chiallaigh go raibh siad á gcoinneáil sa sciathán leis an uasmhéid slándála i dteannta le mangairí drugaí, lucht ginmhilleadh, dúnmharfóirí srl.
i dteannta a chéile together
" Cibé taispeántas a chuireann Tóibín i dteannta a chéile, is cuma an é an aithris scanrúil sin a dhéanann sé ar Bhrendan Behan i mBorstal Boy, nó an tráchtaireacht shóisialta bhinbeach sin ina chuid oícheanta cáiliúla sa Cork Opera House sa 80idí, teilgeann sé pearsa sholasmhar ar an ardán.
ina theannta sin as well as that
" Bhínn ina theannta sin ag cuidiú leis na cláracha sa choláiste tráchtála teanga ina raibh mé i mo chónaí.
leigheas i dteannta a chéile to cure together
" Tagann sé le mála amháin, ach fágann sé le Bean Azaire, Isabelle, ina chuideachta, agus fonn orthu beirt a nganntanas fisiciúil a leigheas i dteannta a chéile mar lánúin.
i dteannta along with
" I *‘Repulsion’*, *‘Rosemary’s Baby’* agus *‘The Tenant’*, tá sinne, an lucht féachana, gafa chomh maith céanna i dteannta na foirne aisteoirí laistigh den árasán.
i dteannta alongside
" Agus cuma gharbh ghiobalach ar an ministir nua, cruinníonn inneachar an champa go cráifeach os a chomhair, tuismitheoirí William, striapaigh stiúgtha i dteannta na mianadóirí ilghnéitheacha atá ag déanamh tóraíochta ar mhian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine.
ina theannta alongside it
" Cúpla bliain ó shin i Sasana rinne clár raidió de chuid *BBC4 ‘Face the Facts’* iniúchadh ar an méid a bhí ar siúl ag an *College for International Co-Operation and Development* agus na comhlachtaí a bhí ag obair ina theannta.
ina theannta sin as well as that
" Is cluiche é an sacar ina theannta sin ina dtarlaíonn sé minic go maith go mbuann foireann nach bhfuil chomh maith ar a lán bealaí leis an bhfreasúra.
i dteannta a chéile fé dheireadh together at last
" Chuir sé ceithre leácht beo i dteannta a chéile fé dheireadh, léachtaí sotalacha a dhéanann tóraíocht ar fhreagraí uilíocha do cheisteanna domhanda.
beirt bhuachaill i mo theannta two boys along with me
" Lá deas le linn an tsamhraidh - bhí a leithéid ann! - thug mé aghaidh ar Coláiste na Tríonóide le beirt bhuachaill i mo theannta don chéad *Mini Maker Faire* i mBaile Átha Cliath.
tabhairt faoin dtogra seo i dteannta duine óg to partake in this project with a young person
" Acmhainní ==== Má tá sé i gceist agat tabhairt faoin dtogra seo i dteannta duine óg is fiú go mór Google Earth chun tuiscint níos doimhne a thabhairt daoibh ar chruth na cruinne agus ar a háit sa gCosmas ar an gcéad dul síos.
i dteannta le along with
" Is mór liom a blagmhír go háirithe faoi *“The 10 most bizarre space experiments”* Tá obair an bhlagadóra seo ina measca i dteannta le Lego ar an ISS <http://pillownaut.
cuireadh i dteannta a chéile gathered together
" an coinbhinsean um chosaint na hoidhreachta cultúrtha neamhábhartha dar cuireadh i dteannta a chéile i bPáras i 2003.
ag sodar ina dteannta trotting in their company
" Sally Field (Mary Todd Lincoln) ag sodar ina dteannta.
i dteannta sárthaispeántas along with the magnificent performance
" Is bónas breise é lúbra na polaitíochta i dteannta sárthaispeántas an triúir réaltaí.
ina theannta sin also
" Cuirtear béim faoi leith ar an bhféincheannas Dúchasach ina theannta sin.
i dteannta along with
" Ag an ócáid a luaigh mé ag tús an ailt, i dteannta Peter Robinson, bhí Ard-Mhéara Bhéal Feirste, Gavin Robinson, gaol ar bith fola, ach tá an bheirt acu sa DUP.
oibríonn siad i dteannta a chéile they work together
" Tagann daoine le chéile agus oibríonn siad i dteannta a chéile d’fhonn fadhbanna comhchoitianta na sochaí a réiteach.
I dteannta na mbuanna sin uile along with all those wins
" Spéis na nÉireannach ========= I dteannta na mbuanna sin uile, bhain Alex Ferguson go leor gradam eile: an bainisteoir is faide i bhfeighil Manchester United (26 bliain), an bainisteoir is faide ag saothrú sa Phríomhroinn agus ‘Bainisteoir na Bliana’ gnóthaithe níos minice ná aon duine eile.
i mo theannta along with me
" Amanta bíonn comhghleacaí ó RTÉ Raidió na Gaelachta i mo theannta ach seachas sin bíonn rith an ráis agam.
I dteannta as well as
" I dteannta Sala Grande i bPálás an Chineama tá Sala Pasinetti thíos staighre in íoslach beag.
teannta isteach le chéile jammed in together
" An áit nach raibh ach cuntar beáir, suíocháin, tinteán agus daoine teannta isteach le chéile ag cromadh ar chomhrá, tá anois mórscáileáin i ngach cúinne ag pléascadh amach Sky News nó a dtarla i chuile shórt spóirt, idir Sacar an Premiership, chruicéad, leadóg, snúcar, ghalf agus araile.
I dteannta in the company
" I dteannta triúr pearsantachtaí suimiúla ó H-Division, an Cigire Edmund Reid, an tSáirsint Bennett Drake agus an máinlia Meiriceánach, Captain Homer Jackson, déantar an lucht féachana a threorú tríd na conspóidí ba bhríomhaire sa naoú haois déag, ’sé sin scaipeadh na n-iarnród trí sheanphortaigh Londain, feidhm na n-otharlann agus na ndochtúirí i sochaí tionsclaíochta, an choiriúlacht idirnáisiúnta, an choimhlint idir an cosc dleathach ar “*gross indecency*” agus cumhacht doshéanta na drúise homoghnéasaí, agus scáth na himpireachta féin ar fhallaí an Ten Bells.
i dteannta a dtaisí siúd beside their remains
" Caithim seal gach cuairt i dteannta a dtaisí siúd freisin - ainniseoirí ón Parramatta Lunatic Asylum, ó Mhonarcha na mBan, ó Otharlann an Erysipelas, ón ‘Invalid Establishment’.
Ina theannta seo also
" Ina theannta seo tá na gnéithe seachtracha: cúrsaí aimsire, an cineál bróige nó buataisí, an talamh imeartha agus an cineál spóirt - spórt teagmhála agus spórt neamhtheagmhála san áireamh” a deir sé.
Ina theannta sin as well as that
" Ina theannta sin, cuireadh ‘cairt’ os comhair an rialtais anuraidh darb ainm “Charte des valeurs québécoises” nó ‘Cairt na Luachanna Québec’, agus é á mhaíomh acu gur mhaith leo stop a chur le caitheamh ‘comharthaí creidimh’ sa tseirbhís phoiblí.
Ina theannta san as well as that
" Ina theannta san, i bhfianaise a bhfuil feicthe againn le bliain go leith anuas, is geall le gluaisneoir dochloíte í foireann seo na hardchathrach, go háirithe i bPáirc an Chrócaigh.
i dteannta le suíomhanna idirlín eile along with other internet sites
" Ligeann an creatlach seo úsáid frithchuimilte a dhéanamh dá seirbhísí i dteannta le suíomhanna idirlín eile.
matán teannta the tensed muscle(s of)
" In áit an chraicinn mhín shíodúil a chruthaigh Canova ina dhealbh, Pauline Borghese (1805-8), nó matán teannta Apollo (Apollo agus Daphne 1622-25)) le Bernini, feictear go ndéanann Giacametti tochailt dhomhain ar a chuid figiúirí go dtí nach bhfuil fágtha díobh sa deireadh ach cruthanna leochailleacha sobhriste.
i dteannta a chéile together
" Áibhéil, dar ndóigh, ach nach minic an áibhéil agus an spórt i dteannta a chéile? Buaiteoirí ===== Maidir le cén fhoireann/tír a bhuafas an comórtas, níl aon tuairim agam féin ach amháin go measaim go mbeidh dhá cheann de na tíortha láidre, na tíortha a bhíonn san áireamh de ghnáth, sa chluiche ceannais: An Bhrasaíl, an Airgintín, An Ísiltír, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil.
I dteannta along with
" I dteannta an GUI, ghlac cuid mhaith cumann gailf an cúram orthu féin cabhrú le gasúir de chuid a mball agus le daoine óga eile scileanna an ghailf a fhoghlaim trí oiliúint a chur orthu, comórtais a eagrú dóibh agus am ar an ngalfchúrsa a chur ar fáil dóibh chun a gcuid scileanna a chleachtadh.
i dteannta le (done) along with
" Roimh a dtairiscint phoiblí tosaigh anuraidh, d’fhoilsigh Twitter mír faoi thaighde i dteannta le Datalogix (sna naisc) a thaispeáin gur cheannaigh siopadóirí 29% níos mó sa siopa as líne (.
ina theannta along with him
" Má chaill, bhí comhluadar líonmhar ina theannta ó cheann ceann na tíre.