Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
teanntaithe hemmed in
" Cuimhneoidh mé go deo ar an dtranglam tráchta in Rishikesh, mé teanntaithe istigh i dtacsaí trírothach; d'fhéachas amach agus cad dúirt tiománaí an ricseá in aice linn ach, "An bhfuil tacsaí uait, *babu*? " A Chníops, nach bhfeiceann tú gur i dtacsaí atá mé! Más peaca a bheith buí … ======= Ní den lí chéanna iad muintir na Seapáine in aon chor, cuid acu crónbhuí, go leor eile acu agus iad chomh geal leis an lá.
an chaoi a dteanntaítear daoine how people are squeezed
" "Thug Joyce blas ar an saol ar na sráideanna, tugann Maeve Brennan blas ar an saol taobh istigh de na tithe agus an chaoi a bhfulaingíonn duine aonair nuair atá rialacha ag teacht salach ar a chéile ón tsochaí mhór; rialacha faoi bheith i do thost is faoi rudaí áirithe a dhéanamh agus an chaoi a dteanntaítear daoine idir dhá chloch mhóra éagsúla.
teanntaithe constrained
" Tearcán nár dheonaigh riamh a bheith teanntaithe isteach in aon chiabh, ná cás, ná caighean d’aon tsaghas.
teanntaithe cornered
" Alleliuia, tá an chuma ar an scéal go bhfuil Polanski fillte ar an seanghort a threabh sé le díograis i *‘Repulsion’*, 1965 – *‘Rosemary’s Baby’*, 1968 – *‘The Tenant’*, 1976 – an t-árasán (carcair? príosún? géibheann?) meánaicmeach ina bhfuil na príomhcharachtair, na comhraiceoirí, faoi gheasa na gceithre bhfallaí, iad teanntaithe isteach, ar nós Fionn agus na Fianna i mBruíon Chaorthainn na bhfinscéalta fadó, gan neart acu ar pé cumhacht mhídhaonna (ósréalaíoch?) a choimeádann ann iad in ainneoin a dtola agus a míle dícheall éalú.
atá teanntaithe i ngeimhleacha which is held in the constraints
" An féidir linn tátal ar bith a bhaint as an méid seo, más ea? Tig linn ‘Tolamaes-iú na faidhbe’ a shamhlú le cur chuige coimeádach ar bith atá teanntaithe i ngeimhleacha an aoin mhúnla tuisceana amháin agus a thacaíonn leis an status quo.