Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
teileachumarsáide communications
" " Tá go leor cainte faoi láthair ar na fadhbanna airgeadais atá ag na comhlachtaí móra teileachumarsáide ar nós Vodafone agus British Telecom.
bronnadh an chonartha teileachumarsáide the awarding of the telecommunications contract
" Cé go gcreidim go bhfaighfear an tUasal Lowry ciontach in 2003, ar bhealach éigin - fiú más amhlaidh go raibh caimiléireacht i gceist, agus níl aon dabht ach go bhfuil rian na caimléireachta ar an ghnó uilig - ní shamhlaím go gcruthófar aon fheall ina choinne maidir le bronnadh an chonartha teileachumarsáide ar an Uasal Denis O'Brien.
earnáil teileachumarsáide telecommunications sector
" Faraor, ní gá gurb iad na daoine a chaill a bpost le tamall anuas na daoine a mbeadh na scileanna ríomhaireachta acu chun obair a dhéanamh san earnáil teileachumarsáide.
fearas teileachumarsáide agus fuaime telecommunications and sound equipment
" Seachas an tionscal bia d'fhéadfadh seasamh na tíre seo i leith an chogaidh cur as do chomhlachtaí atá lárnach i ndéanamh innealra agus fearais thaistil, go háirithe na comhlachtaí a dhéanann innealra oifige, mar aon le fearas teileachumarsáide agus fuaime.
úinéirí na gcomhlachtaí teileachumarsáide eile owners of other telecommunications companies
" Dá mbeadh, bheinn ag breathnú anois ar ardú 30 faoin gcéad sa mbliain ar mo chuidse airgid - méadú atá i bhfad Éireann níos mó ná aon bhrabús eile atá déanta ag úinéirí na gcomhlachtaí teileachumarsáide eile san Eoraip.
margadh na teileachumarsáide the telecommunications market
" Bhí an bheirt acu tar éis iad féin a chruthú mar chineál ceannródaithe i margadh na teileachumarsáide in Éirinn roimh bhunú Rua.
cúrsaí teileachumarsáide telecommunications matters
" Bheadh dúshlán roimh aon aire ag glacadh freagrachta as cúrsaí teileachumarsáide sa tír seo.
Oifig an Stiúrthóra Rialála Teileachumarsáide Office of the Director of Telecommunications Regulation
" Rinne an t-acht seo socrú chun comhlacht a bhunú a dhíscaoilfeadh Oifig an Stiúrthóra Rialála Teileachumarsáide (réamhtheachtaí an rialtóra reatha).
rátaí na gcomhlachtaí teileachumarsáide traidisiúnta the rates of the traditional telecommunications companies
" Má chláraíonn tú le ceann de na comhlachtaí seo is féidir glao a dhéanamh ó ríomhaire ar an idirlíon go dtí gnáthuimhir ghutháin aon áit ar domhan ar chostas an-íseal i gcomparáid le rátaí na gcomhlachtaí teileachumarsáide traidisiúnta.
iarnróid, aibhléis agus teileachumarsáid. railways, electricity and telecommunications.
" Sna deich mbliana atá romhainn, caithfear suas le €100 billiún ar infheistíocht infrastruchtúir ar “oileán na hÉireann” agus dúirt Ahern go mbeadh cuid den chaiteachas sin dírithe ar tionscadail thrasteorann – bóithre, iarnróid, aibhléis agus teileachumarsáid.
saineolaithe ar fhianaise teileachumarsáide experts on telecommunications evidence
" Bhí go leor daoine sa tír den tuairim go raibh siad ina saineolaithe ar fhianaise teileachumarsáide faoin am a bhí an triail sin críochnaithe.
cúrsaí teileachumarsáide telecommunications
" Agus ar ndóigh, tá satailítí fós lárnach i gcúrsaí teileachumarsáide – tá siad ag éirí níos tábhachtaí mar go bhfuil leathanbhanda á sholáthar tríothu go forleathan anois agus tá siad ag éirí níos lárnaí i rith an ama ó thaobh chórais dhigiteacha teilifíse de.
teileachumarsáide telecommunications
" Is anseo a bhí an t-ionad teileachumarsáide ag arm na Fraince le linn an Chéad Chogadh Domhanda.
teileachumarsáid telecommunications
" Tá an t-uafás acu ann faoi láthair agus cuireann siad seirbhísí fiúntacha ar fáil, cuirim i gcás, an CSD, an teileachumarsáid, agus taiscéalaíocht mhíleata.
gnóthaí teileachumarsáide telecommunication matters
" (Níl gnóthaí teileachumarsáide mar chuid den Mhargadh Aonair faoi láthair, sin é an fáth a bhfuil costais mhóra fánaíochta san Eoraip).
san earnáil teileachumarsáide in the telecommunications sector
" Labhair Caoimhe Ní Laighin le hIsolde Goggin, Cathaoirleach an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide, agus an bhean a bhfuil sé mar chúram uirthi iomaíocht a chothú san earnáil teileachumarsáide.
na comhlachtaí traidisiúnta teileachumarsáide the traditional telecommunications companies
" Tá daoine in ann glaonna saora teileafóin a dhéanamh ar an idirlíon anois, ach ní róshásta atá na comhlachtaí traidisiúnta teileachumarsáide leis an bhforbairt seo, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
costais arda teileachumarsáide high communications costs
" Tá na costais arda teileachumarsáide agus an líon íseal tithe a bhfuil ceangal leathanbhanda acu ag cur bac ar fhás na teileachomaitéireachta in Éirinn, mar a mhíníonn Mary Beth Taylor\.