mar a thagair an Direánach don abhainnas Máirtín Ó Direáin referred to the river
Braitear an iarsmaíocht Ind-Eorpaise seo fán 'Life Chianda', mar a thagair an Direánach don abhainn, bíodh nach talamh bán ar fad an taobh sin tíre, tá againn, mar shampla, Glas Tuathail, Glas Naíon agus eile.
Nuair a bhuail mé leis le gairid ina theach cónaithe ar Bhóthar Dhún an Chreagáin i gCathair Dhoire thagair sé do chúpla duine a raibh a gcion féin, dar leis, déanta acu ar son na Gaeilge, Íosold Ní Dheirg agus Anraí Mac Giolla Chomhaill ina measc.
Thagair Pádraig Mag Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, le deireanas do sheirbhísí Gaeilge a bheith sna bainc, tharla airgead poiblí a bheith dá n-urradh anois.
Nuair a thagair Churchill do 'the dreary steeples of Fermanagh and Tyrone’ d'fhéadfadh sé Ard Mhacha a áireamh leo chomh maith mar a léirigh an racán a bhí ar siúl i bPort an Dúnáin an deireadh seachtain seo.
An ráiteas ó Tiger Woods ar thagair mé dó ag tús an ailt seo, shíl a lán tuairisceoirí sna meáin go raibh sé gan dealramh agus aisteach agus b’údar grinn acu é.
Thagair an file Tadhg Dall Ó hUiginn don ghraifne ag Inis Cheithleann breis is ceithre chéad bliain ó shin: Eich an dúin ag dul i gcoimhlint
do chím arís a rith fa seach, gur ceileadh leo tolcha an talaimhgan cheo orthu ach aghaidh each.
Thagair sé don méid a dúradh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007), nach raibh fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht ach thart ar 20 bliain eile “mura ndéanfaí gníomh ar bhonn práinne chun cúrsaí a leasú”.
Rith sé liom gur mórán mar a chéile a thagair lucht dlí Shasana don Fhénechas, seanreacht na hÉireann, i ndiaidh dóibh súil a chaitheamh ar an teaglam lámhscríbhinní a fuair siad ó sheanfhear de mhuintir Chianáin ag tús an 17ú céad.
Do thagair Lincoln do Salmanna 19:9 agus 42:2 ina aitheasc féin agus téamaí na carthanachta, na freagrachta agus na faoistine á míniú aige tar éis Chogadh na gCarad.
An íomhá iomrallach seo ar fad, caithfidh go mbaineann sé ar bhealach éicint leis an teoiric a luaigh an tUachtarán agus gur thagair an Coimisinéir Teanga dó: nach dtig leis an Ghaeilg a bheith marbh go leor do roinnt daoine.
Thagair Katie san agallamh don Chumann Dornálaíochta Amaitéarach na hÉireann, dá creideamh láidir agus don eachtra a shaighdigh í i mbun athfhoghlaim na Gaeilge.