Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag dul thairis aniar passing him by
" Bhí an saol ag dul thairis aniar agus níor mhian le Fiachra é a chaitheamh á bhuaireamh féin fá cé acu a théann léine ghlas le briste gorm.
scéal thairis digression
" Gabhaigí mo leithscéal faoin scéal thairis sin.
ag cur thairis spouting off
" Tabharfaidh an leabhar sin deis do McEvoy roinnt spraoi a bheith aige agus a bheith ag cur thairis faoi staid na polaitíochta áitiúla i Nua-Eabhrac sna 1990í.
gheobhaidh sí thairis she'll get over it
" Beidh sí le ceangal," ar seisean os ard, "ach ina dhiaidh sin is eile gheobhaidh sí thairis.
thairis over it
" In ionad pas taistil a chur isteach sa mheaisín, ní gá anois ach an pas nua a chur thairis.
a gcaithfí dul thairis that would need to be climbed
" Ba léir ó Adams nach raibh sa deacracht ba deireanaí ach claí beag a gcaithfí dul thairis ar bhóthar “phróiseacht” Shinn Féin.
Thairis sin moreover
faoi is thairis left right and centre
" ” Thosaigh John ag cabhrú lena thuismitheoirí sa siopa i ndiaidh na hardteiste a fhad is raibh sé á fhéachaint féin san iliomad post faoi is thairis.
le háireamh thairis sin to be included as well
" Sa bhliain 1970, bhí milliún acu a rugadh i nÉirinn abhus anseo, agus bhí i bhfad níos mó den dara glúin le háireamh thairis sin.
thairis sin more, beyond
" An Magadh go hÉag agus thairis sin Agus scagadh á dhéanamh agam ar Cháinaisnéis na Mílaoise, Cáinaisnéis Uí Lionnacháin, Céad Cáinaisnéis Ceartaitheach tar éis an tSunami Geilleagair a scuab roimpi saofacht an Tíogair Cheiltigh go tóin poill le cumhacht doshásaithe a cuid feirge, nach ait mar a thagann Earnán de Blaghad agus Jim Kemmy chun cuimhne? B’é Earnán cróga a ghearr réal ó Phinsean na Sean i gcáinaisnéis Fheabhra na bliana 1924.
a dhath eile thairis nothing more
" Luaitear an bhrúidiúlacht a bhíodh forleathan go maith, ach ‘nach raibh a dhath eile thairis sin, agus chaith mise 5 bl.
dul thairis sin to overcome that
" Ach de réir Roddy, is é an dúshlán atá roimhe ná dul thairis sin: *“It is the wobbles in the routine that make life interesting and worth living,"*a dúirt sé.
Thairis sin as well as that
" Thairis sin, saothraíodh liosta le háireamh lámhscríbhinní móra i lár na tíre nach ndeachaigh 'taobh re tuinn' riamh ó scríobhadh iad míle bliain ó shin.
thairis sin apart from that
" Rinne mo mháthair rud éigin dóibh na blianta ó shin, ach thairis sin, ní raibh tuairim chruinn agam ina dtaobh.
thairis sin apart from that
" Nó, le bheith blaisín níos cruinne, cá bhfuil an ceathrar déag seanadóirí den Pháirtí Daonlathach, atá ar iarraidh ón 17ú Feabhra amach? Dar le ball sinsearach den pháirtí sa stát, is féidir a bheith cinnte go bhfuilid ‘áit éigin sa leathsféar thiar’, ach thairis sin, níl sé sásta níos mó eolas a thabhairt.
faoi is thairis all around him
" ” I bhforógra a foilsíodh ar líne tamall beag sula ndeachaigh sé ag scaoileadh is ag sléachtadh faoi is thairis, léirigh Breivik an meas mór atá aige ar an stát Síónach agus an fuath atá ann ar naimhde an stáit.
faoi is thairis all around him
" ”* Lean an phreaseisiúint ar aghaidh chun an milleán a chur ar na scríbhneoirí frith-Mhoslamacha (mar a rinne mé féin in eagrán mhí Lúnasa) a luaitear sa bhforógra 1,500 leathanach a foilsíodh ar líne tamall gairid sula ndeachaigh Anders Behring Breivik ag scaoileadh is ag sléachtadh faoi is thairis.
thairis sin apart from that
" A bhformhór is den tuairim gur cabhair í maidir lena ndeiseanna fostaíochta a fheabhsú, cé nach léir dóibh i ndáiríre cén mhaith dóibh an Béarla thairis sin.
sin scéal thairis that’s another story
anois thairis ariamh now more than ever
" Is baolach anois thairis ariamh nach chun tairbhe Rialtas na hÚcráine a bheas an comórtas ach mar spotsholas ar a chuid beartas; gur cúis náire a thiocfas as seachas aon údar mórtais.
níl mórán thairis sin ann there’s not much else there
" Tá foras tábhachtach poiblí amháin caillte san áit, an teach leanna, agus níl mórán thairis sin ann.
Thairis sin also
" Thairis sin, mhaígh sé nach bhféadfaí iarratas nua a dhéanamh go héifeachtach gan eolas na gcúiseanna.
Thairis sin also
" Thairis sin, is í an tsainghné chéanna sin is féidir a mhaíomh siar i sinsear mhórchuid de mhuintir na hÉireann breis is dhá mhíle bliain agus míle go leith bliain in Albain.
an fhaill a ligean thairis to let the opportunity pass
" ”* Bíonn leisce ar an údar an fhaill a ligean thairis gan chlisé nó steiréitíopa nó claontuairim a nochtadh faoi lucht labhartha na teanga.
thairis ariamh more so than ever
" Is i ré an diúracáin anois sinn thairis ariamh.
Thairis sin as well as that
" Thairis sin is capaill folaíochta iad an triúr príomhaisteoir.
Thairis sin apart from that
" Thairis sin, mothaíonn seandaoine Gearmánacha gan Bhéarla go bhfuil an ‘teanga nua’ seo á mbrú amach as an tsochaí.
Thairis sin, glactar leis it’s also accepted
" Thairis sin, glactar leis nach ar na tíortha athbhaile amháin a dtéann an ghluaiseacht seo daoine i bhfeidhm.
i bhfad thairis an cúpla lá luachmhar seo (last) long more than these few precious days
" Go maire torthaí na mbeannachtaí ón mbronnadh agus ón bhfáil i bhfad thairis an cúpla lá luachmhar seo in éindí leo síud is ansa linn.
Thairis sin apart from that
" Thairis sin, Béarla uilig a bhí ann.
an ‘chíor-thairis comb-over
"an ‘chíor-thairis’ á socrú aige! Nua-Eabhrach, 1978.
faoi is thairis left, right and centre
" Tá sé ag tabhairt faoi na fadhbanna faoi is thairis ar luas nach raibh súil ag daoine leis in aon chor.
thairis sin furthermore
" Níl fuíoll molta fágtha ag PJ Mac Gabhann ar Brides-les-Bains mar bhaile saoire in Alpa na Fraince agus thairis sin tugann sé leid san alt seo chun tranglam tráchta deireadh seachtaine na Fraince a sheachaint.