Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
faoi chúinsí áirithe thar na bearta in certain extreme circumstances
" Tá sé deacair acu glacadh leis go bhféadfadh duine ar bith againn, faoi chúinsí áirithe thar na bearta, an rogha mhícheart a dhéanamh.
tionchar thar na bearta too great an influence
" Deir siad go bhfuil an iomarca cumhachta ag comhlachtaí ar nós Microsoft agus McDonald's, agus go bhfuil dea-ainm agus dea-cháil Mheiriceá millte ag grúpa beag "*neocons*", nó fíorchoimeádaithe, atá á maoiniú ag na hollchorporáidí agus a bhfuil tionchar thar na bearta acu ar pholasaithe an Tí Bháin.
suim thar na bearta a great deal of interest
" suim thar na bearta ======= Fiú i laethanta sin m’óigese, nuair nach raibh teilifís ag mórán daoine, bhí tarraingt agus mealladh ag sacar Shasana ar dhaoine in Éirinn, nó i mBaile Átha Cliath ar aon nós.
tuiscint thar na bearta ag Mick don cheol áitiúil a great appreciation for the local music
"tuiscint thar na bearta ag Mick don cheol áitiúil agus is suimiúil uilig dul chun cainte leis chun stádas an cheoil sa cheantar a phlé.
tuiscint thar na bearta ag Mick don cheol áitiúil a great appreciation for the local music
"tuiscint thar na bearta ag Mick don cheol áitiúil agus is suimiúil uilig dul chun cainte leis chun stádas an cheoil sa cheantar a phlé.
spéis thar na bearta a great deal of interest
" Ní annamh a mhaítear gur daoine iad muintir na hÉireann a bhfuil spéis thar na bearta acu i stair a dtíre féin.
Tá ag éirí thar na bearta they are getting on great
" " Tá ag éirí thar na bearta leis an ngrúdlann ó shin i leith.
misneach agus muinín thar na bearta great hope and confidence
" Ar an chéad ásc, tá misneach agus muinín thar na bearta in Albain faoi láthair.
thar na bearta immense
" Tubaiste thar na bearta do chine Gael ab ea meath na Gaeilge agus ní foláir nó gur thuig daoine é sin san am.
thar na bearta par excellance
" Tá líofacht thar na bearta bainte amach ag roinnt daoine agus tá go leor díobh ina múinteoirí teanga anois, nó tá siad páirteach i gcláracha teanga nó reáchtálann siad cúrsaí samhraidh agus a leithéid.
iontas thar na bearta a miracle
" An dream mór seo, theastódh iontas thar na bearta gach eagrán lena dtarraingt chuig seilf siopa le nuachtán Gaeilge a cheannach.
thar na bearta magnificent
" Neamhaird ar Scoth na nImreoirí === Murab ionann is Veron, tá Zanetti fós ag imirt ag an leibhéal is airde agus níl a shéanadh air ach gur thug sé cinnireacht thar na bearta le linn séasúr fada strócánta Inter agus iad sa tóir ar thrí chorn mhóra a bhreith leo.
thar na bearta terrible
" Níl aon amhras ach gur tubaiste thar na bearta do sheasamh na Gaeilge in Éirinn a bheadh ann dá gcuirfí moladh Fhine Gael i bhfeidhm.
thar na bearta top class
" Bhí luas lasrach faoi troid Chraoibhe le Dong chomh maith agus cruinneas thar na bearta glan feiceálach ann.
grá thar na bearta an immeasurable love
"grá thar na bearta aige don dís mac – ach ní thig leis go minic an grá sin a thaispeáint.
dua agus am thar na bearta time and effort more than imaginable
" É sin ráite, creideann daoine maithe go bhfuil cúiteamh ar shaothar tuillte ag bainisteoirí a chaitheann dua agus am thar na bearta ar son na bhfoirne atá faoina gcúram.
an-tionchar agus leas thar na bearta great effect and a power of good
" Is féidir le dea-iompar slua daoine an-tionchar agus leas thar na bearta a dhéanamh sa chruinne cheachartha bhrónach bhraonach seo.
tá snas thar na bearta curtha agam ar mo chuid Spáinnise ó shin I’ve really polished up my Spanish in the meantime
" Thosaigh mé ansin na blianta ó shin ar an Spáinnis agus bhí mo chuid Spáinnis mar atá mo chuid Gaeilge anois, ach tá snas thar na bearta curtha agam ar mo chuid Spáinnise ó shin.
tionchar thar na bearta a great effect
" Bhí fís ag tiomáint an fheachtais le stáisiún teilifíse a fháil: shíleamar go mbeadh tionchar thar na bearta ag stáisiún teilifise nua-aimseartha ar iompar teanga daoine óga, sa Ghaeltacht ach go háirithe.
tá tionchar thar na bearta ag an gCeallach Kelly has a massive influence
" Mar bharr ar an donas, tá tionchar thar na bearta ag an gCeallach ar an dóigh a dhéanann bunáite muintir na hAstráile meas ar cháil na nGael abhus anois.
raibh meas thar na bearta aici ar that she had the very highest regard for
" Agus tugann Moore le fios dúinn go raibh meas thar na bearta aici ar roinnt áirithe sóisialaithe sna Coimíní, ach go háirithe na feisirí bochta cosúil le James Griffith agus Harold Wilson fiú a tháinig chun Londain ar son na “*underdogs*” (sin nath Thatcher).
tacaíocht thar na bearta massive support
" Thug na nuachtáin de chuid News Corporation tacaíocht thar na bearta do pháirtí Abbott le linn an fheachtas olltoghchánaíochta anuraidh, ach tar éis a bhua chinn Abbott ar an alt conspóideach a leasú seachas é a aisghairm.
a chuideoidh thar na bearta leis which shall assist greatly
" Bhuail Alex Hijmans le beirt mhisniúil a léiríonn fuinneamh agus tuiscint a bpobail, beirt atá ar tí dul i mbun gníomh a chuideoidh thar na bearta leis an bpobal sin a threisiú.
bhféadfadh tábhacht thar na bearta there could be great importance
" Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go bhféadfadh tábhacht thar na bearta a bheith leis an Lá Mór ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus leis an mórshiúl i gConamara le gairid ar son na teanga.