Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gur theagmhaigh sí le dlúthdhiosca until it touched a CD
" Casfaidh muid ceann, a dúirt sé, ach cén ceann? Dhún sé a shúile, chas timpeall cúpla uair, trí, ceithre, cúig huaire, timpeall níos sciobtha, sé, seacht, thosaigh ag titim, d’ardaigh gach aon lámh agus rinne iarracht greim a fháil ar an aer, dhírigh é féin, chuir cos go místuama amach ar leataobh, ar ais arís, cos eile chun tosaigh, shiúil sé agus lámh amach roimhe san aer, ghluais go mall le corrmhéar sínte gur theagmhaigh sí le dlúthdhiosca—d’oscail sé a shúile.
theagmhaigh le touched on
" Dála an scéil, measann Mike Baillie, Ollamh le Bitheolaíocht Ársa nó pailé-éiceolaíocht, in Ollscoil na Banríona Bhéal Feirste, gur eascair Cú Chulainn as dreige a theagmhaigh le haeráid an domhain sa bhliain 540i.
theagmhaigh met, hit
" Ar nós an mharcaigh toinne, chonaic mé an tonn mhór ag teannadh linn i bhfad sular theagmhaigh sé linn.
theagmhaigh met
" Ba iomaí teanga a bhí san ollscoil sin fad a mhair sí, ach bíodh go samhlaítear teanga na Gaeilge anois leis an imeallbhord thiar go háirithe, ba i lár na hÉireann a bhí nead gach canúna, ba ansin a theagmhaigh gach fuaim, gach foghar is gach focal lena chéile.
theagmhaigh touched
" Ní lia duine ná tuairim ó thaobh féidearthachtaí na meán sóisialta de, ach an eol dúinn na míbhuntáistí atá ag roinnt leo ina dhiaidh sin? De réir taighde nua atá déanta ag Ionad frithmhaistíneachta Choláiste na Tríonóide, theagmhaigh lámh fhuarchroíoch na cibearbhulaíochta le duine as gach ceathrar cailíní agus le buachaill as gach seisear.
theagmhaigh mo chos leis my foot touched it
" An uair eile bhí mé ag léimt thar bhinse meáchain agus theagmhaigh mo chos leis, thit mé ar an urlár agus briseadh mo shrón.
nár theagmhaigh never met
" Bhíog mé, mar is dóigh liom gur siosmaideach an dearcadh é sin i ré a mbítear ag moladh luí le teicneolaíocht in éineacht le droim láimhe a thabhairt do ‘chultúr’, amhail is a rá nár theagmhaigh cultúr agus an teicneolaíocht lena chéile sa saol riamh roimhe seo.
Theagmhaigh had occasion to meet
" Theagmhaigh Seán Mac Risteaird leis an obair mhaith a dhéanann an t-eagras Féileacáin, eagras a thacaíonn le teaghlaigh a iompraíonn ualach trom cumhaíúil na marbhghine.