Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Timpeallachta environment
" Ó thaobh na Timpeallachta de, níor thuig siad cén fáth ar ghá 70 míle de phiolóin agus de chuaillí a chur in airde ó na Cruacha Dubha trí cheantair Ghaeltachta na Rosann, Ghaoth Dobhair agus Chloich Cheann Fhaola, amach go Leitir Ceanainn.
lucht timpeallachta environmentalists
" Cuireadh i leith lucht timpeallachta go raibh a ndearcadh féin faoin gcineál sin dó ag cur leis an gcontúirt a bhíonn ann nuair a imíonn na tinte ó smacht.
truailliú na timpeallachta the polluting of the environment
" Agus má chuirimid an cumas agus an cur chuige atá ag roinnt leis an CLG i gcomórtas le hiarrachtaí an Rialtais, mar shampla, i leith nithe níos tábhachtaí ar nós cúrsaí oideachais agus sláinte, an bhearna idir saibhir agus daibhir, truailliú na timpeallachta agus mar sin de, caithfear a rá dá bhféadfaí cuid de chur chuige agus d'fhís an CLG a chur i bhfeidhm ar ghnéithe eile den saol go mb'fhéidir go mbeimis i bhfad níos fearr as mar phobal agus mar náisiún.
timpeallachta environment
" Rud thar a bheith speisialta faoin oileán seo ná go bhfuil sé an-bheag agus tá sé dochreidte an méid éagsúlachta atá ann ó thaobh na timpeallachta de.
timpeallachta environment
" Tionchar na teilifíse, na timpeallachta agus an bhrú atá ar pháistí a bheith cosúil lena gcairde, is cosúil.
ó thaobh na timpeallachta de as regards the environment
" In áit is mó a fheictear difríochtaí, gan trácht ar chúrsaí teanga ná cultúrtha, ná ó thaobh na timpeallachta de.
loitiméireacht timpeallachta vandalism of the surroundings
" Níl ann ach go bhfuil dornán beag daoine ag líonadh a gcuid pócaí féin as an loitiméireacht timpeallachta atá ar siúl.
taithí ar an saghas sin timpeallachta experience of this type of environment
" ” Bheadh taithí ar an saghas sin timpeallachta úsáideach agus an bhrionglóid a bhí ag Izabela a bheith ina láithreoir teilifíse ar tí a fíoraithe.
áilleacht na timpeallachta a chaomhnú. preserving the beauty of the environment.
" Is airsean a thitfidh sé comhréiteach a aimsiú idir muilte gaoithe a fhorbairt agus áilleacht na timpeallachta a chaomhnú.
timpeallachta environment
" Tá sé chomh seafóideach an méid atá ag tarlú faoi láthair ó thaobh na timpeallachta, gan caint ar aon rud eile: báid ó tíortha eile (An Spáinn ar an gcuid is mó) in ann iascach amach ó chósta na hÉireann in uiscí na hÉireann a fhad is atá báid na hÉireann ceangailte suas le céibh.
timpeallachta environmental
" Bhí an geilleagar ag fás as éadan, ach bhí a lán fadhbanna sóisialta agus timpeallachta ag an am céanna.
na timpeallachta gheillagraí the financial environment
" Oideachas, timpeallacht agus tá gné na timpeallachta gheillagraí i gceist agam chomh maith le rudaí eile, gan amhras.
timpeallachta environment
" org/) Dhréachtaigh siad Bille Cearta Ogoni a d’éiligh ceart sóisialta is eacnamaíochta mar aon le cóir ó thaobh na timpeallachta de.
timpeallachta environment
" Tá lear cainte i láthair na huaire fá dtaobh d’ábhar orgánach agus den lorg charbóin, agus ghním gach iarracht gabháil i mbun cosaint na timpeallachta, má bhím ábalta ar chor ar bith.
timpeallachta environmental
" Meastar go bhfuil an doirteadh ola seo ar an tubaiste timpeallachta is measa riamh i stair na Stát Aontaithe.
n-óglaigh timpeallachta eco-warrriors
" Ach cá as ar tháinig tacaíocht thobann an Pháirtí Ghlais? An bhfuil muintir na Brasaíle iompaithe ina n-óglaigh timpeallachta thar oíche? Níl, cé nach féidir a shéanadh gur mheall feachtas criticiúil, stuama an Pháirtí Ghlais neart daoine, vótóirí a bhí míshásta le hiarrthóir Pháirtí na nOibrithe, Dilma Rousseff, cuid mhór de na daoine a chaith vóta do Marina Silva.
dealbhóir timpeallachta environmental sculpture
" Níl mé ag caint faoi lámhdhéantúsáin ó chathair bháite Atlantis, Uí Bhreasaíl nó faoi radharc as an chéad sraith eile de na Pirates of the Caribbean, ach ar thionscadal atá ar bun ag an dealbhóir timpeallachta Jason de Caires Taylor, atá dírithe ar aird a tharraingt ar sceireanna coiréil an domhain agus ar chuidiú le timpeallacht na sceire a shábháil.
timpeallachta environment
" Beimid go léir, agus sliocht ár sleachta, ag íoc as an dearcadh sin go ceann tamaill, i saol an airgeadais agus i saol na timpeallachta araon.
timpeallachta environmental
" Áirítear an eachtra seo ar cheann de na timpistí timpeallachta is measa riamh agus de réir saineolaithe ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, tá impleachtaí fadtéarmacha ann don timpeallacht agus do phobail chósta áit ar bith a dtarlaíonn doirteadh ola san fharraige.
timpeallachta environmental
" Ó Ross Dumhach go Teamhair na Rí, tá an obair chéanna le feiceáil – ar dtús, seasann an pobal go láidir le cúis timpeallachta nó b’fheidir le caomhnú ionad staire, ag léiriú tacaíochta trí litreacha chuig na meáin, nó trí ainmneacha a fháil ar achainíocha, nó i léirsithe fiú amháin.
chúrsaí sláinte timpeallachta matters of health environment
" Más rud é go bhfuil tú ag díol folúsghlantóirí ná bhunaigh grúpa faoi fholúsghlantóirí, ach bunaigh ceann faoi bhainistí a ligfidh duit do shaineolas faoi chúrsaí sláinte timpeallachta agus bainistí a roinnt leis an ngrúpa.
cúrsaí timpeallachta environmental
" 4 billiún a bheith agat le teach a thógáil atá saor agus inglactha ó thaobh cúrsaí timpeallachta de.
eagras timpeallachta environmental organization
" Is é Yahaya Ahmed atá ina stiúrthóir ar an eagras timpeallachta DARE (Developmental Agency for Renewable Energies): “Níl muid cinnte cé mhéid daoine atá ar na bóithre mar gheall ar an athrú aeráide, ach tá tionchar na himirce sin le brath againn.
spreag sé gluaiseacht na timpeallachta it engendered the green movement
" Deirtear gur mhúscail an íomhá sin tuiscint i nglúin na seascaidí ar leochaileacht an domhain agus gur spreag sé gluaiseacht na timpeallachta.
i bhforbairt pobail agus timpeallachta in community and environment development
" Gníomhaí a bhí ina athair, Terry, go háirithe i bhforbairt pobail agus timpeallachta.
caomhnú na timpeallachta protection of the environment
" Ach sé suíomh agus scála na dtuirbíní – cuid acu níos airde ná spíce Bhaile Átha Cliath – atá ag déanamh imní d'éinne gur cás leis caomhnú na timpeallachta.
ceantair chaomhnaithe timpeallachta environmental districts of conservation
"ceantair chaomhnaithe timpeallachta leagtha amach cheana féin de bharr brú ón AE, a bhfuil dualgas a gcosanta ar an rialtas faoi láthair.
chúrsa timpeallachta environmental course
" Ní fhaca mé poiblíocht nó bolscaireacht ar bith faoin tréimhse chomhairle thuasluaite; fuair mé amach faoi nuair a bhí mé ag déanamh taighde le haghaidh mo chúrsa timpeallachta anseo ag Oideas Gael.
ag truailliú na timpeallachta ruining the environment
" Bíonn muid díograiseach go maith ag éileamh go mbainfeadh polaiteoirí a gcuid postaeir bholscaireachta anuas seachtain i ndiaidh na dtoghchán, ach déantar neamart den iliomad fógra eile atá ag truailliú na timpeallachta le fada an lá.
ghnóthaí timpeallachta environmental matters
" org Aoife-Marie Ní Bhuachalla chun méarchláir faoi ghnóthaí timpeallachta.
Ní chun leas na timpeallachta an méid sin such an event doesn’t help the environment