Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Chaidreamh Tionsclaíoch Industrial Relations
" Chinn sí ar chúrsa iarchéime sa mhargaíocht a dhéanamh sa Choláiste Náisiúnta um Chaidreamh Tionsclaíoch i Ranalach ach fiú leis an cháilíocht sin bhí deacrachtaí aici fostaíocht a fháil.
an Réabhlóid Tionsclaíoch the Industrial Revolution
" Tharla an Réabhlóid Tionsclaíoch sna 1840í ag an an am céanna leis an nGorta Mór in Éirinn, mar sin bhailigh na hÉireannaigh leo ina sluaite go cathracha na Breataine.
gníomhaíocht thionsclaíoch mhí-iomráiteach the infamous industrial action
" Níor luaigh na Gaeil-Mheiriceánacha atá i gceannas ar cheardchumainn na bpóilíní agus na bhfear dóiteáin, Pat Lynch agus Stephen Cassidy faoi seach, an S-fhocal uafásach sin ag an teacht le chéile i Times Square, ach tá gnáthbhaill an NYPD ag caint cheana féin faoi dhianbheart a bheadh inchurtha le gníomhaíocht thionsclaíoch mhí-iomráiteach na bliana 1971.
Bhord Forbartha Tionsclaíoch Industrial Development Board
" Nuair a chuir Raytheon fúthu i nDoire i 1999 fuair siad airgead ón Bhord Forbartha Tionsclaíoch nó an IDB.
mioneastát tionsclaíoch small industrial estate
" Is Gaeltacht é Cléire, mar sin tá mioneastát tionsclaíoch de chuid Údarás na Gaeltachta ann agus tá bothán de chuid Ráidió na Gaeltachta ann fosta.
tionsclaíoch industrial
" Tá eastát tionsclaíoch bunaithe le cúpla bliain anuas, ina bhfuil comhlachtaí ar nós More Net Teoranta agus Seaspray ag feidhmiú.
eastát tionsclaíoch industrial estate
" Monarcha ar thaobh sléibhe ======= An chéad áit eile a raibh mé ann ná monarcha in eastát tionsclaíoch ar thaobh sléibhe ar imeall Bhéal Feirste.
ó fhoirgnimh thionsclaíocha luatha from early industrial structures
" Chonaic muid iarsmaí ón Chré-Umhaois, ón ré Luath-Chríostaí, ó thréimhse na Normannach, ó Phlandáil Uladh, agus ó fhoirgnimh thionsclaíocha luatha.
scoil tionsclaíoch industrial school
" Ba scoil tionsclaíoch tráth an coláiste ina raibh sé ach ní raibh na scéalta faoi bhrúidiúlacht na n-institiúidí sin ar eolas ag mórán de phobal na hÉireann ag an am.
cathracha tionsclaíocha industrial cities
" An gcreideann muid i ndáiríre go mbeidh an oiread céanna turasóirí ag tarraingt ar an tír seo má leantar leis an lot atá á dhéanamh ar cheantair ardáilleachta? Bhíodh Gearmánaigh, Meiriceánaigh agus Sasanaigh ag tarraingt ar an tír seo ar mhaithe leis an spás agus le ceantair sáráilleachta nádúrtha a fheiceáil a raibh codarsnacht mhór eatarthu agus na cathracha tionsclaíocha ónar fáisceadh iad.
innéacs mheán tionsclaíoch Dow Jones the Dow Jones industrial average index
" Dhá lá ina dhiaidh sin, dhún na stocmhalartáin i Meiriceá agus innéacs mheán tionsclaíoch Dow Jones thar 12,000 den chéad uair riamh.
na bailte beaga tionsclaíocha the small industrial towns
" Go tobann, bhí lucht féachana ag an gcluiche seo taobh amuigh de na bailte beaga tionsclaíocha inar imríodh é.
eastát tionsclaíoch industrial estate
" Ní raibh sé ródheacair post a fháil, mar bhí eastát tionsclaíoch cóngarach dóibh.
caidreamh tionsclaíoch. industrial relations.
" Caidreamh tionsclaíochÓ thaobh na bpolasaithe de, níl ach mórábhar amháin a bhfuil na vótálaithe ag cuimhneamh go háirithe air, de réir na bpolalbhreitheanna: an caidreamh tionsclaíoch.
eastát tionsclaíoch. industrial estate
" Sampla maith de na grúdlanna nua seo is ea grúdlann Cricket Hill, atá suite deich míle uaim in Fairfield Nua-Ghéirsí ar eastát tionsclaíoch.
maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch pertaining to industrial relations
" Mar chomhtharlú, bhí polasaithe maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch ag croílár an fheachtais toghchánaíochta sa bhliain 1929, mar a bhí siad an iarraidh seo.
tionsclaíoch ollmhór massive industrial
" Tá samplaí dá shaothar le feiceáil in Angel of the North, an figiúr tionsclaíoch ollmhór a amharcann síos ar an A1 ag Gateshead i Sasana agus Another Place - céad figiúr múnlaithe as miotal a amharcann amach ar an fharraige ó thrá Crosby.
thionsclaíoch industrial
" Tá réabhlóid thionsclaíoch ar siúl sa tír agus tá éabhlóid shóisialta ag gabháil leis, faoi mar a tharla ar fud an domhain.
Tionsclaíoch industrial
" org/wiki/Jonathan_Pollard) De réir Claudia Wright, údar Spy, Steal, and Smuggle: Israel's Special Relationship with the US, is cosúil gur íocadh Pollard as an bhFondúireacht Dénáisiúnach um Thaighde agus Forbairt Tionsclaíoch.
Thionsclaíoch industrial
" Ón Réabhlóid Thionsclaíoch ar aghaidh, thógamar sochaí agus geilleagar atá go hiomlán spleách ar an ola.
tionsclaíocha industrial
" Éiríonn na ceimiceáin chéanna níos tiubhaithe ar a dturas suas an biashlabhra, agus is baolach go bhfillfidh ár nimheanna tionsclaíocha ar ais ar an bpláta chugainn, mar go minic is ann a chríochnaíonn na biashlabhraí céanna.
thionsclaíoch industrial
" Aicmí, Cogadh agus Teacht na Teilifíse ================= Gan aon amhras ba í an réabhlóid thionsclaíoch ba chúis leis an chéad athrú i lár an naoú céad déag.
gníomhaíochtaí tionsclaíocha industial activity(-ties)
" Ní hamháin sin ach dúirt sé, gan fiacal a chur ann, go bhfuil “gníomhaíochtaí tionsclaíocha an Údaráis tar éis cur go mór le húsáid an Bhéarla sa Ghaeltacht”.
Aighneas tionsclaíoch industrial dispute
" Aighneas tionsclaíoch agus caillteanais throma a ba chúis le druidim an chomhlachta C-Plast ar an Spidéal, áit ar chaill 34 duine a gcuid postanna.
tírdhreach tionsclaíoch industrial landscape
" Nuair a smaoiníonn daoine ar ealaín sna mórbhailte agus sna cathracha i dtuaisceart Shasana, cuimhneoidh siad gan amhras ar chuid de shaothar LS Lowry(1887-1976), inar tharraing sé an tírdhreach tionsclaíoch in áiteanna mar Salford, cóngarach dá theach féin i Pendlebury, Manchain.
tionsclaíoch industrial
" Finné ar Riasc an Choimheascair ============== Thíos fúm, tá Béal Feirste agus an sliabh ar a bhfuil mé mar fhinné ar an stair - chonaic sé fás an bhaile ó bhí sé ina *“dismal swamp”* go dtí an baile mór tionsclaíoch ina raibh cuid de na monarchana ba mhó ar domhan, tráth.
le dul i mbun gníomhaíochta tionsclaíocha to set about industrial action
" Nuair a bhí cainteanna Pháirc an Chrócaigh II ar siúl, fuair ceardchumainn na múinteoirí – na trí cinn acu – údarás ó na baill le dul i mbun gníomhaíochta tionsclaíocha dá mbainfí oiread is pingin rua óna dtuarastal.
eastáit tionsclaíoch líneach go luath linear industrial estates shortly
" San áit a bhfuil fiántas anois beidh eastáit tionsclaíoch líneach go luath.
na timpistí tionsclaíocha is measa the worst industrial accidents
" Cén caighdeán sábháilteachta atá ag na tíortha eile seo? Is tíortha iad seo ina mbíonn na timpistí tionsclaíocha is measa – sna mianaigh agus sna monarchana go háirithe.
dheineas Ceimic Thionsclaíoch I did industrial chemistry
" **CB: Eachtraigh dom beagáinín fé do thréimhse san ollscoil?** DÓC: Bhí ana-lé agam le cúrsaí eolaíochta sa mheánscoil agus dheineas Ceimic Thionsclaíoch in Ollscoil Luimnigh ar feadh ceithre mbliana ach níor éirigh liom an chéim a bhaint amach.
deireadh a chur leis an aighneas tionsclaíoch to end the industrial action
" Bealach Éalaithe ======== Ní maith liom an tsáinn ina bhfuil an ASTI agus tá súil agam go mbeifear in ann bealach éalaithe a aimsiú sna cainteanna atá ag tiocht aníos idir an ceardchumann agus an tAire, sa gcaoi is go mbeidh deis ag an ASTI deireadh a chur leis an aighneas tionsclaíoch atá ar bun acu sna meánscoileanna.
Tionsclaíoch industrial
" Ó lár an 19ú haois bhí an Réabhlóid Tionsclaíoch ag claochlú na gcathracha.
meántuarastal tionsclaíoch average industrial wage
" €34,000, is é sin, an meántuarastal tionsclaíoch.
aighneas tionsclaíoch industrial dispute
" Tá ceisteanna tromchúiseacha i bhfolach san aighneas tionsclaíoch sa Roinn Talmhaíochta, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill.
scoil thionsclaíoch industrial school
" Bhí Uinsionn Mac Dubhghaill i láthair sa Chúirt Chuarda i nGaillimh ag deireadh na míosa seo caite nuair a tugadh fianaise i gcoinne Maurice Tobin, Bráthair Críostaí a rinne ionsaithe gnéasacha ar bhuachaillí óga i scoil thionsclaíoch Leitir Fraic ar feadh cúig bliana is fiche.