Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag titim amach happening
" Táimid inbhreathnaitheach agus gan mórán airde againn ar an mhéid atá ag titim amach san oideachas go ginearálta.
tar éis titim amach after happening
" Má thagann cogadh domhanda mar thoradh ar an mhéid atá tar éis titim amach le cúpla seachtain anuas, nach mbeidh tíortha ag teastáil le bheith mar ghníomhairí síochána le réiteach a chuardach - moltóir cothrom, neamhspléach, gan aon bhagáiste míleata.
le titim amach to happen
" De dheasca an spriocama atá ann don alt, bíonn i gcónaí géarchéim réidh le titim amach nó ar tí á réiteach agus mé i mbun pinn.
ag titim amach happening
" Is cuid de chnáimhseachas polaitiúil gach tíre é a bhfuil ag titim amach ó thuaidh.
nithe ag titim amach things happening
" San úrscéal tréitheach le hIsaac Bashevis Singer, *Scum*, deir an príomhcharachtar ann nach bhfuil sa saol i ndeireadh báire ach nithe ag titim amach mar a chaithfidh a thitim amach, nithe a taibhríodh duit cheana, agus nach bhfuil ann ach go bhfuil tú á bhfeiscint anois den chéad uair, mar dhea, le do shúile cinn.
tá a mhalairt de scéal ag titim amach the opposite is happening
" Ach nuair atá uafáis leanúnacha ar siúl in oirthear agus i dtuaisceart Bhéal Feirste agus in oirthear Aontroma, tá a mhalairt de scéal ag titim amach i dtuaisceart Aontroma.
ag titim amach happening
" Níorbh iad na Meiriceánaigh amháin a chreid a gcuid amaidí, ach tuairisceoirí na mórchainéal satailíte sa domhan iartharthach a thug léargas chomh claonta dúinn ar a raibh ag titim amach gur fágadh ar snámh gan chompás iad nuair nár imir muintir na hIaráice an cluiche a bhí leagtha amach dóibh.
ag titim amach happening
" Tá an oiread sin rudaí ag titim amach ag an am céanna agus tá sé chomh deacair sin gach aon líne a leanúint mar ba chóir.
ag titim amach happening
" Admhaíonn Ballagh go raibh sé ar a shuaimhneas sa "chomhluadar spairneach" seo agus é ina "fhear óg teasaí", go dtí 1968 nuair a chothaigh na rudaí a bhí ag titim amach sna Sé Chontae scoilt idir é féin agus na "nua-aoisithe".
ag titim amach occuring
" Cinnte, shéanfadh aontachtaithe go láidir go bhfuil aon cheangal idir cinneadh s'acusan agus na hionsaithe atá ag titim amach ar shráideanna a gcathrach, ach nuair a chuireann tú in iúl nach bhfuil aicme éigin daoine - náisiúnaithe sa chás seo agus Alliance, dream eile nach bhfuil aontachtach go leor - inmhuiníne go leor le postanna sinsearacha a thabhairt dóibh, is cineál eile seicteachais é.
go bhfuil a leithéid ag titim amach that such a thing is happening
" Ní iontas ar bith é go bhfuil a leithéid ag titim amach - tá sé mar chuid de chultúr na Sé Chontae le fada an lá.
ag titim amach happening
" Cad é mar a leandáil an bhean seo de bhunadh na Gaeltachta ina leithéid d'áit a raibh eachtraí a bhí suarach agus eipiceach ag an aon am amháin ag titim amach? Nuair a bhíonn cailíní óg, bíonn siad ag brionglóidí fá bheith ina mbanphrionsaí nó ina réalta pop, ní bhíonn siad ag dúil go mbeidh siad ina bpolaiteoirí, agus leoga, ní sin an aisling a bhí ag Bríd Rodgers.
ag titim amach occurring
" " Le cois cúrsaí idirnáisiúnta, bhí aird McCann agus é óg ar na rudaí a bhí ag titim amach ina chathair féin.
ag titim amach occuring
" "Tá uachtarán nua, John Hughes, againn ach tá mé den tuairim nach mbeidh athruithe móra ag titim amach anseo.
ag titim amach happening
" com dírithe ar dhaoine a bhfuil an teanga ar a dtoil acu, a bhfuil spéis acu sa mhéid atá ag titim amach i saol na Gaeilge agus atá ag iarraidh an teanga a úsáid go laethúil.
ag titim amach happening
" com dírithe ar dhaoine a bhfuil an teanga ar a dtoil acu, a bhfuil spéis acu sa mhéid atá ag titim amach i saol na Gaeilge agus atá ag iarraidh an teanga a úsáid go laethúil.
ag titim amach happening
" ” Nuair a bhain sí Béal Feirste amach ag tús mhí Iúil 1997, bhí go leor ag titim amach sa taobh sin tíre.
ag titim amach happening
" Tá rudaí iontacha ag titim amach in Albain agus bíonn malartú idir iad féin agus féile in Oileán Sgiathanach - tagann amhránaithe Gàidhlig agus ceoltóirí Albanacha go hÉirinn agus téann na hÉireannaigh chun an oileáin.
ag titim amach happening
" Mar iriseoir, an gcuireann sé iontas air go dtig le rialtais “an bhréag mhór” a inse arís agus arís eile agus a laghad sin freagairte bheith ann? “Cinnte, agus cuireann sé alltacht orm,” ar sé, “ach mothaím, agus daoine ag dul in aois, go gcroitheann siad a gceann níos mó agus níos mó, mar a rinne mo mháthair agus m’athair, nuair a fheiceann siad a bhfuil ag titim amach.
ag titim amach happening
" Tá an chuma ar Oifig Thuaisceart Éireann, Príomh-Aire na Breataine agus ar an Príomh-Chonstábla Hugh Orde nach bhfuil barúil acu cad é tá ag titim amach.
ag titim amach happening
" Níl mé ag rá gurb ionann an cineál sin “coiriúlachta” agus a bhfuil ag titim amach i measc na bparaimíleatach, ach tá mé á lua mar chomhartha nár thosaigh an smuigleáil leis na Provies.
ag titim amach happening
" I mo shuí liom féin sa seomra folamh, níor thuig mé cad é a bhí ag titim amach.
ag titim amach happening
" Tá a fhios ag uachtarán na Fraince go bhfuil sé seo ag titim amach, leoga tá an t-eolas ag an rialtas le 30 bliain ach níl a dhath déanta acu faoi.
ag titim amach happening
" “Bhí rud éigin ag titim amach i gcónaí ina aigne.
de thitim amach inmheánach of the internal falling out
" Dúnmharú eile mar chuid de thitim amach inmheánach de chuid na bparaimíleatach, dar leat, ach tá an cás seo i bhfad níos tábhachtaí ná sin mar gheall ar fhear amháin, Raymond McCord Sinsearach.
beag beann ar a bhfuil ag titim amach regardless of what is happening
" Is maith an rud é go bhfuil foireann na brionglóide ag comhoibriú san Fheidhmeannas, ach tá rudaí níos tábhachtaí ag tarlú sna pobail éagsúla, beag beann ar a bhfuil ag titim amach sa Teach Mór ar an Chnoc.
ag titim amach ar fud an Tuaiscirt happening all over the North
" Bíonn go leor rudaí eile den chineál seo ag titim amach ar fud an Tuaiscirt agus tá oscailteacht le brath nach n-aithníonn cuid de na tráchtairí sóisialta polaitíochta.
bhí a fhios agam go raibh rud fíor-thromchúiseach i ndiaidh titim amach, I knew that something fatal had occured
" Ag an gcéim sin, bhí a fhios agam go raibh rud fíor-thromchúiseach i ndiaidh titim amach, rud nach bhféadfaí a chur ina cheart go deo.
ag titim amach happening
" Tá siad giota maith níos fearr ná na daoine fásta atá thart orthu! Ach an rud atá ag titim amach ná go bhfuil glúin eile ann atá á fágáil ar lár.
ag titim amach go rialta happening regularly
" ”Agus an mbíonn troideanna ag titim amach go rialta sa chompántas? “Bíonn daoine ag troid lena chéile.
faoin méid a bheidh ag titim amach lena linn about what will be happening during it
" Is féidir leoa bhfuil suim acu i gcúrsaí na Seachtaine iad féin a choimeád ar an eolas faoin méid a bheidh ag titim amach lena linn ach cuairt a thabhairt ar leathanaigh Bebo nó MySpace de chuid na féile.
ag titim amach happening
" (Ach níos mó ina thaobh sin ar ball!) Nuair a bhuail mé le de Spáinn, bhí meanma an-mhaith aige agus é ag caint faoi na nithe corraitheacha atá ag titim amach sa Chonradh faoi láthair.
ag titim amach happening
" Tá Ging ina cheannaire ar Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Lucht Dídine agus Oibreacha (UNRWA) agus ba mhinic é ar an scáilean mar dhuine den bheagán coimhthíoch taobh istigh den limistéar a bhí in ann cuntas neamhspleách a thabhairt ar a raibh ag titim amach ann le linn an ionsaithe 22-lá.
le titim amach to happen
" Cruthóidh an duine a bhfuil le titim amach ina dhiaidh sin.
thitim amach happen
" Bhí a fhios acu cad é bhí ag gabháil a thitim amach - dar fia, bhí sé sna nuachtáin - ach ní raibh siad in ann é a stad.
ag titim amach happening
" Idir Dhá Chomhairle ============ **SMM: An bhfuil tú leathdóchasach faoina bhfuil ag titim amach maidir leis an nGaeilg sa nGalltacht?** BNC: Braitheann sé ar cén lá atá tú ag caint liom! (Gáire) Mar a tharlaíonn sé, inniu, tá mé dóchasach.
ag titim amach happening
" Níl aon leithscéal ag uascáin na hÉireann, tír a bhfuil an t-idirlíon sách coitianta, a bheith dall ar na gnóthaí geilleagair tromchúiseacha atá ag titim amach thart timpeall orthu le blianta beaga anuas.
Tá ‘imeachtaí’ ag titim amach events are happening
" Tá ‘imeachtaí’ ag titim amach ar *Facebook* chomh maith le haitheantas a fháil don chúis.
ag titim amach happening
" Is é a mhalairt de scéal atá ag titim amach, faraor, de bharr chás Tymoshenko, d'ainneoin na mílte milliún a caitheadh chun ollchóiriú a dhéanamh ar bhóithre, aerfoirt agus ar staideanna sacair na tíre.
an-chuid ag titim amach a lot happening
"an-chuid ag titim amach, tá an BBC againn agus tá comharthaí bóthair dá theangach againn - ní hionann an Ghaidhealtachd inniu agus ceantar teanga – ach tá comharthaí dá theangach fairsing.
go gcomharthaíonn a bhfuil ag titim amach what’s happening shows
" Ceist eile is ea caighdeán na n-earraí sin agus b’fhéidir go gcomharthaíonn a bhfuil ag titim amach i ngnóthaí soláthar earraí in iarthar domhain le tamall de bhlianta anuas go bhfuil, mar a deir an dream thiar, sleaic ag teacht ar lucht déantús earraí.
d'fhobair do chogadh cathartha titim amach a civil war almost happened
" Tá Parlaimint Shasana ann le cogadh cathartha a sheachaint, ach d'fhobair do chogadh cathartha titim amach in Éirinn le linn an ama sin mar shantaigh ceann de pháirtithe móra Wesminster, An Páirti Coimeadach agus Aontachtach, shantaigh siad cumhacht nach raibh acu ó 1905.
Tá an oiread sin ag titim amach so much is happening
" An Fuadar nach bhFeictear ========== Tá an oiread sin ag titim amach i saol Julie gurbh éigean di beirt a fhostú le cuidiú léi cúrsaí gnó a láimhseáil, cúrsaí a théadh sí i ngleic leo í féin roimhe seo.
na heachtraí s’acu ag titim amach their incidents happen
" Is measa arís a scéal siadsan, Palaistínigh, tharla gur ar réimsí níos lú ná Éire atá na heachtraí s’acu ag titim amach.
mbíonn na heachtraí maslú seo ag titim amach these incidents of insulting people are happening
" Caithfidh sé go mbíonn na heachtraí maslú seo ag titim amach ar bun sách forleathan mar rop buíon stócach an rud céanna chugam féin agus fear ar m’aithne nuair a bhí muid ag labhairt Gaeilge sa tsráid i mbaile mór in iarthar na hÉireann.
Anuas ar a bhfuil ag titim amach as well as what’s happening
" Anuas ar a bhfuil ag titim amach sna nuachtáin, ag Stormont, i Westminster, tá pobail ag bogadh ar aghaidh lena saol in éagmais chórais aibí polaitíochta.
ní le ciall a bhaint as a bhfuil ag titim amach not in order to make sense of what’s happening
" Is gá a leithéid a dhéanamh, ní le ciall a bhaint as a bhfuil ag titim amach i dtuaisceart na hÉireann ach le fail amach cad é chomh hamaideach is atá sé.
atá tar éis titim amach that have just occurred
" Féachann Oliver Wagemann ar na hathruithe atá tar éis titim amach agus cad atá i ndán dá thír dhúchais san am atá romhainn.
ag titim amach happening
" Cloiseann muid i gcónaí na drochscéalta faoi na Sé Chontae, ach measann Robert McMillen gur ábhar dóchais an méid atá ag titim amach i mbaile i dtuaisceart Aontroma.
ag titim amach happening
" Caitheann Balor a shúil nimhe ar chuid de na rudaí atá ag titim amach sa pholaitíocht agus i saol na Gaeilge i láthair na huaire.
ag titim amach happening
" Beidh rudaí aisteacha ag titim amach sa tír sa mhí atá romhainn.
céard a bheas ag titim amach what will be happening
" San alt seo, míníonn Brian Ó Broin céard a bheas ag titim amach agus na hiarrthóirí oifigiúla á roghnú ag na páirtithe sna stáit uilig.
ag titim amach happening
" Cad é tá ag titim amach i ndáiríre in áiteanna mar sin? An bhfuil bá na cosmhuintire ag trá i gceantair ó thuaidh? Bhí Robert ag cíoradh na ceiste.
titim amach to happen
" Ar fhoghlaim muid ceacht? An féidir ligeann don mhéid a tharla cheana titim amach arís? Caithfear an córas polaitiúil a chruthaigh na fadhbanna millteanacha dúinn a athrú, a deir Ciarán Mac Aonghusa.
ag titim amach happening
" Tá tuairim aige dá bhfuil ag titim amach i dtír mhór an toghcháin sin.
ag titim amach happening
" An forbróir bogearraí thú féin, ar nós lucht leanta Google Wave? Tá Roseanne Smith ag faire ar a bhfuil ag titim amach le forbairt na Toinne.
ag titim amach happening
" Bhí Robert McMillen i láthair ag léacht i nGort na Móna, Béal Feirste, inar thug Bernadette McAliskey léaró agus rabhadh faoina mbeidh ag titim amach ó thuaidh.
atá ag titim amach is happening
" Imeallú SAM agus tubaiste don phobal Giúdach atá ag titim amach mar gheall ar an ‘obliterating the hopes of another people’ atá ar siúl sa Mheán-Oirthear le dhá ghlúin anuas.
titim amach happening
" Léiríonn an dá chás, dar le Alex Hijmans, nach gá go gcuirfeadh reachtaíocht dhian ar úinéireacht airm bac ar ár mar sin titim amach.
ag titim amach happening
" Tá scéala ag Rory Francis as Blaenau Ffestiniog ar a bhfuil ag titim amach faoi láthair i dTionól na Breataine Bige.
ag titim amach happening
" Tá Brian Ó Broin misnithe go mór lena bhfuil ag titim amach i saol na Gaeilge i Nua-Eabhrac, go háirithe i bhfianaise a bhfaca sé ag comhdháil litríochta a eagraíodh ann ar na mallaibh.
ag titim amach happening
" Bhí barraíocht le háireamh, dar le Balor, ag titim amach ar an oileán iathghlais ach rinne sé iarracht cuntas éicint a thabhairt.
a bhfuil ag titim amach in airde spéire os ár gcionn what’s happening in the heavens
" Tá Roseanne Smith ag coinneáil súile ar a bhfuil ag titim amach in airde spéire os ár gcionn.
ag titim amach happening
" Beidh ceann de mhórimeachtaí na bliana i saol an cheoil agus i saol na Gaeilge ag titim amach i nDoire Chalgaigh an mhí seo, ádhúil go leor do Chiara Nic Gabhann óir is as Doire í.
ar a bhfuil ag titim amach laistigh at what’s happening inside
" Dhearc Brian Ó Broin ar a bhfuil ag titim amach laistigh den ‘chóisir tae’ úd sna Stáit Aontaithe agus ní lochtú, síneadh na méar agus díbirt go dtí é.
ag faire ar a bhfuil ag titim amach watching what's happening
" Bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag faire ar a bhfuil ag titim amach ann.
ag titim amach ann happening there
" Phill Ciara Nic Gabhann ar a cathair dhúchais, Doire, fechain Locha Febhuil find, con a ealaibh as aibhind, anuraidh le blaiseadh den lón mór ealaíne a bhí ag titim amach ann.
an t-athrú scéil a bhíonn ag titim amach i rith an ama the continual changing circumstances
" Is spéis le Tony Birtill an t-athrú scéil a bhíonn ag titim amach i rith an ama i dtuairimí aos seandálaíochta na Breataine agus na hÉireann.