Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tofa hand-picked
" Bhí thart fá mhilliún duine ina chónaí i bPapua Thiar ag an am, ach ní raibh ceart ach ag 1,022 duine tofa vótáil sa reifreann sin.
nua-tofa newly-elected
" Uachtarán nua-tofa an Chumainn Lúthchleas Gael, Sean Kelly, an duine deireanach a labhair ar an dóigh seo.
tofa elected
" Rinne sé tagairt don mhéid a bhí le rá ag Ted Kennedy le déanaí, nuair a cuireadh in iúl dó go raibh an Poblachtánach Arnold Schwarzenegger díreach tofa mar ghobharnóir ar Chalifornia: "Léiríonn toghadh Arnold go bhfuil muid ag maireachtáil go cinnte i náisiún inimirceach.
mbaill tofa elected members
" Tuilleann (*oops!*) - faigheann ceathrar acu breis agus míle euro an duine sa mhí mar chostais! Agus cad é a fhaigheann Balor Bocht in aghaidh na míosa? An méid céanna is a bhí á fháil aige nuair a tháinig an liarlóg seo amach an chéad lá riamh: ceithre cent déag; cúig cent déag má bhíonn tríocha a haon lá sa mhí; dhá cent déag i mí Feabhra agus trí cent déag gach ceathrú Feabhra nuair is bliain bhisigh a bhíonn ann - mar atá i mbliana, buíochas le Dia! Yahú! Bhí sé ag madraí an bhaile riamh anall gur daoine cruógacha a bhí i mbaill tofa an Údar Ass, cuid acu níos cruógaí ná a chéile, agus an ceathrar ar bharr an liosta is cruógaí ar fad acu: Pádhraic Ó Bia, Brains Ó Domhnaill, Daithí Elkhorn agus Randy Mac Gearailt.
baill tofa elected members
" Tá sé soiléir don saol mór go bhfuil go leor aontachtaithe i gCúige Uladh a ghlacfaidh le leithscéal ar bith le gan cumhacht a roinnt le hionadaithe tofa náisiúnacha, go háirithe baill tofa Shinn Féin.
tofa elected
" "Dá gcuirfeadh David Trimble na hinstitiúidí ar bun - bhí sé tofa mar Chéad Aire agus Seamus Mallon mar leas-Chéad Aire - creidim go dtiocfadh deireadh leis an IRA.
bord tofa elected board
" ” Má tá dea-fhocail aige le rá mar gheall ar ré nua Uí Aoláin, ní hamhlaidh atá maidir le bord tofa an Údaráis.
ball tofa elected member
" Ní mór cuimhneamh fosta ar an mhéid a bhí le rá ag Iain Mac Aindriú, ball tofa d’Údarás na Gaeltachta, faoin chonspóid cúpla mí ó shin.
nua-tofa newly-elected
" Fiú má bhaineann an GPA a gcuid aidhmeanna amach ach gan íocaíocht ar son imeartha ina measc, an mbeidh suim ag an chéad ghlúin eile d’imreoirí sa chúis? Cibé scéal é, tá uachtarán nua-tofa CLG ag tabhairt le fios go bhfuil sé féin an-dáiríre faoin mbagairt, mar a fheiceann sé é, ón GPA maidir le himreoirí ag fáil íocaíochta as ucht imirt dá gcontae.
feisirí tofa elected MPs
" Tar éis chúltroid fhuilteach Arm na Poblachta idir 1922 agus 1923, agus seal de bhliantaibh breise caite sa doircheacht lasmuigh, shiúil an “Longfella” agus feisirí tofa a pháirtí nua – Fianna Fáil - thar tairseach an Chúigiú Dáil isteach, ar an 12 Lúnasa 1927.
ionadaithe tofa elected representatives
" Ó thaobh cúrsaí polaitíochta de, tá tábhacht mhór ag baint le pearsantacht an duine agus léiríonn eachtraí áirithe le seachtainí beaga anuas go mbíonn cuid mhór daoine sásta maithiúnas a thabhairt d’ionadaithe tofa as réimse leathan peacaí a bheith déanta acu – a fhad is go dtaitníonn na hionadaithe sin leo.
na daoine tofa, the elected people,
" Is é an páirtí is mó i gComhairle Bhéal Feirste é Sinn Féin agus anuas ar na daoine tofa, tá arm *apparatchik* ag feidhmiú ar a shon – ach ní thig leo a dhath a dhéanamh fán ainriail atá ag scrios cuid de thoghcheantar Iarthar Bhéal Feirste nó infheistíocht fhiúntach a mhealladh go hiarthar na cathrach.
ionadaí tofa elected representative
" ***Buntáistí:*** Cúlra feirmeoireachta aige agus é mar ionadaí tofa ar chontae mór déiríochta.
feisirí tofa elected MPs
" Ach níl sé de cheart ag feisirí tofa a bheith ag cur daoine aeracha i gcomparáid le dúnmharfóirí.
cine tofa Dé chosen or elected race of God
" Dar leis an “daonlathaí” seo, is le cine tofa Dé amháin talamh iomlán Iosrael, na limistéir bheaga bhídeacha atá fágtha i seilbh na bPalaistíneach san áireamh.
t-uachtarán tofa president elect
" Roghnaigh an t-uachtarán tofa mar chomhairleoirí eacnamaíochta daoine ar nós Timothy Geithner agus Larry Summers atá freagrach as an trioblóid sa chóras airgeadais anois.
tofa elected
" Ní íocfar pinsean Aire Rialtais a thuilleadh le haon Teachta atá tofa fós ach oiread.
tofa elected
" Chuirfeadh sé seo deireadh leis an fhadhb seo go gcaithfidh daoine, tar éis dóibh a bheith tofa, a gcuid ama ag freastal ar an aidhm a bheith atofa an chéad iarraidh eile ina dhiaidh sin arís.
tofa elected
" Deis ag ionadaithe tofa a mbuíochas a ghabháil linn as obair na bliana díreach caite agus rath a ghuí orainn in obair na bliana amach romhainn.
tofa elected
" Seans go mbeadh meascán de dhaoine, tofa agus baill ceapaithe, air.
baill tofa elected members
" I mbeagán focal, ba chóir go mbeadh ról ní ba láidre ag baill tofa na n-údarás (in áit na mbainisteoirí ag a bhfuil gach cumhacht feidhmeannach faoi láthair), ba chóir roinnt mhaith comhairlí a chónascadh, agus ba chóir go mbeadh méara tofa ag na cathracha (ní hamháin Baile átha Cliath mar atá le teacht an bhliain seo chugainn.
tar éis a tofa after her being elected
" Sa chéad aitheasc di tar éis a tofa, ghlac Rousseff buíochas le Lula agus dúirt go mbeadh sí ‘ag bualadh ar a dhoras ag lorg comhairle’ go mion minic.
tofa daonlathach elected and democratic
" Ceapúcháin ====== Ach tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil deireadh á chur le bord tofa daonlathach an Údaráis.
d’ionadaithe tofa of elected members
" Fós féin, bhí gné thofa luaite sa Dréachtstraitéis: ‘Reáchtálfaidh Bord, a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe tofa agus de chomhaltaí a cheapfaidh an tAire, Údarás na Gaeilge.
tofa elected
" Ní raibh ach b’fhéidir dhá chéad vóta ann agus go mbeinn tofa dá mbeadh dhá chéad aistriúchán fiú amháin, tar éis imeacht ar an dtaobh eile.
tofa elected
" Scrios gobharnóir nua an stáit sin, Chris Christie, tionscadal tolláin mhór do thraenacha idir Nua-Gheirsí agus Nua-Eabhrac i mí na Samhna seo caite, agus tá gobharnóir tofa Wisconsin, Scott Walker, tar éis tionscadal iarnróid mhórluais d'ardchathair an stáit sin, Madison, a scrios freisin, ag diúltú do $810 milliún ó rialtas na Cónaidhme sa phróiséas.
Níorbh fhada tofa é he wasn’t long elected
" Níorbh fhada tofa é gur éirigh leis an beartas seo a chur i bhfeidhm.
tofa elected
" Tá polaiteoirí tofa ar Bhord an Údaráis a fhaigheann costaisí flaithiúla le taisteal chuig cruinnithe ar fud na tíre.
iarrthóir tofa chosen candidate
" ” An Uachtaránacht =========== Labhair muid faoi Barack Obama, faoi na haiséirithe sa Mheánoirthear - tá sé ceart sibhialtaigh a chosaint ach tá an chontúirt ann go dtarraingfear an tIarthar isteach i gcoimhlintí inmheánacha na dtíortha atá corraithe - agus labhair muid ar go leor eile ach anois agus gan cúraimí Dála air, tá Michael D ag beartú aistriú tí - go dtí Áras an Uachtaráin, mar iarrthóir tofa Pháirtí an Lucht Oibre.
ball tofa elected member(s)
" Ní fhéadfadh Bord an Údaráis feidhmiú mar is ceart ar thrí chúis im’ thuairimse: - (i) i dtosach tá an Bord rómhór le bheith feidhmiúil; - (ii) is comhairleoirí contae nó iarchomhairleoirí contae 13 as an 17 ball tofa ar bhord na heagraíochta, agus ní bheadh sé de mhisneach acu vótaí a chur i mbaol trí sheasamh a ghlacadh, a chuirfeadh caomhnú na Gaeilge roimh chruthú fostaíochta; - (iii) de bharr easpa saineolais, ní hacmhainn don bhord dúnghaois a shocrú ná dianscrúdú a dhéanamh ar obair na heagraíochta.
tofa elected
" Ach an bhfágann sin gur bord stiúrtha feidhmiúil a bhí ann? Údarás na Gaeltachta ============ Tá 20 duine ar bhord Údarás na Gaeltachta (seachtar déag comhalta tofa agus triúr comhalta ainmnithe, an Cathaoirleach ina measc) ach go bhfuil se ráite go ndéanfar ciorrú ar an bhord sin sa bhille úr Gaeltachta.
tofa elected
" tofa, rinne muidinne ár ndícheall ach ní dheachaigh Gay i bhfeidhm ar an phobal agus tá sé ag dul ag leanúint ar aghaidh mar Fheisire Eorpach.
tofa elected
" Higgins, os cionn milliún vóta a fháil, le bheith tofa ina Uachtarán le gairid.
seachtar tofa seven elected
" Trí chomhalta dhéag a bhí ar an chéad bhord, seachtar tofa agus seisear ainmnithe.
tofa elected
" Cheap siad Julia Gillard d’aon ghuth i gcomharbacht air, an chéad Phríomh-Aire mná i stair na tíre, agus cuireadh tús láithreach bonn leis an líomhain nach raibh a ceapadh dlisteanach de bharr nach raibh Gillard tofa ina Príomh-Aire ag lucht vótála na hAstráile.
tofa elected
" Tá trí scór comhalta sa tSeanad reatha, comhdhéanta mar seo a leanas: - 43 Seanadóir tofa as cúig phainéal gairmiúil ((a) Cultúr agus Oideachas (b) Tionsclaíocht (c) Talamhaíocht (d) Saothar (e) Riarachán.
uachtarán tofa an elected president
" Is fíor go bhfuil uachtarán tofa anois i gCabúl, an phríomhchathair, agus go bhfuil an cineál brúidiúlachta a bhí le sonrú faoi réim na dTalaban imithe, a bheag nó a mhór.
tofa mar elected as
" “Is maith an rud é go bhfuil duine acadúil eile tofa mar Uachtarán na hÉireann,” a dúirt an tOllamh Marianne Elliot nuair a chuir sí fáilte roimh Mícheál D.
hionadaithe tofa elected representatives
" Labhraím leis na hionadaithe tofa freisin agus tá alltacht ar chuid acu faoin méid atá ag tarlú.
a gcuid iondaithe tofa their elected representatives
" Níor mhiste a rá, áfach, nach bhfuil aon ní greanta i gcloich go fóill agus tá neart ama ag na heagrais Ghaeilge agus ag tuismitheoirí gur cás leo an t-oideachas lán-Ghaeilge a chur ina luí ar an Aire Quinn agus ar a gcuid iondaithe tofa go bhfuil a mhalairt de shlí ann.
ball tofa an elected member
" Agus mheabhraigh mé cad chuige nach stopfadh ball de sheirbhís phóilíneachta nuair a bhí ball tofa a pharlaiminte os a chomhair.
Bhíodar tofa ar fad chun rámhaíochta they were really outstanding oarsmen
" Bhíodar tofa ar fad chun rámhaíochta agus iascairí ab ea iad.
ionadaithe tofa elected representative
" Seo iad: (i) go ndéanfaí Acht na Gaeltachta 2012 a athghairm nó é a leasú le go mbeidh ciall teangeolaíoch leis an nGaeltacht, mar a gealladh; (ii) go gcuirfí Bord Oideachais speisialta ar bun le déileáil le gach gné den oideachas sna ceantair Ghaeltachta; (iii) go gcuirfí polasaí soiléir i bhfeidhm tríd an státchóras a chinnteoidh, go mbeifear in ann seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht ‘gan cheist gan choinníoll’, taobh istigh de dhá bhliain; (iv) go mbeadh cúnamh speisialta curtha ar fáil le nuachtán seachtainiúil Gaeilge clóite a chur ar fáil le freastal go príomha ar na ceantair Ghaeltachta; (v) go ndéanfaí bonn daonlathach a chur aríst faoi Údarás na Gaeltachta, sa gcaoi is go mbeidh ionadaithe tofa ag pobal na Gaeltachta ar an mBord.
chomhairleoir tofa councilors elected
" Tá 266 chomhairleoir tofa ag Fianna Fáil le hais 237 do Fhine Gael, 157 do Shinn Féin agus 51 don Lucht Oibre.
deireadh le hionadaíocht tofa an end to elected representation
" Deireadh le Toghcháin Údarás na Gaeltachta:** Chuir Acht na Gaeltachta, 2012 deireadh le hionadaíocht tofa ar bhord Údarás na Gaeltachta.
fháil tofa don Tionól to have elected to the assembly
" Cé gur éirigh leo beirt MLA a fháil tofa don Tionól in 1998, chaill siad beirt a suíochán cúig bliana níos maille.
comhaltaí tofa elected members
" Féachann Breandán Delap siar ar an téarma atá curtha isteach ag na comhaltaí tofa agus bronnann marc ar gach duine acu as an obair atá déanta aige nó aici.
ball tofa elected member
" Chas Seosamh Mac Muirí leis an gComhairleoir Contae agus an ball tofa d’Údarás na Gaeltachta, Seosamh Ó Cuaig, oíche a raibh sé le freastal ar chruinniú mór le sealbhais agus cleachtais talúin, phortaigh agus tithíochta na Gaeltachta a chosaint ar dhlíthe nua BhÁC / na Bruiséile mar dhea.
ball tofa elected member
" Is é seo an dara leath den Agallamh leis an gComhairleoir Contae agus an ball tofa d’Údarás na Gaeltachta, Seosamh Ó Cuaig.