Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tomhaiste measured
" Bhí sé tomhaiste ag na dochtúirí faoi seo.
breithiúnas meáite, tomhaiste balanced, measured judgement
" Cáintear as éadan gach ní a dhéanann an rialtas agus ní thugtar breithiúnas meáite, tomhaiste ar a gcuid polasaithe riamh.
tomhaiste measured
" Is é an dóigh is fearr leis seo a dhéanamh ná plé tomhaiste, staidéarach a dhéanamh ar an tuarascáil agus gníomhú ar a gcuid moltaí.
ráiteas tomhaiste measured statement
" Iad a d’athchlóigh ráiteas tomhaiste Michael McDowell ar nuacht a naoi an oíche roimh ré ar RTÉ: “*Cui bono?* Who would benefit from such an action? Those interested in bringing about political progress would not.
tuairisciú tomhaiste measured coverage
" Ach – mar a bheadh ríshoiléir d’aon duine a chonaic an scannán – scéal casta is ea scéal Uí Shearcaigh; scéal a mbeadh tuairisciú tomhaiste ag teastáil le hé a phlé go cothrom.
tomhaiste measured
" Ceann de bhunghnéithe na hiriseoireachta í an neamhchlaontacht agus cé nach bhfuil a leithéid de rud ann agus "iriseoir neamhchlaonta" amach is amach, ceapaim gur cheart d’aon nuachtán maith iarracht a dhéanamh a bheith tomhaiste.
ráiteas tomhaiste a measured statement
" Maidir leis na heagrais Ghaeilge, ba mhaith liom go dtabharfaí cúis nua agóide do Ghaeil an Tuaiscirt agus ráiteas tomhaiste do Chonradh na Gaeilge a bhféadfaí a eisiúint le failtiú roimh dhúnghaois éigin de chuid an rialtais.
tomhaiste measured
" Bhí caint íseal tomhaiste Choilm mar chomhlánú foirfe ar an mire comhrá a bhí á spalpadh ag John.
tomhaiste measured
" Má tá dul chun cinn le déanamh, má tá polasaithe le cur i bhfeidhm atá dleathach agus gnímh atá tomhaiste de réir chaighdeán gach dream sa choimhlint, caithfidh muid na fíricí a bhunú, dár leis.
go tomhaiste in measured manner
" Is go tomhaiste a ba cheart tabhairt faoin díospóireacht seo in áit moltaí a chur chun tosaigh nach bhfuil bunaithe ar aon taighde eolaíoch.
Tráchtairí Tomhaiste responsible commentators
" Tráchtairí Tomhaiste? Is doiligh, áfach, gan aird a thabhairt ar na barúlacha atá nochtaithe ag tráchtairí níos tomhaiste ar an ábhar.
tomhaiste measured
" Bhí an chaint a thug sé scríofa agus tomhaiste go cúramach chun aidhm éigin nár léir a bhaint amach.
go tomhaiste carefully
" Féachfaidh mé go tomhaiste ar na moltaí sin nuair a gheobhaidh mé iad.
tomhaiste measured, gradual
" Cad a tharla ó shin? Chaill gach foireann díobh cluiche cáilithe nó ceathrú ceannais in aghaidh chontae a bhí buailte níos túisce sa bhliain agus a rinne dul chun cinn tomhaiste sna cluichí cáilithe i gcaitheamh an tsamhraidh.
tomhaiste balanced
" Guth tomhaiste, físiúil, dúshlánach.
hionsaithe tomhaiste a dhéanamh ar to make measured attacks on
" Is féidir an míshuaimhneas ar éadan an Tánaiste agus an Taoisigh a fheiceáil go soiléir nuair a sheasann Pearse Doherty nó Mary Lou Mc Donald suas sa Dáil le hionsaithe tomhaiste a dhéanamh ar chur chuige an rialtais.
dá mbeadh cur chuige níos tomhaiste aige were his approach more measured
" Is trua sin, mar tá an t-uafás taighde fiúntach déanta ag Donal Flynn agus thabharfaí níos mó aird dá bhfuil scríofa dá mbeadh cur chuige níos tomhaiste aige.
alt níos tomhaiste a more measured article
" a year just teaching Irish*’, amhail is go sábháilfí an méid sin mura mbeadh an Ghaeilge ar an gcuraclam oideachais! Bhí alt níos tomhaiste ar an *Irish Times* ar an Máirt 19 Márta, scríofa ag Peter McGuire faoin teideal ‘*So many quangos, so little Irish*’.
go tomhaiste in measured fashion
" An scéal, an stair, an deacracht a bhí aige lingeáin, nó sprionganna, den chinéal ceart a aimsiú leis na snátha a oibriú go tomhaiste.