Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tréitheach talented, gifted
" Tá siad múnlaithe ar inneoin chrua na staire agus tá siad tréitheach, cumasach ar páirc nó ar pár: Tomás Ó Criomhtainn, Piaras Feirtéar, Pádraig Ó Fiannachta, Eibhlín Ní Mhurchú, Maidhc Dainín Ó Sé, Páidí Ó Sé, Tom Crean, Jerome O'Connor, Seosamh Ó Dálaigh, Paddy Bán Ó Brosnacháin, Peig Sayers, Diarmuid Ó Duibhne.
úrscéal tréitheach accomplished novel
" San úrscéal tréitheach le hIsaac Bashevis Singer, *Scum*, deir an príomhcharachtar ann nach bhfuil sa saol i ndeireadh báire ach nithe ag titim amach mar a chaithfidh a thitim amach, nithe a taibhríodh duit cheana, agus nach bhfuil ann ach go bhfuil tú á bhfeiscint anois den chéad uair, mar dhea, le do shúile cinn.
tuairisceoir tréitheach tricky/competent reporter
" Bertie Bábánta Sruthbhalbh is fearr leis bheith ag amharc air, a fhios maith ag Balor gurb é is cúis leis an mhaolteanga agus é ag caint le tuairisceoir tréitheach ná go mbíonn sé ag cuntas na veirteabraí leis an áit is fearr a aimsiú fá choinne na scine.
bhfad níos tréithí more promising
" Tá gníomhairí áirithe teanga (*reintegracionistas *a thugtar ar an dream seo) den tuairim go mbeadh todhchaí i bhfad níos tréithí ag an teanga dá mbeadh daoine sásta dul ar ais chuig "ré órga na litríochta" agus litriú na Portaingéilise a úsáid.
tréitheacha accomplished
" San Árás, d'oibríos le Mícheál Mac Con Iomaire agus Séamas Ó Cualáin, cainteoirí dúchais agus múinteoirí tréitheacha.
phéintéir tréitheach gifted painter
" Ar smaoinigh tú riamh go dtiocfadh le mogaí s’agat sa bhaile bheith ina phéintéir tréitheach atá ag fanacht le duine éigin é “a aimsiú”? Nó, cuir i gcás an *ornithological dejecta* sin ar scáthlán do chairr: an feidhm nádúrtha éin atá ann nó an fianaise an steall de chac éin sin ar chruthaitheacht ardealaíonta ríocht na n-éan? Is ceisteanna bunúsacha mar sin, agus tuilleadh nach iad, a bhíonn á scrúdú ag foireann an Museum of Non Primate Art (MONPA) (www.
i gcás an fhir thréithigh seo in the case of this talented man
" Ní mar sin a bhí sé i gcónaí i gcás an fhir thréithigh seo as Brí Chualainn – i ndiaidh dó an scoil a fhágáil i lár na nóchaidí agus cúrsa iar-Ardteistiméireachta déanta aige, bhí sé ag súil go mbeadh sé ábalta leanúint lena chuid staidéir i gceann de na coláistí ealaíne sa phríomhchathair.
tréitheach gifted, accomplished
" Imreoir tréitheach a bhí ann agus stíl dá chuid féin aige a mheall lucht mór féachana agus leanúna.