Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nach mbeadh uchtach aige dul ina ceann he wouldn't have the courage to tackle it
" Thosaigh sé ar an chisteanach nó bhí a fhios aige mura dtabharfadh sé aghaidh air sin ar tús nach mbeadh uchtach aige dul ina ceann tráthnóna.
ag cailleadh uchtaigh losing courage/heart
" "An ag cailleadh uchtaigh atá tú cheana féin?" arsa Nóirín.
uchtaigh encouragement
" Dúirt sé go bhfuil na daoine a bhí ag léirsiú ag tabhairt uchtaigh do Saddam Hussein agus nach bhfuil dabht ar domhan faoi sin.
ba bheag nár uchtaigh muintir an tí mé sa deireadh the people of the house nearly adopted me in the end
" Chaith mé tamall ag obair i bpub ansin agus ba bheag nár uchtaigh muintir an tí mé sa deireadh!” Nuair a d’fhág sí Oileán Chléire tháinig sí ar ais go Baile Átha Cliath agus ghlac sí post le AIB.
uchtach agus misneach encouragement and courage
" Tabharfaidh sé sin uchtach agus misneach d’iománaithe óga na cathrach agus dóchas dá lucht leanúna.
ag tabhairt uchtaigh don fhreasúra Encouraging the opposition
" Gan na comhairleoirí seo, tá an tUachtarán Bush ina lacha bhacach, mar a deir an Béarla – tá sé ag déanamh botún atá ag tabhairt uchtaigh don fhreasúra agus atá ag cur uafáis ar an mionlach síorlaghdaitheach atá fós ar a shon.
ag tabhairt uchtaigh dár bhfoireann. supporting our team.
" Cá bhfios nach mbeidh mé féin thuas ar ardán staid na hollscoile an tseachtain seo chugainn ag tabhairt uchtaigh dár bhfoireann.
Ní raibh uchtach agam a dhul a dhath níos faide. I didn't have the spirit to go any further.
" Ní raibh uchtach agam a dhul a dhath níos faide.
uchtaigh adopted
" D’uchtaigh tuismitheoirí geala na páistí eile.
uchtach confidence
" Thug sin uchtach dóibh dul sa seans an babhta seo.
t-uchtach encouragement
" Go cinnte, is scéal ‘tigín go teach mór’ a scéalsa, agus lá a hainmnithe bhí meáin Nua-Eabhrac lán le agallaimh le daoine ina ceantar dúchais (an Bronx) agus sna hiarscoileanna, ag rá go mba mhór an t-uchtach a tugadh dóibh nuair a chuala siad gur ainmníodh í don chúirt.
uchtach encouragement
" Measaim féin, cheal aon taighde ar an ábhar, gur meascán de Chumann na bhFiann, coláistí eile agus de dhream na gaelscolaíocht iad, dream iad a dtugann pocán gabhair na Gaeilge i lár an aonaigh, teilifís na Tulaí, misneach agus uchtach dóibh agus go bhfuil siad sásta thar mar a bhí riamh gabháil i lár aonaigh iad féin agus an teanga mar chuid ghníomach dá bpearsa.
uchtach encouragement
" Is droch-chomhartha a bhfuil fógartha ag an Roinn Oideachais maidir leis an gCúrsa Gaeilge don Ardteist, gan aon uchtach á thabhairt ann do Ghaeilgeoirí dúchais.
uchtach courage
" xii sa réamhrá) An mbeadh sé d’uchtach againn gan ach an Ghaeilge a labhairt sa lá atá inniu ann? An dteastaíonn athbheochan na Gaeilge uainn, i ndáiríre? Measaim féin gurb é an rud a theastaíonn le go mbeadh an Ghaeilge á labhairt ar fud na tíre ná glúin aonteangach Ghaeilge.
thug uchtach dom encouraged me
" Ar ndóigh, tá Rannóg Cheilteach mar chuid de Roinn an Bhéarla san Ollscoil Caitliceach ó lár na n-ochtóidí agus bhí cairde agam ann a thug uchtach dom tabhairt faoin teanga a fhoghlaim!” Tréithe Teanga ======= Níorbh í an Ghaeilge an teanga Cheilteach ab ansa le hAnna ón tús, áfach.
uchtach courage
" Ar an ardán i nDussledorf, spreag siad mórtas agus uchtach in óige na hÉireann dá dtír féin agus is iomaí meangadh gáire a chuireadar ar aghaidh thiar sa bhaile.
uchtach courage
" Sheas mé chun ainmniúchán mo pháirtí a fháil don toghchán seo, agus bheinn i ndiaidh é sin a dhéanamh seacht mbliana ó shin ach gur chlis ar uchtach mo chomrádaithe.
Is ar éigean go dtabharfadh sé uchtach it'd hardly encourage
"Is ar éigean go dtabharfadh sé uchtach d’aon duine breathnú ar an staid ina bhfuil an Ghaeilge sa Ghaeltacht i láthair na huaire.
beag uchtach little courage
" Ceist tola í: an bhfuiltear dáiríre faoin dá phróiseas chomhairliúcháin seo nó an leithscéal iad le faobhar a chur ar an tua? An ardáin ghaotaireachta iad nó an bhfeidhmeofar ar na moltaí a thiocfaidh astu? Leoga is beag uchtach a thabharfadh na comharthaí go n-uige seo don té a chuirfeadh muinín sna próisis úd.
Thug sí uchtach she encouraged
" Thug sí uchtach do an-chuid daoine a bhí ag treabhadh leo i ngort na Gaeilge.
thabharfadh uchtach dóibh would give courage to those who
" Ach fiú dá ligfí do gach íospartach ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach fanacht ar bhonn fadtéarmach, rud a thabharfadh uchtach dóibh comhoibriú leis na húdaráis i gcoinne na ndaoine a thagann i dtír orthu, ní réiteofaí an fhadhb.
thugann uchtach dóibh gives them courage
" An gáire a roinntear le daoine eile, sin an gáire a cheanglaíonn daoine lena chéile agus a thugann uchtach dóibh.
go dtugann tíortha eile uchtach other countries encourage
" Sa réamhrá a scríobh an tSiúr Stanislaus Kennedy leis an tuairisc deir sí go dtugann tíortha eile uchtach d’inimircigh saoránacht a lorg le gur fearr a roinnfidh na saoránaigh nua luachanna na dtíortha sin.
a n-uchtach a bhaint de removes their courage
" I dtuairisc a d’eisigh an Rapporteur Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna Imirceach níos luaithe i mbliana, cáineadh an borradh a bhí tagtha faoin gcoinneáil mar uirlis i mbainistiú na hinimirce san Aontas Eorpach cé nach bhfuil aon fhianaise go ndéanann an choinneáil a n-uchtach a bhaint de na daoine a dteastaíonn uathu triall ar an Eoraip.
Tugann sé uchtach mór do it’s great encouragement to
"Tugann sé uchtach mór do Chomhaltas Charraig Mhachaire Rois agus d’Oidhreacht Mhachaire Cluaine an séadchomhórtha seo a bheith crochta do Phádraig Ó Beirn.