Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dúnghaois policy
" Sin, nó arís ar ais, an é gur fogha an Bhreatnaiseora é faoi **ro**-(ritheach) na Gaeilge a thabhairt leis ina chúpla focal breac-Ghaeilge? Is fada fiannach an lá, más ea, ó tosaíodh dúnghaois an chúpla focal Gaeilge sa phríomhchathair! Ní fheadair mé cé mhéad de lucht léite an ailt seo a ghlacfas le 'Y Life' mar shanasaíocht.
dúnghaois policy
" Ní raibh daoine áirithe abhus sásta le dúnghaois inimirce na n-údarás i Londain agus thug siad “pauper immigration” ar an mbeartas a bhí i bhfeidhm sna 1830s.
dhúnghaois éigin some policy
" Maidir leis na heagrais Ghaeilge, ba mhaith liom go dtabharfaí cúis nua agóide do Ghaeil an Tuaiscirt agus ráiteas tomhaiste do Chonradh na Gaeilge a bhféadfaí a eisiúint le failtiú roimh dhúnghaois éigin de chuid an rialtais.
dúnghaois policy
" Bhí dúnghaois láidir ag rialtais náisiúnta agus stáit san Astráil in éadan phionós an bháis le corradh is daichead bliain anuas.
dhúnghaois policy
" Thug an chéad uachtarán eile ar na Stáit Aontaithe le fios gan mhoill, áfach, nach mbeadh aon athrú ar dhúnghaois Mheiriceá i leith Iosrael lena chéad cheapachán mar Cheann Foirne an Tí Bháin - Rahm Emanuel.
dúnghaois policy
" Léirigh sé chomh maith go bhfuil ag éirí leis an dúnghaois atá curtha i bhfeidhm ag rialtais leanúnacha le roinnt blianta anuas chun tacú le tuismitheoirí a bhfuil páistí óga acu – mar shampla, 16 seachtain de shaoire mháithreachais, liúntas leanaí iníoctha i ndiaidh breith an dara linbh (an mháthair sa Fhrainc nach bhfuil ach an t-aon pháiste amháin aici, ní fhaigheann sí an liúntas).
dúnghaois fan nó imeacht go luath stay or go early policy
" Tugtar ‘dúnghaois fan nó imeacht go luath’ (stay or go early policy) ar an gcur chuige seo.
dúnghaois fuinnimh an energy policy
" An bhfuil Éire réidh do na hathruithe sin? Sa pháipéar bán ‘Ag Seachadadh Todhchaí Fuinnimh Inbhuanaithe d'Éirinn’, leag an rialtas amach dúnghaois fuinnimh na tíre go dtí 2020, cé nár tugadh aghaidh go díreach ar fhadhb an bhuaicphointe.
dúnghaois chiníoch racist policy
" Níl aon amhras ach go raibh an dúnghaois chiníoch seo dírithe ar dhaoine as an Áis, ar bhunadh na Síne go háirithe, de bharr gur chuir na daonraí ollmhóra ‘daite’ sna tíortha san aird ó thuaidh imní mhór ar an daonra beag geal abhus.
dúnghaois policy
" Níl aon amhras ach go raibh an dúnghaois chiníoch seo dírithe ar dhaoine as an Áis, ar bhunadh na Síne go háirithe, de bharr gur chuir na daonraí ollmhóra ‘daite’ sna tíortha san aird ó thuaidh imní mhór ar an daonra beag geal abhus.
dhúnghaois policy
" Tá tionchar na Mná Iarainn, mar a thugtaí uirthi, le feiceáil sa lá inniu ó thuaidh - feidhmeannas uilepháirtí ag comhoibriú i Stormont, síocháin ar na sráideanna (bunús an ama), an tIRA scortha - is amhlaidh an scéal é mar thoradh ar dhúnghaois Margaret Thatcher.
dúnghaoisí policies
" Rinne mé tuar san iris seo an t-am seo anuraidh go mbainfí leas as an ghéarchéim gheilleagair le tuairimí agus dúnghaoisí a chur chun tosaigh nach nglacfaí leo cúpla bliain ó shin.
dúnghaois policy
" Bhí dúnghaois ag a pháirtí in éadan úráiniam a onnmhairiú chuig aon tír eile nár ghlac leis an gConradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach de chuid na Náisiúin Aontaithe.
dúnghaois policy
" Agus tá teannas eile ann anois, leis an dúnghaois úr atá ag an BNP faoi na hÉireannaigh, Gan amhras, tá na hOráistí míshásta faoi bheirt Chaitliceach de bhunadh Éireannach atá mór le rá sa BNP, gan trácht ar an bratach nua atá acu ! Sa deireadh, ní bhfuair an BNP ach 5,300 vóta i Learpholl, áit a raibh turnout 24% ann.
dúnghaoisí policies
" Ní ghlacfadh le comhairle mar sin ach amadán, ach ní móide gur amadáin atá i Frum agus Perle agus na nuachoimeádaigh eile a stiúraigh dúnghaoisí rialtas Bush i leith na Cóiré Thuaidh.
dúnghaois policy
" Ní ghlacfadh le comhairle mar sin ach amadán, ach ní móide gur amadáin atá i Frum agus Perle agus na nuachoimeádaigh eile a stiúraigh dúnghaoisí rialtas Bush i leith na Cóiré Thuaidh.
dúnghaois policy
" Tá an scéal sa Bhreatain i bhfad níos fearr mar roimh thoghchán 1997, thug Páirtí an Lucht Oibre dúnghaois ghníomhaíochta dhearfach isteach agus tá aithris á déanamh ar an dúnghaois sin ag ceannaire na gCoimeádach, David Cameron, anois.
dhúnghaois policy
" *’ Sin an fáth go bhfuil ceist an teanga a bhí ag na dídeanaithe a tháinig i dtír i Learpholl chomh tábhachtach, mar aibhsíonn sé an fhíric gurb iad dream dúchais na hÉireann a fuair bás sa tragóid seo, íobartaigh de chinedhíothú a bhí mar dhúnghaois ag Rialtas na Ríochta Aontaithe.
dúnghaois a policy
" Bhí dúnghaois ar son na Scéime Trádála Astaíochtaí (STA) ag an rialtas reatha agus ag an iar-rialtas le linn an fheachtas olltoghchánaíochta sa bhliain 2007.
dúnghaois earcaíochta recruitment policy
" Ar na laigí sa dréachtstraitéis a bhfuil deis ann fós lena leasú, tá ceist na hOifige Comhordaithe Clár i Roinn an Taoisigh, córas monatóireachta neamhspleách d'fheidhmiú na straitéise, múineadh na Gaeilge ag an dara leibhéal agus dúnghaois earcaíochta a chinnteoidh foireann dhátheangach sa tseirbhís phoiblí.
dhúnghaois policy
" Is beag ollpháirtí eile san Eoraip a bhí chomh cumasach le Fianna Fáil i mbun polaitíochta, ag déanamh athnuachan ar a dhúnghaois de réir mar ba ghá agus ag coinneáil greim ar chumhacht.
dúnghaois policy
" Conas a sheasann an tacaíocht reachtúil faoi láthair agus ar imir an dúnghaois teanga seo tionchar dearfach ar chás na dteangacha?LH: Is dóigh liom gur chomharthaigh Acht 1990 gach ní, mar chuir sé feachtas dhá chéad bliain i gcoinne na dteangacha ar gcúl.
dhúnghaois policy
" Mionlach beag Moslamach iad a bheadh ag iarraidh seilbh a athghabháil ar na tailte atá faoi smacht Búdaithe anois de dheasca dhúnghaois na droinge míleata.
dúnghaois chuimsitheach comprehensive policy
" Ní fhaca mé riamh dúnghaois chuimsitheach de chuid Gluaiseacht Ceannasachta na Dhá Chontae is Tríocha, atá ceangailte leis an Fhíor-IRA, a chuaigh i ngleic le réadúlachtaí an lae inniu, le castachtaí Éire na 21ú?haoise.
ndúnghaoisí policies
" Déanann an Comhlathas iarrachtaí cuntair a fhorchur ar na deontais seo lena ndúnghaoisí féin a chur i bhfeidhm sna stáit agus sna críocha.
dúnghaois policy
" Mhaígh sé nach raibh ag éirí le dúnghaois Clinton an tír a smachtú, agus mhol sé do SAM a chuid fórsaí míleata a úsáid chun léarscáil an réigiúin a atarraingt.
dúnghaois gan chéill crazy policy
" Ó Cuív is cúis leis an dúnghaois gan chéill seo.
dhúnghaois policy
" Ní raibh sé mar dhúnghaois oifigiúil ag aon rialtas riamh teorainn a chur le fás an daonra, ach, aisteach le rá, tá teorainn le fhás an daonra ina chnámh spairne idir na páirtithe polaitíochta le tamall anuas.
dhúnghaoisí policies
" Níorbh iad na Murphys amháin a bhí gníomhach sa chiorcal spiaireachta seo de chuid an SVR, seirbhís spiaireachta na Rúise, agus comharba an KGB; bhí Anna Chapman (fíorainm: Anna Vasilievne Cuistiencó) ag gníomhú i Manhattan, go hoscailte mar dhíoltóir tithe i gceantar Nua-Eabhraic, ach ag eagrú ciorcal, ar an gcúlráid, timpeall na cathrach chun eolas a bhailiú faoi dhúnghaoisí na Stát Aontaithe.
dúnghaois agus beartas policy and plan
" Tá an Phoblacht shóisialach 32-chontae mar airteagal creidimh ag Óglaigh na hÉireann, ag an IRA leanúnach agus ag an fhíor-IRA - mar a bhí ag na glúnta a tháinig rompu - ach go dtí go gcuirfear dúnghaois agus beartas leis an aidhm naofa sin a bhaint amach, is beag meas a bheas orthu i measc mhórchuid náisiúnach na hÉireann.
dúnghaois bhuan permanent policy
" Sheas seisean an fód, áfach, rud a léiríonn gur dúnghaois bhuan de chuid an pháirtí é seachas ceann ad hoc a dtagann athrú air de réir mar a athraítear a gcuid urlabhraithe oideachais.
Dúnghaois policy
" Buntáistí Oideachais do theangacha mionlaithe - Na 7 gCumhacht - Foras fostáit - Scoileanna & Oideachas = an ceann is tábhachtaí do mhionlach - Dúnghaois: aitheantas/pobail, cultúr, cúrsaí agus daonlathas An Chéad Chéim ======= Deir sé go bhfuil COGG ann, atá ina bhord comhairleach, an chéad chéim eile atá le tógáil ná bord le cúraimí reachtúla ann a dhéanamh as.
dúnghaoisí míchiallmhara senseless policies
" Aon uair a cháin muid a gcuid meancóg agus a gcuid dúnghaoisí míchiallmhara, deineadh scigmhagadh orainn.
dhúnghaois sóisialta social policy(ies)
" Ag tús a feachtais, rinne Rousseff geallúint go leanfadh sí de dhúnghaois sóisialta agus de leagan amach geilleagair Lula agus ní dhearna an gheallúint sin aon dochar di.
dúnghaois policy
" Anois atá rialtas mionlaigh san Astráil, áfach, níl aon agó ach go bhfuil ar an rialtas náisiúnta a bheith níos freagraí don pharlaimint as a gcuid cinneadh, an dúnghaois i dtaca leis an gcogadh san Afganastáin san áireamh.
dhúnghaois policy
" ”* Go bunúsach, d’inis Cantor do cheannaire tír eachtrannach go gcosnódh sé an tír sin ó dhúnghaois oifigiúil Uachtarán SAM.
dúnghaoisí glasa green policies
" ” Chuir sé sraith de mholtaí faoina bhráid maidir le giniúint aibhléise as foinsí fuinnimh malartacha, moltaí a bhfuil cuma iontach fadradharcach orthu i bhfianaise dúnghaoisí glasa an lae inniu.
dúnghaois mhícheart chéanna same incorrect policy
" ” "Tá súil agam nach bhfuil dearmad déanta ag an Phriomh-Aire Tony Blair agus ag a chomhghuaillí George Bush ar an teachtaireacht sin," a dúirt mé féin ag deireadh an ailt, ach is léir go raibh, agus cuireann sé díomá orm go bhfuil Barack Obama agus David Cameron ag leanúint den dúnghaois mhícheart chéanna.
dúnghaois policy
" Tánn siad súd páirteach ins an gcóras, ó thús go deireadh, agus a fhaid agus is féidir leo, leanfaidh siad ar aghaidh leis an dúnghaois seo.
dhúnghaoisí policies
" Beidh cothromaíocht na cumhachta ag an bpáirtí sa Seanad i gceann cúig mhí agus beidh an deis aige, dá bhrí sin, roinnt dá dhúnghaoisí a chur i bhfeidhm.
gurb é dúnghaois an Stáit that it’s state policy
" Molaim sin ar an tuiscint gurb é dúnghaois an Stáit an t-aos óg a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ar bhealach cruthaitheach agus feidhmiúil chomh minic agus is féidir.
dúnghaoise policy
" Caithfear feachtas láidir a chur in éadan na dúnghaoise seo agus seasamh leis an ngeallúint atá sa bPlean Fiche Bliain go múinfear an Ghaeilge ar ardleibhéal le curaclam nua go leibhéal na hArdteiste do gach dalta scoile.
dúnghaoisí policies
" Ach tá an chuma ar an scéal go mb’fhearr leis an Lucht Oibre a bheith i rialtas faoi Enda Kenny ag cur dúnghaoisí Fhine Gael i bhfeidhm.
dúnghaois policy
" Dhiúltaigh an Príomh-Aire glacadh le moladh Ausflag an lá dár gcionn, cé go bhfuil dúnghaois ag a páirtí poblacht a chur i bhfeidhm.
dúnghaois policy
" Ceant na hÉireann ========== Sa stát seo, agus brú airgeadais mór millteach orainn, beidh sé éasca géilleadh don chathú sócmhainní poiblí na tíre a dhíol ar mhaithe leis na pinginí rua, agus tá sé ráite ag Fine Gael, príomhpháirtí an chéad rialtais eile, gurb é sin dúnghaois oifigiúil dá chuid.
a ndúnghaois airgeadais their financial policy
" Má chuireann siad slacht ar a ndúnghaois airgeadais, beidh an deis ag Sinn Féin dul chun cinn mór a dhéanamh don chéad olltoghchán eile - i 2016? Tá an bealach céanna rompu is a bhí ag Fianna Fáil i 1926 - gan ach sé bliana sula ndearnadh rialtas dóibh i 1932! Ar aidhmeanna Fhianna Fáil na linne sin, bhí athaontú na tíre, athbheochan na Gaeilge agus athdháileadh maoine, clocha móra ar phaidrín Shinn Féin an lae inniu.
dúnghaois gheilleagair agus cánach economic and tax policy
" Ba faoin Lucht Oibre a bheadh sé bínsí an fhreasúra a líonadh agus Fine Gael a choinneáil faoi bhrú leanúnach sa Dáil agus taobh amuigh dhó maidir leis an dúnghaois gheilleagair agus cánach a bheas á cur i bhfeidhm faoi threoracha an CAI agus an AE.
dúnghaois gheilleagair agus cánach economic and tax policy
" Ba faoin Lucht Oibre sa gcás sin a bheadh sé bínsí an fhreasúra a líonadh agus Fine Gael a choinneáil faoi bhrú leanúnach sa Dáil agus taobh amuigh dhó maidir leis an dúnghaois gheilleagair agus cánach a bheas á cur i bhfeidhm faoi threoracha an CAI agus an AE.
dúnghaois a cheapadh to form a policy
" Ceisteanna le Cur ========== Chuir Ó Cuana ceisteanna mar seo a leanas ar na baill: cén fáth go bhfuilimid ag séanadh (go bhfuil íocaíocht a déanamh)? Cén fáth go gcraolaimid luachanna nach gcloítear leo? Nach mithid dúinn seasamh a ghlacadh os comhair an tsaoil? Dúirt an Cuanach go raibh roinnt contaetha ag cliseadh ina gcuid dualgas ar na ceisteanna seo agus go mba dhiomailt ama ag an eagraíocht dúnghaois a cheapadh mura gcuirfí i bhfeidhm í.
a gcuid dúnghaoisí geilleagair their economic policies
" Baineann a gcuid dúnghaoisí geilleagair leis an eite chlé – ar son an stáit leasa agus cánach forchéimnithí – agus baineann roinnt mhaith eile dá gcuid polasaithe leis an eite dheis – fíornáisiúnach, dian ar choiriúlacht, agus glan in aghaidh na hinimirce.
dúnghaoisí policies
" An mhí seo, roghnófar 108 ball Tionóil agus leanfaidh siad leo ag cur dúnghaoisí nualiobrálacha i bhfeidhm mar a rinne gach rialtas Stormont roimhe seo.
dhúnghaois policy
" Tá an rialtas cónaidhme faoi an-bhrú na moltaí thuas a chur i bhfeidhm, cé nach raibh a leithéid riamh mar dhúnghaois acu.
dúnghaois policy
" Ach lean Thatcher agus a rialtas ar aghaidh leis an dúnghaois chéanna agus chuaigh mé síos go Londain le haghaidh agóid Dé Domhnaigh Aibreán 26ú.
dúnghaois policy
" Bíodh is go bhfuil an Astráil fothaithe ar inimirce, tá dúnghaois inimirce ina chnámh spairne idir na páirtithe polaitíochta móra arís, mar atá sí le fada an lá (BEO, eagrán 89, M.
gach dúnghaois a mheas to estimate every policy
" Ní foláir gach dúnghaois a mheas go grinn agus anailís costais is tairbhe a dhéanamh sula gceadófaí aon phlean mór.
dúnghaois policy
" An dúnghaois Laissez Faire de Rialtas Shasana (nuair a tógadh an bia as Éirinn) ba chúis leis an sléacht, mar a dúirt Tony Blair, agus dhearbhaigh Roz Glannon go raibh ganntanas bia i measc gnáthdhaoine i Sasana sa lá atá inniu ann agus sin an fáth go raibh 'bancanna bia' eagraithe sa tír.
dúnghaois policy
" Ar an 21 Feabhra, an lá céanna go raibh Shimon Peres ag magadh faoi chruachás Qaddafi, chuir 70 eagraíochtaí neamhrialtasacha litir chuig Uachtarán Obama, Ard-Ionadaí an AE Catherine Ashton, agus Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe Ban-ki Moon ag éileamh go gcuirfí dúnghaois “Freagracht chun Cosanta” (nó “R2P” i mBéarla) i bhfeidhm maidir le Libia bunaithe ar fhianaise chlostráchta ón gComhairle Idirthréimhseach Náisiunta (CIN) go raibh Qaddafi ag déanamh áir ar a mhuintir féin.
dúnghaois polic(ies)
" Tá éigeandáil sa tír seo agus caithfear an cheist a chur: an acmhainn don stát a bheith ag íoc pinsin mar sin le duine nach bhfuil ag obair? An bhfuil aon stát eile san Eoraip a bhíonn chomh fial flaithiúil le hiarpholaiteoirí agus le hiar-ardstátsheirbhísigh? Má tá dúnghaois Shinn Féin róradacach don Lucht Oibre, céard faoi dhúnghaois an Lucht Oibre a chur i bhfeidhm maidir le ráta níos airde Cáin Ioncaim a bhualadh ar na daoine seo a bhfuil an iomarca airgid á shú acu ón gCiste Náisiúnta.
dhúnghaois an rialtais government policy
" Sinn Féin is fearr atá ag déanamh critice ar dhúnghaois an rialtais.
dúnghaois policy
" Thar aon ní eile, tharraing dúnghaois amháin dá rialtas an t-uafás feannadh uirthi i gcaitheamh na bliana: an tAcht um Fhuinneamh Glan.
maidir le dúnghaois na heite deise in regard to right wing polici(es)
" B'éigean don Pháirtí Poblachtánach dul i bhfad amach ar an eite dheis chun iad féin a idirdhealú ó na Daonlathaigh, agus b'é a tháinig as ná gur thosaigh ceannairí an pháirtí ag sárú a chéile maidir le dúnghaois na heite deise.
An Dúnghaois Náisiúnach-Chairdiúil the nationalist-friendly policy
" " An Dúnghaois Náisiúnach-Chairdiúil? =============== Ag caint le cara de mo chuid, Gaeilgeoir, Caitliceach, saineolaí CLG, dúirt sé gur ríchuma leis faoi Éire a bheith aontaithe, nárbh é an rud ba mhó ar a phaidrín ach nach smaoineodh sé choíche ar vóta a chaitheamh do pháirtí Aontachtach.
i ndúnghaois in the policy
" **SÓC: An moladh as cuimse a bhí i ndúnghaois Fhine Gael leis an Ghaeilge a dhéanamh roghnach mar ábhar ardteistiméireachta?** MMGE: Ní bhacaim barraíocht le polaitíocht ach téann gach rud trí thréimhsí athraithe, ó thaobh an stair a bhí againne faoi rialtas Shasana, tá muid i gcoinne gach rud a thaganns anuas ón bharr! **SÓC: Mar fhocal scóir a Mhichíl, luaigh tú linn ar ball go raibh tinneas ort tráth.
dúnghaois policy
" Thug Howard ‘polaitíocht an éada’ ar an dúnghaois seo agus chaill Latham an t-olltoghchán go tubaisteach.
dúnghaois policy
" Dúirt McGuinness roimh an choinne le Banríon Shasana, mar a thug sé uirthi, go raibh sé ag croitheadh láimhe le gach Aontachtaí ó thuaidh ag an am chéanna agus is léir go bhfuil dúnghaois *“hearts and minds”* Shinn Féin le haontachtaithe a spreagadh i dtreo Éire Aontaithe ag dul i dtreis.
an t-athrú dúnghaoise seo this change of policy
" Ós rud é gur ar bhonn chumhacht lánroghnach an uachtaráin a tugadh isteach an t-athrú dúnghaoise seo, d’fhéadfadh an t-uachtarán nua fáil réidh leis ar iompú boise.
dúnghaois inimirce na hAstráile the Australian immigration policy
"dúnghaois inimirce na hAstráile ar mhórcheist chonspóideach íogaire abhus le fada an lá, fearacht tíortha go leor eile sa Chéad Domhain.
an dúnghaois chiníoch the racist policy
" Bhí an dúnghaois chiníoch ar ar tugadh an White Australia Policy i bhfeidhm ar feadh breis is seachtó bliain go dtí gur cuireadh deireadh leis sa bhliain 1972.
athraíonn dúnghaoisí an rialtais government policies change
" Nuair a athraíonn dearcadh na ndaoine, athraíonn dúnghaoisí an rialtais.
cuir i gcás an dúnghaois inimirce the immigration policy for example
" Bhí ciníochas follasach le sonrú san Astráil um an dtaca sin, cuir i gcás an dúnghaois inimirce, an White Australia Policy, agus an dóigh ar caitheadh go dona le muintir dhúchais na tíre i réimsí áirithe sa saol abhus.
líon na bpáipéar dúnghaoise the number of policy papers
" Cé go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil méadú ag teacht an t-am ar fad ar líon na n-eagraíochtaí atá ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfadhb seo, agus méadú comhfhreagrach ar líon na bpáipéar dúnghaoise, na mbeartas is na dtionscnamh atá á gcur ar bun, is fadhb í nach éasca a réiteach mar go bhfuil a fréamhacha go domhain in éagóracha struchtúracha atá mar chuid lárnach den saol comhaimseartha.
ar dhúnghaois inimirce on the immigration policy
" Is locht é seo is féidir a fháil ar dhúnghaois inimirce an Aontais Eorpaigh go ginearálta, ach ciallaíonn sé sin sa chás seo nach amháin nach dtugtar an aire ba chóir do na híospartaigh, ach ní bhaintear amach cuspóirí i réimse chur i bhfeidhm an dlí ach oiread.
cén dúnghaois what policy
" Ní raibh sé soiléir riamh cén dúnghaois a bhí ag RTÉ maidir le craolachán i nGaeilge.
bhfuil sé mar dhúnghaois it’s policy
" Má tá siad diúltach faoi, nach acu atá an fhadhb! Níor mhaith liom go mbeadh iachall á chur ar aon chraoltóir go gcaithfidís an ‘cúpla focal’ a úsáid ó am go ham sa gclár, nuair a théann sé ina n-aghaidh, ach an oiread is gur maith liom go bhfuil sé mar dhúnghaois sa mBBC go gcaithfidh na láithreoirí an Poppy a chaitheamh mí na Samhna.
is beag an bhá a léirigh a dhúnghaois their policy showed very little sympathy
" Bhí an chiall ceannaithe ag Páirtí an Lucht Oibre tar éis a threascartha san olltoghchán agus is beag an bhá a léirigh a dhúnghaois le muintir na mbád ó shin i leith.
Dúnghaois an Doichill a policy of inhospitality
" Dúnghaois an Doichill ========= Bhí an rialtas i sáinn le linn 2012 nuair a tháinig borradh suntasach faoi líon na mbád neamhúdaraithe a gabhadh ar a mbealach chun na hAstráile agus bhunaigh siad coiste saineolaithe le comhairle a chur orthu.
cosaint a dhéanamh ar an dúnghaois to defend the policy
" De thairbhe sin, má leanann cúrsaí mar atá beidh sé ag dul i ndeacracht ar chairde na Gaeilge cosaint a dhéanamh ar an dúnghaois.
dhúnghaoisí an rialtais government policies
" Níl an freasúra ag fáil mórán lochta ar dhúnghaoisí an rialtais, ach an oiread, mar go dtuigtear dóibh gurbh é an Triar - an Troika atá ag stiúradh an tsoithigh ar aon chuma.
dúnghaois déine austerity policy
" Seanchairde ====== **SMM: Meas tú ón aithne atá agat ar bhallraíocht Pháirtí an Lucht Oibre, an bhfuil ina measc duine thall is abhus a bhrisfeas amach in aghaidh an dúnghaois déine seo i mbliana?** TÓC: Sílim go bhfeicfimid cuid mhaith.
ba iad dúnghaoisí an stáit faoi were the state policies
" Smacht a choinneáil ar an soláthar airgid agus ar an ráta úis a choinneáil ard, ba iad dúnghaoisí an stáit faoi Thatcher agus Major, ach theip orthu agus chaill siad an t-olltoghchán i 1997 mar gheall orthu.
an dúnghaois iontrála the entrance policy
" Tharla a leithéid cheana i gcás John Stokes, gasúr de bhunadh an lucht siúil a mhaígh go ndearna an dúnghaois iontrála a bhí i bhfeidhm meánscoil i gCluain Meala, Co.
dúnghaois an dátheangachais the bilingual policy
" Dea-chleachtas eile a thug mé faoi deara sa limistear seo ná dúnghaois an dátheangachais atá ag Comunidad Valenciana.
gan aon dúnghaois de chuid an rialtais a cháineadh not censuring any policy of the government Tábhacht Dhearcadh an Phobail the importance of public opinion
" Cé gur theip air, bhain sé feidhm as a shaoirse mar chúlbhinseoir le labhairt amach ar ábhair éagsúla, lena ainm a choimeád in airde ach gan aon dúnghaois de chuid an rialtais a cháineadh go poiblí.
thacaigh tú leis mar dhúnghaois you supported it as a policy
" **Balor: John, nach fíor go ndúirt tú go neamhbhalbh gur shíl tú nach raibh rud ar bith cearr le seachadadh urghnách? Gur thacaigh tú leis mar dhúnghaois, agus go leanfá leis an dúnghaois sin dá mbeadh sé ar do chumas agat?** Brennan: Ní thuigim an cheist.
ar son na ndúnghaoisí cearta for the correct policies
" Mura bhfuil buneolas measartha cruinn ag duine ar chúrsaí geilleagair cén chaoi a gcaithfeadh sé vóta ar son na ndúnghaoisí cearta? Go ginearálta, cén tionchar a imríonn eolas na ndaoine ar an dóigh a dtabharfaidh siad guthaíocht? Mar a tharlaíonn sé, tá na heolaithe polaitiúla ag scagadh na ceiste seo leis na blianta.
ar son na dúnghaoise cirte for the correct policy
" Mura mbeadh ann ach an t-aineolas chaithfeadh na daoine aineolacha a gcuid vótaí go fánach, agus tríd is tríd, nó go staitisticiúil, rachadh a leath de na vótaí ar son na dúnghaoise cirte agus a leath eile ina coinne.
leas éigin acu i ndúnghaoisí ar leith some benefit from particular policies
" Le linn an chéad fheachtais ar Chonradh Liospóin léirigh an Tánaiste, Máire Ní Chochláin nach raibh a fhios aici cé mhéad ball a bhí ar Choimisiúin an AE! Fágann aineolas an phobail spás dóibh siúd a bhfuil leas éigin acu i ndúnghaoisí ar leith – comhlachtaí brústocaireacht ina measc.
go samhlaíonn forais is dúnghaoisí an AE that EU institutions and policies associate in their own minds
" Ar an gcéad dul síos, thug Crépeau faoi deara go samhlaíonn forais is dúnghaoisí an AE ceist na hinimirce neamhdhleathaí le cúrsaí coiriúlachta, póilíneachta agus slándála agus dá réir sin nach dtugtar an aire is cóir ar chearta na n-inimirceach a dhéanann iarracht an tAE a bhaint amach gan chead.
Dúnghaois Srianadh na hInimirce a policy of restricting immigration
" Dúnghaois Srianadh na hInimirce mar Fhreagra ar Chailliúint Chumhachta i Réimsí Eile Fágann sé seo go léir go bhfuil ceannasacht an Stáit á hionsaí ó gach taobh, ón leibhéal idirnáisiúnta, fornáisiúnta is fonáisiúnta.
dúnghaois frith-sheilg an mhíl mhóir a policy of anti-whale hunting
"dúnghaois frith-sheilg an mhíl mhóir ag an rialtas náisiúnta ó shin i leith agus léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil formhór mór mhuintir na tíre fíorláidir in éadan na seilge.
sula gceapann siad aon dúnghaois before they decide on any policy
" Baineann siad feidhm as slite éagsúla le dearcadh an phobail a mheas sula gceapann siad aon dúnghaois a bhaineann le ceist shóisialach chonspóideach.
dhúnghaois gheilleagair na tíre the national economic policy
" Bhí Donncha Ó hÉallaithe ag coinneáil súil ar a raibh ar bun sa Dáil ar an 18 Samhain, an lá stairiúil ar ghlac an IMF ceannas ar dhúnghaois gheilleagair na tíre.
chríochnós dúnghaois iontrála nua i leith na Gaelscolaíochta the new entry policies for Irish medium schools may end up
" B’fhéidir gur i gcúirteanna na tíre seo agus na hEorpa a chríochnós dúnghaois iontrála nua i leith na Gaelscolaíochta, dar le Breandán Delap.