Pota Focal Intergaelic
ant | mant | waft | wait | wan
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le fonn caointe feeling like they want to cry
" Ar an drochuair, tá an píosa áirithe talaimh sin ag titim isteach sa chlábar agus lucht féachana scanraithe ag breathú air le fonn caointe.
ainnise want, poverty
" Labhair mé leis an tSiúr Stanislaus faoin mbearna mhór atá idir an saibhreas agus an rachmas atá tagtha chun cinn de bharr gheilleagar an Tíogair Cheiltigh agus an bochtanas agus ainnise atá fós mar chuid d'ár sochaí sa tír seo.
ar mhian leo clarú leis that they would want to register with
" Roghnódh na vótóirí féin an toghlach ar mhian leo clarú leis.
ní raibh uaidh he didn't want to
" Bhí sé ag dúil go mbeadh na prátaí i gceart nó ní raibh uaidh tuilleadh a cheannacht, ach bhí bachlógaí ar na sceidíní a bhí fágtha agus bhí siad righin seargaithe.
dá mba mhian leo if they wanted to
" An féidir eolas a mheas mar seo? Rachaidh cuid de na hathruithe i bhfeidhm ar dhaltaí an-óga chomh maith, mar shampla iad siúd atá sna *scuole elementari* (páistí idir sé bliana agus deich mbliana), a raibh scrúdú le déanamh acu go dtí seo dá mba mhian leo dul isteach sa *scuola media* (do dhaltaí idir aon bhliain déag agus trí bliana déag).
a raibh de dhíobháil orthu all that they wanted
" Agus ba mhaith liom na ceamaraí sin - nach raibh ar siúl nuair a bhris an triúr gadaí isteach in Castlereagh an mhí seo caite; thug gríosáil do bhall den fhórsa; chuaigh fríd comhaid an-rúnda ar feadh 10-30 bomaite; sciob a raibh de dhíobháil orthu agus d'imigh - a chur i Seomra 220.
Níor mhaith liom a bheith dána ort I don't want to pressurise you
" "Níor mhaith liom a bheith dána ort, a Lillian, ach b'fhéidir gurbh fhearr dúinn tabhairt faoin turas.
ná teastaíonn sí uathu in aon chor that don't want it at all
" Ba cheart dá réir na rudaí a soláthraítear aisti a bheith dírithe ar na daoine atá á labhairt, dá laghad sinn, seachas ar na daoine ná teastaíonn sí uathu in aon chor.
gur theastaigh uaidh that he wanted
" Thosaigh siad ag dearadh suíomh gréasáin an bhliain dár gcionn nuair a chuir custaiméir dá gcuid in iúl dóibh gur theastaigh uaidh catalóg dá chuid earraí a chur ar an idirlíon.
nach bhfuil a athair á iarraidh whose father doesn't want him
" Baineann *Delbaran *le teifeach óg ón Afganastáin, agus baineann *The Colour of Paradise* le buachaill beag dall nach bhfuil a athair á iarraidh.
mar gur mhian leis tionscal na hola a náisiúnú because he wanted to nationalize the oil industry
" Ní raibh rialtais na Stát Aontaithe ná na Breataine sásta leis an phríomhaire a bhí ann, Mohammed Mossadegh, mar gur mhian leis tionscal na hola a náisiúnú.
ní mian leis é a admháil they don't want to admit it
" Tá a fhios ag an Rialtas é sin, ach ní mian leis é a admháil.
gur theastaigh uaidh an scoil a fhágáil that he wanted to leave school
" " Nuair a chuir Pádraig in iúl dá thuismitheoirí tar éis na Meánteiste gur theastaigh uaidh an scoil a fhágáil chun bheith ina phluiméir, níor chuir siad i gcoinne an smaoinimh sin.
dá mba mhian leis é a fhorbairt if he wanted to develop it
" Thuig an Céideach taobh istigh d'am gearr go gcaithfeadh sé a chuid fuinnimh ar fad a chaitheamh leis an chomhlacht dá mba mhian leis é a fhorbairt.
mar nach raibh mé ag iarraidh aird na dtablóidí Sasanacha a dhíriú air because I didn't want to draw the attention of the English tabloids to him
" Sa deireadh, níor scríobh mé an scéal mar nach raibh mé ag iarraidh aird na dtablóidí Sasanacha a dhíriú air.
fiú dá mba mhian leo even if they wanted to
" Bheadh sé i bhfad níos deacra ag an Rialtas seasamh neodrach a ghlacadh anois, fiú dá mba mhian leo, go háirithe agus seans maith ann go luath go mbeidh siad ag lorg cabhrach ón Teach Bán le brú a chur ar Rialtas na Breataine cuid de na geallúintí a rinne siad i gComhaontú Aoine an Chéasta a chomhlíonadh.
Teastaíonn ó gach duine everyone wants
" Teastaíonn ó gach duine a bheith cáiliúil agus Teastaíonn ó gach duine a bheith ar an teilifís.
i ndíth ceana nádúrtha wanting in natural affection
" Cheapfadh duine neamh-airdiúil go raibh sí ar nós cuma liom agus nach raibh sí i ndíth ceana nádúrtha agus comhbhróin, a bhí a fhios agamsa níb fhearr.
ba mhian liom a thuiscint I wanted to understand
" Bhí mé an-tógtha leis na hamhráin thraidisiúnta agus ba mhian liom a thuiscint cad é a bhí siad ag rá.
Theastaigh uainn freastal ar ár bpobal féin we wanted to cater for our own community
" Theastaigh uainn freastal ar ár bpobal féin, i.
san áit nach raibh iarraidh air where it wasn't wanted
" Ní raibh a bua le fáil nuair a bhí tú ag iomarscáil le gas searbháin nó cuilceach ar bith eile a raibh a shíol curtha aige san áit nach raibh iarraidh air.
teastaíonn uaim a bheith in ann é a sheinnt I want to be able to play it
" Nuair a phiocaim suas uirlis eile teastaíonn uaim a bheith in ann é a sheinnt ach ní theastaíonn uaim na blianta de chleachtadh a chur isteach chun foghlaim conas é a sheinnt i gceart! AÓF: An bhfuil an cansairtín deacair mar uirlis cheoil? AL: Deir a lán daoine é sin liom.
Más mian leat triail a bhaint as if you want to try it
" Más mian leat triail a bhaint as, is féidir ceacht a fháil saor in aisce.
Theastaigh uaidh go gcuirfí in Éirinn é he wanted to be buried in Ireland
" Theastaigh uaidh go gcuirfí in Éirinn é sa chré mhuinteardha i gceantar Léim Uí Dhonnabháin in Iardheisceart Chorcaí, in éineacht lena athair agus a mháthair is na cosmhuintire ar fad a raibh an oiread sin scéalta aige mar gheall orthu.
atá de dhíobháil orthu that they want
" Is éard a bheas i gceist ná go gcuirfidh siad ceisteanna ar roinnt grúpaí fócais cad iad na cineálacha cláracha Gaeilge atá de dhíobháil orthu.
ar mian leo an t-aos óg a mhealladh i dtreo na teanga who want to attract the young people to the language
" Is fada múinteoirí ag gearán faoi chomh deacair is atá sé déagóirí a spreagadh ó thaobh na Gaeilge de, ach tá "Ros na Rún" ina chuidiú mór anois acu siúd ar mian leo an t-aos óg a mhealladh i dtreo na teanga.
dá mba mhian leo if they wanted to
" Post nua a bhí ann, mar dúirt an rialtas faoin am sin go raibh cead ag gach dalta bunscoile Manainnis a fhoghlaim ar feadh leathuaire gach seachtain, dá mba mhian leo.
ar son na n-athruithe atá de dhíth orthu for the changes that they want
" Seo seans don DUP troid ar son na n-athruithe atá de dhíth orthu.
atá á hiarraidh who want it
" Ag leibhéal eile, is é an fhís atá agam ná go mbeadh eagar níos fearr ar fhorbairt na Gaeilge: le gur féidir linn an teanga a chur ar fáil don réimse mór den phobal atá á hiarraidh; le nach gcuirfear amú aon chuid den obair atá á déanamh, ag aon leibhéal, don teanga; le go mbeidh comhtháthú iomlán ann i gcás gníomhaíochtaí Gaeilge, idir chinn dheonacha, chinn stáit agus chinn Ghaeltachta, ó cheann ceann na tíre.
a bhí uaidh that he wanted
" * Gluais &#149; Glossary as an tom coillfrom the hazel bush scoilbsplinters ina chiotógin his left hand cloch speilescythe-stone faobharsharp edge lann na scinethe blade of the knife dheamhan a gcloisfeadh sé béicíl na ngasúrhe wouldn't hear the shouting of the children araebecause clósyard i ngeall ar an mbáisteachbecause of the rain a ghoilehis stomach dornán eileanother small quantity slámamount ag an gcrann mór darachat the big oak tree beartbundle lagweak an scoththe best cáilreputation a bhí uaidhthat he wanted garbhchomhaireamha rough count deich scillingten shillings gadwithe, rope chuir sé an ruaig ar an madrahe chased the dog seascaircosy, snug caonachmoss stoc storrúil an chrainnthe strong trunk of the tree choisrigh sé é féinhe blessed himself éadan síonchaite rocachweather-worn wrinkled face ar mhullach a chinnon the top of his head scáinteacht ghruaigesparseness of hair bun tornapathe bottom of a turnip eala bhána white swan ag fairewatching thuirling an spideog ar an talamhthe robin landed on the ground le dúilwith desire ag preabadhjumping ruainnín aráina small piece of bread beathafood sprúillemorsel ag samhlúimagining síógínlittle fairy dea-shíóga good fairy de dhoirte dhairtedartingly, suddenly a dhá luaithe isas soon as in airde ar leac na fuinneoigeup on the window-sill a broinn deargher red breast giodamachfrisky, jaunty mífhoighdeachimpatient ag bíogaílchirping go háiridespecially uaibhreachproud, spirited ar leathadhopen lena bréagadhtoo woo her babhtaísometimes cuinneogchurn drisiúrdresser dos cabáistetuft of cabbage máimín fataía handful of potatoes ag cuardach na nuachreafóigesearching the new soil cruimhmaggot bagrachthreatening binnsweet a ghlaoití amanta air féinhe used to be called sometimes spideoga difriúladifferent robins á leanúintfolllowing him conairpathway ag moilliúslowing nuair a d'iniúch séwhen he examined súil ribesnare (of thin cord or wire) d'fheith siseshe waited de réir dealraimhapparently ina ghnóthaíin his affairs ar nós gasúirínlike a young child go n-abrofaíthat it be said gileacht a súlthe brightness of her eyes frídthe smallest thing go beachtprecisely chomh haerach céannaevery bit as lively achairína very short time seafóidnonsense <td cl
ba mhian leis na húinéirí béim a chur ar chultúr na hÉireann the owners wanted to emphasise Irish culture
" Nuair a fosclaíodh an áit ba mhian leis na húinéirí béim a chur ar chultúr na hÉireann, agus le taobh ceol na Éireann bheith acu, d'iarr lucht an tábhairne seo ar Liam ranganna Gaeilge a mhúineadh san oíche.
easpaí wants
" "Maidir liom féin, bheinn sásta gan an t-ardleibhéal cánach a bheith íslithe chomh mór sin dá rachadh an t-airgead chun an bochtanas agus na heaspaí eile atá i gcúrsaí sóisialta, an tseirbhís sláinte, cuirim i gcás, go bhféadfaí feabhas a chur orthu sin.
gur theastaigh uathu dul ar imirce go Meiriceá that they wanted to emigrate to America
" "Chuir go leor daoine ar bhuail sí leo in iúl di gur theastaigh uathu dul ar imirce go Meiriceá ach nach raibh siad in ann é sin a dhéanamh de bharr an bhochtanais," a deir Murphy.
dá mba mhian leo if they wanted to
" Dá bharr sin uilig tá cúrsaí ina gcíor thuathail i MUPLC toisc gur infheisteoirí móra iad na fir ghnó sa chlub sin agus d'fhéadfadh siad an club a cheannach agus an bainisteoir a chaitheamh amach ar fhleasc a dhroma dá mba mhian leo.
nuair ba mhian liom imeacht when I wanted to leave
" Ní raibh duine ar bith eile ag obair ansin, mar sin bhí orm scairt gutháin a chur ar dhuine éigin nuair ba mhian liom imeacht ar feadh cúpla bomaite.
easnamh want, deficiency
" Ach, mar a thug mé le tuiscint ag an tús, easnamh: mná.
ar mhian leo an eagraíocht a fhágáil who wanted to leave the organization
" Bhí géarchéim airgid in RTÉ ag an am agus bhí siad ag tairiscint iomaíochta do dhaoine ar mhian leo an eagraíocht a fhágáil.
nár mhian linn rud ar bith a rá we didn't want to say anything
" Anois, labhair mise le Cromer (George RS Baring, Iarla Chromer, arbh é ambasadóir na Breataine sna Stáit Aontaithe é ag an am) faoi inniu agus dúirt mé nár mhian linn rud ar bith a rá mura mbeadh siadsan sásta leis.
ganntan want
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an gcomhlacht? Tá ganntan mór ann ó thaobh seiceálaí mhaith litrithe agus gramadaí mar atá ar fáil i mBéarla.
ba mhian leo that they wanted to
" Seo an tsráid ar a siúladh an tOrd Oráisteach am ar bith ba mhian leo agus bhíodh eagla mhór orm agus mé i mo pháiste roimh na claimhte loinnreacha, na miotóga bána, na hataí osréalaíocha agus an fuath a bhíodh i súile na bhfear agus iad ag siúl thart liom.
níor mhian léi an choirt gheir a fhéicéail she didn't want to see the film of grease
" Dá dtiocfadh léi an tae a bheith aici agus a dhá súil druidte, sin an rud a dhéanfadh sí, nó níor mhian léi an choirt gheir a fhéicéail thart fán tsorn nó an dóigh a raibh sí ag lí suas taobh an dá phrios a bhí os a chionn.
Ní háil léi iad a dhíol she doesn't want to sell them
" Gluais &#149; Glossary slatairea slip ar dhath na mealahoney-coloured lasairflame tochtdeep emotion ó shaol na mbeofrom the world of the living deorantachtaloofness colgrage caidéisinquisitiveness ar a buaicat its highest point go lomghéagachwith bare limbs reoitefrozen leáitemelted carnthaheaped gágacracks saothar na seanbhaiclethe work of the old crowd cleiteánpainter's brush cuideachtúilsociable leafa gáirefaint smile brí fhiáin na beathathe wild meaning of life amhrasachsuspicious ag bá na dtuamaídrowning the tombs go híoróntaironically go neamhshaoltaethereally í a fháscadhto squeeze her tathagsubstance go duasmántagloomily Ní háil léi iad a dhíolshe doesn't want to sell them an dúluachairmidwinter cor tolgachstrong turning movement Fastaím!Nonsense! an chreachthe booty bruth féasóigea fluff of beard sméid sí isteach éshe beckoned him in súimínsip coscairtthaw i ngátarin distress ar foluainfluttering i mbreo samhratain a summer-like glow ciumhaisedge ina sheilbhin his possession agus shín uaidh a lámh á lorgand he extended his hand looking for it rian a choshis footprints
ní mian liom a bheith I don't want to be
" " An seasfadh sé féin do thoghcháin an Údaráis? “Smaoinigh mé ar sheasamh, ach ní polaiteoir mé, agus ní mian liom a bheith i mo pholaiteoir, cé go bhfuil an-spéis agam sa bpolaitíocht.
fiú dá mba mhian leis even if he wanted to
" Ach níl aon amhras orm ach oiread go raibh ar a laghad tacaíocht neamhoifigiúil a dTaoisigh acu, muna raibh a thacaíocht oifigiúil acu, mar is é an *real-politik *ná nach raibh dóthain tacaíochta ag an Loingseach le go bhféadfadh sé neamhaird a thabhairt ar an éileamh seo, fiú dá mba mhian leis.
Tig an cruatán i ndiaidh an chaite waste makes want
" &#148; &#147;Tá a fhios agam, ní fhéadann tú a rá, &#145;Tig an cruatán i ndiaidh an chaite&#146;,&#148; arsa Dara.
Ní raibh ó Shiobhán ach suaimhneas Siobhán only wanted peace
" Ní raibh ó Shiobhán ach suaimhneas, ciúnas agus a bheith léi féin, ach ní raibh cuma ar bith air go raibh an slua ag scáineadh.
is mian liom é a dhéanamh I want to do it
" &#147;Seinnim ceol mar is mian liom é a dhéanamh.
a shantaíonn an chuid is fearr who wants the best
" &#148; Is féidir a rá gur fear é Brian Vallely a bhfuil tuairimí láidre aige, fear a shantaíonn an chuid is fearr, bíodh sin i gcúrsaí ceoil, cúrsaí lúthchleasaíochta, i gcúrsaí ealaíne, nó sa chaidreamh idir daoine.
an cineál sochaí atá de dhíobháil orthu the kind of society that they want
" Tá sé in am ag aontachtaithe toiseacht a mheabhrú ar an am atá rompu agus an cineál sochaí atá de dhíobháil orthu.
as a dtaithí phearsanta ar an angar sóisialta from their personal experience of social want
" D'éirigh an chásmhaireacht shóisialta a bhí acu as a dtaithí phearsanta ar an angar sóisialta i Learpholl agus in Albain," a dúirt sé leis an slógadh taobh amuigh de Halla na Cathrach tar éis na paráide.
ba mhian liom taisteal go hÉirinn I wanted to travel to Ireland
" Trí seachtaine in Éirinn ======= Ar feadh roinnt blianta, ba mhian liom taisteal go hÉirinn.
má theastaíonn uaim tigh a cheannach if I want to buy a house
" Tá a fhios agam go mbeidh amach anseo, is dócha, má theastaíonn uaim tigh a cheannach agus táim ag dul a phósadh i mí Mheán Fómhair.
teastaíonn uainn go gcaillfidís we want them to lose
" Is breá linn a gcláracha teilifíse, a gclubanna sacair, a ngrúpaí ceoil, a dteanga, ach teastaíonn uainn go gcaillfidís na cluichí idirnáisiúnta! Ach ní muide amháin a bhfuil an dearcadh sin acu.
níl aon phribhléidí ag teastáil ó phobal na Gaeltachta the Gaeltacht community doesn't want any privleges
" Níl aon bhuntáistí breise ná níl aon phribhléidí ag teastáil ó phobal na Gaeltachta.
theastaigh ó Charlie a léiriú don domhan Charlie wanted to show the world
" Má theastaigh ó Dev agus Lemass a thaispeáint don domhan gur stát neamhspleách ab ea Éire, theastaigh ó Charlie a léiriú don domhan ní hamháin gur stát neamhspleách a bhí ionainn, ach go raibh an stát óg seo anois ar comhchéim le haon stát eile agus nár ghá dúinn maoin ár gcoilínigh a shantú níos mó.
a bhí uathu that they wanted
" Thug siad leo a gcuid bia agus mura raibh na glasraí nó pé rud eile a bhí uathu le fáil anseo, thosaigh siad á bhfás.
ba mhian leo a bheith réidh they wanted to be ready
" Ba léir dóibh nach leanfadh rialtas Clinton ar aghaidh i gcónaí, agus ba mhian leo a bheith réidh.
céard atá uathu what they want
" Is próiseas é le haghaidh comhairle a chur ar dhaoine maidir lena bpost, lena gceird, maidir le céard atá uathu ina saol oibre agus, ansin, maidir le cinntí móra a ghlacadh.
cé go dtuigim dóibh siúd nach bhfuil ag iarraidh bogadh although I understand how the people who don't want to move feel
" Cad is fiú D Four a mhalartú le C Four? Sa chomhthéacs sin, is doiligh cur i gcoinne pholasaí Aire na Gaeltachta cuid d’Fhoras na Gaeilge a dhílárú go Gaoth Dobhair, cé go dtuigim dóibh siúd nach bhfuil ag iarraidh bogadh de bharr a gcuid teaghlach etc a bheith socraithe i mBaile Átha Cliath.
céard a bhí uainn ar an dlúthdhiosca what we wanted on the CD
" Is dócha gur thóg sé tamall orainn “fuaim” Líadan a aimsiú ar dtús ach faoin am a thosaigh muid ag taifeadadh bhí a fhios againn céard a bhí uainn ar an dlúthdhiosca.
pé bascadh is mian leo whatever beating they want
" Agus na príosúin seo in áiteanna nach bhfuil dlíthe an Domhain Thiar i réim, tá cead ag na séiléirí pé bascadh is mian leo a thabhairt do na príosúnaigh.
nuair a thograíonn tú, when you want to,
" “Sílim gur seo ceann de na rudaí is mó a thugann ardú misnigh domsa, go bhfuil anois glúin óg tagtha ar an bhfód a fheiceann go bhfuil gairm bheatha thaitneamhach, nuálach, ardteicneolaíochta le baint amach sa nGaeilge agus gur féidir leat, nuair a thograíonn tú, imeacht ón nGaeilge agus siúl isteach in aon stáisiún teilifíse eile in aon áit ar domhan agus a mhacasamhail de phost a fháil.
bíodh an logainm sin ag teastáil ó na cónaitheoirí nó ná bíodh. whether the inhabitants want that placename or not.
" Ach in aois seo an chomh-mheasa agus an chomhghéillte agus na comhthuisceana agus an chomh-gach-aon-rud, sílimse gur fearr, mar chomhréiteach comhchuí (agus in ómós do mo sheanchara, Aire na Galltachta Éamon Ó Caoimhnis) *Londondoire* a bhaisteadh ar an áit &ndash; bíodh an logainm sin ag teastáil ó na cónaitheoirí nó ná bíodh.
a theastaigh uathu that they wanted
" An príomhrud a theastaigh uathu ná go bhfeicfimis na dea-rudaí a bhaineann leis an Afraic, agus go háirithe leis an tSaimbia.
is mian liom I want to
" Tá cuid mhór rudaí is mian liom a dhéanamh!” Ní fear é Risteard Mac Gabhann a bhfuil cleachtadh ar bith aige ar a bheith díomhaoin agus féadann tú bheith cinnte go leanfaidh sé air ag saothrú ar son na teanga agus an chultúir sna blianta atá romhainn.
go bhfuil na himreoirí á iarraidh that the players want it
" Deirtear go bhfuil na himreoirí á iarraidh agus dúil acu ann agus seans maith go bhféadfaí urraíocht a mhealladh ó lucht ghnó ach pacáiste maith a chur le chéile.
gurbh é ba mhian leis ina shaol that what he wanted in his life
" Bob Geldof (an príomhamhránaí) sásta a rá le Gay Byrne ar an “Late Late Show” gurbh é ba mhian leis ina shaol ná “to get rich, laid and famous”.
níor theastaigh uaidh ach he only wanted to
" Bhí Simon gealgháireach agus fáilteach ach, le bheith fírinneach, bhí muidne beagáinín díomách mar nach raibh aon chuid den *rock ’n’ roll* ag baint leis &ndash; bhí sé róbhéasach! Cinnte labhair sé faoin gceol, shínigh sé mo leabhar síniúchán &ndash; “Do The Rat, Simon Crowe”&ndash; thaispeáin sé clúdaigh na n-albam dúinn ach níor theastaigh uaidh ach labhairt faoin iascaireacht! D’fhágamar, sásta lenár síniúchán (mo cheann féin suite in aice le cinn Eamonn Coughlan, Pelé agus Chearbhaill Uí Dálaigh) ach beagáinín díomách.
a bhíonn uaidh that he wants
" Ba bhliain shuimiúil don eitlíocht é 2006 agus ní hamháin de bhrí gur fhoghlaim Michael O’Leary le déanaí nach féidir leis gach rud a bhíonn uaidh a fháil (Aer Lingus, mar shampla).
bhí mé ag iarraidh éalú ó na sluaite, I wanted to escape the crowds,
" Cé gur áit dheas é Cairns, bhí mé ag iarraidh éalú ó na sluaite, agus bhí Cape Tribulation foirfe dá leithéid.
mura mian leat ábhar a thabhairt go buan dóibh, if you don't want to give them material on a permanent basis,
" Agus mura mian leat ábhar a thabhairt go buan dóibh, is féidir é a thabhairt ar iasacht le do ndéanfadh siad cóip de, bíodh sé ina phictiúr, ina 78, ina uirlis nó cibé.
is mian liom a chaitheamh that I want to spend
" Seo chugainn an bhliain úr agus caithfidh mé a rá go bhfuilim beagáinín míshocair, mar seo an t-am a dheinim na mílte rún faoin saghas saoil is mian liom a chaitheamh sa dá mhí dhéag atá romham.
is mian liom aithne a chur ar a muintir, I want to get to know its people,
" Rud amháin a chuir as dom go mór faoin gceantar seo ná nár casadh mórán Astrálach orm in aon chor - ach casadh go leor Francach, Gearmánach, Sasanach, Éireannach, Sualannach agus Meiriceánach orm! Nuair a bhímse i dtír, is mian liom aithne a chur ar a muintir, ach bhí orm dul sa tóir ar na hAstrálaigh sa tonn mhór cúlphacálaithe a raibh an áit faoina smacht.
ag iarraidh athchló a chur ar mo luathshaothair, wanting to reprint my early work,
" “Nuair a tháinig na foilsitheoirí Reed (foilsitheoirí fhoclóir agus litríocht Mhaoraise) chugam le gairid, mar sin, ag iarraidh athchló a chur ar mo luathshaothair, thapaigh mé an deis an rud a chur ina cheart faoi dheireadh.
mba mhian leo. if they wanted to.
" Dar ndóigh, bheadh an rogha acu dul isteach sa chóras Béarla fosta dá mba mhian leo.
ar mian leo who want to
" Mura gcuirtear ar bun córas oiliúna Gaeilge sna blianta atá romhainn, is iad na daltaí ar mian leo a gcuid oideachais a fháil trí mheán na teanga sin a bheas thíos leis.
tá mé ag iarraidh bheith glanta liom sul má thagann sí. I want to be gone before she comes.
" * *Sure*, níl aon chuma ocrais ormsa, is tá mé ag iarraidh bheith glanta liom sul má thagann sí.
mar thoradh ar an angar as a result of want
" “Tá dhá chineál duine sa saol seo: an té a fhulaingíonn mar thoradh ar an angar agus an té a dtugann an t-angar tiomántas dó,” a deir Peter.
ag iarraidh ceolchoirm a eagrú dúinn. wanting to organize a concert for us.
" Duine tagtha chugainn ag iarraidh ceolchoirm a eagrú dúinn.
Tréaslaím freisin le hiománaithe Ros Comáin I also want to congratulate the Roscommon hurlers
" Dochreidte! Tréaslaím freisin le hiománaithe Ros Comáin as a mbuanna i gCorn Nicky Rackard agus i gCraobh Faoi 21 B na hÉireann, agus le foireann Dhoire Faoi 21 a bhuaigh Craobh Uladh agus buanna maithe ar an Dún agus ar Aontroim i gceist.
theastódh uaidh he would want
" Dá mbeifeá ag siúl amach le Polannach nó pósta leis theastódh uaidh go ndéanfadh an bheirt agaibh gach rud le chéile, go rachadh sibh gach áit le chéile.
theastaigh uaidh cuidiú leosan he wanted to help them
" Bhí albam úr ag The Thrills chomh maith agus theastaigh uaidh cuidiú leosan chomh maith le cuidiú linne, agus bhí téama de dhíth air don eagrán a bhí le teacht.
a theastaigh uaim féin a chur in iúl. that I wanted to express myself.
" AÓF: Cén t-amhrán is fearr leat féin ar an albam? LMacM: &quot;Johnny Seoighe&quot;, mar ceapaim gur léirigh Mícheál Ó Briain, an ceoltóir a sheinn liom, na mothúcháin cheannann chéanna a theastaigh uaim féin a chur in iúl.
dá dteastódh uait if you wanted to
" Bhíodh ort táillí a íoc san uair sin dá dteastódh uait freastal ar an meánscoil, agus ní bheadh sé d’acmhainn ag mo thuismitheoirí mé a chur chun na scoile sin murach an scoláireacht a bheith faighte agam.
theastaigh uaim I wanted to
" “Shíl mé gur chóir go mbeadh an áit dúchais an-tábhachtach go fóill i saol na gcarachtar agus theastaigh uaim go mbeadh an smaoineamh sin an-fhísiúil.
gur mian liom oibriú ar phort atá aige, that I want to work on a tune he has,
" Deirim leis gur mian liom oibriú ar phort atá aige, atá go hiontach dar liomsa, agus a gcloisim an saghas tionlacain atá ar &quot;Come Together&quot; leis na Beatles taobh thiar de.
go dteastaíonn uathu that they would want
" Mar chomhartha ar an athrú atá i ndán d'iompar na Polainne ag leibhéal na hEorpa, chuir PO in iúl lá i ndiaidh an olltoghcháin go dteastaíonn uathu go mbeidh an Pholainn ar an gcéad tír a dhaingneoidh an conradh.
neamhspleáchas ag teastáil ó na hÉireannaigh the Irish wanted independence
" “Ní hionann sin is a rá nach bhfuil mé den tuairim go raibh neamhspleáchas ag teastáil ó na hÉireannaigh nó nach raibh ceart acu é sin a bhaint amach.
Cén fáth a mbeifeá ag iarraidh post a fháil ar an mbonn why would you want to get a job on the basis
" Cén fáth a mbeifeá ag iarraidh post a fháil ar an mbonn gur bean, nó gur fear, nó gur eachtrannach thú?”Is maith an rud é nach raibh an dearcadh céanna aige maidir le cuótaí agus é ag glacadh lena áit in UCD.
ag iarraidh na lipéid cheirníní a thréigean. (who) want to desert the record labels
" Níl mé ag rá, gan amhras, nach bhfuil cead ag ceoltóir a chuid ceoil a thaifeadadh agus a dháileadh ina bhealach féin agus, leis an bhfirinne a rá, níl fadhb ar bith agamsa leis na ceoltóirí atá ag iarraidh na lipéid cheirníní a thréigean.
ar mian leo bheith a bheith lena dteaghlach arís. who want to be with their families again
" Ba é aidhm na comhdhála seo ná aird an phobail a tharraingt ar an drochshlí a gcaitear le dídeanaithe ar mian leo bheith a bheith lena dteaghlach arís.
Is é an t-aon cheart atá ag teastáil uaithi the only right that she wants
" Is é an t-aon cheart atá ag teastáil uaithi ná an ceart chun grá máthar a roinnt le hiníon.
Bhí sé ag iarraidh eagla a chur ar na vótálaithe, he wanted to scare voters
" Bhí sé ag iarraidh eagla a chur ar na vótálaithe, ag maíomh go ndéanfaí praiseach den gheilleagar dá dtoghfaí an freasúra.
ar mian leo ardú céime a bhaint amach. who want to gain promotion
" Ach is léir ón ráiteas thuasluaite de chuid an tSeanadóra Heffernan go bhfuil níos mó oibre le déanamh sa tír seo sula bhfaighfear réidh leis an “tsíleáil ghloine” &ndash; mar a thugtar, sa Bhéarla, ar na constaicí a bhíonn le sárú ag mná ar mian leo ardú céime a bhaint amach.
go dteastaíonn uathu a rian fein a fhágáil ar an chineál seo damhsa. that they want to leave their own mark on this type of dancing
" Cor eile atá tugtha faoi deara agam ná go bhfuil an t-aos óg ag briseadh amach agus go dteastaíonn uathu a rian fein a fhágáil ar an chineál seo damhsa.
bhíodh fonn air greim bia a ithe. but he used to want to get something to eat
" Ach bhíodh fonn air greim bia a ithe.
do dhaoine nach mbíonn ceachtanna ag teastáil uathu to people who don't want lessons
" Chan é go bhfuil spéis aige féin in Uachtaránacht Mheiriceá, ach is maith leis ceachtanna a theagasc do dhaoine nach mbíonn ceachtanna ag teastáil uathu nó de dhíobháil orthu (mar a dhéanadh múinteoirí na hÉireann san am fadó, roimh theacht Mhicí Uí Leery).
dá mba mhian leo if they wanted to
" Ar ndóigh bhí na húdaráis ag rá nach raibh bac ar bith ar an phobal ‘Dingle’ a úsáid dá mba mhian leo ach nach mbeadh ach an leagan Gaeilge á úsáid ar chomharthaí bóthair na Comhairle Contae, ar léarscáileanna móra de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis agus in achtanna Oireachtais.
dúirt sí go raibh fonn uirthi she said that she wanted
" Nuair a d’fhógair an tAire Hanafin go raibh sí le suirbhé a dhéanamh dúirt sí go raibh fonn uirthi a chinntiú go leanfadh Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag soláthar oideachais trí Ghaeilge do dhaltaí na Gaeltachta agus do dhaltaí ó theaghlaigh gurb í an Ghaeilge a dteanga baile agus ar mhian leo a gcuid oideachais a fháil i nGaeilge.
áit ar mhian le teaghlaigh a place where families want
" Luaitear i lár na tuarascála moladh a bhfuil bunús réitithe ann d'fhadhb Phobalscoil Chorca Dhuibhne: “D’fhonn oideachas trí mheán na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta a chaomhnú chomh fada agus is féidir, ba chóir machnamh a dhéanamh faoi na nithe seo a leanas i gceantair Ghaeltachta áit ar mhian le teaghlaigh oideachas trí Bhéarla a bheith acu: aonad a bhunú chun soláthar a dhéanamh dóibh siúd ar mian leo oideachas a fháil trí mheán an Bhéarla cóir iompair saor in aisce a sholáthar don scoil dara leibhéal is gaire a mhúineann trí Bhéarla.