Nuair a bhíonn tóir charranna i scannán ar bith le taifeadadh i San Francisco, rachaidh siad síos an tsráid seo! Ba ar an Embarcadero a bhí mo thriall, agus mé meáite ar rothar a thógáil amach ar cíos agus rothaíocht thar Dhroichead an Órgheata, féachaint céard atá le feiceáil i Marin County, an leithinis ar thaobh eile an droichid.