Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an-ábalta very capable
" Duine an-ábalta agus ard-phróifíl aige i measc an phobail atá ag teastáil.
beifear ábalta na toghcháin a ghairm the elections can be called
" Le himeacht na n-easaontóirí, má bhíonn Trimble agus a pháirtí athbheirthe mar chrann taca an Chomhaontaithe), má bhíonn fuinneamh úr i measc na bpáirtithe atá ar thaobh an Chomhaontaithe, má thig freagra dearfach ó phoblachtánaigh (gníomh suntasach díchoimisiúnaithe nó gníomh críochnaithe dá leithéid), ansin beifear ábalta na toghcháin a ghairm agus an Feidhmeannas a chur ar bun arís.
Ní raibh mé ábalta bun ná barr a dhéanamh don teanga seo! I couldn't make head nor tail of this language
" Agus, lena chois sin, bhí an réamhfhocal “do” le fáil sa leabhar leis an aimsir chaite i gcónaí, ach ní raibh sé sin in Buntús Cainte! Ní raibh mé ábalta bun ná barr a dhéanamh don teanga seo! Nuair a bhí mé críochnaithe le mo chuid scolaíochta in Harvard, thóg mé sos ón fhoghlaim agus bhí mé gníomhach mar cheoltóir ar feadh ocht mbliana.
Ní raibh mé ábalta bun ná barr a dhéanamh don teanga seo! I couldn't make head nor tail of this language
" Agus, lena chois sin, bhí an réamhfhocal “do” le fáil sa leabhar leis an aimsir chaite i gcónaí, ach ní raibh sé sin in Buntús Cainte! Ní raibh mé ábalta bun ná barr a dhéanamh don teanga seo! Nuair a bhí mé críochnaithe le mo chuid scolaíochta in Harvard, thóg mé sos ón fhoghlaim agus bhí mé gníomhach mar cheoltóir ar feadh ocht mbliana.
ann ach go raibh sé ábalta iad a choinnéail thíos he could barely keep them down
" Chonaic Dónall faoina shúile go raibh Máire ag amharc air agus, ar mhaithe lena cur ar a suaimhneas, chaith sé siar cúpla greim ach ann ach go raibh sé ábalta iad a choinnéail thíos.
sách ábalta able enough
" Fiú agus toil ann seirbhísí as Gaeilge a chur ar fáil, is rud eile ar fad é na daoine a aimsiú atá sách ábalta chun postanna nua a líonadh a fhágfas gur féidir na seirbhísí i nGaeilge a sholáthar.
nach mbeadh Neill ábalta leanstan ar aghaidh that Neill couldn't continue
" Bhain muid Raw Head, an cnoc is airde ar an tslí (227 méadar), amach ag am lóin agus ba léir faoin am sin nach mbeadh Neill ábalta leanstan ar aghaidh.
ábalta dreapadh able to climb
" tá a fhios agam an rud atá ar bharr do theanga agat: níl crann ar bith in Inis Meáin agus ní bheidh na moncaithe ábalta dreapadh? Bhail, beidh cead a gcinn acu ar dhíonta na dtithe ceann tuí agus ar na coinnleoirí craobhacha san Áras nua-thógtha.
bainistíocht ábalta agus chróga a capable and brave management
"bainistíocht ábalta agus chróga acu ar an taobhlíne – ní leasc leo imreoir ar bith a bhaint den pháirc sa chás nach bhfuil sé ag imirt go maith.
toilteanach agus ábalta willing and able
" Bhí mé ag lorg ceoltóirí a bhí toilteanach agus ábalta an t-amhrán a sheinm agus nach mbeadh ag iarraidh é a cheansú.
atá breá ábalta guaille a thabhairt dá chuid naimhde who is well able to tackle his enemies
" Willie O’Dea** (Lánchúlaí ar dheis): Fear atá breá ábalta guaille a thabhairt dá chuid naimhde ach is í cosaint an stáit, murab ionann agus cosaint na cearnóige, atá faoina chúram anois.
ábalta ag an amhrán able for the song
" Bhraitheas ar mo shuaimhneas á chanadh, bhraitheas ábalta ag an amhrán agus bhraitheas go raibh an sé oiriúnach domsa.
nach mbeidís ábalta maireachtáil dá n-uireasa. that they wouldn't be able to survive in their absence
" Táthar ann a deir nach mbeidís ábalta maireachtáil dá n-uireasa.
dh’óbair nach raibh mé ábalta éalú uaidh I almost didn’t get away from it
" Sin ráite, cúpla uair mhothaigh mé tarraingt an daonghaiste (*human trap?*) nó an daonafa agus dh’óbair nach raibh mé ábalta éalú uaidh.
seachas iad a bhí ábalta fanacht ar an seanfhód as against those who could stay at home
" Chuir sé riamh iontas orm a mhéid atá na hÉireannaigh thar lear lánsásta dul i muinín an chultúir Éireannaigh mar a shamhlaítear dóibh é seachas iad a bhí ábalta fanacht ar an seanfhód.