Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ábhairín neirbhíseach a little bit nervous
" Leis an dlúthdhiosca nua, bhíos ábhairín neirbhíseach ach, buíochas le Dia, ní bhfuaras drochléirmheas fós.
ábhairín scáfar a little bit timid
" Measann sé go raibh an Ríordánach “ábhairín scáfar ar shlite áirithe”.
ábhairín somewhat
" Meastar go bhfuil tuairim is 90,000 Batwa fágtha faoi na Mór-Lochanna agus iad scaipthe thar achar tuairim is 100,000 ciliméadar cearnach, achar ábhairín níos mó ná oileán na hÉireann.
ábhairín difriúil a little different
" Chomh maith leis an méid sin, bhíodar sásta ins an olltoghchán 2007, ach na torthaí a bheith ábhairín difriúil, dul isteach i rialtas le Fianna Fáil! An freasúracht cheart, dá bhrí sin, a bheadh i gceist ag Sinn Féin? Sin í an cheist.
shoiléiriú ábhairín anois to clarify a little
" B’fhéidir nár mhiste an coincheap seo, grá, a shoiléiriú ábhairín anois.