Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
t-ábhar bolscaireachta publicity material
" Tá cuid mhaith den dream sa cheantar seo a bhí ina mbaill den pháirtí éirithe as anois agus níl an t-ábhar bolscaireachta chomh feiceálach is a bhíodh ar na sráideanna.
ábhar conspóide a matter of controversy
" Ba chúis díomá do go leor daoine agus ábhar conspóide an Stiúrthóir Declan McGonagle a bheith ag fágáil na dánlainne i ndiaidh do deich mbliana a chaitheamh ina bun.
na hábhair the materials
"na hábhair costasach go maith freisin agus na frámaí do na pictiúir.
ábhar pléascáin explosive material
" Maíodh go raibh lucht déanta buamaí ar Sealadaithe iad tráth anois ag gníomhú don "Fhíor-IRA", agus thángthas ar ábhar pléascáin réidh le húsáid in aice le hArd Mhacha.
ag stocaireacht ábhair scrounging material
" Tá cabhair agus urraíocht faighte againn cheana féin ó Fhoras na Gaeilge ach leanfaimid orainn ag stocaireacht ábhair agus gan de mhana againn ach "tugaigí dúinn a bhfuil agaibh!" Is é Cathal Mac Coille (RTÉ/Foinse) a sheolfaidh acmhainn.
mar ábhar práinne as a matter of urgency
" Ceapaim gur gá díriú ar cheist páistí a thógáil le Gaeilge mar ábhar práinne.
ábhar bolscaireachta publicity material
" Smaoinaigh ar an ábhar bolscaireachta frithchiníoch a chuirfeadh sé ar fáil.
ábhar faoisimh comfort
" An t-aon ábhar faoisimh a bhí ag na O'Driscolls ná go bhfuarthas corp Stephen.
réimse leathan ábhar a wide range of subjects
" Tá clár laethúil raidió ann, cúig huaire sa tseachtain, a bhfuil réimse leathan ábhar clúdaithe ann.
ábhar práinne a matter of urgency
" Ag deireadh na míosa seo caite d'eisigh an eagraíocht idirnáisiúnta Amnesty ráiteas ag rá gur ábhar práinne a bhí ann go ngníomhódh an Rialtas ar an gceist seo.
d'ábhar múinteoirí teacher trainers
" Tá traenáil curtha ar fáil againn do chúrsaí FÁS agus cúrsaí eile; rithimid seimineáir d'ábhar múinteoirí a thagann chun na Gaeltachta sa samhradh; soláthraimid cainteanna do chúrsaí ollscoile.
an t-ábhar caillí the witch material
" " "Mo chéad mhallacht," a scairteann an t-ábhar caillí, "Mó chéad mhallacht ar pheileadóirí sacair Phoblacht na hÉireann.
ábhar athchúrsáilte recycled material
" "Ba mhaith linn go mbeadh páistí ábalta dul go dtí an pháirc sin le linn Ecotopia agus páirt i ghlacadh i gceardlann chun uirlisí ceoil a dhéanamh as ábhar athchúrsáilte.
ábhar sagairt cleric
" Tá sé curtha i leith George Pell, Ardeaspag Caitliceach Sydney agus an cléireach is sinsearaí sa tír go ndearna sé ionsaí gnéasach ar bhuachaill dhá bhliain déag d'aois i 1961 nuair a bhí Pell ina ábhar sagairt.
ábhar dóchais reason to be optimistic
" An ábhar dóchais é seo, nó an bhfuil na páirtithe a bhfuil baint acu le paramílitigh ag iarraidh cumhacht a roinnt ina gceantracha féin? An féidir leis an dá dhream "fuascailt mhíleata" a oibriú amach eatarthu féin, socrú a chuirfeadh in iúl don dá dhream paramíliteach go bhfuil an bhua acu, mar a rinne Comhaontú Aoine an Chéasta iarracht a dheanamh i saol na polaitíochta? Is comharba é an Ulster Political Research Group ar bhuail Alex Maskey leo ar an ghrúpa a d'fhoilsigh cáipéis dar teideal "Common Sense" i 1978.
ábhar clamhsáin reason for complaining
" Go dtí le déanaí, ní raibh gearáin le cloisint ach faoi phraghas na nglaonna gutháin chuig an gcomhlacht a bhí ag soláthar an cheangail idirlín, agus cé go bhfuil na gearáin sin fós le cloisint (agus daoine ag éirí níos glóraí i gcónaí), tá ábhar clamhsáin nua ag úsáideoirí ríomhairí na laethanta seo: gur gá dóibh íoc as na bogearraí agus as na seirbhísí idirlín a bhíonn á n-úsáid acu.
ar an ábhar sin for that reason
" Ina theannta sin bhí áthas ar mhórán daoine gur bhuaigh Port Láirge Craobh na Mumhan tar éis ceathracha bliain nó mar sin agus, ar an ábhar sin, bliain mhaith iomána a bhí inti.
ábhar mídhleathach illegal material
" Anois go bhfuil na póilíní ag feidhmiú go hidirnáisiúnta i gcoinne daoine atá ag ceannach pornagrafaíochta ina bhfuil páistí, tá roinnt comhlachtaí in Éirinn buailte toisc go raibh daoine ag úsáid a gcuid ríomhairí chun ábhar mídhleathach a cheannach.
ábhar material
" Bhí ábhar an-mhaith sa chartlann, ag dul ar ais blianta ag an am.
hábhar na gcláracha féin the content of the programmes themselves
" Anois an t-am le brú a chur ar na polaiteoirí iachall a chur ar RTÉ rud éigin fónta a dhéanamh, ní hamháin maidir le fógraíocht, ach maidir le hábhar na gcláracha féin.
d'ábhar nimhiúil of poisonous material
" Faraor, tá ríomhairí lán d'ábhar nimhiúil agus tá an tAontas Eorpach anois ag iarraidh srian a chur leis na fadhbanna comhshaoil a chruthaíonn seantrealamh leictreonach.
ábhar material
" Ach anois, dar leis na múinteoirí, mic léinn agus lucht riaracháin go meallann na ranganna i Léann na hÉireann daoine as gach cineál cúlra, ina measc iadsan a chinneann ar é a dhéanamh mar mhionábhar, nó ar obair a dhéanamh sa ghort.
ábhar pléascán explosive material
" Ba mhinic, is cosúil, gur thugadar gunnaí agus ábhar pléascán do ghúpaí paraimíliteacha de chuid na ndílseoirí.
Ábhar suntais eile another matter worthy of notice
" Ábhar suntais eile ná go bhfuil Martin McGuinness i Meiriceá fá choinne cainteanna le Richard Haass, Comhairleoir George W.
ábhar spéise matter of interest
" Beidh na cáipéisí a bhaineann le cinneadh an Rialtais faoi chásanna mhí-úsáid ghnéasach na hEaglaise - is é sin, go seasfaidh an stát formhór na gcostas - ar fáil am éigin sa bhliain 2007, nuair is cinnte go mbeidh an scéal seo fós ina ábhar spéise ag an bpobal.
ábhair materials
" Tá sé déanta ar ábhair éagsúla, páipéar balla agus páipéar donn, cuir i gcás - ábhair athchúrsáilte a bhfuil beatha le brath iontu.
ábhair athchúrsáilte recycled materials
" Tá sé déanta ar ábhair éagsúla, páipéar balla agus páipéar donn, cuir i gcás - ábhair athchúrsáilte a bhfuil beatha le brath iontu.
ábhar iontais a source of surprise
" Bhí sé mar ábhar iontais do go leor daoine go ndearnadh faillí iomlán sa Ghaeilge nuair a bhíothas ag forbairt cheantar Bharra an Teampaill i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
ábhar ceimiceach chemical material
" Níl aon ábhar ceimiceach ar nós meatadóin fós aimsithe ach oiread is féidir a thabhairt d'andúiligh cócaoin.
ní gan ábhar not without reason
" Nuair a bhíonn lá maith ann, bíonn an t-oileán le feiceáil ina luí amuigh ag bun na spéire mar a bheadh fathach mór sínte siar ina chodladh; laetha eile ní bheadh a fhios agat go bhfuil sé ann mar go mbíonn sé clúdaithe i gceo agus an fharraige mhór ag briseadh ar na clocha fá chladaí an oileáin - ní gan ábhar a thugtar "Tonnaí Thoraí" ar an damhsa! Tá an t-oileán é féin trí mhíle ar fhad agus míle go leith ar leithead agus tá daonra 180 duine aige.
ábhar a stoitheadh to take material
" * Gluais • Glossary sprioctarget ní túisce anseo thúno sooner are you here iontach slachtmharvery tidy beathalife mórphearsa ficsingreat fictional character dílleachtaorphan sa tsraithin the series uaighgrave an oiread is siolla amháin dá shaotharnot even a syllable of his work oilithreachtpilgrimage clúiteachrenowned a mhaíomhto boast iarsmalannmuseum tairgtear camchuairteannatours are offered bantreoraífemale guide díomhaoinidle ag blaiseadh den saolgetting a taste of the life troscánfurniture sprúillí mionsonraíochaminor fragments col ceathrachacousins ní chónaíodh Montgomery féin ann riamhMontgomery himself never used to live in it adhlacthaburied i do chomhchuairteoiríin your fellow-visitors iad a rangúto categorise them SeapánaighJapanese díograiseachenthusiastic searmanasceremony a fhiafraí deto ask dúilliking luachannavalues chomh patuar intias apathetic towards her smidword, syllable carrchlóscarpark mionsamhailminiature éalúescape proinntitherestaurants camchuairt oidhreachtaheritage tour baiste asnamed after a cuid pearsanher characters bunchlochfoundation-stone straitéis mhargaíochtamarketing strategy uimhirphlátaínumber plates gléastadressed príomhsheómain show Oileánaighisland-people mórtasach asproud of dúchasachnative mangairísellers ollúna mórluachachaself-important professors tionscalindustry débhríochambiguous bréan den ealaín ar fadsick of the whole carry-on tuairiscítearit is reported frith-Anneanti-Anne Is stáitsíodh an t-ilsiamsa AnnekensteinAnd the variety show Annekenstein was staged fonóidmockery d'íomhá fholláin Anneof Anne's clean image casadhtwist is barrúlafunniest cúiseamhaccusation leispiachaslesbianism (chuir sí(she nuair a d'áitighwhen she argued comhdháilconference leispiachas folaithehidden lesbianism cairdeasfriendship cumann leispiach nár cuireadh i gcríchunfulfilled lesbian love oirirceminent flúirse tagairtílots of references homa-anghráchhomo-erotic traidisiúnaithetraditionalists ábhar a stoitheadhto take material comhthéacscontext náireachshameful scannalachscandalous nach bhfuil bun nó barr leiswhich has no basis i dtólamhalways treoraí ar leitha separate guide na sluaite leispiachathe crowds of lesbians díoltas DéGod's revenge mallaithedamned go mear ocrachquickly and hungrily páirc mhór siamsaíochtaa big amusement park tithe itheacháineating houses tuirlingtto alight ar an drochuairunfortunately níl tásc nó tuairisc arthere is no sign of ag foghlúplundering ag creachlooting fáilteachwelcoming go gealgháireachcheerfully le teann diabhlaíochtaout of devilment sé glúinesix generations dubh le turasóirípacked with tourists cárgrimace níos féile ó thaobh síntiúis láimhe demore generous when it comes to tips oineachhonour freastalaíwaitress babhla seabhdairbowl of chowder ciseán bonnóg is craicéira basket of scones and crackers féachaint an bhfuil aiste ar an iasc sa linn bhainneto see if the fish are taking the bait in the pool of milk diúilicínímussels breallachclam portáncrab gliomachlobster trosccod róshrónachtoo nosey meascthamixed glasraívegetables diúgann tú an t-anraithyou drain the soup an braonán blasta deiridhthe last tasty droplet
Níor luadh an t-ábhar arís the subject wasn't mentioned again
Páirtí aon-ábhair one subject party
" Páirtí aon-ábhair atá san UUP, dar le Sinn Féin, agus is é caitheamh amach Shinn Féin an t-aon ábhar a bhfuil suim acu ann.
ábhar mairnéalaigh apprentice seaman
" In 1849, áfach, ní raibh i Hatch ach ábhar mairnéalaigh, a sheol ó Learpholl ar an New World i gcuideachta dreama ar thug sé "the roughest, dirtiest, swearingest, drinkingest men alive" orthu.
ábhar fiúntach worthwhile material
" Beidh ar *Lá *laethúil a mhacasamhail a dhéanamh mar ní cheannóidh fiú lucht na cúise an nuachtán mura mbeidh sásamh le baint as agus ábhar fiúntach i gcló ann.
réimse iontach ábhar a great range of subjects
ábhar subject-matter
" Nuair a tugadh cuireadh dom colún míosúil faoi chúrsaí spóirt a scríobh le haghaidh *Beo!* níor cuireadh aon srian nó laincis orm maidir le hábhar.
buaine an ábhair a úsáideadh durability of the material used
" Deir Carey go bhfuarthas "mífhaisnéis" ón chonraitheoir a thóg cosán an ionaid cuimhneacháin maidir le buaine an ábhair a úsáideadh.
ábhar tréshoilseach translucent material
" Beidh ionad amhairc do thurasóirí ar bharr an túir agus beidh torthaí agus glasraí á bhfás faoin ábhar tréshoilseach thart timpeall bhun an túir.
Ábhar mór-imní cause of great concern
" Ceisteanna le freagairt ======= Ábhar mór-imní é más fíor gur éirigh le MI6 insíothlú a dhéanamh ar an eagraíocht atá freagrach as saoránaigh an stáit seo a chosaint.
ábhair machnaimh food for thought
" Tá go leor ábhair machnaimh sa dráma don uile dhream.
agus a ábhar sin aige and he had reason to be
" Bhí Ivan ar steallaí ar mire anois agus a ábhar sin aige.
ábhar mórtais reason to be proud
" Is ócáidí iontacha pobail agus náisiúnta iad agus den chuid is mó is ábhar mórtais agus taitnimh iad.
Ábhar acadúil amháin a bhí ann it was an academic subject only
" "Ábhar acadúil amháin a bhí ann agus bhí sé an-trom - ní raibh pléisiúr ar bith le baint as.
ábhar pléasctha explosives
" Deir an tuarascáil chéanna gur chreid na póilíní go raibh an tUasal Rupert ag úsáid a chuid leoraithe le hábhar goidthe a iompar, agus le harmlón, ábhar pléasctha agus daoine a smugláil idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ceanada.
An bhfuil ábhar grinn ar bith againn? Have we anything to laugh at?
" An bhfuil ábhar grinn ar bith againn? Tá, ach is ar éigean é, ainneoin eisceachtaí suntasacha.
an ilomad ábhar eile a great number of other subjects
" Beidh go leor ball den pháirtí ag dul chun tosaigh sa toghchán agus iad in éadan géilleadh ar bith ar cheisteanna an RIR, Patton, agus an ilomad ábhar eile, agus tá an DUP an-tógtha i ndiaidh na mbuanna a bhí acu in Olltoghchán Westminster in 2001.
ábhar teagaisc teaching material
" Ceann de na cúraimí atá ar Aled ná áiseanna agus ábhar teagaisc a fhorbairt do lucht foghlamtha teangacha.
níos mó ábhar conspóideach more controversial subjects
" B'fhéidir gur cheart go mbeadh níos mó ábhar conspóideach á bplé ar na cláracha, ach tiocfaidh sin.
an t-ábhar náire the reason to be ashamed
" Má tá dúshlán dáiríre uainn, cad faoin leibhéal scannalach bochtanais i measc na bpáistí sa tír seo - is é sin an t-ábhar náire is mó agus is measa dá bhfuil againn fós.
gach ábhar comhaimseartha every contemporary subject
" Tá an sobalchlár seo, atá á úsáid mar áis foghlama i méanscoileanna ar fud na hÉireann, ag léiriú don dream óg go bhfuil an Ghaeilge beo beathach agus gur féidir gach ábhar comhaimseartha a phlé trí mheán na teanga.
ábhar orgánach organic matter
" Mar shampla, baintear úsáid as trealamh a dhéanann tomhas ar leibhéal Carbóin-14 chun aois ábhar orgánach a mheas, agus tá teicneolaíocht na grianghrafadóireachta á húsáid le fada chun taifead a dhéanamh ar na rudaí a aimsítear.
ábhair fhánacha trivial subjects
" Cén cineál ráitis é seo? Nach bhfuil seans ag aon duine seachas ealaíontóirí óga ardaidhmeannacha agus *cool *an duais a bhaint? Nach gcuirfeadh sé *Pop Idol *i gcuimhne duit ar bhealach? Dúirt an fear teoirice mór le rá Clement Greenberg nár tháinig rud ar bith seachas *pop *chun cinn i ndiaidh 1960, is é sin le rá go raibh an bhéim ón am sin ar aghaidh ar ábhair fhánacha.
ábhar gáire laughing matter
" Tá sé ráite ag ollamh amháin, a dtugtar "the father of potty parity" air, nach ábhar gáire ar bith é seo.
ábhar buartha cause for concern
" Ní mór a rá, áfach, gur ábhar buartha faoi leith é an gearradh siar atá á dhéanamh ar scéimeanna fostaíochta pobail de chuid FÁS, agus go bhféadfadh sé seo dochar mór a dhéanamh do riar an Árais.
ábhair subjects
" Is ag an am seo a tháinig méadú ollmhór ar líon na saothar ealaíne a léirigh an gnáthshaol laethúil: mná ag dul don obair tí, fuadar na sráide, radharcanna gáirsiúla tábhairne ina raibh fír agus mná ag radaireacht le chéile, staidéir neamhbheo agus tírdhreacha.
ábhar bogásachta reason to be complacent
" " Níos faide anonn deir sí: "Ach níl aon ábhar bogásachta ann.
ag lorg ábhar neamhghnách spéisiúil looking for an unusual and interesting subject
" Bíonn siad cumasach sna tuisil - tá seacht gcinn acu féin, mar aon le hainmfhocail neodracha, beomhara agus neamhbheomhara, agus na mílte féidearthacht! Agus céard a spreag iad chun an Ghaeilge a dhéanamh, agus cén cúlra a bhíonn acu? Bhuel, bíonn cuid acu ag déanamh staidéir ar an sean-Bhéarla, cuid eile ag díriú ar an nGaeilge ar bhonn teangeolaíoch chomparáideach, cuid eile ag lorg ábhar neamhghnách spéisiúil, agus cuid eile ar thóir na craice amháin.
ábhar machnaimh food for thought
ábhar maith léitheoireachta Gaeilge good reading material in Irish
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh an Bord chun foilsiú leabhar Gaeilge a chur chun cinn sa tslí is go mbeadh ábhar maith léitheoireachta Gaeilge ag an bpobal.
na múrtha ábhar eile the many other subjects
" Murach í ní aithneodh sé tús pléascach ná casadh tobann i scéal ná cor i gcinniúint na bpearsana ná na múrtha ábhar eile a gcuireann léitheoirí, idir lucht acadúil agus eile, suim iontu sa litríocht.
ábhair thura theibí dull, abstract subjects
" Má cheapann tú gur ábhair thura theibí, nach mbaineann leis an ngnáthdhuine, a bhíonn faoi chaibidil acu, tá dul amú ort.
agus go bhfoilseofaí dlúthdhioscaí den ábhar sin and that CDs of that material be released
" Ba mhaith liom freisin go mbeadh fáil ag an bpobal ar ábhar cartlainne agus go bhfoilseofaí dlúthdhioscaí den ábhar sin.
ábhar tráchtais thesis topic
" B'fhéidir gurb é an rud is measa faoin scéal i Queensland gur trí thimpiste a tháinig cuid mhaith den scéal chun solais - mar gur roghnaigh scoláire amháin an cheist mar ábhar tráchtais.
Téann sé i ngleic leis an ábhar he tackles the material
" Téann sé i ngleic leis an ábhar mar mhaithe le fiúntas an fhoilseacháin a chinntiú ach ní thugann sé an chéad chéim eile.
ábhar gearáin reason to complain
" Is cinnte go bhfuil ábhar gearáin ag tábhairneoirí maidir leis an dlí nua a chuireann cosc ar dhaoine óga faoi ocht mbliana déag a bheith istigh i dteach leanna i ndiaidh a naoi a chlog san oíche.
ábhar feirge provocation
" I litir oscailte chuig Flick, a foilsíodh i nuachtán laethúil sa Ghearmáin níos luaithe sa bhliain, dúirt Michael Fürst, ball de Chomhairle Lárnach na nGiúdach, gur "ábhar feirge an-mhór" a bhí sa bhailiúchán "dóibh siúd, idir dhaoine a raibh orthu oibriú i gcoinne a dtola agus lucht na sluachampaí géibhinn, arbh éigean dóibh cur suas leis an ocras, leis an uirísliú agus leis an chéasadh i monarchana do sheanathar.
réimse níos leithne ábhar Gaeilge a wider range of Irish language materials
" Ba bhreá liom dá mbeadh réimse níos leithne ábhar Gaeilge ann amach anseo, ach braitheann sé sin ar chúrsaí airgid.
hábhair acadúla academic subjects
" Thug mé faoi deara gur choinnigh roinnt aithreacha agus máithreacha buachaillí, go háirithe, ó mheánscoil ar fad, mar nach bhfaca siad aon mhaith ann do pháistí a raibh níos mó spéise acu san iascaireacht ná mar a bhí sna hábhair acadúla.
ábhar conspóide matter of controversy
" Tá na fuinneoga mar ábhar conspóide idir Campbell's Catering, úinéirí an chaife, agus Treasury Holdings, úinéirí an fhoirgnimh.
ag úthairt leis an ábhar tinkering with the material
" Nuair atá deis ag aon duine is mian leis bheith ag úthairt leis an ábhar mar seo, is cinnte go bhfuil cúis amhrais ann, ach deir lucht tacaíochta Wikipedia go bhforbróidh gach iontráil le himeacht ama go dtí go mbeidh siad cruinn agus cuimsitheach.
taispeántas d'ábhar earótach erotica exhibition
" "Táimid ag dul go Londain le taispeántas d'ábhar earótach a fheicéail san Olympia," a dúirt an bhean liom.
ábhar imní reason for concern
" Is ábhar imní dúinn é go bhfuil titim i líon na mac léinn atá ag tabhairt faoi chéim sna teangacha.
ábhair níos leithne wider subjects
" Labhair sí go stuama is go ciallmhar agus is léir ó na miontuairiscí gur suim léi ábhair níos leithne ná ceisteanna oileánda amháin.
ábhar tacaíochta support material
"ábhar tacaíochta ann do na heagraíochtaí Gaeilge ar mian leo suíomh gréasáin a chur le chéile.
ábhar tráchtais thesis subject
" D agus scríbhneoirí Gaeilge Thír Chonaill ón aois seo caite mar ábhar tráchtais aige.
neart ábhair machnaimh plenty to think about
" Dúshlán ======= Ach ainneoin na bolscaireachta ina choinne, tá neart ábhair machnaimh in *Blanketmen*.
ábhar tacaíochta support material
"ábhar tacaíochta ann do na heagraíochtaí Gaeilge ar mian leo suíomh gréasáin a chur le chéile.
ábhair subjects
" Cén rud is mó a chuireann isteach ort? Fothram glórach i mbialann nó i dteach tábhairne.
lear mór ábhar pléascach a great amount of explosive material
" Fuair an bheirt seo an-chreidiúint agus moladh as teacht ar lear mór ábhar pléascach i Ros Neamhlach i 1994.
lear mór ábhar pléascach a great amount of explosive material
" Fuair an bheirt seo an-chreidiúint agus moladh as teacht ar lear mór ábhar pléascach i Ros Neamhlach i 1994.
ábhar dóchais reason to be optimistic
"ábhar dóchais é, áfach, gur fhógair Paul Murphy i mí Feabhra i mbliana agus é mar Stát-Rúnaí ar Thuaisceart Éireann gur mhian leis gur ag MI5 seachas MI6 a bheadh an smacht iomlán ar chúrsaí slándála na Sé Chontae faoin mbliain 2007.
ar ábhair dhifriúla on different matters
" Comhairle ======= Agus tú ag obair in áiteanna éagsúla, faigheann tú neart píosaí beaga eolais ar ábhair dhifriúla.
ábhar dóchais reason for optimism
"ábhar dóchais é, áfach, a laghad airde a thug an dá rialtas ar chruachás náisiúnaithe na Sé Chontae an uair úd sna seascaidí a d'fhág an IRA an stáitse.
ábhar dóchais a reason for optimism
" Tá an tOirmhinneach ag dul in aois ach tá rud amháin fá Paisley atá ina ábhar dóchais don todhchaí – a *ego*.
ábhar pléascach explosive material
" Deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha gurb iondúil go dtugtar cead tuirlingthe d’eitleáin mhíleata ar an choinníoll nach mbíonn armlón nó ábhar pléascach á n-iompar acu.
ag roghnú ábhar choosing subjects
" Taithí an-mhaith a bhí ann ó thaobh bheith ag plé le daoine, ag cur cláracha le chéile agus bheith ag roghnú ábhar.
Ábhar machnaimh something to think about
" Ábhar machnaimh cinnte dóibh siúd a bheas ag tarraingt ar boutiques galánta Nua-Eabhrac an Nollaig seo.
ceithre ábhar dóchais four reasons to be optimistic
" Ach tá ar a laghad ceithre ábhar dóchais aige don bhliain úr: Fine Gael, An Lucht Oibre, Sinn Féin agus na Glasaigh.
ábhar cartlainne archive material
" Tá idir ábhar cartlainne, agallamh leis an aoi féin agus léirmheasanna ó chéilí comhraic agus ó thráchtairí i ngach clár.
ábhar poiblíochta publicity material
" Tháinig an leabhar leis an ábhar poiblíochta seo go léir ag rá go raibh siad chun £150,000, nó rud éigin uafásach mar sin, a chaitheamh ar fheachtas poiblíochta.
ábhar dóchais grounds for optimism
" Ach is beag ábhar dóchais atá ansin, mar gur cheart nach mbeadh an teanga brúite amach ar an imeall nó i seilbh aicme amháin.
ábhar spairne subject of contention
" Tá cúrsaí oideachais ina ábhar spairne faoi láthair agus pléifidh foireann díospóireachta Choláiste na Coiribe (buaiteoirí chomórtas díospóireachta Gael Linn) an cheist trí dhíospóireacht le haoi ón Roinn Oideachais.
ábhar iontais cause of wonderment
" *An Duomo* Bhí cruinneog Brunelleschi, a sheasann ar bharr an Duomo, ina ábhar iontais nuair a tógadh é agus spreagann sí an tsamhlaíocht go fóill.
an t-ábhar iontais is mó the greatest surprise
" Ba chuaranfa de chatagóir a cúig é, an cineál is measa, agus is é an t-ábhar iontais is mó nár maraíodh aon duine is nach raibh aon duine gortaithe go dona.
ábhair spairne poiblí matters of public contention
" Dúirt an tAire go raibh sé de dhualgas air an pobal a chur ar an eolas faoi ghníomh coiriúil a chuirtear i leith duine atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe ó tharla go raibh an té a bhí i gceist ina Phríomhfheidhmeannach ar eagraíocht a cuireadh ar bun le hiniúchadh a dhéanamh ar ábhair spairne poiblí.
ábhar spairne subject of contention
" Tá cúrsaí oideachais ina ábhar spairne faoi láthair agus pléifidh foireann díospóireachta Choláiste na Coiribe (buaiteoirí chomórtas díospóireachta Gael Linn) an cheist trí dhíospóireacht le haoi ón Roinn Oideachais.
ábhar pléascach explosives material
" Óglach ab ea Ronnie agus bhí sé féin agus a chomrádaí ina gcónaí in árasán i Southampton, agus gunnaí agus ábhar pléascach ina seilbh acu.
ábhar faoi leith separate subject
" Tá mé féin agus daoine eile sa Chonradh ag moladh faoi láthair gur cheart ábhar faoi leith a dhéanamh as teanga na Gaeilge.
an t-ábhar iontais is mó the greatest surprise
" Ba chuaranfa de chatagóir a cúig é, an cineál is measa, agus is é an t-ábhar iontais is mó nár maraíodh aon duine is nach raibh aon duine gortaithe go dona.