Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Go hádhúil Luckily
" Go hádhúil, níl an t-oileán millte ag an tslua-thurasóireacht go fóill.
Go hádhúil luckily
" Go hádhúil, bhí neart *pasta* sa phrios agus dhéanfadh sé anlann de shórt inteacht a d'fhóirfeadh don chearc.
hádhúil fortunate, lucky
" Níl a fhios ag daoine in iarthar na hEorpa cad é chomh hádhúil leo.
Go hádhúil luckily
" Go hádhúil, ní raibh ach oifigeach amháin i láthair nuair a bhain muid Coire nan Lochan amach.
ádhúil lucky, fortunate
" Ach tá muid ádhúil go bhfuil agus go raibh filí ealaíonta againn a chum amhráin agus a d'fhág oidhreacht chomh luachmhar sin againn.
go hádhúil luckily
" Más fíor go bhfuil na coireanna seo gan íospartaigh, an tseachtain seo caite bhí íospartach beo beathach (go hádhúil) ina shuí ar a leaba otharlainne ag tabhairt agallaimh do dhuine ar bith a d'éistfeadh leis.
chomh hádhúil is atá siad how lucky they are
" " Tá sí den tuairim go ndéanfadh sé maitheas do go leor múinteoirí seal a chaitheamh ag obair i bpostanna eile, go dtuigfeadh siad ansin chomh hádhúil is atá siad.
chomh hádhúil as fortunate
" Tá mé cinnte go mbeadh siad sásta teacht chun fóirthinte ar dhaoine nach bhfuil chomh hádhúil leo féin, dá n-iarrfaí orthu.
ádhúil lucky
" Níor chreid mé an mhaidin sin cé chomh hádhúil is a bhí mé, díreach a bheith ansin.
ádhúla lucky
" Tá rud amháin nach bhfuil athraithe ó na laethanta tosaigh: an t-ardú céime agus an t-aitheantas a thugann an Oscar duit, más duine de na haisteoirí ádhúla sin tú a bhaineann ceann nó fiú má fhaigheann tú ainmniúchán.
Go hádhúil, luckily,
" Go hádhúil, d’éirigh le Risteard comhaltacht mhúinteoireachta a fháil ón Roinn Oideachais leis an MA a dhéanamh.
chomh hádhúil is atá how lucky I am
" Is é an ceacht is mó a d’fhoghlaim mé le dhá bhliain anuas ná chomh hádhúil is atá mé oiread roghanna a bheith agam i mo shaol.
Go hádhúil, luckily,
" Go hádhúil, ní bhfuair an gasúr bás ach chaill sé súil san ionsaí a d’fhág Aidan Wallace marbh agus triúr eile gortaithe go dona.
ádhúil lucky
" Tá mise ádhúil go leor; tá cúlra deas compordach agam.
lenár gcomhthírigh mhí-ádhúla our fellow unlucky compatriots
" Feictear dom go bhfuil an Astráil breá ábalta caitheamh go fial lenár gcomhthírigh mhí-ádhúla atá ag fulaingt de bharr easpa dídine.
ginearál ádhúil a lucky genera
" “Ní ginearál maith a theastaíonn uaim” mar a dúirt Napeoleon, “níl uaim ach ginearál ádhúil!” Nuair a bhí an geilleagar ag moilliú is ag meath ar domhan, thosaigh na Gaeil ag díol is ceannach tithe lena chéile, rud a choinnigh dlús faoi anseo seal sa bhreis.
níos ádhúla luckier
" B’fhéidir go mbeidh mé níos ádhúla an bhliain seo chugainn – cé go dtuigim go bhfuil sé ráite gur ‘súil le breis a mhilleann an cearrbhach’.
Ádhúil fortunately
" Ádhúil go leor, tá ceann de na rátaí beireatais is airde san Aontas Eorpach ag an bhFrainc.
go hádhúil luckily
" 
Gidh go mbíonn mo thuismitheoirí buartha, tugann siad síob dom tigh s'aigesan agus, go hádhúil, tá dúil acu ann.
nó fiú amháin mí-ádhúil or even unlucky
" Nuair a éiríonn an saol dúshlánach, brónach nó fiú amháin mí-ádhúil, sílim i gcónaí gur féidir linn glacadh leis nach mbíonn néal gan ghealán, nach mbíonn sa dorchadas ach seal agus nach mbíonn sa bhrón ach tocht neamhbhuan.