Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
áiféiseach absurd
" Agus is suimiú suas maith é sin ar an bhliain 2002 - le cois na gceisteanna móra, bhí nithe a bhí osréalach nó áiféiseach amach is amach sa nuacht chomh maith.
gcomhghuallaíocht áiféiseach silly alliance
" Ní hé raic na dtáillí ollscoile atá ar intinn agam, cé gur léir ón gcomhghuallaíocht áiféiseach idir Páirtí an Lucht Oibre agus an Páirtí Daonlathach ar an gceist áirithe sin go bhfuil clochmhíle de shaghas éigin sroichte againn i stair na polaitíochta in Éirinn.
costas áiféiseach ridiculous cost
" Easpa maoinithe ón stát is cúis go pointe le lagiarracht na n-údarás aitiúil san obair seo, go háirithe nuair atá costas áiféiseach ar thalamh athchúrsáilte.
áiféiseacha absurd
" Ceapann daoine áirithe go dtitfidh na praghsanna áiféiseacha seo luath go leor.
áiféiseach ridiculous
" Dá gcuirfí na moltaí a chuir sé chun cinn ag an am i bhfeidhm i 1973 is ar éigean a bheadh costas tithe chomh háiféiseach is atá.
áiféiseach absurd
" Cén uair a thiocfadh leat a rá go bhfuil níos mó luacha ag baint le rud a laghdú ná mar atá le rud a mhéadú? Cé mhéad uair a chuala tú duine ag gearán faoi chanbhás lom spárálach, é ag rá nach bhfaca sé rud ar bith ann, go raibh an praghas áiféiseach agus go dtiocfadh le duine ar bith é a dhéanamh? An bhfuil an freagra faighte agat go foill? Is ea, tá mé ag caint faoi ghluaiseacht ealaíne a tharla sna seascaidí agus atá go fóill ábalta díospóireachtaí fíochmhara a spreagadh idir daoine faoin fhiúntas a bhaineann léi agus an t-aitheantas atá nó nach bhfuil tuillte aici.
áiféiseach absurd
" Má tharlaíonn sin, beidh sé ina radharc áiféiseach ar fad.
áiféiseacha absurd
" Ní scéalta áiféiseacha ar fad iad seo.
cleachtais áiféiseacha absurd practices
" Tá sé thar am don rialtas córas ceart cigireachta, a bheadh neamhspleách amach is amach, a fhorbairt agus déanamh cinnte go gcuirfear deireadh le cuid de na cleachtais áiféiseacha atá ann faoi láthair (an nós atá ann, mar shampla, rabhadh a thabhairt do na tithe altranais go bhfuil cigire chun cuairt a thabhairt orthu).
áiféiseach absurd
" Mar shampla, bhíos ag féachaint ar *Ben Hur* (an scannán) ar RTÉ agus smaoiníos ar na bailéid spóirt, agus cheanglaíos an dá smaoineamh le chéile chun amhrán áiféiseach a dhéanamh.
greannmhar agus áiféiseach funny and absurd
" Tá na mílte finscéal cumtha agus na mílte scéal atá fíor nó leathfhíor inste faoi eachtraí a bhain le lucht leanúna na hÉireann, an chuid is mó acu greannmhar agus áiféiseach.
chomh háiféiseach is a bheadh sé dá gcaillfidís a gceadúnas how absurd it would be if they lost their licence
" (Cuimhnigh ar ár gcairde as deisceart Chill Chainnigh agus cé chomh háiféiseach is a bheadh sé dá gcaillfidís a gceadúnas de bharr iad a bheith beagán os cionn na sprice an mhaidin i ndiaidh dóibh na scórtha euro a íoc le hiad a thabhairt cúpla míle slí abhaile!) Ba cheart go mbeadh sé mar chuspóir ag na Gardaí nósmhaireacht úr a chruthú – is é sin, go bhfágfadh daoine an carr sa bhaile nuair a bheadh fonn dí orthu.
beagáinín áiféiseach, a little bit absurd,
" Ceapann sé go bhfuil smaointe spéisiúla againn, roinnt amaideach agus b’fhéidir beagáinín áiféiseach, ach spéisiúil mar sin féin.
rudaí áiféiseacha ridiculous things
" “Tá ana-chuid difríochtaí ann freisin, níl muid ag iarraidh rudaí áiféiseacha a rá, go bhfuil muid díreach mar a gcéanna, mar níl, ach mar sin féin is iontach an rud é go bhfuil nasc ann maidir leis an miotaseolaíocht, an tábhacht atá ag baint leis an mbó, cuirim i gcás, leis an talamh féin, leis an traidisiún atá ag baint leis na haicmí agus leis an léann.
áiféiseach absurd
" Tá sé áiféiseach go mbíonn daoine ag súil go mbrisfidh bean isteach i dteach atá ar thine chun páistí strainséara a tharrtháil.
Líomháin áiféiseach absurd allegation
" Líomháin áiféiseach a bhí ann, dar leo.
áiféiseach absurd
" Rud amháin a bheadh áiféiseach, murach go raibh sé chomh tromchúiseach, ná an dóigh ar láimhsigh na húdaráis agóidí i rith na gCluichí.
dream an tuarastail áiféisigh the crazily salaried people
" Thug an tUachtarán le fios gur chiorraigh sí a tuarastal sise, rinne an rialtas amhlaidh agus chuideodh sé go mór le sinne, atá ag saothrú chuid Pháidín den mheacan, a thuiscint go bhfuil dream an tuarastail áiféisigh in ann taobhú linne in Éire Inc.
go hiomlán áiféiseach entirely ridiculous
" Tá an cinneadh seo i ndiaidh easaontas agus achrann a spreagadh i measc cuid mhaith daoine go háirithe James Dean Bradfield, ceoltóir de chuid na Manic Street Preachers, a dúirt gur shíl sé go raibh an scéal ‘go hiomlán áiféiseach’.
áiféisigh over the top
" Sochaí a thiomáineann Roman agus Maru, friothlaochra an scéilín áiféisigh seo, go himeall a bpléascaithe, agus, eirbeall in airde, thar aill a scriosta ar deireadh.
áiféiseach ridiculous
" Cad é mar a mhíneofaí an stádas áiféiseach atá ag an Ulster Scots ó thuaidh? Beartas thar a bheith cliste a bhí ann an chanúint a cheangal leis an Ghaeilg sa mhéid is go bhfuil maoiniú don teanga agus don chanúint ag brath ar a chéile, a bheag nó a mhór.
áiféiseach ridiculous
" Lean Frum leis an tagairt do na Naitsithe i leabhar a scríobh sé le Richard Perle i 2003 leis an teideal áiféiseach, An End to Evil: How to Win the War on Terror.
áiféiseacha ridiculous
" Fásann an greann as iarrachtaí áiféiseacha a mic is a hiníne an fíorscéal polaitiúil a cheilt uirthi sa bhaile.
áiféiseach silly
" Fuaireas ‘liombó’ agus ‘neamh’ Jackson saorga, áiféiseach.
áiféiseach ridiculous
" Agus is ar Bernard Lewis, Ollamh Gradaim de chuid Ollscoil Princeton a rugadh i Sasana, an fear a chum an coincheap áiféiseach “Coimhlint idir Sibhialtachtaí,” ar tagraíodh dó mar: “*perhaps the most significant intellectual influence behind the invasion of Iraq*.
háiféiseach ridiculous
" Gaeltacht na dTreabh Má bhí na teorannacha as riocht 13 bliain ó shin tá an scéal chomh háiféiseach anois is gur oilbhéim anois é, im’ thuairimse.
ba áiféisí most ridiculous
" Ar ndóigh, is as freisin a d’eascair ceann de na conspóidí ba áiféisí, an argóint i gCorca Dhuibhne faoi An Daingean/Dingle.
as siocair áiféiseach on a ridiculous pretext
" Mac léinn eile sa scoil a mharaigh é as siocair áiféiseach, is cosúil.
áiféiseach ridiculous
" Sonra neamhthábhachtach? Scéal áiféiseach is ea é iompú Cohen a hinsíodh sa Jerusalem Post i mí na Samhna, 2005.
áiféiseach incredible
" Ach thug siad ár ndúshlán agus chuaigh siad ar aghaidh leis, rud a bhí scannalach agus áiféiseach.
bréaga áiféiseacha ridiculous lies
" Ba mhó an masla dár bpobal tacaíochta é nuair a cumadh bréaga áiféiseacha faoin airgead a tugadh dóibh.
áiféiseach ridiculous
" Má tá an scéal chomh dona sin i ngach seirbhís phoiblí eile, agus d’fhéadfadh sé a bheith níos measa i roinnt acu, tá sé áiféiseach a bheith ag ceapadh gur féidir líon na gcainteoirí laethúla, taobh amuigh den chóras oideachais, a mhéadú 5.
cuma áiféiseach ridiculous appearance
" Má bhí cuma áiféiseach ar rialtas atá ar tí dul as oifig a bheith ag cur Plean Ceithre Bliana le chéile do ghéilleagar na tíre, tá cuma osréalaíoch ar an rialtas chéanna a bheith ag foilsiú straitéis fiche bliain don Ghaeilge.
chum an coincheap áiféiseach thought up the ridiculous concept
" Is é Lewis, an fear a chum an coincheap áiféiseach “Coimhlint idir Sibhialtachtaí,” ar tagraíodh dó mar: *“perhaps the most significant intellectual influence behind the invasion of Iraq.
cogadh na sifíní áiféiseach seo this storm in a tea-cup
" B’éigean d’urlabhraí ar son ‘an Pháláis’ ráiteas a eisiúint le cur in iúl go raibh iompar an Phríomh-Aire go hiomlán ceart sular cuireadh deireadh le cogadh na sifíní áiféiseach seo.
fiú áiféiseach even ridiculous
" Is léir go bhfuil an-chuid eolais ar an idirlíon atá míchruinn, agus fiú áiféiseach.
bhí cuma amaideach, áiféiseach thruacánta orthu sin they had a foolish, ridiculous, piteous appearance
" Ní na fir mheánaosta fána gcultacha Domhnaigh agus bróga snasta, meirgí an *Royal Black Institution* á gcaitheamh go bródúil acu - bhí cuma amaideach, áiféiseach thruacánta orthu sin leis an fhirinne a dhéanamh, a seicteachas folaithe in éide na measúlachta - ach ar na buíonta a bhí mar thionlacan acu agus an drong a bhí á leanstan.
damhsa áiféiseach ridiculous dance
" ‘Bhi sé thar a bheith amaideach’ a dúirt Kapoor agus é ag caint faoin damhsa áiféiseach a rinne siad mar aithris ar cheann PSY, ‘ach bhí gá leis.
cuma áiféiseach a ridiculous appearance
"cuma áiféiseach ar an fhigiúr sin.
bheadh sé áiféiseach it’d be ridiculous
" Ach bheadh sé áiféiseach dá mbeadh páistí i dteaghlach ag fáil a gcuid oideachais i scoileanna éagsúla siocair gur séanadh áit sa Ghaelcholáiste ar bhall amháin den teaghlach.
a bhí bunaithe ar mheascán de theoiricí áiféiseacha ciníocha which were based on a mixture of ridiculous racist theories
" Bhí Mengele i mbun a chuid turgnamh aisteach leighis ag an tráth sin, turgnaimh a bhí bunaithe ar mheascán de theoiricí áiféiseacha ciníocha a bhí coitianta i measc “intleachtóirí” áirithe ag an am.
Níl na héilimh sin chomh háiféiseach sin those demands are not so ridiculous
" Níl na héilimh sin chomh háiféiseach sin, má smaoiníonn tú ar chúrsaí i gceart.
giuirléidí áiféiseacha seo these mad devices
" Is mé ag tabhairt faoin taighde don alt seo thug na giuirléidí áiféiseacha seo le tuiscint dom nach gcruthaíonn an gá ach crá inár gcroí agus gur chóir dúinn sásamh a fháil sa mhéad atá againn inár saol cheana.