Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
clann áirid a certain family
" Cuir i gcás go bhfuil páiste amháin as clann áirid i scoil amháin agus páiste eile ón gclann chéanna i scoil eile ag rang eile.
de chiorcal áirid of a certain circle
" Tá sé thar cionn go bhfuil an t-aitheantas sin le fáil ag daoine taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, taobh amuigh de chiorcal áirid.
tráchtairí áirid certain commentators
"tráchtairí áirid ag rá gur seo an t-am nuair a scoilteas an dá thaobh óna chéile.
méid áirid ama agus fuinnimh a certain amount of time and energy
" B’fhéidir nach bhfuil leath ár ndóthain déanta a’ainne, ach níl ach méid áirid ama agus fuinnimh ag duine le díriú ar rudaí.
go bhfuil fíbín áirid a certain amount of excitement
" Cruthúnas é go bhfuil rud faoi leith ar siúl i gCeanada, agus go bhfuil fíbín áirid faoi ghníomhairí Gaeilge na tíre sin.
Tá méid áirid reachtaíochta a certain amount of legislation is
" Tá méid áirid reachtaíochta á thionscnamh thríd an Seanad.
plé áirid a particular discussion
" Dúirt iar-Airí Gaeltachta go raibh plé áirid ag Roinn na Gaeltachta agus ag Feidhmeannaigh Roinn na Gaeltachta le líomhaintí.
faoi ghnóthaí na Gaeilge go áirid Irish language matters particularly
" Tús na 1970aí bhí saol sóisialta iontach i mBleá Cliath i measc lucht na Gaeilge ag an am: Club an Chonradh faoi lán seoil agus comhluadar den scoth ann oíche ar bith den tseachtain; Tigh Néill ar Rae Muirfean lán go doras ar an Satharn le lucht na cúise ag cur is ag cúiteamh faoin saol agus faoi ghnóthaí na Gaeilge go áirid; club sóisialta eile do lucht na Gaeilge, An Bonnán Buí, bunaithe ag an bhfile Caitlín Maude ar bun ar an Domhnach.
ach le méid áirid acu sin just to some of those
" Má ghlac, níor íocadh an t-airgead ach le méid áirid acu sin agus d'fhan an stát ag baint móna go santach as na portaigh lagáin i rith an ama trí Bhord na Móna.
cuirfear cineálacha áirid crann certain types of trees shall be planted
" Cén dochar má ghlactar leis nach mbainfear móin ar na portaigh sléibhe faoi cheann deich mbliana agus in ionad an mhóin a bhaint, go mbearrfar crainn le haghaidh Brosna? Chuige sin, cuirfear cineálacha áirid crann sna lagphortaigh sléibhe, sail dúchais, beith agus crann fearna is inmholta (ar luas a bhfáis & ar tháirgeadh nitrigín a gcuid duilliúir .
Bhain baol áirid leis a certain amount of risk pertained to
" Bhain baol áirid leis an gcarr seo a thabhairt ar ais go hÉirinn.