Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
áisíneachtaí agencies
" Tagann maoiniú ón rialtas feidearálach, ó áisíneachtaí rialtais stáit, fondúireachtaí príobháideacha, airgead ó dhaoine aonair, agus imeachtaí bailithe airgid a ndéanann an t-ionad urraíocht orthu.
háisíneachtaí stáit state agencies
" Bhuail Aogán Ó Muircheartaigh an sprioc nuair a rinne sé an gearán seo thíos: Ar deireadh thiar ná fuil sé in am ag na háisíneachtaí stáit - agus ag na scoláirí gairmiúla sna coláistí tríú leibhéal chomh maith - áis cheart/áiseanna cearta a sholáthar ar an Idirlíon ina mbeadh teacht ar gach focal nua a chumtar (mar aon le dáta a chumtha!) agus ligean do dhaoine a bheith ag áiteamh ina dtaobh agus ag baint feidhme astu … Is mór an náire ná fuil a leithéid de áis Idirlín ar fáil go fóill (*Feasta*, Feabhra 2001).
áisíneachtaí eile other agencies
" Bunaíodh an stáisiún seo le bheith ina fhoilsitheoir/craoltóir, le clársceideal a chur le chéile agus le dhul ansin go dtí áisíneachtaí eile leis na míreanna éagsúla atá sa gclársceideal sin a líonadh agus a léiriú dúinn.
áisíneacht stáit state agency
" Agus teach príobháideach i gceist, ní féidir le heagraíocht nó áisíneacht stáit dul thar thairseach an dorais le háitiú ar mhuintir an tí gur chóir dóibh Gaeilge a labhairt.
faoi chúram áisíneachta neamhspleáiche éigin as the responsibility of some independent agency
" Seans, áfach, gur cheart feidhmiú an choinníll a chur faoi chúram áisíneachta neamhspleáiche éigin – Údarás na Gaeltachta nó An Bord Pleanála, cuir i gcás – seachas a bheith ag brath ar na Comhairlí Contae nach raibh i bhfách leis an chéad lá riamh.
Áisíneacht Chosanta na hEorpa the European Defence Agency
" Deir an Conradh go neamhbhalbh go gcaithfidh ballstáit feabhas leanúnach a chur ar a gcumas míleata, de réir mar a threoraíonn Áisíneacht Chosanta na hEorpa dóibh a dhéanamh.
Áisíneacht Bainistíochta na Sóchmhainní Náisiúnta The national assets management agency
" * Bunófar Áisíneacht Bainistíochta na Sóchmhainní Náisiúnta – ‘An Drochbhanc’.
Áisíneacht Bhainistíochta management agency
" Má chreideann an pobal gur mó de bheart slánaithe na n-Amhantraithe Réadmhaoine an Áisíneacht Bhainistíochta - ‘Drochbhanc’ an Rialtais - ná gléas fuascailte na géarchéime creidmheasa, ní fios an slad a imreofar ar Fhianna Fáil agus ar an gComhaontas Glas sna toghcháin Áitiúla agus Eorpacha le teacht.
Áisíneacht agency
" De réir taighde a rinne an Áisíneacht um Thraenáil agus Forbartha Scoileanna (TDA) sa Bhreatain anuraidh, fritheadh gur rólchuspaí ríthábhachtacha iad múinteoirí fireanna do bhuachaillí agus iad ag éirí aníos.
áisíneachtaí agencies
" Cuireadh deireadh le go leor áisíneachtaí stáit agus tugadh a gcuid cúraimí isteach faoi chúram na n-aireachtaí rialtais cuí.
áisíneacht agency
" An rud is measa uilig ná go bhfuil sé ráite ann go ndéanfar Údarás na Gaeilge de Údarás na Gaeltachta agus gur mar áisíneacht náisiúnta Ghaeilge a bhéas sé ag feidhmiú, agus beidh an cúram air breathnú i ndiaidh cúrsaí Gaeilge ar fud an stáit! Dochreidte Is deacair é seo a chreidiúint: tá sé ar intinn an Rialtais eagraíocht Ghaeilge a dhéanamh den aon fhoras stáit atá ann, a bhfuil fócas Ghaeltachta aige.
áisíneachtaí agencies
" Mar bhuille scoir, tá gach crosbhóthar mór gafa ag arm d’fheachtasóirí proifisiúnta: bochtáin a n-íocann áisíneachtaí poiblíochta luach de thar ar €17 in aghaidh an lae leo chun bratach nó lamhnán héiliam le téacs bolscaireachta a choinneáil ina lámh, ar feadh ocht n-uaire an chloig, faoin ngréin, sa bháisteach, faoi dheatach na tráchta.
háisíneachta creidmheasa credit agencies
" Tá na háisíneachta creidmheasa ag tabhairt rabhaidh go n-ísleofar grádú creidmheasa na tíre.
an áisíneacht the agency
"an áisíneacht NewERA le hathbhreithniú a dhéanamh san Fhómhar ar Raidió na Gaeltachta agus d'fhéadfadh ciallachais mhóra a bheith ag toradh an fhiosrúcháin sin do TG4.
le háisíneachtaí stáit ina leith with state agencies in regard to this
" Arís, ní cheileann sé a dhíomá faoin teagmháil a bhí aige le háisíneachtaí stáit ina leith.
háisíneachtaí stáit state agencies
" Má dhruidtear é, caithfear, dar leis, na hathruithe cuí a chur i bhfeidhm ar na córais toghchánaíochta agus ar na ceapacháin do na háisíneachtaí stáit san áireamh.