Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
áitithe occupied
" Ar an mbealach áirithe sin, bhain Aer Arann úsáid as eitleáin ATR-72, ina bhfuil 70 suíochán, agus mar sin bhí timpeall dhá thrian de na suíocháin áitithe, uimhir shásúil d’aon aerlíne.
áitiú Ulla Ulla's farmstead
" Is cinnte go gcónaíodh Lochlannaigh ag Ulapul – meastar go dtagann an t-ainm ón téarma Lochlannach *Ulla-Bolstradr*, a chiallaíonn “áitiú Ulla”.
áitiú ar Londain (to) convince London
" D’éirigh le Redmond a áitiú ar Londain Acht an Aontais a aisghairm gan úsáid a bhaint as dúnmharú.
le háitiú ar mhuintir an tí to persuade the people of the house
" Agus teach príobháideach i gceist, ní féidir le heagraíocht nó áisíneacht stáit dul thar thairseach an dorais le háitiú ar mhuintir an tí gur chóir dóibh Gaeilge a labhairt.
roinnt áitiú some persuasion
" Theip ar iPod s’againne le déanaí agus tar éis roinnt áitiú ar m’fhear chéile, d’éirigh liom cás m’iPhone maoineach a dhéanamh.
á áitiú persuading
" Bagairt na Creimile ======== Ar ais ag Fóram an Artaigh, bhí Artur Chilingraov ag iarraidh beag is fiú a dhéanamh den achrann, á áitiú arís gur ar son na heolaíochta amháin a bhí a éacht féin.
ag áitiú ar persuading
" Tuairiscitear gur chaith Rúnaí Stáit Hillary Clinton ocht n-uaire an chloig ag áitiú ar Netanyahu glacadh leis an mbreab gan an dlí idirnáisiúnta a bhriseadh (seachas in Iarúsailéim Thoir) ar feadh trí mhí.
áitiú ar persuade
" D’fhéadfaí áitiú ar lucht a eagraithe go bhfuil gach duine de na daltaí scoile i bPoblacht na hÉireann a bhfuil an comórtas dírithe orthu ag foghlaim na Gaeilge agus má tá €5,000 ar fáil don bhuaiteoir, ní bhrisfeadh sé an banc dá mbeadh €1,000 breise ar fáil ach an iarracht a bheith i nGaeilge nó dátheangach.
féidir a áitiú it can be said
" I nDeabhaidh Lainne =========== Is amhlaidh a bhí an múnla traidisiúnta ar aon nós, ach tá teicneolaíocht na cumarsáide ag forbairt chomh tapa sin gur féidir a áitiú go bhfuil teicnící na bhfeachtas ó fiú cúig bliana ó shin anois go hiomlán as feidhm.
is féidir a áitiú it can be argued
" Ar deireadh, is féidir a áitiú ag an tráth seo agus an t-alt seo á scríobh, go bhfuil trí fhoireann mhóra anois ag muintir Bhaile Átha Cliath a dtugtar tacaíocht dóibh agus a mheallann aird agus slua: foireann peile shinsearach Átha Cliath, foireann rugbaí Laighean agus foireann iomána shinsearach Átha Cliath.
bhféadfaí áitiú eacnamaíochta a dhéanamh one couldn’t make an economic argument
" Nár chiallmhar mar sin pobal daoine sa Pholainn a mbeadh roinnt díobh acmhainneach ar obair a thabhairt chun rialtachta? Tabhairt chun Rialtachta in Éirinn ============== Déarfá nach bhféadfaí áitiú eacnamaíochta a dhéanamh in Éirinn ar son scéim a thabharfadh inimircigh lasmuigh den dlí chun rialtachta ach tá feachtas ar siúl ag Ionad Chearta na nInimirceach in Éirinn (MRCI) a mhaíonn go bhféadfadh an stát suas le 100 milliún euro a thuilleamh ó cháin a d’íocfadh inimircigh a thabharfaí chun rialtachta agus a bhfostóirí araon.
modh an áitithe the argumentation method
" Cad atá i gceist agam anseo le reitric, más ea? Tig linn ‘modh an áitithe’ a ghairm den reitric thraidisúnta.
dhíbh sé an t-áitiú sin but he dismissed that argument
" D’iarr na dlíodóirí cosanta ar an mbreitheamh le linn thriail an tSeisir gan admhálacha na bhfear a ligean isteach mar fhianaise mar go raibh siad gan síniú, ach dhíbh sé an t-áitiú sin.
aon rud a áitiú orthu to convince, make a case with them
" Níor ghá do na nuachtáin aon rud a áitiú orthu.
thug mé iarraidh áitiú uirthi I tried to convince her
" Ar ndóigh, nuair a bhain mé an baile amach agus chonaic mé aghaidh chrosta mo mhná chéile, thug mé iarraidh áitiú uirthi nach raibh mé dóigh ar bith ar meisce ach ba léir di go raibh mé ar na cannaí.
Níl mé chun aon áitiú a dhéanamh I’m not going to argue
" Níl mé chun aon áitiú a dhéanamh faoin mír eolais seo – bhí sí agam ar neart mótarbhealaí agus is féidir liom a rá nach bhfuil sí mall in aon slí.