Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
áitreabh habitation
" Cuid d'áitreabh i bhfad níos mó é an foirgneamh seo agus is féidir lá nó cúpla lá a chaitheamh ag féachaint ar na hiontais chloiche ar fad.
áitreabh premises
" Bhí an-deacrachtaí agam, mar bhí mé in áitreabh eile in aice leis an abhainn.
áitreabh settlement
" Míthuiscint is ea é gur cainteoirí Béarla a chuir tús le háitreabh Eorpach san áit a dtugtar na Stáit Aontaithe anois uirthi.
áitreabh caoi suitable premises
" AÓF: Cá mbeidh an chartlann seo lonnaithe? An mbeidh sí oscailte don phobal i gcoitinne agus do thurasóirí agus araile nó an mbeidh sí dírithe ar scoláirí amháin? DdeB: Tá áitreabh caoi aimsithe againn ach tá an páipéarachas fós le críochnú ina thaobh agus beidh roinnt athchóirithe le déanamh air amach anseo.
cúrsaí áitribh matters relating to premises
" Bím féin agus oifigeach eile ag plé le scoileanna aitheanta mar a bhaineann sé le polasaithe, bainistíocht, cúrsaí buiséid, cúrsaí áitribh agus araile.
mar áitreabh pionóis as a penal area
" Thug an fear céanna an-chabhair do na céad inimircigh Eorpacha nuair a cuireadh tús leis an gcoilíneacht mar áitreabh pionóis sa bhliain 1788.
áitreabh pionóis penal colony
" Bhí muintir Sydney den tuairim go mba cheart dá gcathairsean a bheith mar phríomhchathair na tíre de bharr gur bunaíodh an chéad lonnaíocht Eorpach san Astráil ansin sa bhliain 1788 agus an choilíneacht á cur ar bun mar áitreabh pionóis.
thógáil áitreabh building of settlements
" Mar mhalairt ar “pháirt-reo” ar thógáil áitreabh nua ar an mBruach Thiar ar feadh 90 lá, tabharfaidh SAM aerárthaigh troidbhuamála ar fiú $3 billiún iad d’Iosrael saor in aisce (anuas ar na billiúin a thugann siad gach bliain), crosadh ar rún ar bith de chuid Comhairle Slándala na Náisiún Aontaithe nach dtaitníonn le hIosrael, eisceacht maidir le tógáil áitreabh in Iarúsailéim Thoir, agus gealltanas scríofa nach n-iarrfaidh Obama “reo” eile ar Iosrael amach anseo.
áitreabh home, residence
" Toisc nach mbíonn sé ar acmhainn na mbochtán – tá 56 mhilliún duine sa tír ag maireachtáil faoi bhun líne an bhochtanais – áitreabh ceart, pleanáilte in áit oiriúnach a cheannach, thóg siad féin a dtithe ar an drochthalamh a bhí fágtha, ar leitreacha cnoic, ar riascanna agus mar sin de.
áitreabh pionóis penal habitat
" Ilghnéitheacht na nImirceach ================ É sin ráite, bhí éagsúlacht ag baint le stair na nÉireannach san Astráil ón gcéad lá a bunaíodh an choilíneacht mar áitreabh pionóis sa bhliain 1788.
áitreabh habitat
" Bhí an t-ádh orainn anuraidh nuair a thug *“Gorey Courtown Forest Park Ltd”* an-chuid cabhrach dúinn agus bhíomar in ann an áitreabh nua seo a fhorbairt.
Níl cónaí ná áitreabh ann there’s neither abode nor habitation there
" Níl cónaí ná áitreabh ann, ach seanchosáin a chleacht na Breatnaigh ar feadh na gcianta, brácaí lucht siúil, agus nead na bhfiach.
in áitribh agus i bhfoirgnimh éagsúla in places and in buildings
" B’é sin The Merchant of Venice acu, dráma a cuireadh ar bun i 2005 in áitribh agus i bhfoirgnimh éagsúla fud fad na cathrach.
fanacht san áitreabh naofa seo to stay in this saintly abode
" Cuireann na mná brú ar an sagart ligean d’Alina fanacht san áitreabh naofa seo agus ní bhíonn de rogha aige ach géilleadh dá n-achainí nó nach bhfuil áit ar bith eile aici le cur fúithi ann.