Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
árachas insurance
" Ta árachas poiblí an-ard agus ag méadú.
árachas príobháideach private insurance
" Ar an mbonn gur dócha go bhfuil árachas príobháideach ag cuid de na daoine sin, tá an argóint ann go mb'fhéidir gur aisíoc é seo ar an leatrom a dhéantar ar na hothair phoiblí sna hospidéil i gcomparáid leis na hothair phríobháideacha, ach ag deireadh an lae, is ag na cógaslanna atá ann faoi láthair atá an bua agus an buntáiste airgid.
árachais insurance
" Ina theannta sin, tá teipthe ar chuid de na comhlachtaí ba mhó san Astráil ó thús na bliana - an comhlacht árachais HIH a raibh fiacha $4 billiún air, an comhlacht teileachumarsáide Onetel agus an ceann a bhain leagan as roinnt mhaith daoine, Ansett.
clúdach árachais insurance coverage
" Ar an drochuair, tá seans níos lú ann go ndéanfaidh fostóir clúdach árachais sláinte a thairiscint d'oibrithe ar phá íseal, agus, má chuirtear clúdach ar fáil dóibh, is minic a chaitheann siad níos mó a íoc as.
árachas sláinte health insurance
" Fhad is go bhfuil árachas sláinte agus gluaisteán deas againn, tá muid ar nós cuma liom faoi dhaoine eile.
árachas insurance
" Mar shampla, íocann baill an CLG Cáin Bhreis Luacha (CBL) ar na camáin (faigheann an rialtas trí euro ar gach camán a cheannaítear!), ar na geansaithe, ar an bpeitreal, ar ghlaonna gutháin, árachas, iompar foirne, bia agus mar sin de, is é sin na nithe go léir a bhaineann le foirne a chur chun páirce seachtain i ndiaidh seachtaine ar fud na tíre.
gcomhlacht árachais insurance company
" Foilsíodh tuarascáil le gairid faoin gcaoi ar chlis ar an gcomhlacht árachais HIH in 2001 agus na cúiseanna a bhí leis.
árachas na cairte car insurance
" Bhí an-áthas orm é a fháil ag an am agus bhí sé an-áisiúil mar dhíol sé as árachas na cairte dom ar feadh bliana! AÓF: Agus leis an albam *The Flying Pig *aithníodh an grúpa Slide lena seinneann tú mar "Best Newcomers 2000/2001" in Irish Music magazine.
níl árachas féin agam air I don't even have it insured
" "Bhí siad dingthe isteach go maith agam nó bhí eagla mo chroí orm go mbrisfí an ríomhaire nó níl árachas féin agam air.
comhlacht árachais insurance company
" " I ndiaidh di clár a fheiceáil ar an teilifís faoi sheach-chonair ghastrach, chuaigh sí i dteagmháil lena comhlacht árachais le fiosrú faoi chumhdach a fháil don mháinliacht.
scéim árachais insurance scheme
" Tuairisc a rinne siad ar an chlár "Farm Diary" ba chúis leis seo, tuairisc ina ndúirt siad go raibh comhlacht feola Éireannach lárnach i bfiosrúchán a bhí ar bun san Iaráic maidir le caimiléireacht feola, agus gur baineadh míleas as scéim árachais de chuid an rialtais trí fheoil, nárbh fheoil Éireannach í, a chur isteach fúithi.
ag tagairt do chomhlachtaí árachais referring to insurance companies
" Is ag tagairt do chomhlachtaí árachais agus do lucht an dlí atáim, dreamanna atá ag leagadh síos an phraghais, mar a déarfá, agus an costas a bhaineann le reáchtáil agus eagrú spóirt éagsúla.
scéimeanna árachais insurance schemes
" Ar nós Chumann Rugbaí na hÉireann, tá scéimeanna árachais ag an CLG atá éigeantach agus i láthair na huaire tá costas damanta ard orthu atá ag dul i méad in aghaidh na bliana.
costais mhéadaithe árachais increased insurance costs
" Freagracht ======= Ardaíonn costais mhéadaithe árachais ceisteanna bunúsacha faoin fhreagracht ba chóir nó nar chóir a bheith ar eagraíochtaí spóirt.
d'árachas saoil your life insurance
" Sin le rá go gcaithfidh tú do theach nó d'árachas saoil a dhíol más gá agus ansin, nuair bheas tú beo bocht, gheobhaidh tú déirce ón stát.
árachas sláinte health insurance
" árachas sláinte ======= Ar ndóigh, moltar dúinn ar fad árachas sláinte a cheannach sula dtéann muid ag taisteal, agus arís is féidir é sin a fháil thar an idirlíon.
árachas sláinte health insurance
" Cinntíonn an t-eagras seo nach bhfuil cleachtais fhríthiomaíocha ar súil in earnálacha éagsúla, mar shampla earnálacha a bhíodh faoi smacht an Stáit mar iompar nó árachas sláinte.
costaisí árachais insurance costs
" Anuas air sin tá costaisí árachais, go háirithe i dtaobh na ngníomhaíochtaí fén spéir.
costaisí árachais insurance costs
" Anuas air sin tá costaisí árachais, go háirithe i dtaobh na ngníomhaíochtaí fén spéir.
a dhéanann calaois ar chomhlachtaí árachais who defraud insurance companies
" Le cois neart gnáthdhaoine deasa díreacha saothracha, tá dlíodóirí mímhacánta agus neamhinniúla ann, oibrithe sa tSeirbhís Sláinte a dhéanann obair phríobháideach le linn a gcuid uaireanta oibre, agus roinnt mhaith daoine a dhéanann calaois ar chomhlachtaí árachais.
éilimh árachais insurance demands
" Scéalta suimiúla ======= D’oibrigh mé ar feadh tamaill do chomhlacht a fhiosraíonn éilimh árachais, agus bhí neart scéalta suimiúla ansin.
polasaí árachais insurance policy
" Sórt polasaí árachais atá ann don bheirt againn, má thuigeann tú mé, a thaisce.
Scéim árachais feabhsaithe improved insurance scheme
" Scéim árachais feabhsaithe d’imreoirí club agus contae.
árachas insurance
" Fiú más obair dhainséarach í gan árachas, pinsin, pá maith, ná cearta ar bith, tá an obair seo níos fearr ná a bhfuil ar fáil sa mbaile.
costais rátaí, fuinnimh, iompair, comhshaoil agus árachais the cost of rates, energy, transport, environment and insurance
"costais rátaí, fuinnimh, iompair, comhshaoil agus árachais ag méadú chomh maith leis an choiriúlacht gheilleagrach.
gan árachas without insurance
" Tá an rialtas tar éis an bealach éasca a thógáil le léiriú go bhfuil iarracht éigin á déanamh acu laghdú a dhéanamh ar an líon daoine atá á marú ar na bóithre (366 duine sa bhliain 2006) ach níl mórán iarrachtaí á ndéanamh maidir le fadhbanna eile: na mílte tiománaí atá ag tiomáint gan ceadúnas ar bith; na mílte atá ag fanacht le triail tiomána; na céadta eachtrannach atá ag tiomáint gan árachas nó ceadúnas; agus, an easpa comhoibrithe atá ann idir na húdaráis ó thuaidh agus ó dheas, a chiallaíonn go bhfuil ráta an-ard timpistí i gcontaetha na teorann.
faoin ghéarchéim sláinte agus árachais about the health and insurance crisis
" Táthar ag plé conas mar a fhreagróidh na hiarrthóirí na ceisteanna a ardaíodh sa scannán is deireanaí ó Michael Moore faoin ghéarchéim sláinte agus árachais i Meiriceá.
árachas insurance
" Deirtear go minic gurb é Peter aghaidh phoiblí na ndeartháireacha Quinn – is é Seán Quinn (atá i bhfad níos príobháidí mar dhuine) an dara duine is saibhre in Éirinn, agus baint aige le táirgí cairéalaithe, árachas agus an tionscal fáilteachais, i measc rudaí eile.
na comhlachtaí móra árachais the big insurance companies
" Tá sé ina luaidreán gur íoc na comhlachtaí móra árachais airgead mór chun é a smálú mar gheall ar a phlean chun ollchóras sláinte náisiúnta a thabhairt isteach ar mhúnla na dtíortha Eorpacha.
easpa árachais i measc na saoránach bocht and a lack of insurance among poor citizens
" Bíodh an diabhal ag scéalta beaga mar thrioblóid ar an stocmhalartán, shíormharú san Iaráic, agus easpa árachais i measc na saoránach bocht - ba é an scéal mór ná an troid a thit amach idir sonóg pheile Ollscoil Oregon agus sonóg pheile Ollscoil Houston i rith cluiche peile Meiriceánach an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart.
comhlachtaí árachais sláinte health insurance companies
" Is teicneolaíocht iontach é seo ach dá dtarlódh sé go raibh comhlachtaí árachais sláinte ag iarraidh ort na sonraí sin ar fad a roinnt leo, an mbeifeá sásta é sin a dhéanamh? Tá ceisteanna suimiúla eitice ag teacht chun cinn de bharr na dteicneolaíochtaí nua seo ar fad agus is cinnte nach Google an t-aon dream a bheidh ag baint geite as daoine amach anseo.
comhlacht árachais sláinte health insurance company
" Is dornálaí í a roghnaíodh mar Bhean Spóirt na Bliana ar na mallaibh, ar duais í a ndéanann an *Irish Times* agus an comhlacht árachais sláinte VHI urraíocht uirthi.
atá ina shaineolaí maidir le hárachas ealaíne who is an art insurance expert
" Ba é úinéir an chomhlachta seo, Luti Fagbenle, a chuir an saothar ar an mhargadh, agus dar le Bobby Read – atá ina shaineolaí maidir le hárachas ealaíne – is íomhá “speisialta” é an graifítí seo, agus is é an saothar is mó dá chuid atá díolta ag Bansky go dtí seo.
mo chomhlacht árachais my insurance company
" Ní raibh mo chomhlacht árachais sásta iad a chlúdach ach an oiread.
árachas insurance
" Agus is é an ghealltóireacht seo ba chúis le teip institiúdí móra airgeadais ar nós Fannie Mae, Freddie Mac agus Lehman Brothers, chomh maith le AIG, a chuir an cearrbhachas seo ar Wall Street faoi árachas.
gcomhlacht árachais insurance company
" D’fhógair Rúnaí Státchiste Henry Paulson i Meán Fómhair, 2008, go dtabharfadh Státchiste na Stát Aontaithe $85 billiún leis an gcomhlacht árachais is mó ar domhan, AIG, a tharrtháil, lá ina dhiaidh dó gan teacht i gcabhair ar Bhanc Lehman Brothers.
comhlachtaí árachais insurance companies
" Mar atá cúrsaí, caithfidh an gnáthshaoránach íoc as a chostaisí sláinte féin, agus is minic a dhiúltaíonn na comhlachtaí árachais don iarratasóir mar gheall ar dhrochshláinte a bheith air cheana féin.
Árachais insurance
" Más é brábach sprioc do chomhlachta, nach luíonn sé le réasún go ngearrfaidh tú na praghasanna is airde ar na táirgí is saoire? Faigh Cumhdach Árachais nó Cónra! Sin mar a sheasann cúrsaí mar atá siad.
thionscal an árachais the insurance industry
" 1 milliún dollar mar "shíntiúisí" ó thionscal an árachais.
árachas a cheannach to buy insurance
" A bhFuil i gCeist Céard atá sa bhille seo? Ar an gcéad dul síos, cuireann sé iachall ar dhaoine árachas a cheannach, mar atá sé sa Ghearmáin faoi láthair.
chomhlacht árachais insurance company
" Curadh an Domhain Ceangal amháin atá ann leis an tír, áfach, ná go bhfuil sí urraithe ag an chomhlacht árachais Hibernian.
árachais insurance
" Níor bhain siad sin leis na comhlachtaí móra mar tá a gcuid árachais féin ag Shell agus ag Exxon agus ní íocann siad árachas seachtrach ar bith.
comhlachtaí árachais insurance companies
" Níl costas *Merseyside* mórán i gcomórtas le costas £34 milliún i Londain agus síleann na comhlachtaí árachais go mbeidh an costas don tír ina hiomláine níos mó ná £200 milliún.
mo bheartas árachais my insurance policy
" Smaoinigh mé ar mo bheartas árachais; an raibh gortú de bharr róníocháin san áireamh ann?! I ndeireadh an sciúrtha, d’ordaigh sí dom an t-uisce fuar ón dabhach a chaitheamh tharam féin le mias beag plaistic.
cur go mór lena árachas taistil add on big time to his travel insurance
" B’éigean do Bhalor bocht cur go mór lena árachas taistil nuair a chuala lucht an árachais cén áit a raibh a thriall.
Faoi dhlíthe nua árachais under new insurance laws
" Faoi dhlíthe nua árachais agus tógála, ba bheag seans go bhféadfaí iad a atógáil ar phraghas íseal.
a gheallfaidh árachas sláinte which shall guarantee health insurance
" Cealú Maoinithe ====== Sa chás seo, tá bille nua sláinte an Uachtaráin Obama, a gheallfaidh árachas sláinte do chách, le teacht i bhfeidhm ar an gcéad lá d’Eanáir, 2014, agus tá cead ag daoine cur isteach air ón 1 Deireadh Fómhair na bliana seo.
le mo chomhlacht árachais with my insurance company
" Má éiríonn liom mo rothar a aimsiú leis an teicneolaíocht seo, ar chóir dom tabhairt faoi aistear achrann go teálta na sladaithe a ghoid é agus úinéireacht an rothair a phlé leo mé féin, nó ar chóir dom cúpla uair, lá, mí ag plé na ceiste leis an nGarda agus le mo chomhlacht árachais?
comhlachtaí árachais insurance companies
" ‘Treise leis’ a deir Brian, agus gach cosúlacht ar an scéal go mbainfidh Obama an sotal agus an mí-iompar de na comhlachtaí árachais sláinte.