Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Chionn Átha Gad Kinnegad
" Idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh, cuir i gcás, feicfidh tú páirceanna an CLG ar feadh an bhealaigh ag áiteanna ar nós Chionn Átha Gad, Bhealach an Tiriallaigh, Bhéal Átha na Slua, Bhaile Locha Riach agus mar sin de.
mBéal Átha na Sluaighe Ballinasloe (where there's a mental hospital)
" Déarfaí leis an bhfear bocht éirí amach i mBéal Átha na Sluaighe! *Is file é Gabriel Rosenstock agus eagarthóir leis an nGúm i mBaile Átha Cliath.
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath DCU
" Tá Fios Feasa bainteach leis an iarchéim MSc i nGnó agus Teicneolaíocht an Eolais a sholáthraíonn Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath - is sinne a mhúineann modúl na n-ilmheán sa chúrsa san.
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath University College Dublin
" "A Bhean Mhic an tSaoi," a dúirt sé, "níl d'fhear céile á *hire*áil agam, ach do bheinn faoi chomaoin agat muna mbraithfeá go gcaithfeá an scéal ar fad a insint do na tuismitheoirí!" Seal san ollscoil ======= Tar éis na scoile, chuaigh Máire go dtí An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit a ndearna sí an Léann Ceilteach agus nuatheangacha - Gaeilge, Béarla agus Fraincis.
hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath Dublin Institute of Technology
" AÓF: Tá baint agat le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath freisin nach bhfuil, ó thaobh na hamhránaíochta de? ÉÓD: Bhí sé d'ádh orm a bheith ag roinnt amhrán le mic léinn a bhí ag déanamh staidéir ar an gceol san Institiúid le trí bliana anuas.
sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath in UCD
" Agus é ina mhac léinn, bhíodh sé ag seinm na fidle ag gigs agus ag léiriú ceirníní don chomhlacht Ceirníní Cladaigh, chomh maith le roinnt léachtóireachta a dhéanamh sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Chaisleán Bhaile Átha Troim Trim Castle
" I gcás Chontae na Mí, mar shampla, tá an mótarbhealach thart ar Theamhair, loisceoir níos lú ná cúig mhíle ó Bhrú na Bóinne agus óstán ceithre stór ceadaithe i bhfoisceacht 50 troigh de Chaisleán Bhaile Átha Troim.
go roinnfí Baile Átha Cliath that Dublin would be divided
" Anuas air sin, cúpla mí ó shin rinne an Taoiseach iarracht tabhairt ar an Uasal Ryan glacadh le socrú go roinnfí Baile Átha Cliath idir thuaidh agus theas, sin le rá gur i ndeisceart na cathrach amháin a dhéanfadh an tUasal Ryan a chuid stocaireachta agus, dá réir, go bhfanfadh an tUasal Brady i dtuaisceart na cathrach.
Tollán Chaladh Átha Cliath the Dublin Port Tunnel
" Bhí an iliomad fadhbanna le cúrsaí tráchta agus le Tollán Chaladh Átha Cliath tiomnaithe mar oidhreacht air ach is beag atá déanta aige le fuascailt a aimsiú ar na deacrachtaí sin.
iarrachtaí thosaithe Átha Cliath the efforts of the Dublin forwards
" Ach rinneadh iarrachtaí thosaithe Átha Cliath a cháineadh mar gheall ar na deiseanna scórála a scaoil siad uathu agus fágadh comhartha ceiste faoi fhíorchumas na foirne.
mór-Ghaeil Bhaile Átha Cliath go léir all the important Irish speakers of Dublin
" Ach, sa deireadh bhí mé tagtha go dtí an pointe go raibh mór-Ghaeil Bhaile Átha Cliath go léir curtha faoi agallamh agam níos mó ná uair amháin.
a chuir Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath ar ceal that Dublin County Council cancelled
" Is bailiúchán é de na físeáin a chuireadar amach leis na singlí, cúpla amhrán as ceolchoirm agus scéal amháin nuachta faoin gceolchoirm a chuir Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath ar ceal – gan aon fáth.
Saoránacht Chathair Bhaile Átha Cliath the Freedom of Dublin City
" I mí an Mhárta i mbliana, bronnadh Saoránacht Chathair Bhaile Átha Cliath air féin agus ar Ronnie Delaney.
sna healaíona lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. in the arts outside Dublin.
" Tá méadú suntasach ag teacht ar líon na n-ionad taispeántais agus ealaíon ar fud na tíre agus tá fás agus forbairt le feiceáil sna healaíona lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.
tá borradh faoi fhoireann Átha Cliath. the Dublin team is thriving.
" Tá Ger Ó Lachtnáin i mbun na Gaillimhe agus tá borradh faoi fhoireann Átha Cliath.
Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. the Dublin Institute for Advanced Studies.
" Rinne sé bunchéim ghinearálta ach chuaigh sé leis an teangeolaíocht ansin agus fuair sé an deis bheith ag staidéar sa Sorbonne i bPáras agus in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, in the north of County Dublin,
" uk/ An seachtú agus an t-ochtú míle 30/6/07 – 1/7/07: Rinceoil, féile don teaghlach ar fad sa Ros i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, ansin taisteal fada romhainn chuig na Cealla Beaga agus féile eile ansin.
in iarthar Chontae Átha Cliath in west County Dublin
" Naoi mbliana ó shin a bunaíodh cumann CLG Chaisleán Cnucha in iarthar Chontae Átha Cliath agus cheana féin tá Craobh na hÉireann gnóthaithe.
Ó dheisceart Bhaile Átha Cliath from Dublin south
" Ach, ní raibh ach 36 uair an chloig againn leis an obair a chur i gcrích! Mar a dúras cheana, amaidíocht! Ó dheisceart Bhaile Átha Cliath an dá bhanna.
Léiríonn staidrimh ó Bhus Átha Cliath statistics from Dublin Bus show
" Léiríonn staidrimh ó Bhus Átha Cliath tionchar mhéadú an tráchta.
ar fhoireann shinsear iomána Átha Cliath. on the senior Dublin hurling team
" Crainn thacaAg druidim le deireadh na seachtóidí, bhí Mick agus a dheartháireacha ina gcrainn thaca ar fhoireann shinsear iomána Átha Cliath.
mar bhall d'fhoireann chlúiteach peile Átha Cliath as a member of an infamous Dublin football team
" Bhuaigh sé bonn Uile Éireann sa bhliain 1983 mar bhall d'fhoireann chlúiteach peile Átha Cliath ar a tugadh “ an dáréag aspal”.
líonta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath filled in UCD
" “Bhí an t-ádh liom nach raibh cuóta na mac léinn eachtrannach líonta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus d’éirigh liom áit a fháil ansin.
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Dublin City Council
" Cén fáth a bhfuil nós na rothaíochta ag dul i léig? An é gur comhartha eile den Tíogar Ceilteach é? **Suirbhé**In 2004, rinne Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath suirbhé inar cuireadh ceist ar 300 comaitéir arbh iad a ngluaisteáin a bpríomh-mhodh iompair.
aistríodh é go Baile Átha Cliath ag an am sin. he was transferred to Dublin at that time
" Bhí Christy ag obair sa bhanc agus aistríodh é go Baile Átha Cliath ag an am sin.
foireann mionúr iomána Bhaile Átha Cliath. the Dublin minor hurling team.
" Breis agus deich mbliana ó shin tugadh cuireadh dom a bheith i mo roghnóir le foireann mionúr iomána Bhaile Átha Cliath.
Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath, Dublin Pride Festival
" Cuirfear tús le Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath, atá ar an bhfód anois le cúig bliana is fiche, ar an 13 Meitheamh.
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Dublin City Council,
" Tá muid i ndiaidh dul i ndáil chomhairle le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, leis an Aire (Éamon Ó Cuiv - an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta) agus le hailtirí maidir leis an bplean seo.
Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta Dublin Radio Co-operative Limited
" Bhunaigh Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta an stáisiún pobail seo sa bhliain 1993 le seirbhís raidió trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal Bhaile Átha Cliath agus do phobal an cheantair máguaird.
in iarthar Bhaile Átha Cliath in west Dublin
" Cuir i gcás, Baile an Tíarailigh, An Ongár agus na bailte nua ar fad in iarthar Bhaile Átha Cliath a tógadh le dornán blianta anuas agus a díoladh ar phraghsanna móra.
mBéal Átha na Muice Swinford
" "B'as Coillte Mach do mo mháthair ach ainneoin go raibh m'athair ag obair i Rinn Mhic Giolla Rua mar innealtóir sibhialta, i mBéal Átha na Muice a tháinig mé féin ar an saol," arsa an tAire liom ina hoifig i dTeach Rathgael i mBeannchar, Contae an Dúín.
as Baile Átha Cliath ó dhúchas a native of Dublin
" De bhunadh Éireannach cuid mhaith acu, agus tá siad le feiceáil sa taispeántas buan seo: daoine mar an Ceannaire Paddy O Daire, as Dún na nGall, Paddy Donovan, John Patrick Murphy, James Larkin Jones (Jack Jones), Patrick Brady agus Charlie Martinson, as Baile Átha Cliath ó dhúchas, atá i measc príosúnach sa ghrianghraf a tarraingíodh tar éis Cath Jarama i 1937.
foireann peile Átha Cliath the Dublin football team
" Gníomhach i gCónaí ======= **CMS Cad é do ról le foireann peile Átha Cliath?** BD Ní féidir liom mórán a rá faoi sin, ach amháin go bhfuilim ag baint an-taitneamh as an obair.
is mór an teist ar bhua Átha Cliath Dublin’s win is a great testament
" Is é an dearcadh agus an cur chuige sin a sheas do Chill Chainnigh bliain i ndiaidh bliana agus is mór an teist ar bhua Átha Cliath orthu gur éirigh le fir na hardchathrach an lámh in uachtar a fháil don chéad uair ó 1942 ar shár-iománaithe Chill Chainnigh.
foireann Átha Cliath na linne seo the present Dublin team
" B'fhéidir nach n-aontóidh gach duine leis seo, agus b’fhéidir nach dtaitneoidh sé le cuid mhaith daoine, ach sílimse go n-aithneofar amach anseo gurb í foireann Átha Cliath na linne seo an fhoireann peile is fearr a bhí riamh ann i stair na peile Gaelaí go nuige seo.
sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath in University College Dublin
" Chaith Jill Ní Chuinneagáin, mac léinn sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, an bhliain acadúil 2001-2002 ag staidéar in ollscoil Bhriotánach faoin scéim Erasmus.
Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath, Dublin Pride Festival
" Beidh Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath, a ndéanfar ceiliúradh lena linn ar mhórtas phobail Leispiacha, Homaighnéasacha, Dhéghnéasacha agus Thras-inscneacha, ar siúl 13-17 Meitheamh.
Chion Átha ford-lover
" Ro chan Balor “ní laochas go slad agus sléacht Chion Átha Mhaigh Eo ar Mhaigh Lifi, ar insibh uilibh Laighean, ar a imillchríochaibh agus ar a Midhláraibh".