Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sceideal níos éagsúla a sholáthar provide a more varied schedule
" Thabharfadh seo an deis dóibh réimse níos leithne sainchláracha a chur ar fáil agus sceideal níos éagsúla a sholáthar.
cineálacha éagsúla saoire different kinds of holidays
" Tá ócáidí mar An tOireachtas, an club Sult agus deirí seachtaine Dhaltaí na Gaeilge ag dul i líonmhaireacht agus deiseanna ag daoine cineálacha éagsúla saoire a bheith acu sa Ghaeltacht.
chúlraí éagsúla sóisialta various social backgrounds
" Tugann na mic léinn ó chúlraí éagsúla sóisialta réimse leathan dearcadh leo freisin.
mheáin éagsúla various media
" Is í áilleacht an cheantair an spreagadh atá taobh thiar de go leor den saothar agus é léirithe trí mheáin éagsúla, ina measc, uiscedhath agus ola chomh maith leis an fhíodóireacht.
leaganacha éagsúla mearbhlacha various confusing versions
" B'fhearr i gcoitinne go mbeadh téarma amháin agus litriú amháin aige in úsáid go forleathan seachas leaganacha éagsúla mearbhlacha, go háirithe i gcás ainmneacha eolaíochta nó teicniúla.
tábhairní éagsúla various pubs
" Théadh siad go clubanna agus tábhairní éagsúla, leithéidí The Ship, La Chaisse, The Marquee agus The Speakeasy, agus chuir Nikki aithne ar go leor ceoltóirí a bhí i mbéal an phobail le linn na tréimhse sin.
irisí éagsúla various magazines
" Tá cuntas ar mhórán acu scríofa ag údar an ailt seo in irisí éagsúla.
seoltaí éagsúla various addresses
" Cé go bhfuil seoltaí éagsúla tugtha do na hollscoileanna i mBaile Átha Cliath (ceann amháin acu ar shráid nach bhfuil go fiú ar an léarscáil) tá an uimhir ghutháin céanna acu.
i gcáipéisí éagsúla in various documents
" Tá siad ag iniúchadh 79 ríomhaire, 1,000 diosca ríomhaire agus 19,000 leathanach i gcáipéisí éagsúla.
altanna d'irisí éagsúla articles for various magazines
" Scríobh Colm colún spóirt don nuachtán *Anois *fosta, agus altanna d'irisí éagsúla, ina measc *Mahogany Gaspipe, Feasta, Comhar, An tUltach *agus *Magma*.
íomhánna éagsúla various images
" "Faoi láthair tá mé ag tarraingt íomhánna éagsúla den chorp agus ag déanamh staidéir ar an spás a chruthaíonn na figiúir thart timpeall orthu féin.
leaganacha éagsúla different versions
" Ba naomh as Éirinn nó as an Bhreatain é - tá leaganacha éagsúla den scéal ann - a fuair bás i Plougrescant.
imeachtaí éagsúla various events
" Buíochas le Dia tá pobal bríomhar anseo i Melbourne ag Cumann Gaeilge na hAstráile agus bíonn ranganna agus imeachtaí éagsúla ar siúl acu go rialta.
ceantracha éagsúla different areas
" Bhí a lán mac léinn ar an mhórshiúl, agus daoine as ceantracha éagsúla sa chathair, agus níos faide ar shiúl.
béim éagsúil a different emphasis
" Tar éis dom bogadh go Sligeach ansin, thosaigh mé ag éisteacht le ceoltóirí Shligigh agus le gairid tá ceol Michael Coleman, James Morrison, Paddy Killoran, Fred Finn agus Peter Horan, agus daoine eile nach iad, ag spreagadh béim éagsúil sa cheol a sheinnim.
éagsúil different
" " Deir Áine go raibh an cúrsa Gaeilge san ollscoil, a bhí á reáchtáil ag an tAthair Colmán Ó hUallacháin, thar barr, go raibh sé "éagsúil ar fad agus nua-aimseartha".
rannóga éagsúla various sections
" Agus an Rialtas ag caint ar dhílárnú an státchórais, cén seans atá ann go nglacfaidh na státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath le haistriú go Béal Átha na Slua nó go Liatroim má fheiceann siad go mbíonn na státseirbhísigh atá ann cheana féin ag obair faoi mhíbhuntáiste? Ní den chéad uair, tá rannóga éagsúla den státchóras ag feidhmiú ar bhealaí atá contrártha lena chéile.
i dtionscail éagsúla in various industries
" Chuaigh sé timpeall ar chomhlachtaí móra san Eoraip ag féachaint an mbeadh spéis acu infheistíocht a dhéanamh i dtionscail éagsúla in oirthear na hEorpa.
an-éagsúil very different
" Fiontar ======= An tAcadamh Ríoga agus Fiontar - dhá ionad oibre atá an-éagsúil lena chéile! San Acadamh Ríoga, bhíodh sí ag obair leis an teanga, le focail, le páipéar fiú! Le Fiontar, is le cúrsaí airgeadais, gnó agus ríomhairí a bhíonn sí ag plé.
féiltí éagsúla various festivals
" Thosaigh mé ag bualadh léi ag seisiúin agus ag féiltí éagsúla.
é a dhó ar dhlúthdhioscaí éagsúla burn it onto various CDs
" Nuair a cheannaíonn tú ceol uathu, is leatsa é agus is féidir leat é a sheinm ar ríomhairí éagsúla, a chur ar sheinnteoirí soghluaiste (ar nós an Apple iPod) nó é a dhó ar dhlúthdhioscaí éagsúla freisin.
iomlán éagsúil totally different
" Is minic a úsáidtear fleiscíní in áit spáis ach cruthaíonn siad siúd fadhbanna eile - má fhágtar an fleiscín ar lár téann cuairteoirí amú agus chuig suíomh iomlán éagsúil.
cinntí éagsúla different decisions
" Tá sé an-deacair ar mholtóirí an cinneadh ceart a dhéanamh gach uair agus is minic ar an lá céanna i gcluichí éagsúla go ndéanann moltóirí cinntí éagsúla i gcás eachtraí atá cosúil lena chéile.
foinsí éagsúla various sources
" Tá stíl shuntasach ag Iglesia agus úsáideann sí foinsí éagsúla mar an litríocht, an saol uirbeach agus fás orgánach chun timpeallachtaí a chruthú a bhaineann stangadh asat amanna agus a chuireann iontas ort in amanna eile.
ghnéithe éagsúla various aspects
" Rinne mé dianmhachnamh ar ghnéithe éagsúla den fhile, a shaol misteach, a spioradáltacht, Maud Gonne.
éagsúil different
" AÓF: An raibh sé deacair tús a chur leis an obair nó an ndéarfá go raibh sé níos deacra í a chríochnú? PNíU: Bhí gach gné di éagsúil.
i ngnéithe éagsúla in various aspects
" In Oirialla bhí suim ag na bailitheoirí i ngnéithe éagsúla den traidisiún: duine amháin, bhailigh sé focail na n-amhrán agus na scéalta; duine eile rinne sé na hamhráin a thaifeadadh; duine eile foghraíocht, agus mar sin de.
tréimhsí éagsúla various periods
" Bhíodh cúrsaí réasúnta ginearálta á múineadh aige a raibh sé mar aidhm acu "pictiúr iomlán" a thabhairt do na mic léinn de litríocht na Gaeilge sna tréimhsí éagsúla.
institiúidí éagsúla various institutions
" Cén obair a dhéantar san Áras anois ó lá go lá? Tá an obair shealbhaithe Gaeilge ar bun againn anois ar feadh na bliana ar fad - bíonn cúrsaí seachtaine, cúrsaí coicíse agus cúrsaí deireadh seachtaine Gaeilge á reáchtáil againn do ghrúpaí éagsúla (mar shampla, mic léinn ó institiúidí éagsúla ar fud na tíre, daoine fásta as gach cearn den domhan, cigirí ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, múinteoirí a oileadh thar lear, oibrithe ón bPost, foireann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, éascaitheoirí ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, etc.
aithreacha éagsúla different fathers
" Gariníon ann agus triúr leathdheirfiúracha aici - an mháthair chéanna acu ar fad, ach aithreacha éagsúla - roinneann na páistí óga na mamónna agus daideonna ar fad eatarthu.
na ráitis éagsúla the various statements
" Agus an cás á éisteacht ag an mBreitheamh, léigh an ceannfort Tony Dowd ón gClochán na ráitis éagsúla a thug 25 fear a chaith seal i Leitir Fraic.
fhoinsí éagsúla various sources
" Téim ag tochailt amhrán as mo cheantar ó fhoinsí éagsúla, cartlann cheoil RTÉ, abair, Raidió na Gaeltachta agus dá réir sin.
na háiseanna éagsúla the various facilities
" Tá an teorainn teicneolaíochta brúite amach acu leis na háiseanna éagsúla atá curtha ar fáil acu.
bríonna éagsúla various meanings
" Deirim féin go minic gur beag an trua atá agam féin dóibh toisc a dheacra is atá an tSeicis domsa! Is léir gurb iad na claochluithe tosaigh, na bríonna éagsúla a bhíonn ag "a" agus na forainmneacha réamhfhoclacha is mó a bhíonn ag dó na geirbe acu.
cruinnithe éagsúla a eagrú to organize various meetings
" I mí Feabhra na bliana seo, d'fhógair UNESCO go rabhadar ag teacht go hÉirinn agus iarradh ar an Roinn Oidhreachta cruinnithe éagsúla a eagrú le deis a thabhairt do ghrúpaí castáil leis na toscairí Fumiko Ohinata ó UNESCO agus Tom Hassalls ar son ICOMOS.
leaganacha éagsúla various versions
" Tá an chuma air go bhfuil roinnt de na rialacha a úsáideann EasyReader chun na leaganacha éagsúla d'fhocail a chruthú róghinearálta (mar shampla, deir sé gurb é "scuaineí" an uimhir iolra atá ag "scuaine").
na canúintí éagsúla the various dialects
" Tugann EasyReader tacaíocht do na canúintí éagsúla freisin - idir chanúint na Mumhan, Connacht agus Uladh - agus tá sé an-éasca aistriú ó cheann amháin go ceann eile.
cineálacha éagsúla cúlra different backgrounds
" Deis iontach a bhí ann fáil amach cad é atá ar siúl sa chathair, agus bualadh le daoine as cineálacha éagsúla cúlra - daoine ón dá thaobh den teach, mar a déarfá, agus daoine i réimse leathan postanna, ó stiúrthóirí bainistíochta go hoibrithe monarchan.
gnéithe éagsúla various aspects
" Tá na gnéithe éagsúla dá shaol le feiceáil san oifig: tá na fallaí maisithe le pictiúir a tharraing a chuid páistí, tá an giotár sa chúinne, dhá dhlúthdhiosca - Bob Dylan agus Norah Jones - ar an mbord agus graificí óna thionscadal teilifíse is déanaí, "Katie agus Rookie", crochta in aice lena dheasc.
Riarann an Bord scéimeanna éagsúla An Bord manages/runs various schemes
" Cén obair a dhéantar i mBord na Leabhar Gaeilge anois ó lá go lá? Riarann an Bord scéimeanna éagsúla chun cabhrú le foilsitheoirí leabhar Gaeilge ábhar léitheoireachta ar ardchaighdeán a fhoilsiú le haghaidh phobal na Gaeilge.
iarrthóirí éagsúla various candidates
" Cén tionchar a bheas ag an vótáil leictreonach ar na toghcháin áitiúla agus Eorpacha? Níl a fhios sin ag éinne, ach tá gné amháin den scéal nár pléadh go poiblí fós: a laghad vótaí is a bhí idir iarrthóirí éagsúla nuair a tionóladh na toghcháin dheireanacha i 1999.
ceardchumainn éagsúla various trade unions
" Tá sé ráite ag ceardchumainn éagsúla go gcaithfear riachtanais shóisialta i dtraipisí má tharlaíonn sin.
éagsúil different
" Is féidir an t-eolas sin a úsáid mar mhodh céannachta toisc go bhfuil struchtúr na matán ar aghaidh gach aon duine éagsúil.
modhanna éagsúla ceiliúrtha various methods of celebration
" Bíonn modhanna éagsúla ceiliúrtha ann ó bhaile go baile nó ó eastát go heastát ach, go ginearálta, bíonn ceol, ól agus seó de chineál inteacht ag dul ar aghaidh an lá ar fad.
eachtraí éagsúla various adventures
" Cuireann an tintreach an dé ar ais ann agus tarlaíonn eachtraí éagsúla don bhuachaill beag ina dhiaidh sin.
i mbealaí éagsúla in different ways
" Is cosúil go bhfoghlamaíonn daoine teangacha i mbealaí éagsúla.
eagraíochtaí éagsúla Gaeilge various Irish language organizations
" "I gcás na Gaeilge, áfach, bhí téarmaí Gaeilge don téarmaíocht theicniúil sa ghluais seo curtha ar fáil cheana féin ag Foras na Gaeilge agus a gcomhpháirtithe in eagraíochtaí éagsúla Gaeilge.
fáthanna éagsúla various reasons
" Dála mo stairr pearsanta féin, is léir go bhfuil fáthanna éagsúla ann go bhfuil ag éirí chomh maith sin leis an ardrang le blianta anois.
modhanna éagsúla different methods
" Nuair a bhíonn tú ag clóbhualadh na ngrianghraf tú féin, bíonn a lán saoirse agat triail a bhaint as modhanna éagsúla chun iad a phróiseáil agus a fheabhsú.
na hargóintí éagsúla the various arguments
" Ach, ag filleadh arís ar "fhadhb" na hÉireann, táim ag éisteacht le fada leis na hargóintí éagsúla faoi easpa cumais na n-iomaitheoirí ón tír seo i gcomórtas leis na lúthchleasaithe is fearr ar domhan.
ghlúnta éagsúla different generations
" Bhí barúil mhaith aige dá labharfadh sé leis na hÉireannaigh sa chathair faoi 9/11 go dtiocfadh patrúin shuimiúla chun cinn agus go bhfaighfí léargas ar ghlúnta éagsúla, agus ar dhaoine a thóg bealaí difriúla go dtí na Stáit Aontaithe.
ghnéithe éagsúla den scannánaíocht different aspects of film-making
" " Thosaigh O'Hara ansin i 1997 ar chúrsa a mhair ar feadh bliana acadúla, agus a dhírigh ar ghnéithe éagsúla den scannánaíocht.
rannóga éagsúla various categories
" ) Dar leis na treoracha sin, tá rannóga éagsúla de threalamh iniompartha leictreonach ann - agus tugtar aird faoi leith ar na gutháin: "Caithfear gutháin ghluaisteacha a mhúchadh nuair a dhúntar doirse an eitleáin nó nuair a ordaíonn an fhoireann cábáin amhlaidh.
snáithí éagsúla various threads
" Post deacair, ar ndóigh, nuair a chuirtear san áireamh na snáithí éagsúla a bhaineann leis an scéal seo.
urlabhraithe éagsúla various spokespersons
" B'fhéidir go bhfuil míniú eile ar fad ar an eachtra a tharla sa chluiche club úd, míniú níos soineanta b'fhéidir, ach is é an rud a ritheann liom ná go nglactar leis ró-éasca i measc mhuintir Chumann Lúthchleas Gael (CLG) gur cuid den chluiche a leithéid sin d'eachtra toisc nach mbristear gialla ná cnámha *de ghnáth*! Ag tarlú go rialta ======= Dar ndóigh, deir urlabhraithe éagsúla agus Uachtarán CLG é féin nach bhfuil aon áit don iompar sin sa CLG, ach cén mhaith sin nuair atá sé ag tarlú chomh minic agus chomh rialta is a bhíonn.
éagsúil different
" Cé go bhfuil sé deacair a bheith i mbun an chineáil sin clár teilifíse, agus gan dabht d'fhág sé a thionchar orm, inniu bhíos ag déileáil le cláracha a bhí go hiomlán éagsúil.
eagraíochtaí éagsúla various organisations
" Ar nós an tionscail físe, tá líon beag comhlachtaí ag maireachtáil ar choimisiúin a fhaigheann siad ó eagraíochtaí éagsúla.
chéimeanna éagsúla different steps
" I mo thuairimse, caithfear féachaint ar chéimeanna éagsúla a chuirfidh leas an imreora chun cinn.
cúiseanna éagsúla various reasons
" An mbeadh an taithí chéanna agam leis an Iodáilis, dá rachainn ar aghaidh léi? cúiseanna éagsúla ======= I mo chás féin, níorbh ionann foghlaim na Gaeilge agus foghlaim teangacha ar scoil, agus d'éirigh i bhfad níb fhearr liom leis an Ghaeilge.
réimsí éagsúla various areas
" Nuair a bunaíodh Saorstát Éireann sa bhliain 1922 bhí sé mar pholasaí ag an rialtas an Ghaeilge a chur chun cinn i réimsí éagsúla den saol poiblí agus bhí géarghá le leaganacha údarásacha Gaeilge de logainmneacha na tíre chun an polasaí sin a chur i bhfeidhm.
ar bhealach éagsúil in a different way
" Ach smaoiníonn siadsan ar chaighdeán maireachtála ar bhealach éagsúil.
ó chúlraí éagsúla from different backgrounds
" Tá daoine ó chúlraí éagsúla ag freastal ar an ollscoil anois, agus b'fhéidir nach bhfuil nós na hollscoile sna cúlraí sin.
ó fhoinsí éagsúla from different sources
" Sa taispeántas reatha, tá suas le 80 staidéar ola agus 40 píosa líníochta dá chuid le feiceáil san iomlán agus iad tógtha ó fhoinsí éagsúla ar fud na hEorpa, chomh maith leis an Astráil agus na Stáit Aontaithe.
ghnéithe éagsúla different aspects
" Le linn a shaoil, tá breis is 80 clár faisnéise léirithe agus stiúrtha aige, cláracha a dhíríonn ar ghnéithe éagsúla den chultúr Éireannach agus de stair na hÉireann den chuid is mó.
chur chuige éagsúil different approach
" ”* Faightear spléachadh eile ar an “chur chuige éagsúil” seo a bhí (nó atá fós) i bhfeidhm san fhórsa i nDún na nGall san fhianaise a thug an leas-Choimisinéir Kevin Carty i dtús na míosa seo caite.
slite éagsúla various ways
" Cinnte, maireann traidisiún na peile Gaelaí agus na hiomána i gceantair éagsúla tuaithe ar fud na tíre, ach sna bailte agus sna cathracha (agus tá os cionn 50% de dhaonra na hÉireann iontu sin) tá traidisiún i bhfad níos laige agus roghnaíonn daoine óga slite éagsúla chun a gcuid ama a chaitheamh.
chur chuige éagsúil different approach
" ”* Faightear spléachadh eile ar an “chur chuige éagsúil” seo a bhí (nó atá fós) i bhfeidhm san fhórsa i nDún na nGall san fhianaise a thug an leas-Choimisinéir Kevin Carty i dtús na míosa seo caite.
sé shlat tomhais éagsúla six different criteria
" Rinneadh anailís ar na postanna de réir sé shlat tomhais éagsúla: timpeallacht, teacht isteach, deiseanna sa todhchaí, éilimh fhisiciúla, daingneacht agus strus.
ar thránna éagsúla on various beaches
" Chuaigh cuid den chathlán isteach sa *38th Irish Brigade *leis na *Royal Inniskilling Fusiliers, Royal Irish Rifles* agus *London Irish Rifles *i 1942 agus throid siadsan in aghaidh Rommel sa Túinéis agus ansin sa tSicil, ach chaith Jim agus an chuid is mó acu na blianta go 1944 ag traenáil ar thránna éagsúla i Sasana agus in Albain le haghaidh *D-Day*.
gnéithe éagsúla various aspects
" Cuimsíonn sé gnéithe éagsúla den cheird, ón iriseoireacht go dtí an chraoltóireacht, cúrsaí eitice agus dlí agus an taobh teicniúil.
i sochaithe éagsúla in different societies
" (lch 13) Cruthúchán atá sa litríocht sa dara ciall sin a bhaineann leas as teanga ar bhealaí éagsúla tráthanna éagsúla i sochaithe éagsúla le saothair a chur ar fáil a mheastar an tráth sin sa tsochaí sin a bheith ina litríocht.
tionscadail éagsúla taighde various research projects
" Cén obair atá á déanamh san Acadamh faoi láthair, ó lá go lá? Ag cur cúrsaí ollscoile ag léibhéal Máistreachta, Ard-Dioplóma agus Dioplóma ar fáil i réimsí ar nós an Aistriúcháin, na Cumarsáide, Theicneolaíocht na Faisnéise, an Oideachais agus na Gaeilge Feidhmí; ag forbairt cúrsaí nua sna réimsí seo agus i réimsí eile; agus i mbun tionscadail éagsúla taighde.
gnéithe éagsúla various aspects
" Gné amháin den Acht Teanga atá cáinte i roinnt de na meáin náisiúnta is ea an costas a bhaineann le cur ar fáil na seirbhísí seo, agus a bhaineann le feidhmiú gnéithe éagsúla den Acht.
i sochaithe éagsúla in different societies
" (lch 13) Cruthúchán atá sa litríocht sa dara ciall sin a bhaineann leas as teanga ar bhealaí éagsúla tráthanna éagsúla i sochaithe éagsúla le saothair a chur ar fáil a mheastar an tráth sin sa tsochaí sin a bheith ina litríocht.
ghnéithe éagsúla various aspects
" Tá na ceardlanna ar an nGaeilge agus ar ghnéithe éagsúla den chultúr Gaelach fós á dtairiscint againn chomh maith agus go leor scoileanna, agus ranganna idirbhliana go háirithe, ag léiriú suime iontu.
mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúil because I haven't got the guts to be different
" * Gluais • Glossary fríd ghloine dhorchathrough a dark glass smúidmist, murkiness bréagachfalse is annamhit is seldom mionrudaíminor things doiléirvague i sruth na éiginnteachtain the stream of uncertainty glas ceart na gcuibhreannthe correct green of the fields sin an tuigethat's why ag stánadh amachstaring out léanalawn ag croitheadh a gcinnshaking their heads íomhánnaimages iontassurprise machnamh ceartproper thinking scáileánscreen ag preabadhjumping bladhaire coinnlea candle flame eachtraíevents chan éthat's not it dá thairbhe sinbecause of that rudaí neamhiontachaunexciting, ordinary things ar bharr na mbeannon the cliff tops an lá fá dheireadhthe other day ag coimhéad ar thonnta ag briseadh go díbhirceachwatching waves breaking with ardour substaintsubstance dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeannif my body fell from the top of the cliffs taoidetide fiúntasworth gníomhact nó a mhalairtor the opposite blaiseadhtaste gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m’aistearwithout having gained anything from the journey fuaimeanna fánachaoccasional noises díoscadhcreaking coiscéimeanna folmhaempty footsteps stánadh fadaa long stare craos na tineadhthe roaring fire dromchlasurface cha dtig liomI can't cha dtig liom í á threorúI can't guide it déanaim iarracht a gciall a scaoileadhI try to release their meaning le rachtanna fiáinein wild fits seileogaspits sáthadh scinethe stabbing of a knife aonarachsolitary staidéarthalevel-headed teas an phaisinthe heat of passion breithbirth a cheiltto hide anáilbreath is annamhit is seldom fiúntachworthwhile dathanna seachantachaelusive colours goitsecome on, come here neadrachanests seanbhallógaíold ruins deifrehurry cha raibh faill aigehe hadn't the time contráiltewrong go brách síoraíever ag déanamh iontaiswondering i bpeannaireacht chruinn shlachtmharin accurate neat writing stócach ógyouth bodhardeaf pian a fhuilstinto suffer pain mo bheomy life lena dhornwith his fist le mé féin a chosaintto protect myself ní léimfinn amach as a bhealachI wouldn't jump out of the way cinneadhdecision cinntídecisions go fadálachslowly chan fhuil an cinneadh déantathe decision has not been made déanaim mo chac agus mo mhúnI defecate and urinate cuideachtúilhelpful athrú séasúrthe change of seasons de ghlanmheabhairoff by heart gialljaw gobachprotruding gruaig fhionnblond hair dóighiúlachtbeauty tarraingteachattractive rud inteachtsomething buaireamhsorrow ag bruidearnaighthrobbing coimhthíochstrange idir barra na gcrannbetween the tops of the trees ag iarraidh mairstin airtrying to live on it nimhneachsore bhlais mé an phianI tasted the pain tchíthear domhit seems to me go dianstrictly samhailimage mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúilbecause I haven't got the guts to be different daonnachtaíhumanist an cine daonnathe human race bréanfoul an bréantas a cheiltto hide the foulness cumhráin bhréigefalse perfumes lofarotten gnásanna sóisialtasocial customs béasamanners seanseiteannaold sets ag foscladhopening ag scamhadhpealing creatlachframe-work creidbheáilto believe scigdhráma an tsaoilthe farce of life de réir mar atáthar ag dréimas is expected táirgíproducts caiteoir eiseamláireachexemplary spender lúcháireachjoyous teorainneacha luaisspeed limits ag cailleadh foighdelosing patience sceadamánthroat mo bhrú folamy blood pressure sciathánarm go hionraice is a thiocfadh liomas honestly as I could comhairleadvice díomádisappointment sólassolace lagmheasarthachtrather small amount ag tochailtdigging
ócáidí éagsúla different occasions
" (Bhí mé ag caint le Galloway an tseachtain seo caite fosta mar go bhfuil an bheirt acu ag tabhairt léachtaí – ag ócáidí éagsúla – le linn Fhéile Bhéal Feirste.
na feachtais mhíleata éagsúla the various military campaigns
" D’alp Fisk óg an t-eolas uilig fá na feachtais mhíleata éagsúla.
slite an-éagsúla very different acts
" “Ba sheanadóirí Éireannacha iad beirt a thóg slite an-éagsúla sa saol.
i gceardlanna éagsúla in various workshops
" AÓF: Cé hiad na múinteoirí ceoil a bhí agat? MNíE: Muintir McPeake agus Seán Mac Guidhir agus go leor múinteoirí eile i gceardlanna éagsúla timpeall na tíre.
ghnéithe éagsúla various aspects
" Tá na ceardlanna ar an nGaeilge agus ar ghnéithe éagsúla den chultúr Gaelach fós á dtairiscint againn chomh maith agus go leor scoileanna, agus ranganna idirbhliana go háirithe, ag léiriú suime iontu.
cineálacha éagsúla cúlra different types of backgrounds
" “Bíonn cineálacha éagsúla cúlra ag na daoine ar an bhád.
shaghsanna éagsúla different types
" AÓF: Tá meascán de shaghsanna éagsúla ceoil agus amhránaíochta air.
de réir na dtuairiscí éagsúla according to the various reports
" Is cosúil, de réir na dtuairiscí éagsúla ar aon nós, nach duine an-sona a bhí i Roy Keane go fiú agus é i mbarr a réime, tréimhse atá thart le tamall anuas.
an-éagsúil very different
ar chonarthaí éagsúla on various contracts
" Go mbeadh 30 duine fostaithe go lánaimseartha ag an gcomhlacht agus 70 duine eile ar chonarthaí éagsúla páirtaimseartha.
ag brath ar nithe éagsúla depending on various things
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá roinnt acu bainte amach agus cuid eile acu atá ag brath ar nithe éagsúla le go mbeadh a gcur i gcrích indéanta.
éagsúil different
" “Bhíodh m’athair ag caint ina Ghaeilge Chonallach, a bhí éagsúil ar fad leis an nGaeilge a chuala mé i Scoil Bhríde, an scoil náisiúnta ar fhreastail mé uirthi.
dhá leagan éagsúla two different versions
" Ba ghearr go raibh dhá leagan éagsúla á gcur ar an scéal.
ní théitear i ngleic le mórcheisteanna éagsúla various big issues are not tackled
" Ina áit sin, cleachtann siad Tadhg an dá thaobhachas agus, mar gheall air sin, ní théitear i ngleic le mórcheisteanna éagsúla.
ag tagairt do shleachta éagsúla ón mBíobla referring to various excerpts from the Bible
" Go tobann, tá na haerthonnta, agus leathanaigh litreacha na nuachtán, lán, agus gach fear agus bean mhire ag tagairt do shleachta éagsúla ón mBíobla mar chruthúnas ar cén bealach a vótálfadh ár Slánaitheoir sa reifreann seo dá mbeadh sé beo.
ar chonarthaí éagsúla on various contracts
" Go mbeadh 30 duine fostaithe go lánaimseartha ag an gcomhlacht agus 70 duine eile ar chonarthaí éagsúla páirtaimseartha.
ag brath ar nithe éagsúla depending on various things
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá roinnt acu bainte amach agus cuid eile acu atá ag brath ar nithe éagsúla le go mbeadh a gcur i gcrích indéanta.
canúintí éagsúla various dialects
" Bhí na daoine seo istigh ann agus canúintí éagsúla acu – b’as Tír Chonaill cuid acu agus b’as Baile Átha Cliath cuid acu.
bainteach le feachtais éagsúla involved in various campaigns
" ” Feachtais ======= Ó d’fhill Colmán ar Mhaigh Eo i 1977, le dul i mbun oibre i mbunscoil i gCnoc Mhuire, tá sé tar éis bheith bainteach le feachtais éagsúla sa chontae.
i bhfianaise ráiteas éagsúil in light of various statements
" Tá sé cúig bliana ó scríobhas cheana fúithi agus, má bhí sé tráthúil an uair sin, is tráthúla fós é i bhfianaise ráiteas éagsúil a rinneadh le déanaí.
riachtanais éagsúla various requirements
" Bíonn riachtanais éagsúla ag mic léinn nach bhfuil cur amach acu ar theanga ar bith eile agus ag mic léinn atá líofa i dteangacha eile agus atá ag foghlaim na Gaeilge mar go bhfuil spéis ar leith acu i dteangacha.
meon éagsúil different mentality
" Chonacthas dom san am go raibh meon éagsúil ag na páistí seo agus rinne mé taighde ar an dátheangachas.
maoinithe ó fhoinsí éagsúla funded from various sources
" *** · Oifigigh forbartha lánaimseartha (ceann i mBaile Átha Cliath, ceann sna sé chontae ar an teorainn, ceann lonnaithe i nGaeltacht de chuid an iarthair, Gaillimh is dócha, agus ceann i ndeisceart na tíre) maoinithe ó fhoinsí éagsúla chun freastal ceart a dhéanamh ar chlubanna ar bhonn náisiúnta.
gréibhlí éagsúla various knick-knacks
" Dealbhóir, ealaíontóir agus deisitheoir seod meánaoiseach a bhí i Mares a bhailigh gréibhlí éagsúla go tréan i gcaitheamh a shaoil (1893-1991).