Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
adhmad éicint a bhaint as an ainm make some sense of the name
" Is féidir linn adhmad éicint a bhaint as an ainm: 'llif' = feacht, díle.
am éicint some time
" Bhaineamar spraoi as, agus dúirt muid, "Ó, caithfidh muid teacht le chéile am éicint nuair a rachaidh muid abhaile.
baint éicint some connection
" Ceapann daoine eile go raibh baint éicint aige le cruicéad.
rud éicint something
" Tá cuid den phobal ag rá má tá tacaíocht le tabhairt d'fheilméaraí ón státchiste nuair atá rudaí go dona, mar atá faoi láthair, nár chóir go mbeadh rud éicint le n-íoc ar ais nuair atá gach rud faoi bhláth? Ar ndóigh, ní thugann eagraíochtaí na bhfeilméaraí aon aird ar a leithéid - is admháil a bheadh ansin go mb'fhéidir go bhfuil fiúntas éicint leis an argóint.
duine éicint eile someone else
" Ní raibh aon leisce chun cogaíochta ar Mhenzies, a fhad is a bheadh duine éicint eile ag troid.
i saol éicint eile in another world
" Murach mé, a smaoinigh sé, ní bheadh duine ar bith anseo fós, b'fhéidir, ach é fágtha go silfeadh an deoir dheireanach fola agus a anam as i ngan fhios dó féin is don saol agus bheadh imithe cheana féin agus ar thóir lóistín i saol éicint eile.
buntáiste éicint some advantage
" Ba léir go raibh siadsan ag tochras ar a gceirtlín féin, ag iarraidh buntáiste éicint a bhaint as an tacaíocht atá fós aici ón bpobal.
nuair a deirinn rud éicint as Baváiris when I'd say something in Bavarian
" Scaití, thugtaí feilméara orm féin nuair a deirinn rud éicint as Baváiris.
ar phláinéad éicint eile on another planet
" Dá mbeifeá ar an mbóthar idir Darwin agus Adelaide le gairid ag breathnú ar na carranna i do thimpeall, ní bheadh sé ródheacair a shamhlú go raibh tú ar phláinéad éicint eile nó ar a laghad gur tháinig na carranna sin ó dhomhan coimhthíoch.
cúiteamh de shaghas éicint compensation of some sort
" In 2001 bhí scéim ag aire rialtais a d'íocfadh an t-airgead chomh maith le hús agus cúiteamh de shaghas éicint.
ar chaoi éicint in some way
" Ansin nuair a fhágaim ar leataobh iad ar feadh tamaill, socraíonn siad síos ansin ar chaoi éicint.
rud éicint speisialta something special
" Ní i gcónaí go spreagann an ceol mothúcháin, ach is féidir leis, go speisialta nuair a sheinneann duine éigin rud éicint speisialta.
rud éicint something
" Ó, agus is dócha gur fhoghlamaíomar rud éicint ansin, ceart go leor.
rud éicint saor in aisce something for free
" Agus tá a fhios agat féin, ach an oiread leis an saol, nuair a fhaigheann tú rud éicint saor in aisce, ní bhíonn meas madra agat air.
as tír éicint eile from some other country
" Tá olc orthu leis na polaiteoirí freisin mar go ndeir siad nach bhfuil lipéadú oiriúnach i bhfeidhm agus gur féidir táirge na hAstráile a thabhairt ar bhia fiú má tháinig a leath as tír éicint eile.
teagmháil éicint some contact
" Dúirt cuid mhaith Moslamach gur chóir ionadaíocht níos láidre bheith ann do dhaoine óga agus gur cheart teagmháil éicint bheith ag an rialtas le daoine a bhfuil tuairimí radacacha acu.
rud éicint something
" Creidim gur cheart dóibh rud éicint a "thabhairt ar ais".
duine éicint eile someone else
" Ach, ní chiallaíonn sé sin go n-airím go bhfuil sé de chead agam stop a chur le duine éicint eile.
duine éicint dá shliocht one of his offspring
" leathnaíonn siadthey spread is tú ag dul tharstuas you pass them duine éicint dá shliochtone of his offspring éachtfeat ag maíomh asboasting about it brogús camphusacha sour-faced humourless person ina intinn míoltóigein his midge mind a mhalairtthe opposite próistethin, spindly person ag cur chuige ná uaidhbothering him a mhímhúineadhhis unmannerliness an ghráin shíoraídeep hatred faoi tharcaisneheld in contempt dá mbeadh breith ar a n-aiféala ag daoineif people could undo what they had done seaftaíshafts corrdhuinethe odd person deargscabhaitéaraa total blackguard airdheed nuair a thitidíswhen they used to fall ag tochas a mhullaighscratching the top of his head rúnintention é a dhíbirtto drive him out go raibh diomar airthat there was something wrong with him plódaícrowds Ag tairiscint breabanna.
i rud éicint in something
" Níor chuir mé isteach ar aon chúrsaí coláiste ar chor ar bith, rud a chuir an-iontas ar mo mhuintir! Cheap mé gur cur amú ama a bheadh ann an oiread sin ama a infheistiú i rud éicint nuair nach raibh a fhios agam an raibh tú ag iarraidh é a dhéanamh.
rud éicint something
" Déarfainn go raibh mé réasúnta líofa tar éis dá bhliain ach bhí mo chuid Gaeilge teoranta don Ghaeilge atá sa leabhar *Learning Irish* agus mar sin bhí orm rud éicint a dhéanamh chun mo stór focal a mhéadú.
go háit éicint eile to another place
" Bhí amhras ar chuid mhaith daoine go bhféadfaí tada a dhéanamh leis na tuilte a sheachaint agus cheap siad gurbh fhearr imeacht go háit éicint eile go mbeadh an phráinn thart.
eolas de shaghas éicint some kind of knowledge
" Faoi láthair tá daoine in ainm is eolas de shaghas éicint a bheith acu ar an mBéarla ach ní chuirtear ach cúpla ceist fhánach orthu ar nós “Cén fhad san Astráil tú?” nó “Cé mhéad páiste atá agat?” agus ní cosúil go ndéanann sé mórán difríochta an bhfuil siad in ann iad a fhreagairt nó nach bhfuil.
chuig ócáid éicint, to some event,
" An bhfuil sé i gceist a’d a dhul chuig ócáid éicint, nó ag taisteal? Mary: Ó, ní bheadh fhios a’d anois.
lúb ar lár éicint something that was not right
" Eatarthu, ar aon chuma, fuair siad lúb ar lár éicint sna cearta a bhí againne don teach agus díshealbhaiodh muid! Tá seans gur muid an chlann dheireanach i gConamara a díshealbhaíodh ach gurbh iad ár gcuid Éireannach féin agus ár gcuid Gaeilgeoirí féin a dhíshealbhaigh muid! “Dar ndóigh, bhí cás cúirte ann agus tugadh airgead áirithe dúinn.
ag rá rud éicint a bhí tábhachtach. saying something that was important.
" “Bhí an smacht sin aige ar a ghlór agus é chomh cinnte sin go raibh sé ag rá rud éicint a bhí tábhachtach.
ag ól dí i bpub éicint, drinking in some pub,
" “Is é an chaoi a n-oibríonn muid ná go dtagann na smaointe chugainn agus muid ag ól dí i bpub éicint, nó rud mar sin.
bunús éicint some foundation
" Dá ndéanfadh Gilmore a pháirtí a thabhairt isteach sa bhfreasúra, tíocht an chéad olltoghchán eile, bheadh an Lucht Oibre in ann cur go mór leis an líon suíocháin Dála agus b’fhéidir go mbeadh bunús éicint leis an mana ‘Gilmore for Taoiseach’ a bheith ar na postaeirí.
bunús éicint some foundation
" Dá ndéanfadh Gilmore a pháirtí a thabhairt isteach sa bhfreasúra, tíocht an chéad olltoghchán eile, bheadh an Lucht Oibre in ann cur go mór leis an líon suíocháin Dála agus b’fhéidir go mbeadh bunús éicint leis an mana ‘Gilmore for Taoiseach’ a bheith ar na postaeirí mar a bhí.
bhealach éicint some way
" Bheartaigh siad go mba mhaith an rud é go mbeadh aitheantas tugtha ar bhealach éicint don chaiteachas sin.
rud éicint dearfach something definite
" “Is féidir leat a bheith cinnte” a dúirt sé liom “ go mbeidh rud éicint dearfach á dhéanamh i dtaobh na ceiste”.
ghné éicint some aspect
" ag piocadh suas corrbhileog anseo is leabhar ansiúd ón mbinse agus á leagan anuas arís go dtí sa deireadh go n-aimsíodh sé cáipéis éicint as a bhfaigheadh sé an tinfeadh chun léacht den scoth a thabhairt faoi ghné éicint de pholaitíocht na hÉireann.
bhféadfainn rud éicint a dhéanamh I could do something
" Thaithnigh sé sin liom go mór ach is dóichí gur cheap mé, ceart nó mícheart, (ag gáire) go bhféadfainn rud éicint a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge dhe.
creidiúint i rud éicint believe in something
" Agus mé á rá sin, ní haon mhairtíreach ná aingeal mise, ach is dóigh go gcaithfidh tú creidiúint i rud éicint.
go dícheallach ar sprioc éicint diligently at some target
" Is féidir linn a bheith róghéar agus rórighin in amanna agus sinn ag díriú go dícheallach ar sprioc éicint, ach ná caillimist an ghnaíúlacht a dtugann daoine gnaíúla i dtíortha eile an domhain gean dó.
Tá eolas éicint agat ar you have some knowledge
" Le Chéile is Fearr Sinn, an Dá Chanúint ============ **SMM: Tá eolas éicint agat ar an tír seo anois.
bhfuil rud éicint mícheart ansin something about that is wrong
" Braithim go bhfuil rud éicint mícheart ansin: airgead an cheadúnais á úsáid mar a bheadh fordheontas chun tacú leis an gcraolachán tráchtála.
tiocfaidh rud éicint as ar deireadh something will come of it finally
" Má chuirfimid le chéilí, tiocfaidh rud éicint as ar deireadh agus go mbeadh rud éicint fágtha thiar ag an dream óg le coinneáil ag imeacht.
leigheas de chineál éicint ag teacht ar some kind of remedy happening
" An bhfuil leigheas de chineál éicint ag teacht ar an mbaile seo meas tú?** PÓMurchú: Tá leas ag teacht air gan amhras.
Tá gné éicint ar iarraidh go fóill there’s something missing still
" Tá gné éicint ar iarraidh go fóill le sinn a tharchéimniú ón bhá náisiúnta (atá fíor agus feiceálach) go gníomh náisiúnta (nach bhfuil fíoraithe), gné a chuirfeas dlús ar leith leis an téarnamh atá de dhíth ar a bhfuil fanta d’iarsmaí ár nGaeltachta agus don fhás sa Ghalltacht.
Tá an ghné sin i bhfolach áit éicint that something is missing somewhere
" Cad é an rud a dhéanfadh lucht cúise agus lucht creidimh teanga de Bhéarlóirí na tíre, óir níl ár ndóthain gníomhairí, ar nós Mhic Sheáin, ag dréim, ag samhlú agus ag cromadh chun oibre? Tá an ghné sin i bhfolach áit éicint sna Béarlóirí gar don fhéinmhuinín, don mheasúlacht, do cheapadh ár gcinniúna féin.
Gné Éicint ar Iarraidh something missing
" Gné Éicint ar Iarraidh ========= **CMS Cén chaoi ar chuir tú suim sa teanga?** BD Níl fhios agam.
gheobhaidh sí cuidiú éicint she’ll be assisted in some way
" Ar an láimh eile, má dhíríonn sí aird ar ghné eile den scéal, an t-athrú aeráide, gheobhaidh sí cuidiú éicint ó thráchtálaithe na súdaireachta, lucht an bhrabaigh, cuidiú ar féidir a roinnt le lucht cabhrach an Treas Domhain.
roinnt éicint a thabhairt slán save a few
" (Is ionann an Treas Domhan ar ndóigh, agus Domhan Céad Fhoinse gach saibhris!) Tuigeann Máire Nic Róibín go mbeidh na milliúin ag fáil bháis den ocras fós faoin am a bhfaighe sí féin bás, nach dtig léi an scéal a leigheas, ach gur féidir léi roinnt éicint a thabhairt slán agus gur féidir cur le tuiscint an uafáis i measc níos mó daoine i rith an achair.
bhfuil rud éicint as alt ar fad something is really amiss
" **SMM: Nár cheart daoibh cruthú thar cinn sa gcéad ollthoghchán eile, tharla Labour a bheith dá milleadh féin le dúnghaois déine Bhanc na hEorpa agus an Choiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta? Mura gcruthaíonn sibh thar cinn, comharthóidh sé go bhfuil rud éicint as alt ar fad, nach fíor dom é?** TÓC: Sílimse gurbh fhearr fás réidh, seasmhach a fheiceáil sa bpáirtí ná fás thar oíche, mar a chonaic mé i bPáirtí an Lucht Oibre san olltoghchán deireanach.
As siocair rud éicint because of something
" As siocair rud éicint a thit amach i saol roinnt daoine, is féidir leo glacadh níos fearr le deacrachtaí agus le dúshláin, an lámh is fearr a fháil orthu, an chuid is mó den am, agus go minic, tairbhe a bhaint as na deacrachtaí céanna.
rud éicint fealsúnta nó suntasach faoin eachtra something philosophical about the incident
" Feicfear fearg orthu ó thráth go céile, ach síothlaíonn siad de réir a chéile, agus arís, déarfaidh siad rud éicint fealsúnta nó suntasach faoin eachtra a chuir fearg orthu roimhe sin.
caithfear rud éicint a rá in am corraíola something has to be said in turbulent times
" Bíonn ciúin ciontach agus caithfear rud éicint a rá in am corraíola leis na meáin.
caithfidh go mbaineann sé ar bhealach éicint must pertain in some way
" An íomhá iomrallach seo ar fad, caithfidh go mbaineann sé ar bhealach éicint leis an teoiric a luaigh an tUachtarán agus gur thagair an Coimisinéir Teanga dó: nach dtig leis an Ghaeilg a bheith marbh go leor do roinnt daoine.
rud éicint fiúntach a dhéanamh to do something worthwhile
" Chuige sin bhí an litir ag impí ar Dinny Mc Ginley rud éicint fiúntach a dhéanamh sa dhá bhliain atá fanta aige in oifig lena cur faoi ndeara a chomhleacaithe sa rialtas ‘go dteastaíonn athrú i meon, athrú i bpolasaí agus athrú sa gcur chuige’.
deis éicint some chance
" Braithim go bhfuil éilimh ansin a d'fhéadfaí a bhaint amach, rud a thabharfadh deis éicint don Ghaeilge maireachtáil tamaillín eile sna háiteacha ina bhfuil sí á labhairt fós mar ghnáth-theanga laethúil.
bhfuil duine éicint ag cuimhneamh orthu someone is thinking of them
" Nuair a thuigeann sé nó sí go bhfuil duine éicint ag cuimhneamh orthu.
sheol comhlacht gutháin éicint some phone company sent
" Tús na bliana anuraidh, níorbh iad an BSL amháin a shaighdigh comhlacht príobháideach amach le géaga a ghearradh siar ar na crainn, ach sheol comhlacht gutháin éicint lucht na dtoireasc slabhra amach agus réab siad na crainn ar cholbha an bhóthair.
bhfuair na Glasaigh smeadar éicint measa the Greens found some touch of respect
" Chreidfinn go bhfuair na Glasaigh smeadar éicint measa i measc mo lucht aitheantais mar gur páirtí iad atá eagraithe ar bhonn náisiúnta.
deis éicint some chance
" B’fhéidir go dtabharfadh sin deis éicint don Lucht Oibre tíocht aniar ón dtubaist atá i ndán don pháirtí ag an gcéad toghchán eile, má tá siad fós ag cur beartas Fhine Gael i bhfeidhm.
ag iarraidh beart éicint a dhéanamh trying to do something
" Tacaíocht Bheag Eile ======= Bhí mé féin ag iarraidh beart éicint a dhéanamh agus dhírigh mé ar thús a chur leis an aclaíocht agus rás deich gciliméadar a dhéanamh ar son na carthanachta.
corraíl éicint some move
" Is mór an gar go bhfuil corraíl éicint ar na bacáin ar an Chreagáin i lár na tíre ar son na teanga, ar son na príomhchathrach agus ar son an gheilleagair.
Is mithid croitheadh éicint a bhaint as it’s time to shake up in some way
" Is mithid croitheadh éicint a bhaint as na húdaráis spóirt, dar le Colm Mac Séalaigh, nó ní leigheasfar scéal an drochiompair sna spóirt.
feancadh éicint a bhaint as feachtais to bring about some change in the campaign
" Roinnt uaireanta an chloig sular gabhadh an fear frithchogaíochta, Niall Farrell, i nGaillimh labhair Seosamh Mac Muirí leis faoina iarrachtaí, in éineacht le Margaretta D’Arcy, feancadh éicint a bhaint as feachtais Arm ECAT i dtíortha bochta amuigh thar lear, go háirithe ó thús an chéid seo.