Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rud éigin fiúntach a chur i gcrích tú féin achieve something worthwhile yourself
" Ní fhéadfadh a cuid fuinnimh gan dul i bhfeidhm ort agus gan fonn a chur ort dul amach agus rud éigin fiúntach a chur i gcrích tú féin.
ciontach as coir éigin guilty of some crime
" Má bhíonn duine ar bith á scaoileadh saor go luath ciontach as coir éigin, agus an fhianaise ann ina éadan, tógfar é agus cuirfear i bpríosún é.
puncghrúpa dearúdta éigin some forgotten punk group
" Roy Keane, nó Manchain, nó puncghrúpa dearúdta éigin (dearúdta glan agamsa ar aon nós) gach re freagra ceart.
éigin réasúnach rational explanation
" Déanann daoine a ndícheall míniú éigin réasúnach a fháil agus bíonn sé mar aidhm acu leis an síorphlé a n-eagla anama a roinnt le daoine eile agus bac a thógáil i gcoinne rud éigin nach bhfuil daonna, dar leo.
go bhfágfar rud éigin that something will be left
" Níl an oiread sin suime aici san airgead ach is mian léi go bhfágfar rud éigin ina diaidh, mar a rinne an dream a bhí ag dul don cheol sna glúnta a tháinig roimpi.
ba ghá dom gníomh éigin a dhéanamh I had to take some action
" Chuir mé ceist orm féin, 'Cé hiad na strainséirí sa tír seo go stairiúil?' Bhuel, leis an fhírinne a rá, bhí mé go hiomlán ainbhiosach ar na cúrsaí a bhí ag cur isteach ar mo tír dhúchais, agus ba ghá dom gníomh éigin a dhéanamh.
a bhéarfaidh faoiseamh éigin which will give some relief
" Anois, caithfidh siad na himpleachtaí a mheas a bhaineann le toradh a bhéarfaidh faoiseamh éigin agus muinín úr d'aontachtaithe.
rud éigin álainn a chur in iúl to express something beautiful
" "Is rud neamhaí í an fhilíocht," a deir sé, "a bhrúchtann aníos nuair is mian le duine rud éigin álainn a chur in iúl.
ní mór an t-airgead a aimsiú in áit éigin the money must be found somewhere
" Agus an borradh mór geilleagrach tráite go maith faoin am seo, áfach, ní mór an t-airgead a aimsiú in áit éigin.
gníomh éigin dearfa agus fónta some positive and useful act
" Shíl go leor againn i l988, agus Cluichí Oilimpeacha Seoul ag teacht chun deiridh agus Ben Johnson ciontaithe as drugaí a ghlacadh, drugaí a chabhraigh leis curiarracht an domhain a shárú agus an bonn óir sa 100m a bhuachaint, shíl muid an t-am sin go ndéanfaí rud éigin, gníomh éigin dearfa agus fónta chun deireadh a chur le caimiléireacht ghránna na ndrugaí.
cineál éigin gairmiúlachta a bhaint amach to achieve some kind of professionalism
" Ach, bí cinnte gurb é aidhm fhírinneach an GPA ná cineál éigin gairmiúlachta a bhaint amach a mbeidh íocaíocht nó pá ar son imeartha mar chuid den mhargadh.
slí éigin a aimsiú to find some way
" Nach mbeadh sé i bhfad níb fearr dá gcuirfí teorainn leis an mhéid daoine a scaoilfí isteach sa tír ach, ar a laghad, go ndéanfaí iarracht slí éigin a aimsiú chun fáilte a chur rompu siúd in oirthear na hEorpa a bheas mar chomhshaoránaigh againn ó bhí na Bealtaine ar aghaidh? Is gá go leor athruithe a chur i bhfeidhm i bpolasaithe inimirce na hÉireann.
chomhréiteach de shaghas éigin a compromise of some kind
" Anois cheapfá, nó cheapfainnse ar aon nós, go bhféadfadh daoine atá chomh saibhir agus cumhachtach is atá na fir atá páirteach sa chonspóid spóirt seo teacht ar chomhréiteach de shaghas éigin eatarthu agus leanacht ar aghaidh ag déanamh an rud a bhfuil siad go maith chuige, is é sin ag déanamh níos mó.
faoi strus de chinéal éigin under some kind of stress
" Bhí cuid mhaith den phobal a bhí i dteagmháil linn faoi strus de chinéal éigin, agus go minic bhíodh daoine san oifig ag iarraidh iad a sheachaint.
70 éigin faoin chéad 70 something per cent
" "Bhí tromlach ag na haontachtaithe ar an Lorgain, 70 éigin faoin chéad.
gléas leictreonach éigin some electronic device
" Bíonn eagla orm féin i gcónaí go ngoidfear é nó go ndéanfar cóip de le gléas leictreonach éigin nuair nach bhfuil mé ag coimeád súil air.
sean-bhoc éigin some old fellow
" Nuair a cheolfainn amhrán, gheobhadh sean-bhoc éigin, nach raibh aithne dá laghad agam air, greim ar mo lámh le mé a windeáil suas le misneach a thabhairt domh.
ar thóir rud éigin eile after something else
" tabharfaidh mé a dhúshlánI'll challenge him scrogalllong thin neck á bodhradhdeafening her obair athleictritherewiring work meirgrust ag smúrthachtprowling around go teanntightly tiubhthick tréanstrong bolta righinstiff bolt i ngan fhios dóibhwithout them knowing lomnochttotally naked ar thóir rud éigin eileafter something else ar tí cnagadhabout to knock ag iarraidh sárú ar an eaglatrying to overcome the fear le neart a tola is a réasúinwith the strength of her will and her reason
ghéarchéim áitiúil éigin some local crisis
" ) Sóisialaithe, ceardchumannaithe, an seomra lán toite, agus iad ag déanamh plé ar ghéarchéim áitiúil éigin.
dul chun cinn éigin some sort of progress
"dul chun cinn éigin déanta ó 2003 i leith, agus léiríonn figiúirí Rialtais go bhfuil 1.
mionrud éigin some small thing
" * Gluais • Glossary dul i dtaithí arget used to seanmóirsermon léachtaíreadings gnáthchomhráordinary conversation chomh tuirseach is a bhínnhow tired I used to be luasspeed sruth caintea stream of words foighneachpatient botúinmistakes séiplíneachchaplain bosca faoistineconfession box ag éisteachthearing confessions eascainíswearing iarrachtattempt leithreastoilet sna Flaithisin Heaven seálshawl sa Nigéirin Nigeria deoisediocese gáneed ualachburden misneachhope leictreachaselectricity cuisneoirífridges cadhnrabattery a bheadh le luchtúwhich would have to be charged gineadóirgenerator go han-spárálachvery sparingly scannán an-mholtaa highly-praised film deontasgrant bolgánbulb mionrud éiginsome small thing le caoi a chur airto repair it m'airdmy attention draíochtmagic a d'ardaíodh mo chroíwhich used to lift my heart a chuaigh i bhfeidhm go mór ormthat really made an impression on me spioradáltachtspirituality achrannquarrelling aighnisdisputes tuairimí láidrestrong opinions pearsantachtaí láidrestrong personalities in árach a chéileat loggerheads Ghoill naimhdeas mar sin go mór ormthat sort of hostility really upset me chruthódh séit would prove turas na croisethe stations of the cross an CarghasLent aisteachstrange gníomh creidimhan act of faith ráiteasstatement briathar Déthe word of God béimemphasis trí chéilein general gannscarce comaoineachcommunion fireann nó baineannmale and female an-ghar don nádúrvery close to nature do bhaol a mbáiteto the danger of being drowned scór ógánachtwenty young men a bádhwho were drowned truamhéalachheart-breaking strompthastiff ina baclainnon her arm mothúcháinemotions ar tír móron the mainland ag cur láimhe ina mbás féincommitting suicide d'aireofáyou would feel bádrowning sciobadh na farraigethe sea's snatching sólássolace i gcréin the soil i ngaineamh na cillein the sand of the grave faraoralas uaigneas imeachtathe loneliness of departure cé is moite de na laethanta saoireapart from the holidays a fhilleann go lánaimsearthawho return on a full-time basis de cheal postanna feiliúnachadue to a lack of suitable jobs ábhair acadúlaacademic subjects
conspóid amaideach éigin some stupid controversy
" Maidin Lá Fhéile Pádraig, ar chlár raidió Howard Stern, a thugann léargas an-mhaith ar chúrsaí i gcónaí, dúirt duine a bhíonn le cloisteáil air go minic, “Gach bliain bíonn conspóid amaideach éigin againn.
míniú sásúil éigin some satisfactory explanation
" Agus an fhianaise ag léiriú anois nárbh í Joanne máthair an linbh a fuarthas ar an trá, bhí géarghá le míniú sásúil éigin ar cén fáth gur shínigh gach duine de mhuintir Hayes ráiteas, agus iad go léir beagnach mar an gcéanna, focal ar fhocal, ag admháil gur thug siad corp linbh chuig an Daingean, gur sháigh siad é agus gur chaith siad isteach san fharraige é.
ag súil go n-aimseoinn gréasán éigin hoping to find some network
" Chuaigh mé ó sheomra go seomra i m’árasán ag súil go n-aimseoinn gréasán éigin, áit éigin.
ag súil go n-aimseoinn gréasán éigin hoping to find some network
" Chuaigh mé ó sheomra go seomra i m’árasán ag súil go n-aimseoinn gréasán éigin, áit éigin.
Boc éigin some fellow
" **Balor:** Ar tháinig sibh faoi thionchar daoine speisialta? Nó cé a mhúnlaigh sibh? **CD:** Boc éigin sa tSín nó áit inteacht eile sa Chianoirthear a mhúnlaigh muid an chéad lá riamh.
éifeacht éigin diúltach some negative effect
" Mar sin, in ionad bheith i gcoinne an athraithe mar gheall ar éifeacht éigin diúltach ar an saol gnó (mar dhea), tá siad ag cur fáilte roimhe de bharr go gcuideoidh sé lena n-iomaíocht as seo amach.
bhraitheas ar chuma éigin I felt in some way
" Is galar tógálach cuid de sin, is dóigh liom, agus bhraitheas ar chuma éigin go rabhas róghairid dó.
ar gheansaí oilithrigh éigin on the jersey of some pilgrim
" Cá bhfios nach mbeidh “Ó Muiríosa” le feiceáil scríofa ar gheansaí oilithrigh éigin.
go raibh rud éigin uafásach feicthe acu that they had seen something terrible
" Leathbhealach tríd an pharáid, bhrúigh beirt acu isteach sa pharáid go tobann agus shíl mé go raibh rud éigin uafásach feicthe acu i measc na siúlóirí.
ar phláinéad éigin eile on another planet
" Ach caithfidh go raibh sibh ar phláinéad éigin eile, mar níor chuala aon duine mé.
aird éigin some attention
" Ba dheacair gan aird éigin a thabhairt ar Chorn Ryder, fiú mura raibh suim ag duine sa ghalf nó i gcúrsaí spóirt de shaghas ar bith.
míniú éigin some explanation
"míniú éigin ar chás na Meiriceánach (mar a dúradh thuas) ach an bhfuil léamh nó míniú ar thaispeántas Mhaigh Eo i gcoinne Chiarraí? Tá go leor tráchtairí, iarpheileadóirí agus ar uile, tar éis iarracht a dhéanamh ach dáiríre is mistéir é go bhféadfadh grúpa peileadóirí a d’imir chomh maith agus cróga ar feadh an tsamhraidh a bheith chomh hainnis ar an lá is tábhachtaí sa bhliain.
easpa éigin something lacking
" *Gig* lárthurais againn – easpa éigin ann, easpa éigin ionainne.
forbraíonn dream éigin some group develops
" An féidir a dtart a laghdú nó fiú staonairí a dhéanamh astu? Ó am go ham forbraíonn dream éigin gluaisteán a úsáideann “breosla malartach”.
ceangal de shaghas éigin a link of some sort
" Moladh amháin a bheadh agam féin ná ceangal de shaghas éigin a dhéanamh le gradam na Réalta.
faoiseamh éigin some relief
" Aithníonn Collins é seo ina shaothar agus b’fhéidir go dtugann an méid sin féin faoiseamh éigin dóibh siúd atá ag insint a scéalta.
tuairisciú de chineál éigin a reporting of some kind
" Ach nach bhfuil seisean ag baint sochair astu ar mhaithe lena leas féin agus, ceist níos lárnaí arís, an ealaín atá i gceist leis an saothar seo nó tuairisciú de chineál éigin ar an dúil mhillteanach atá againne, daoine, clú agus aitheantas a bhaint amach dúinn féin, is cuma cén praghas atá le híoc againn? Tá “oifig” ag Collins istigh sa Tate atá mar chuid den taispeántas agus ina ndéanann sé eagarthóireacht ar a chuid scannán.
go bhfuil dealramh éigin ar mholadh an Chomhaontais Ghlais that the Green Party's proposal has something going for it
" Seans, fiú, go bhfuil dealramh éigin ar mholadh an Chomhaontais Ghlais go dtógfaí painéal gréine ar dhíon gach tí atá ó dheas.
tuairim éigin some idea
" Bhí tuairim éigin agam faoi chultúr agus stair na mBundúchasach sula ndeachaigh mé go dtí an Astráil, agus fós féin chuir an méid a fuair mé amach faoin gcaoi ar caitheadh le pobail dhúchasacha na tíre déistin agus uafás orm.
fonn éigin ina gcloigeann some tune in their head
" ” Chuir mé ceist ar Nicholas – ag déanamh grinn – an gcuireann daoine scairt ar an Taisce, fonn éigin ina gcloigeann agus an dtosaíonn siad ag portaíocht ar an ghuthán, ag rá, “Chuala mé an fonn seo aréir.
iarracht éigin some attempt
" Tá an rialtas tar éis an bealach éasca a thógáil le léiriú go bhfuil iarracht éigin á déanamh acu laghdú a dhéanamh ar an líon daoine atá á marú ar na bóithre (366 duine sa bhliain 2006) ach níl mórán iarrachtaí á ndéanamh maidir le fadhbanna eile: na mílte tiománaí atá ag tiomáint gan ceadúnas ar bith; na mílte atá ag fanacht le triail tiomána; na céadta eachtrannach atá ag tiomáint gan árachas nó ceadúnas; agus, an easpa comhoibrithe atá ann idir na húdaráis ó thuaidh agus ó dheas, a chiallaíonn go bhfuil ráta an-ard timpistí i gcontaetha na teorann.
i gcomhad éigin in some file
" Is éard is gá dó siúd a dhéanamh ná dul tríothu agus ord éigin a chur orthu agus an t-eolas a bhreacadh síos i gcomhad éigin ar an ríomhaire.
shroicheadar leaid éigin they reached some lad
" A ghruaig ag gliúcáil thar a spéaclaí, é ag seinnt sóló i lár 'Imagine' agus Yócó Onó bhocht sa chúinne, a méaracha ina cluasa, ag guí go stopfaidh sé! * - *Bhí trí phíob Taylor ag an aisteoir Mickey Rooney – meas tú an raibh a fhios aige go bhfuil treibh de Thaistealaithe den ainm céanna a sheinnean píobaí thall i Leeds Shasana? * - *Sheinn James Cagney na píobaí a bhí aige agus shroicheadar leaid éigin i Seattle tar éis dó bás a fháil.
draíocht éigin some kind of magic
" Faraor, briseadh isteach sa charr a bhí ar cíos againn in Port Arthur, a bhí ina choilíneacht do phríosúnaigh tráth – b’fhéidir gurbh é ceann de na taibhsí a bhí ciontach! Bhí draíocht éigin ag baint leis an Tasmáin domsa a bhí in easnamh ar an gcósta thoir.
ag aithint rud éigin recognising something
" AÓF: An cuimhin leat an chéad uair a chuaigh ceol i bhfeidhm ort? HB: Bhuel bhí spéis agamsa i gceol *punk*, an stuif crua ar dtús, ach thosaigh mé ag aithint rud éigin sna Pogues ansin.
ag trascríobh nótaí ó thaifeadadh éigin de thiúin éigin transcribing notes from some recording of some tune
" Ní raibh rang foirmeálta riamh agam agus b’fhéidir gur maith an rud é sin fosta mar d’fhoghlaim mé féin ainmneacha na nótaí agus chaithinn b’fhéidir uair go leith ag trascríobh nótaí ó thaifeadadh éigin de thiúin éigin ionas go bhféadfainn í a fhoghlaim.
cruth éigin some shape
" Má táimid sásta le caighdeán “maith go leor ar éigean” chun seinm i seisiún, an leor é sin? Caithfidh cruth éigin a bheith ar an seisiún agus caighdeán a bheith i gceist.
ó bhréantachán éigin from some stinker
" Ní raibh sa tuairisc sin ach bréag bhréan ó bhréantachán éigin de chuid Fhianna *friggin’* Fáil.
díospóireacht chultúrtha éigin some cultural debate
" Creideann Nic Pháidín agus Ó Cearnaigh gur “beag fóram atá ar fáil chun dea-iriseoireacht, dea-scríbhneoireacht agus fiú díospóireacht chultúrtha éigin a thionscnamh i nGaeilge”.
cáil éigin a tharraingt ort féin. to attract fame to yourself.
" Is bealach maith é le d'ainm a chur chun cinn agus cáil éigin a tharraingt ort féin.
rud éigin a mhúnlú to form something
" Teastaíonn uait rud éigin a mhúnlú le gur féidir a bheith dílis don lúbaireacht atá ionat.
bhfuil cáil éigin bainte amach aici who has achieved fame
" I measc na n-inimirceach Slavach seo go léir is í Izabela Chudzicka an Polannach is mó a bhfuil cáil éigin bainte amach aici in Éirinn.
i leabharlann nó músaem in áit éigin, in a library or musem somewhere,
" Níl a fhios agam an bhfuil ainm Richard de Walton luaite i lámhscríbhinn Éireannach i leabharlann nó músaem in áit éigin, agus ainm an chailín a d’fhuadaigh sé in Éirinn luaite inti fosta.
D'airíos mothúchán éigin géar I felt some sharp emotion
" D'airíos mothúchán éigin géar agus mé ag éisteacht le casadh faoi leith de.
méid éigin Gaeilge some amount of Irish
" “Bhuel, bhí méid éigin Gaeilge agam – Gaeilge na scoile - ach chuirfeadh sé fonn gáire ort.
ní éigin speisialta something special
"ní éigin speisialta ar bun idir na deartháireacha, b’fhéidir, agus gan focal a rá, tuigeann muid go bhfuil atmaisféar éigin aimsithe againn.
go bhfuil atmaisféar éigin aimsithe againn. that we have discovered some atmosphere.
" Tá ní éigin speisialta ar bun idir na deartháireacha, b’fhéidir, agus gan focal a rá, tuigeann muid go bhfuil atmaisféar éigin aimsithe againn.
cumhacht de chineál éigin some sort of power
" Is féidir le Noel Dempsey an scéal seo a chur ina cheart – caithfidh go dtugann an sciar de 25% atá ag an Stát in Aer Lingus cumhacht de chineál éigin don Rialtas maidir le daingniú polasaithe.
rud éigin a nocht an dearcadh something which uncovered the view
" Náire Dhearg Polannaigh óga go bun a gcluas gach uair a dúirt duine den chúpla rud éigin a nocht an dearcadh cúng Caitliceach coimeádach atá acu; dearcadh a tharraing aird na hEorpa ar an bPolainn.
comhlacht spóirt éigin some sports company
" Ní fhaigheann sí pioc codlata roimh chluiche mór!”Ar ócáid eile, thug comhlacht spóirt éigin bróga peile do gach ball d'fhoireann Átha Cliath, ach fuair Mick bróga difriúla go pearsanta ó chomhlacht eile fosta.
rud éigin ina bhagairt do shíocháin dhomhanda, something which is a threat to world peace
" Measaim go mbíonn sé de cheart ag an stát úsáid a bhaint as foréigean i gcúinsí áirithe – má tá rud éigin ina bhagairt do shíocháin dhomhanda, cuir i gcás.
rud éigin thar a bheith bunúsach something very basic, fundamental
" Measaim go bhfuil *Aniar *ar cheann de na saothair is suimiúla atá léite agam le tamall mar gheall ar go n-éiríonn leis rud éigin thar a bheith bunúsach a mhúscailt sa léitheoir.
Ba ar éigin it was just about
" – faoin am sin bhí na héin ina ndúiseacht le fada! Ba ar éigin a d’fhan mé i mo dhúiseacht, ach níor chuir a leithéid stop le Shea riamh.
rud éigin suntasach something substantial
" Cad é a ritheann leat nuair a smaoiníonn tú ar ealaíontóirí graifítí? An aontaíonn tú leis an tuairim gur ealaíontóirí iontu féin iad, nó an dóigh leat gur lucht scriosta a dtimpeallachta iad? An samhlaíonn tú iad mar dhéagóirí míshocra le *hoodies* a bhíonn ag spraeáil a gcuid teachtaireachtaí rúnda i gcoim na hoíche ar réadmhaoin agus ar airnéis phearsanta daoine eile, nó an é gurbh fhearr leat amharc orthu mar ealaíontóirí réabhlóideacha a bhfuil a racht ealaíonta á scaoileadh acu ar bhallaí sráide – iad saor ó shrian na ndánlann agus ó shúile an phobail? An dóigh leatsa gur ealaín luachmhar phoiblí é graifítí a bhfuil sé de chumas aige rud éigin suntasach a léiriú faoinár sochaí, nó an síleann tú gur creachadóireacht leithleasach é a bhíonn á cleachtadh ag daoine nach bhfuil aon mheas acu ar a dtimpeallacht nó ar na daoine a bhfuil cónaí orthu mórthimpeall orthu? Is éard atá i ngraifítí ná litreacha nó íomhánna a scríobtar, a spraeáiltear nó a phéinteáiltear in áit phoiblí.
am éigin sa todhchaí. some time in the future
" Ansin, le linn dom a bheith i mbun léirithe ar an tsraith ‘Work Experience’, dúirt mé leis an stiúrthóir Mike Casey lá amháin – agus muid beirt istigh in Abrakebabra – gur bhreá liom clár a dhéanamh faoin nGaeilge am éigin sa todhchaí.
faoi chúram áisíneachta neamhspleáiche éigin as the responsibility of some independent agency
" Seans, áfach, gur cheart feidhmiú an choinníll a chur faoi chúram áisíneachta neamhspleáiche éigin – Údarás na Gaeltachta nó An Bord Pleanála, cuir i gcás – seachas a bheith ag brath ar na Comhairlí Contae nach raibh i bhfách leis an chéad lá riamh.
tacú le feachtas éigin, to support some campaign
" Nuair a bhíonn achainí ar an gcéad leathanach go rialta ag tathaint ar léitheoirí tacú le feachtas éigin, braithim go gcailleann an nuachtán cuid dá údarás iriseoireachta.
rud éigin fíorphearsanta something very personal
" “Bhraith muid go raibh muid ag déanamh rud éigin fíorphearsanta agus fíorphríobháideach a scannánú,” a deir Hansard.
bain triail as rud éigin eile. try something else.
" Mura dtarlaíonn sé, bain triail as rud éigin eile.
ar bhealach éigin aisteach! in some strange way!
" Arís, an rud a luaigh mé: d’fhéadfadh sé a bheith dainséarach! D’fhéadfadh sé titim as a chéile! Faighim sásamh as sin ar bhealach éigin aisteach! Agus an rud seo faoi go leor Fraincise a fhoghlaim le bheith ábalta déileáil le fadhb ar bith a thiocfadh chun cinn.
ag ócáid éigin áitiúil at some local event
" Cad é a spreag í leis sin a dhéanamh? “Bhuail mé le fear a bhí ag obair in RTÉ ag ócáid éigin áitiúil agus dúirt sé liom, ‘Ba cheart duit glaoch orm má smaoiníonn tú ar bhogadh go Baile Átha Cliath.
fabht éigin some fault
" An ndéarfá go raibh fabht éigin sa chóras a cheadódh a leithéid? Sin é go díreach atá ar bun de réir mo bharúlsa i gcás an líon ard scoláirí atá ag fáil díolúine ó bheith ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge sa mheánscoil ach atá ag an am chéanna ag tabhairt faoi nuatheanga Eorpach amháin eile ar a laghad a fhoghlaim.
ar chúis éigin, for some reason
" “Ghlac mé páirt i gcamchuairt i gCeanada mar, ar chúis éigin, ní raibh Leo ábalta dul.
Táthar tar éis teacht ar shocrú éigin le blianta beaga anuas, an arrangement has been reached in recent years
" Táthar tar éis teacht ar shocrú éigin le blianta beaga anuas, rud a chiallaíonn go bhfuil an rud ar fad curtha chun leapa.
bíonn siad ag iarraidh rud éigin a bhaint amach dóibh féin they are looking to get something for themselves
" Go hiondúil, nuair a léiríonn rialtais spéis i gcearta daonna i dtíortha eile, bíonn siad ag iarraidh rud éigin a bhaint amach dóibh féin – ola, ór, nó úráiniam, mar shampla.
frustrachas éigin some kind of frustration
" ” FrustrachasIs léir ón dóigh a labhraíonn sé faoi Sheachtain na Gaeilge go bhfuil sé thar a bheith bródúil as an bhféile, ach tá frustrachas éigin le cloisteáil ina ghuth chomh maith.
firinne éigin some truth
" In ainneoin go measaim féin go dtéann daoine thar fóir leis an argóint áirithe seo, tá firinne éigin ag baint léi.
chinn siad ar rud éigin an-dearfach a dhéanamh they decided to do something very positive
" Ghoill bás a mhic go mór ar Sheán, ar a bhean chéile Helen agus ar an teaghlach ach chinn siad ar rud éigin an-dearfach a dhéanamh i gcuimhne ar John Patrick: scoláireacht a bhunú chun cur ar chumas múinteora de chuid Daltaí na Gaeilge dul go hÉirinn gach bliain chun oiliúint bhreise a fháil.
ag lorg soiléireachta éigin looking for some clarity
" 1-35); nó go dtéitear ag lorg soiléireachta éigin sa leagan comhdhlúite de na Conarthaí Éagsúla Eorpacha mar a leasaítear iad i gConradh Liospóin (foilsithe ag an Institiúid ar Ghnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha agus ina bhfuil 346 leathanach).
ionas go mbeadh áit éigin ag an ngiorra le héalú chuici so that the hare would have somewhere to escape to
" Nós ársa in Éirinn ab ea é, aimsir an fhómhair, barraí gan bhaint a fhágáil i gcúinne amháin de pháirceanna ionas go mbeadh áit éigin ag an ngiorra le héalú chuici.
is olc an ghaoth nach séideann maitheas do dhuine éigin. it is a bad wind that doesn't blow good for somebody
" Ach mar a deir an seanfhocal, is olc an ghaoth nach séideann maitheas do dhuine éigin.
córas comhtháite éigin some integrated system
" Anois, aontaím leis an tuairim go bhfuil gá le córas comhtháite éigin a chuirfidh ar ár gcumas taisteal timpeall na hardchathrach ar Luas nó Dart nó ar bhus leis an ticéad céanna.
a bhí scoite amach ón bpobal ar bhealach éigin who were marginalised in some way
" Dála nósanna na maidine – scuabadh na bhfiacla; cóiriú na leapa – ba chuid normálta dár lá é cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhí ar bheagán airgid nó dóibh siúd a bhí scoite amach ón bpobal ar bhealach éigin.
tharla rud éigin aisteach: something strange happened
" I mbliana, áfach, tharla rud éigin aisteach: bhí i bhfad ní ba mhó Gaeilge á labhairt i measc an tslua a d’fhreastail ar an bhféile.
gurbh éigin do dhaoine people had to
" Ba éard a bhí i gceist leis sin ná gurbh éigin do dhaoine seilbh a ghlacadh ar an micreafón agus aithris a dhéanamh ar stíl thráchtaireachta Mhichíl Uí Mhuircheartaigh, an tráchtaire iomráiteach spóirt.
Ní éigin something
" Ní éigin a dhéanfadh próiseáil orm, a thabharfadh faoiseamh éigin dom agus a dhéanfadh na cnapáin bheaga gharbha a shnasadh agus a dhíriú! Ach b'fhéidir le sin, go ndíbreofaí an croí as an saol.
dhúnghaois éigin some policy
" Maidir leis na heagrais Ghaeilge, ba mhaith liom go dtabharfaí cúis nua agóide do Ghaeil an Tuaiscirt agus ráiteas tomhaiste do Chonradh na Gaeilge a bhféadfaí a eisiúint le failtiú roimh dhúnghaois éigin de chuid an rialtais.
ar éigin go hardly
" Dúirt sé “Tá sé chomh clúdaithe sin in gear ard-infheictheacht, is ar éigin go bhfaca mé ar chor ar bith é”.
tráth éigin sometime
" Tá na taiscí sin á slogadh ag an gcine daonna chomh gasta agus is féidir leo, agus mar sin caithfidh go mbeidh deireadh leo tráth éigin, bíodh sé luath nó mall.
ábhar conspóide éigin some controversial matter
" Ach le roinnt ama anuas, tá sé tugtha faoi deara agam go n-ardaítear i gcónaí ábhar conspóide éigin sna sála ar aon drochnuacht eacnamaíochta.
Is ar éigin hardly
" Is ar éigin d’fheicfeá leithéid Earnán de Blaghad ar cheachtar den dá chlár teilifíse sin.
de shaghas éigin of sorts
" Bhí meas an phobail orthu mar chuir siad deireadh le caimiléireacht na dtiarnaí cogaidh, agus is cosúil go raibh ‘saol normálta’ de shaghas éigin ag muintir na Somáile arís tar éis cúig bhliain déag den ainriail.
feabhas éigin some improvement
" * Tá feabhas éigin le sonrú i gcúrsaí oideachais, de réir na tuarascála, ach bhíothas díomách a léamh inti go bhfuil cúrsaí níos measa i dtaca le neamhchúram agus mí-úsáid na bpáistí dúchasacha: *The rate of substantiated notifications for child abuse or neglect increased for both Indigenous and non-Indigenous children between 1999-2000 and 2007-08.
ní éigin something
" Nílim fós in ann na heasanna úd a mhíniú, ach bhraitheas go rabhadar ag creimeadh ní éigin ionam a bhí stroimpithe leis na blianta.
éigin some
" Ag féachaint siar ar bhillí aibhléise don tréimhse Meitheamh 2008/2009 don árasán ina bhfuil cónaí orm féin anseo sa Fhrainc agus don teach ina raibh mo mhac agus triúr eile ag cur fúthu i mBaile Átha Cliath, is féidir liom comórtas éigin a dhéanamh idir chostas an dá thír.
suaimhneas éigin some solace
" Fiú amháin iad siúd nach dtaitníonn rí-rá agus fuadar na Nollag leo, faigheann siad suaimhneas éigin le linn na féile.
Bogadh Éigin some movement
" org/wiki/The_Troubles_in_Portadown) Bogadh Éigin *Ar an taobh eile den scéal, de réir pobalbhreith a rinne an Belfast Telegraph, nuachtán meánaicmeach Protastúnach Aontachtach, is é Martin McGuinness an polaiteoir is mó meas ó thuaidh.
ach ar éigin hardly, just about
" Nuair a thosaigh mise, ní raibh éinne, ach ar éigin, ag maireachtáil ar scríbhneoireacht trí Ghaeilge.
lorg éigin some trace
" Sníonn an dubh trí gach gile inti, agus tá lorg éigin na gile i ngach dubh.