Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nach bhfuil sé de chead ag éinne that no one has the right
" Measann sé nach bhfuil sé de chead ag éinne, áfach, brú a chur ar dhuine teanga a labhairt mura bhfuil sé ag iarraidh í a labhairt, ach, mar sin féin, ós rud é go bhfuil siad ag fáil airgead rialtais, gur cheart dóibh an iarracht a dhéanamh.
ní ghortaítí éinne no-one would be hurt
" Coimhlint ghéar agus chrua a bhíodh ann ach ní ghortaítí éinne mar bhí gach duine in ann aire a thabhairt dó féin.
mholfainn d'éinne I'd advise anyone
" AÓF: Cén chomhairle a chuirfeá ar thuismitheoir atá ar tí uirlis cheoil a cheannach dá pháiste? SC: Braitheann sé ar an uirlis, ar ndóigh, ach mholfainn d'éinne gan an ceann is saoire atá ar fáil a cheannach, ach an ceann is fearr gur acmhainn dóibh a cheannach.
Ní leomhfadh éinne no-one would dare
" Ar cheart bunreacht a thabhairt air in aon chor ? Ní leomhfadh éinne an focal "bunreacht" a lua fiú amháin i gcomhthéacs na hEorpa dhá bhliain ó shin.
níl éinne sásta géilleadh no one is willing to give in
ní mór an tsuim a bhí ag éinne den gclann sa cheol traidisiúnta none of the family had much interest in traditional music
" Cuireadh sinn ar fad go dtí múinteoir pianó nuair a bhíomar beag, ach leis an bhfírinne a rá, ní mór an tsuim a bhí ag éinne den gclann sa cheol traidisiúnta.
Níor bhog éinne. No one moved.
go ndamnófaí éinne a mharófaí agus é ag rith ón mblár that anyone killed running from the field would be damned
" Sula ndeachaigh na saighdiúirí Éireannacha isteach sa Wheatfield, thug sé aspalóid ghinearálta don bhriogáid uilig, ag rá leo, ámh, go ndamnófaí éinne a mharófaí agus é ag rith ón mblár.
ag déanamh ionadaíochta ar éinne representing anyone
" Chuirfeadh An Taisce ina choinne ach déarfaí fúthu nach bhfuil siad ag déanamh ionadaíochta ar éinne agus go bhfuiltear ag iarraidh bac a chur ar “fhorbairt”.
mar ócáid cheiliúrtha do gach éinne as an occasion of celebration for everyone
" Altú do Dhia a bhí ann ar dtús, is dócha, ach ós rud é gur tír shaolta í na Stáit Aontaithe go hoifigiúil, breathnaítear ar an bhféile anois mar ócáid cheiliúrtha do gach éinne ar an Oileán Úr.
a chuirfeadh alltacht ar éinne which would have anyone aghast
" Ciúnas na reilige a bhí mar fhreagra sa tír seo ar fhoilsiú Thuarascáil Stern i dtús mhí na Samhna – tuarascáil a chuirfeadh alltacht ar éinne ar chás leis cúrsaí comhshaoil nó go deimhin todhchaí na cruinne.
níor bhréagnaigh éinne é, no one contradicted him,
" ” Bhreathnaigh an bheirt eile a bhí ag an gcuntar air, ach níor bhréagnaigh éinne é, rud a chuir iontas orm.
Ní shéanfadh éinne no one would deny
" Ní shéanfadh éinne gurb amhlaidh atá an scéal, cé go séanfadh an chuid is mó de na daoine a luafá an t-ábhar leo go bhfuil siad féin réamhchlaonta in aghaidh daoine dubha.
nár maraíodh éinne that no one was killed
" Chuir an grúpa comhshaoil Natural England ina éadan chomh maith, ag maíomh go raibh na fir mhiotail seo ag cur isteach ar na héin aistreáin a thagann go dtí an trá seo ag lorg bia agus b’ionadh le lucht an gharda cósta nár maraíodh éinne nuair a bhí na figiúirí á lonnú ar an trá sa chéad áit.
rug gach éinne greim ghualainne ar an duine in aice leis everyone took hold of the shoulders of the person beside them
" Buidéal beorach as Wisconsin i ngach lámh, rug gach éinne greim ghualainne ar an duine in aice leis ag leath-am agus chanadar amhrán na hollscoile, deora ag titim go fras óna súile.
níos fearr ná éinne eile better than anyone else
" “B’iad na ceisteanna ná, ‘an gcuirfeadh do ghnó thú as an leaba mura mbeadh pingin riamh le déanamh as’; ‘an féidir leat é a dhéanamh níos fearr ná éinne eile nó* an gcreideann tú *gur féidir leat é a dhéanamh níos fearr ná éinne eile’ agus ‘an bhfuil ciall airgeadais ag baint leis?’” De réir Irial, más féidir le duine freagra dearfach a thabhairt ar na trí cheist sin, is féidir leis an duine sin a bheith ar nós gráinneoige agus é i mbun a ghnó.
níor thuar éinne no one foretold
" “Ar aon chaoi” a dúirt sé, “níor thuar éinne go mbeadh briseadh ann faoi mar a tharla, tá sé fíoréasca agus muid ag breathnú siar”.
Má cheapann éinne if people think
" Theip ar an frith-Sheimiteachas nua mar straitéis, dar le Gates, óir is deacair míchlú 'frith-Sheimiteach' a chur ar raibithe! Má cheapann éinne go bhfuil na Stáit Aontaithe tagtha slán ó dhrochthionchar na Síónach anois, tharla gur chloígh Obama Mc Cain i dtoghchán na huachtaránachta, ní thugann Jeff Gates mórán dóchais dó.
éinne anyone
" Deir sé liom gur chaith sé dhá bhliain i Libya, mar shaighdiúir, le linn an Dara Cogadh domhanda ach nár lámhach sé éinne riamh.
Éinne anyone
" Ní miste sin a fhad is nach mbeadh dallamullóg ar Éinne faoi spriocanna an Irish Independent fosta.
Ní chuireann sé t-idir éinne he treats all the same
" Ní chuireann sé t-idir éinne.
Dhíol gach éinne ar bord loinge sinn everyone sold us down the river
" Dhíol gach éinne ar bord loinge sinn, polaiteoirí, lucht bainc, lucht eacnamaíochta na n-ollscoileanna agus lucht na meán, óir lig siad thar dhream ar bith eile, don tubaiste theacht aniar aduaidh ar an phobal.
ní fios d'éinne no one knows
" An barrshaothar dá chuid, an bille um fhreagairt don athrú aeráide, tá sé curtha ar leataobh acu, agus ní fios d'éinne an reáchtálfar é, nó an reáchtálfar leagan de fiú amháin ar chor ar bith amach anseo.
éinne a mheas anyone who thought
" Mhaígh fear i measc na ngealt gur amadán éinne a mheas nach raibh an bháisteach go maith don duine.
spallaíocht éinne pillorying anyone
" Ar ndóigh, is beag suim atá ag na nuachtáin i spallaíocht éinne nach bhfuil cáiliúil agus is dócha ná a mhalairt nach mbeadh a leithéid de dhuine gann ar mhaoin an tsaoil mar thoradh ar an cháil sin.
Níor cúisíodh éinne no one was charged
" Níor cúisíodh éinne as an marú réamhbheartaithe seo, agus fanann na daoine a mharaigh é saor.
beag beann ar éinne a ghortófar no matter who’s hurt
" Bean inste na fírinne loime, caol díreach amach, beag beann ar éinne a ghortófar.
nár thoiligh éinne againn none of us agreed
" Deoraithe a thugtar orainn ach tá a fhios ag an saol nár thoiligh éinne againn teacht anseo.
ag gnóthú tacaíocht gach éinne winning everyone’s support
" Feachtas é seo a shamhlófá a bheadh ag gnóthú tacaíocht gach éinne, ach ní mar a sin a tharla.
dobrón a luigh ar chroí ’ch éinne acu sadness in all of their hearts
" Ba gheall le holagón é ach ní raibh ann ach iarracht ar an dobrón a luigh ar chroí ’ch éinne acu a mhaolú beagán.
tugaim dúshlán d'éinne I challenge anyone
" Ach tugaim dúshlán d'éinne a léifidh an cuntas seo a leanas ar iarrachtaí eagras stáit amháin scéim teanga a aontú leis an Roinn, a rá cad tuige go mbeadh muid dóchasach go bhfuil an Roinn in ann an jab ríthábhachtach a bhaineann le pleanáil teanga sa Ghaeltacht a chur i gcrích! Treoirlínte na Roinne ========= Is iad na scéimeanna teanga croílár Acht na dTeangacha Oifigiúla sa mhéid is go leagtar amach iontu na seirbhísí a bheas na comhlachtaí stáit éagsúla ag soláthar trí Ghaeilge.
nach raibh éinne ag dréim leis that no one expected
" Fuair siad freagra nach raibh éinne ag dréim leis, freagra a ndiongbhála ó Rossa Ó Snodaigh.
níor tháinig éinne i dteagmháil le baill an Choiste no one contacted the committee members
" Tharla na rudaí sin, agus níor tháinig éinne i dteagmháil le baill an Choiste ina dhiaidh sin.
bhfuil blas ar bith coimhthíoch ar éinne who is no stranger to anyone
" Tugtar faoi deara go raibh an scríbhneoir Mark Steyn mar aoi-láithreoir ag Rush Limbaugh ar an 26ú Nollaig, duine nach bhfuil blas ar bith coimhthíoch ar éinne a léann an *Irish Times.
Cruthaíonn gach éinne a íomhá féin everyone creates their own image
" Cruthaíonn gach éinne a íomhá féin de féin.
Ní raibh gíog nó míog as éinne no one uttered a word
" Ní raibh gíog nó míog as éinne i gcoinne an mhéid a dúirt an tAire mar gur léir go bhfuil glacadh forleathan leis, ní hamháin i nGartan ach ar fud na hÉireann nach bhfuil aon chúlú siar nó athrú treo le tarlú i dTionscnamh na hEorpa.
N’fheadair éinne who knows
" N’fheadair éinne, b’fhéidir go bhfaighidh tú an craiceann is a luach!
má dhéanann éinne meancóg if anyone makes a mistake
" Buanú na Meancóige ======= Níos measa fós, tá roinnt daoine ag caitheamh ceamaraí cinn anois, agus mar sin níl éalú ar bith ón tsúil santach má dhéanann éinne meancóg.
nach naomh ná saoi gan locht éinne againn none of us are perfect nor saintly
" Is scothchóras daonlathais é, ach tá a fhios ag cách nach n-oibreodh sé áit ar bith ar an tsaol mar nach naomh ná saoi gan locht éinne againn.
a dhéanfadh beag is fiú d’éinne which would belittle anyone
" Is é leas cách nach bhfoilseofaí aon ionsaí, bog ná gránna, faoi ainm cleite (ná faoi ainm dílis) a dhéanfadh beag is fiú d’éinne.
Ní gá d’éinne no one needs (to)
" Ní gá d’éinne ceart “na mbeo gan bhreith” a dhiúltú chun an scoilt ghlan idir leasú 1983 agus 1992 a aithint.
gan ceannaireacht ag éinne orthu neither has a leadership
" Gaineamh ===== Ní hamháin go bhfaca mé le mo dhá shúil féin gur fínéagar an leigheas is fearr ar an deorghás, ach d’éirigh rud eile soiléir dom an lá seo: tá na holl-léirsithe atá ar siúl sa Bhrasaíl le cúpla seachtain anuas mar a bheadh gaineamh ann, gan ceannaireacht ag éinne orthu.
ar bhonn nach raibh éinne ag súil leis at a level no one expected
" Bhí trí ríomhaire glúine ag Snowden, agus in ainneoin chomh hóg is a bhreathnaigh sé, níorbh fhada gur áitigh sé ar Greenwald go raibh cruthúnas aige ar na ríomhairí seo go raibh rialtas Mheiriceá ag spiaireacht ar eachtrannaigh agus ar a shaoránaigh féin ar bhonn nach raibh éinne ag súil leis.
Ní raibh aon iontas ar éinne no one was surprised
" Ní raibh aon iontas ar éinne, ámh, nuair a d’imir Rudd díoltas ar Gillard i mí an Mheithimh i mbliana lena phost mar Phríomh-Aire a athghabháil.
Mar sin de, níl éinne ag séanadh so no one denies
" Mar sin de, níl éinne ag séanadh go bhfuil gá le méid áirithe feirmeacha gaoithe, cé nach féidir a bheith ag brath ar a dtáirgiúlacht go huile is go hiomlán.
ag déanamh imní d'éinne worrying anyone
" Ach sé suíomh agus scála na dtuirbíní – cuid acu níos airde ná spíce Bhaile Átha Cliath – atá ag déanamh imní d'éinne gur cás leis caomhnú na timpeallachta.
mar a fhoghlaimíonn gach éinne teanga as anyone learns a language
" D’fhoghlaim mé Gaeilge mar a fhoghlaimíonn gach éinne teanga ach bhí Gaeilge agam i dtosach.
brú pas a thabhairt do gach éinne pressure to give everyone a pass
" Pointí ardteiste agus fiú sna coláistí tríú leibhéal, tá brú pas a thabhairt do gach éinne agus ní chun leas an oideachais an méid sin.
ar bhéal éinne ina measc on any of them
" An t-achar fada go leor a raibh mé á bhfaire, ní raibh meangadh dá laghad ar bhéal éinne ina measc, ach a ghlanmhalairt.
ní bhuafadh sibh ar éinne you’ll never beat anyone
" Bhí ocht mbliana imithe is gan aon chraobh buaite ag Ciarraí, mar sin n’a’ héinne a bhuailfeá leo ar thaobh na sráide, déaraidís “tánn sibh imithe in ainm an diabhail ar fad, “níl aon mhaith ionaibh”, “ní bhuafadh sibh ar éinne” is mar sin de.
Freagracht ar gach Éinne Againn all of us have a responsibility
" Freagracht ar gach Éinne Againn ================= **CMacS: Céard tá i ndán don Ghaeilge amach anseo dar leat mar theanga phobail?** AÓC: Feictear dom go bhfuil pobal Gaeilge ann i gcónaí ach go bhfuil na líonraí ag crapadh is ag cúngú agus is í an Ghaeltacht féin an cás is measa.
Ná Caitheadh Éinne Againn Cloch let none of us cast a stone
" Ná Caitheadh Éinne Againn Cloch ============== Dhá scéal éagsúla a chuirim os bhur gcomhair, dhá scéal a bhaineann leis an lipéadú mar nós.
má tá éinne ionchurtha leis if there’s anyone comparable to him
" Is ar éigean má tá éinne ionchurtha leis i bpríomh-shraithchomórtas sacair na hAstráile.
dul i bhfeidhm ar éinne influence anyone
" Dá mba mhian leis dul i bhfeidhm ar éinne, níor ghá dó, dar leis, a bheith i láthair.
b’fhiú d’éinne it’d be worth anyone’s time
" Tháinig seo aniar aduaidh uirthi, gan amhras, ach b’fhiú d’éinne a bhfuil suim sa pholataíocht acu breathnú ar an scéal seo - le comhfhreagraithe polaitiúla Cheanada ag rá gur taispeántas ar an gcaoi nár cheart feachtas a reachtáil atá ann.
chun tosaigh ar gach éinne eile ahead of everyone else
" Eascraíonn gach dochar is gach sochar (bíodh gur leis na hIosraelaigh amháin a bhaineann taobh an tsochair sa Phalaistín) as aon rud amháin: córas cinedheighilte an stáit, córas a chuireann éinne as áit ar bith ar domhan, chun tosaigh ar gach éinne eile má thig leis nó léi a chruthú go bhfuil aon chreideamh amháin aige nó aici.
agus gan a fhios ag éinne no one knows
" Tá an tírdhreach breac le fógraí agus le comharthaí agus gan a fhios ag éinne ar bronnadh cead pleanála ar aon cheann acu ariamh.
a bheas as béal gach éinne shall be on everyone’s lips
" Is é ‘fear na bó san abar’ a bheas as béal gach éinne feasta.
níor cheart éinne a spíonadh amach uilig no one should be exhausted entirely
" Caithfear éisteacht leis an gcolainn, dar le Colm Mac Séalaigh, mar is féidir éachtaí a dhéanamh ar feadh na mblianta, ach níor cheart éinne a spíonadh amach uilig, thar a acmhainn.
Ní ceird í an iriseoireacht a réiteodh le gach éinne reporting is not a trade which everyone would like
" Ní ceird í an iriseoireacht a réiteodh le gach éinne, Ach is ceird í a thuigeann Robert McMillen.