Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
éireoidh muid as na toitíní we'll give up cigarettes
" Sochaí fholláin? Ach beidh Nollaig mhaith againn arís, agus rachaidh muid chuig an *gym* agus éireoidh muid as na toitíní ar feadh coicíse go dtí go dtosóidh muid arís.
go n-éireoidh mé as that I'll give it up
" “Ach b’fhéidir go n-éireoidh mé as an bhliain seo chugainn.
go n-éireoidh léi mar straitéis that the strategy will succeed
" Tá Príomhfheidhmeannach eagraíocht lucht Leaba agus Bricfeasta, Town and Country Homes, tar éis straitéis nua a fhorbairt a bhfuil sé mar aidhm aici an earnáil sin a shábháil, agus tá súil ag go leor daoine go n-éireoidh léi mar straitéis.
samhlaím go n-éireoidh sé níos deacra I imagine it will become more difficult
" I gcás mo leithéidse, ní údar imní é, ach samhlaím go n-éireoidh sé níos deacra de réir mar a théann na blianta ar aghaidh an lucht féachana a mhealladh má leanann an scéal amhlaidh agus an bhearna idir an mionlach saibhir agus an chuid eile ag méadú.
go n-éireoidh go maith leis that it'll do well
" “Táimid ag súil go n-éireoidh go maith leis taobh amuigh den tír seo chomh maith, i margadh an cheoil dhomhanda.
éireoidh le rud ar bith i nGaeilge anything in Irish will succeed
" “Bhí duine amháin nach raibh eolas aige faoin Oireachtas agus dúirt sé, ‘Céard tá i gceist leis an Oireachtas?’ agus chas cailín chuige agus dúirt, ‘Níl ann ach na tseachtain is fearr sa mbliain, *duh*!’ “Sin é mo thaithí thar na blianta: éireoidh le rud ar bith i nGaeilge má tá sé ag líonadh bearna atá ann, nach bhfuil á líonadh i mBéarla.
ní éireoidh linn cur ina luí ar bheirt tuismitheoirí we won't manage to persuade two parents
" “Is cuma cad é a dhéanfaimid ní éireoidh linn cur ina luí ar bheirt tuismitheoirí teanga (dhúchasach) a labhairt lena bpáistí, agus sin an cheist is lárnaí i gcúrsaí marthanais teanga, ar ndóigh.
go n-éireoidh leis an taighde seo. that this research will succeed.
" Ní féidir a bheith cinnte go n-éireoidh leis an taighde seo.
go n-éireoidh siad as an nós gránna sin that they'll give up that ugly habit
" Tá súil agam go n-éireoidh siad as an nós gránna sin feasta.
go n-éireoidh siad níos sóisialta. that they will become more social
" Tá margadh ann, dar leis an taighde seo, do leaganacha soghluaiste de sheirbhísí ar nós MySpace, Facebook, Bebo agus YouTube – is é sin an chéad chéim eile atá ann do na gréasáin shóisialta seo ná go “scaoilfear” iad ó ríomhairí agus go n-éireoidh siad níos sóisialta.
nach n-éireoidh leis that it would not succeed
" Go deimhin, dúirt an Seanadóir Eugene Regan (FG) i mí na Samhna nach n-éireoidh leis fhad is atá Bertie Ahern ina Thaoiseach.
go n-éireoidh leis teacht slán as an tsáinn seo ar fad that he will manage to come through this whole predicament
" D’fhéadfadh sé tarlú go n-éireoidh leis teacht slán as an tsáinn seo ar fad – is cuma céard eile a thiocfaidh chun solais mar gheall ar thochailt Bhinse Fiosraithe Mahon – de bhrí gur thuig sé go raibh a phort seinnte agus de bhrí gur thuig sé gurb é is tábhachtaí ná leas a pháirtí agus leas mhuintir na tíre seo.
agus nach n-éireoidh le reifreann and that the referendum won't succeed
" Tá a fhios ag Rudd chomh maith go bhfuil deighilt fós ann idir grúpaí sa ghluaiseacht phoblachtach maidir leis an bpróiseas a úsáidfear agus uachtarán á cheapadh – agus nach n-éireoidh le reifreann mura bhfuil guth aontaithe ag na poblachtaigh go léir.
n-éireoidh leis shall succeed
" Táthar ag súil go n-éireoidh leis an scéim fáil réidh leis na coiníní, na francaigh agus na luchóga atá ina bplá ar an oileán.
éireoidh shall rise up
" ” An nglacfaidh muintir na hÉireann le bheith ina mbochtáin arís? Nó an éireoidh siad amach uair amháin eile -- má fhaigheann siad amach gur cuireadh dallamullóg orthu? Sin í an cheist mhór.
éireoidh shall succeed
" De réir taighde atá déanta ag EirGrid, éireoidh le hÉirinn a sprioc uaillmhianach 40% den leictreachas iomlán na tíre a ghiniúint ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2020.
n-éireoidh le shall succeed
" Creidim go n-éireoidh le rialtas Cowen an chéad Cháinaisnéis eile a chur tríd an Dáil ar dhá chúis: (i) ní bheidh na neamhspléaigh ag iarraidh dul sa seans le toghchán agus staonfaidh cuid acu ó vótáil ar chúiseanna tírghrá agus (ii) ní bheadh an freasúra ag iarraidh tíocht i gcumhacht agus Cáinaisnéis uafásach crua a bheith rompu ina céad rud ar an gclár.
éireoidh linn we’ll succeed
" Má leanann muidne linn, ag tógáil céim ar chéim ar a bhfuil bainte amach le céad bliain, éireoidh linn an teanga a threisiú mar atá ráite sa Straitéis Fiche Bliain agus í a dhéanamh ina gnáththeanga cumarsáide sa tír seo.
n-éireoidh le shall succeed
" Síleann sé go n-éireoidh le comhrialtas Kenny/Gilmore má bhíonn an chumhacht chéanna ag an dá pháirtí s’acu, ainneoin go bhfuil 76 suíochán ag Fine Gael agus 37 ag Páirtí an Lucht Oibre.
n-éireoidh leis fanacht in oifig he’ll succeed in remaining in office
" Riail daingean sa pholaitíocht is ea é go mbíonn buntáiste ag an sealbhóir i gcónaí, agus más ea, is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar leis an Uachtarán Barack Obama, agus go n-éireoidh leis fanacht in oifig go ceann ceithre bliana eile, ach ní gá do dhuine ar bith, an tÉireannach san áireamh, breathnú siar rófhada i dtoghcháin uachtaránachta chun feiceáil nach ag an iarrthóir tosaigh i gcónaí a bhíonn an bua! Ach tá dúshlán faoi leith roimh na Poblachtánaigh i mbliana.
dóchasach go n-éireoidh leo hopeful that they’ll succeed
" Beidh Droichead an Rialto, a tógadh i 1591 agus atá ar cheann de na séadchomharthaí is aitheanta sa Veinéis, le bheith leathchlúdaithe le fógraí gan mhoill agus tá an chomhairle dóchasach go n-éireoidh leo na cúig mhilliun euro atá de dhith leis an droichead a athchóiriú a ghnóthú as an chíos seo.
an dream a n-éireoidh leo the group who shall succeed
" Dúshláin éagsúla atá roimh an dream a n-éireoidh leo an deontas €300,000 sa bhliain a mhealladh ón bhForas chun nuachtán nua Gaeilge ar líne a chur ar fáil.
an éireoidh leis an gcairt shall the charter succeed
" Níl a fhios an éireoidh leis an gcairt nó an gcaithfí i leathaobh é, ach is cinnte gur ardaigh sé ceist spéisiúil faoi chultúr agus faoin tsochaí nua-aimseartha ina bhfuil Québec.
an-dóchasach go n-éireoidh leo a mbeatha a thabhairt i dtír very optimistic that they'll manage to make a living
" Tá amhránaí nua agus albam nua ag an ngrúpa traidisiúnta Slide agus iad an-dóchasach go n-éireoidh leo a mbeatha a thabhairt i dtír ag seinm ceoil, mar a mhínigh Daire Ó Breacáin, fidléir an ghrúpa, do Shiobhán Seoighe le déanaí.
go n-éireoidh leis gairm a bhaint amach that he'll mangage to get a career
" Tá mac óg Tony Birtill ag traenáil le foireann phroifisiúnta sacair faoi láthair ach tuigeann Tony nach ionann sin is a rá go n-éireoidh leis gairm a bhaint amach sa spórt sin.