Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
spuaiceanna ag éirí ar mo chuid sál blisters developing on my heels
" Níl mé ag dul a bheith fágtha mar a bhí mé ag do bhainis-se agus spuaiceanna ag éirí ar mo chuid sál chomh luath is a chuir mé cos le talamh," arsa an mháthair mhór.
Bhí an cuircín ag éirí ar Nuala Nuala was getting mad
" Bhí an cuircín ag éirí ar Nuala ach dheamhan ar mhiste le hAisling - bhí a sáith aici de bheadaíocht Nuala.
ag éirí ar eitleog taking flight
" Tá pictiúirí i bhfrámaí de ghaolta agus chairde ar na ballaí, mar aon le píosa ealaíne a léiríonn, go híorónta, éin agus iad ag éirí ar eitleog.
chinn sí ar éirí as an obair sin she decide to give up that work
" ” Chaith sí beagnach bliain i mbun an ghnó ach ós rud é go raibh ag teip uirthi aon bhrabús a dhéanamh, chinn sí ar éirí as an obair sin.
ar éirigh thar barr leis which was very successful
" Gan mhoill ina dhiaidh sin, ceapadh é ina eagarthóir ar chlár nua nuachta, “Morning Ireland”, clár ar éirigh thar barr leis ón tús.
ar choinníoll go n-éireoidís as on condition that they'd give up (farming)
" Deir siad go bhfuil ar a laghad 10% d’fheilméaraí na tíre gur chóir airgead a thabhairt dóibh ar choinníoll go n-éireoidís as sa gcaoi nach mbeadh aon ghá tacú leo arís faoi cheann cúig bliana nó deich mbliana eile.
éireoidh le rud ar bith i nGaeilge anything in Irish will succeed
" “Bhí duine amháin nach raibh eolas aige faoin Oireachtas agus dúirt sé, ‘Céard tá i gceist leis an Oireachtas?’ agus chas cailín chuige agus dúirt, ‘Níl ann ach na tseachtain is fearr sa mbliain, *duh*!’ “Sin é mo thaithí thar na blianta: éireoidh le rud ar bith i nGaeilge má tá sé ag líonadh bearna atá ann, nach bhfuil á líonadh i mBéarla.
ní éireoidh linn cur ina luí ar bheirt tuismitheoirí we won't manage to persuade two parents
" “Is cuma cad é a dhéanfaimid ní éireoidh linn cur ina luí ar bheirt tuismitheoirí teanga (dhúchasach) a labhairt lena bpáistí, agus sin an cheist is lárnaí i gcúrsaí marthanais teanga, ar ndóigh.
nach n-éireodh le réabhlóid ar bith tacú le fiche teanga, that no revolution would manage to support twenty languages,
" Is cinnte nach n-éireodh le réabhlóid ar bith tacú le fiche teanga, cuid acu nach bhfuil ach níos lú ná 200 duine á labhairt.
ag éirí cur ina luí ar bhaill an IRA trying to convince the members of the IRA
" An fíor é go bhfuil poblachtánachas “an fhórsa fhisiciúil” ar shlí na fírinne? Nuair a labhair mé le poblachtánach sinsearach dúirt sé gur chaith sé cuid mhór ama le deich mbliana anuas ag éirí cur ina luí ar bhaill an IRA nach raibh gá leis an streachailt armtha agus gurbh fhéidir spriocanna poblachtánacha a bhaint amach fríd an pholaitíocht.
éiríonn siad as an spórt ar fad they give up sport entirely
" I gcás daoine ar ioncam íseal, áfach, éiríonn siad as an spórt ar fad de ghnáth.
le mbeidís in ann breathnú amach ar éirí na gréine, so they would be able to look out over sunrise,
" Shocraigh Tauhara agus Putauaki go rachaidís i dtreo na farraige le mbeidís in ann breathnú amach ar éirí na gréine, ach b'éigean dóibh bogadh in aon oíche amháin.
cuirtear an ruaig ar an chur i gcéill go bhfuil ag éirí go maith le gach duine acu the pretence that each of them is doing well is chased away
" Gloine ar ghloine, cuirtear an ruaig ar an chur i gcéill go bhfuil ag éirí go maith le gach duine acu agus sleamhnaíonn an fhírinne shearbh isteach sa scéal nuair a insíonn gach fear acu a scéal truamhéalach féin.
ar éirigh leo éalú who managed to escape
" Léann sé os ard an líon daoine a fuair bás ansin, an líon daoine ar éirigh leo éalú agus an líon daoine a fuasclaíodh.
ní éirím ar maidin I don't get up in the morning
" Má tá *spin-off* do phobal na háite anso, go iontach! Ach ní éirím ar maidin ag rá liom féin ‘caithfidh mé a chinntiú go bhfuil méid áirithe daoine ag labhairt Gaoluinne sa Rinn inniu!' Ní gnó í an Ghaoluinn.
ar tí éirí as about to give up
" Labhair mé leis, agus uair éigin in 2002 thosaíomar ar an obair go hiomlán as an nua! Caithfidh mé a admháil gur tharla sé cúpla uair go rabhas ar tí éirí as toisc go raibh sé ag tógáil i bhfad an iomarca ama aon dul chun cinn a dhéanamh.
ar éirigh leo dul chun cinn a dhéanamh who succeeded in making headway
" Ag breathnú siar ar dtús, is beag Éireannach ná foireann Éireannach – cé is moite d’eisceacht shuntasach nó dhó – ar éirigh leo dul chun cinn a dhéanamh in 2007.
cén chaoi ar éirigh leo leanúint ar aghaidh how did they manage to carry on
" ”An dóigh leis, mar sin, go bhfuil an tacaíocht a chuirtear ar fáil do lucht na drámaíochta sa tír seo maith go leor? Agus cén chaoi ar éirigh leo leanúint ar aghaidh sula bhfuair siad an maoiniú leanúnach ón gComhairle Ealaíon? “Fuair muid an-chuid tacaíochta ó Údarás na Gaeltachta agus ó Fhoras na Gaeilge thar na blianta.
go n-éireoidh leis teacht slán as an tsáinn seo ar fad that he will manage to come through this whole predicament
" D’fhéadfadh sé tarlú go n-éireoidh leis teacht slán as an tsáinn seo ar fad – is cuma céard eile a thiocfaidh chun solais mar gheall ar thochailt Bhinse Fiosraithe Mahon – de bhrí gur thuig sé go raibh a phort seinnte agus de bhrí gur thuig sé gurb é is tábhachtaí ná leas a pháirtí agus leas mhuintir na tíre seo.
níl iomrá ar bith aige éirí as an cheol. he has no intention of retiring from music
" ”Tá Lunny dhá bhliain is seasca anois ach níl iomrá ar bith aige éirí as an cheol.
ar éirigh leis which succeeded
" Go bhfios dom, níl aon pháirtí polaitíochta san Eoraip ar éirigh leis greim chomh docht a choinneáil ar chumhacht chomh maith le Fianna Fáil.
ar an éirí in airde becoming uppity
" Féach an rud a tharlaíonn nuair a thosaíonn Marys ar an éirí in airde.
ar éirigh leis which succeeded
" Go bhfios dom, níl aon pháirtí polaitíochta san Eoraip ar éirigh leis greim chomh docht a choinneáil ar chumhacht chomh maith le Fianna Fáil.
ar éirigh leis cáil a bhaint amach who succeeded in making a name for himself
" Ina measc siúd bhí James Dixon ar éirigh leis cáil a bhaint amach mar phéintéir sna seascaidí.
ar éirigh leo who succeeded
" Ba é ba mhó ba chúis le líon beag na n-iarratasóirí ar éirigh leo faoin gcéad dá scéim ná na coinníollacha cáilitheachta agus a dheacra a bhí sé iad a chomhlíonadh.
ní fiú éirí ar maidin it’s not worth getting up in the morning
" ** CAB: Muna labhrann tú amach ar son an chúis go gcuireann tú suim ann, ní fiú éirí ar maidin.
ag éirí tanaí ar an talamh on the ground becoming thinner
" Ach an bhfuil sibh ag meilt bhur gcuid ama anseo i measc na nGall, ag iarraidh an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn?** DMD: Bhuel is fíor go bhfuil muintir na Gaeilge ag éirí tanaí ar an talamh, ach má shíleann daoine go bhfuil an Ghaeilge chun an taibhse a thabhairt suas i mBaile Átha Cliath, bhuel tá siad ag tafann suas an crann mícheart.
ar éirigh go glé geal le duine amháin acu one of those succeeded brilliantly
" Bhí saol crua ag cuid nach beag de na daoránaigh Éireannacha, gan aon agó, ach léiríonn scéal Galong an dóigh ar éirigh go glé geal le duine amháin acu i gceantar ina raibh sé deacair do bheatha a thabhairt i dtír.
d’éirigh leo teacht ar they succeeded in finding
" Craoltar an clár san Úcráin chomh maith agus d’éirigh leo teacht ar Mokryna a bhí ina baintreach chomh maith agus í ina cónaí i sráidbhaile beag iargúlta i dtimpeallacht Dnipropetrovsk i lár na tíre.
ionas nach n-éireodh le léirsiú ar bith in order that no demo would succeed
" Bhí bac curtha ar an mbóthar ag na póilíní ansin, ionas nach n-éireodh le léirsiú ar bith féasta sacair FIFA a mhilleadh.
muna n-éiríonn le rialtas na tíre cur ina luí ar if the government doesn’t convince
" Agus Corn an Domhain 2014? ============= Cá bhfios cén fhaid eile a mhairfidh an t-achrann sa Bhrasaíl, ach muna n-éiríonn le rialtas na tíre cur ina luí ar an bpobal go bhfuiltear dáiríre leis na moltaí feabhas a chur ar sheirbhísí iompair, sláinte, oideachais agus póilíneachta, is féidir brath air go dtarlóidh corraíl den chineál céanna le linn Chorn Domhanda na bliana seo chugainn.
a deirim ar ball ag éirí dom le himeacht I said after a while as I rose up to leave
" “B’fhéidir go bhfeicfidh mé anseo arís thú,” a deirim ar ball ag éirí dom le himeacht.
Cén chaoi ar éirigh libh how did you get on
" **Colm: Cén chaoi ar éirigh libh?** Aodán: “Chuidigh sé linn gur éirigh go maith leis na peileadóirí in 2012 – bhuadar an tsraith agus Corn Uí Bhroin.
ar éirigh le hoibrithe na seirbhíse the service’s workers succeeded
" Léiríonn sé seo an neamhfheidhmiúlacht a tháinig ar an chóras le linn an tíogair, ach léiríonn sé freisin an dóigh ar éirigh le hoibrithe na seirbhíse, idir bhainisteoirí agus ghnáthoibrithe, a gcuid cleachtas a athrú.
ar éirigh leis who succeeded
" Polaiteoir agus gníomhaí pobail a bhíodh ina athair, Pól Ó Foighil, fear ar éirigh leis an t-uafás rudaí a bhaint amach lena linn dá phobal altrama, i ndiaidh dó bogadh go Conamara as Tiobraid Árann sna 1960í.
ar éirigh leo which succeeded
" Bhí Gael Linn díreach tosaithe ar shraith nua scéimeanna, oidhreacht Shlógadh más maith leat – na míreanna ab fhearr ar éirigh leo ag Slógadh.
níl ag éirí leis an bhfreasúra teacht i dtír ar na deacrachtaí sin, the opposition is not managing to take advantage of those difficulties,
" Tá go leor deacrachtaí ag rialtas na hAstráile ach níl ag éirí leis an bhfreasúra teacht i dtír ar na deacrachtaí sin, mar a mhíníonnn Dáithí Ó Colchúin.