Pota Focal Intergaelic
idé | de | -de | fíde | íd
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
íde-eolaíocht idealogy
" Is ann don fhoréigean aontachtach le sprioc polaitiúil dá gcuid féin a bhaint amach agus an íde-eolaíocht a d'fhoghlaim siad ón uasaicme anuas a chaomhnú - nach féidir muinín a bheith agat i gCaitlicigh.
íde béil telling-off
" Má labhraím cúpla focal Gaeilge, buaileann imní í, ansin tugann sí íde béil dom níos moille.
híde béil verbal abuse
" Cén sórt duine a bheadh ag iarraidh a bheith ina réiteoir? Cén duine ciallmhar, stuama a chuirfeadh suas le híde béil, le cáineadh pearsanta agus mímhúinte, agus anailís á dhéanamh ag na mílte duine ar a chuid gníomhartha seachtain i ndiaidh seachtaine.
íde fhisiciúil na muc is na madraí physical bad treatment
" Bhagair sé íde fhisiciúil na muc is na madraí ar Bhalor Bocht dá bhfoilseodh sé mar scéala eisiach an méid a chonaic sé.
íde béil revilement
" B’fhéidir go ndearna Sam Smyth iarratas foirmiúil ar an eolas seo; ach cá bhfuil an fhianaise? An bhfuil sé ceart ná cóir go dtabharfaí fabhar faoi leith dó, mar go bhfuil sé mór leis an Aire, agus go mbeadh sé slán ón ghnáthpháipéarachas a bhaineann lena leithéid d’iarratas? Ceist oscailteachta agus trédhearcachta atá ann! Chonaic muid le déanaí i gcás an íde béil a thug sé do Richard Bruton gurb í an chosaint is fearr a bhíonn ag an Aire McDowell ná dul ar an ionsaí.
an íde seo this treatment
" Is dócha go raibh baint ag an íde seo lecinneadh Justine bogadh léi go Village.
íde béil revilement
" Cultúr ina bhfuil béim ar smacht é an cultúr Maorach, agus níl drogall ar bith ar sheandhaoine íde béil a thabhairt do na boic óga.
an íde béil the abuse
" Rud amháin eile faoi fhoireann Átha Cliath: ní maith liom an bhéalscaoilteacht agus an íde béil d'imreoirí eile agus do réiteoirí a bhí á chleachtadh ag imreoirí Átha Cliath i mbliana.
íde béil revilement
" Thuig sé mo chás, ach ní raibh aon tuiscint ná meas aige ar scoláire eile a dúirt go raibh cluiche sacair aige ar an Satharn! Fuair an buachaill sin íde béil uaidh.
íde abuse
" Dar leisean gur siombail í bratach Iosrael den chos ar bolg agus den dúnmharú atá ar siúl faoi láthair, iompar a shamhlódh roinnt daoine leis an íde a d’imigh ar na Giúdaigh le linn an Dara Cogadh Domhanda.
athrú íde-eolaíoch ideological change
" Aiste shuntasach is ea í mar go ndéantar plé suimiúil inti, ní hamháin ar an nGaeilge, ach ar an dóigh ar tháinig athrú íde-eolaíoch ar an Stát sna caogaidí nuair a thángthas ar an tuiscint go raibh teipthe ar fhís de Valera – is é sin, go raibh teipthe ar nóisean na hathbheochana agus ar an gcaomhnaitheacht.
íde béil verbal abuse
" Is iomaí uair a fhaighim íde béil ó dhaoine as áiteanna eile sa tír nuair a chuirim in iúl dóibh go bhfuil cónaí orm in Canberra.
íde na muc is na madraí bad telling off
" ” Cé a chac ar na huibheacha? Fuair an Tánaiste, Máire Ní Chlochráin, íde na muc is na madraí ó The Irish Times ar na mallaibh.
íde na muc is na madraí badly treated
" Is amhlaidh gurb é íde na muc is na madraí a thugtar dóibh i sochaithe na bpobal socraithe.
Íde na Muc is na Madraí treated like dogs
" Íde na Muc is na Madraí Anuas air sin, imrítear an foréigean is measa amuigh ar an mionlach beag seo.
íde treatment
" Ach dá mhéad an gá le hathrú is ea is faide siar a shíneann an íde a thugtar do na Dalit.
íde béil telling off
" Bíonn sé ag réabadh thart ó cheann ceann na páirce, tugann sé ugach d’imreoirí a bhíonn in ísle brí agus tugann sé íde béil fhíochmhar d’imreoirí nach mbíonn ag déanamh a gcuid ar son na foirne, saighdeann sé imreoirí níos réchúisí chun gnímh agus cuireann sé ’chuile mhónóg allais dá bhfuil ann ar son na cúise.
íde béil verbal abuse
" Ba ghnáthrud é an íde béil agus níor ligeadh di a cuid a ithe i gcuideachta an teaghlaigh.
tugadh íde béil was given a telling off
" Nó an scéal faoi ghasúr dhá bhliain déag d’aois, Oussmane Cissé, ar tugadh íde béil dó ar scoil toisc go rabhthas in amhras gurb é a scaoil aláram éigeandála na scoile le linn rang corpoideachais.
Ghnóthaigh an íde seo this maltreatment won
" Ghnóthaigh an íde seo leas-ainm speisialta don athair; *‘You’re auld fella, talking Irish all the time, fucking mad man, boy’.
gur féidir íde na muc is na madraí a thabhairt one can mistreat
" Is iomaí fostóir a thuigeann gur féidir íde na muc is na madraí a thabhairt d’inimirceach a bhfuil eagla air roimh na húdaráis.
tugadh íde na muc is na madraí dóibh they were treated less than human
" Mheall an fuadar óir sna 1850í oibrithe Síneacha go leor chun na hAstráile ach tugadh íde na muc is na madraí dóibh le linn círéibeacha ciníocha sna láithreacha tochailte óir.
an íde a tugadh di how she was treated
" I litir 17-leathanach a scríobh an bhean, rinne sí cur síos ar an íde a tugadh di nuair a chuir sí in aghaidh an aistrithe.
thug sé íde béil do he derided
" Léirigh siad freisin go raibh fadhb ag Abbott le vóta na mban, faoi gur mheas cuid acu go raibh sé ró-ionsaitheach, go háirithe nuair a thug sé íde béil do Gillard sa pharlaimint agus ag léirsithe lasmuigh de Theach na Parlaiminte.
thug sé íde na muc is na madraí dóibh he ate the face of them
" Chaith sé deich mbomaite ag moladh Jimmy *When He Was Winning Matches Mc Guinness*; luaigh sé a chuid comhghleacaithe ar fad ar Chomhairle Contae Dhún na nGall; thug sé íde na muc is na madraí dóibh siúd a scar an contae amach óna chúlchríoch nádúrtha dúchasach, ach… abairt ná nath ná fiú focal ar bith ní dúirt sé faoi phearsa úrcheapaithe na bliana reatha, Liam Uasal Ó Cuinneagáin.
glacadh le rún a mhol de Íde a motion presented by (Hyde) was accepted
" Ag cruinniú de Sheanad an NUI ar an 23 Meitheamh 1910 glacadh le rún a mhol de Íde go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar riachtanach don mháithreánach ón mbliain 1913 ar aghaidh, ach amháin do mhic léinn nach raibh cónaí orthu in Éirinn le trí bhliain roimhe.