Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ídithe expired
" Ansin lá amháin faigheann tú litir aturnae ag rá leat go bhfuil léas na talún ar a bhfuil an teach tógtha ídithe agus go gcaithfidh tú €54,000, mar aon le costaisí dlíodóra €127 san uair, a íoc más mian leat fanacht i do theach.
ídithe expended, used up
" Bhíodh The Hole in the Wall Gang an-mhaith tráth, ach tá cibé faobhar a bhí ag baint leo sin ídithe leis na blianta.
ídithe used up
" Agus cosnaíonn gach botún airgead - idir chostas an pháipéir atá curtha amú agus an dúigh atá ídithe.
ídithe spent
" Agus má tá rud amháin cinnte tiocfaidh an lá nuair a bheidh an t-airgead ídithe agus is ansin a bheidh gá le mórtas cine agus an fhíor-fhéinmhuinín a thagann dá bharr.
go raibh an draíocht ídithe, that the magic was gone,
" Agus nuair a bhuaileadar le chéile an tseachtain dár gcionn go raibh an draíocht ídithe, an gaol thart agus an Palace Bar lán.
ídithe depleted
" Níl na matáin chomh láidir is a bhí, agus tá a ndóchas ídithe mar thoradh ar a bheith ag obair ar bhóithre agus ar láithreáin tógála na Breataine.
ídithe. finished.
" Sleamhnaíonn m’aird chuig an mbean in aice liom ag gearán faoina ceann a bheith ag éirí liath le strus an tsaoil! An *latté* ídithe.
ídithe depleted
" Ag tús an chéad turas, chlóbhuaileadh an meaisín an t-am a bheadh an 90 nóiméad ídithe ar an gcárta.
ídithe used up
" Mhínigh sé fosta nach bhfuil riachtanas ar eagras stáit staisnéireacht úr dátheangach a ordú agus an seancheann a chur sa bhosca brúscair go dtí go mbíonn a stoc reatha ídithe.
ídithe exhausted
" Ní hé go bhfuil na cúltaiscí ola ar fad ídithe, ach níl fágtha anois ach ola a bhfuil dua mór ag baint lena fháil.
ídithe spent
" Do phoblachtánaithe, saoirse chun saoirse a bhaint amach a bhí faighte acu; d'Aontachtaithe, ar íorónaí an tsaoil, bhí cibé cumhacht a bhí acu ídithe diaidh ar ndiaidh ag a ndiongbháilteacht dhobhogtha agus ní raibh an dara suí sa bhuaille acu ach dul isteach i gcomhrialtas le náisiúnaithe.
beagnach ídithe almost depleted
" Deirtear go mbíonn 40% d’uisce na tíre in úsáid leis an khat a chur ag fás agus go bhfuil fadhb anois ann mar tá bord an uisce thart ar Sa’ana beagnach ídithe.
ídithe ar fad used up completely
" D’fhreastail Pádraig Mac Éamoinn ar chomhdháil shuimiúil i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite inar pléadh na himpleachtaí a bhainfidh le hola agus gás an domhain a bheith ídithe ar fad.
ídithe go mór greatly depleted
" Tá creidiúnacht an Taoisigh ídithe go mór le roinnt míonna anuas ach an mbeidh sé in ann fanacht ina phost?