Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
íocaíocht payment
" Agus déanann siad ar fad an iarracht chéanna! I ndeireadh na dála is í an cheist mhór atá á cur ná an bhfuil íocaíocht tuillte ag na himreoirí sin agus ar cheart dóibh bheith gairmiúil agus a gcuid fuinnimh agus tallainne go léir a chaitheamh leis an mbua atá tugtha ag Dia dóibh.
íocaíocht payment
" Go minic, mar shampla, taistealaíonn sé píosa fada leis an dráma a léiriú agus bítear ag súil go mbeidh sé sásta glacadh le hairgead an dorais mar íocaíocht.
íocaíocht bhreise extra payment
" Ní bhfaighidh tú an íocaíocht bhreise agus íocfaidh tú cáin ar an bpríomhshuim agus ar an ús.
comhardú na n-íocaíochtaí the balance of payments
" Rinne an comhrialtas airgead a infheistiú san infrastruchtúr, i gcúram sláinte agus san oideachas tar éis blianta fada de chiorruithe buiséid na ndaonlathaithe Críostaí agus, den chéad uair le cúig bliana is fiche, tá comhardú na n-íocaíochtaí cothrom.
híocaíochta amháin one payment
" D'fhógair Microsoft le déanaí go raibh siad ag bogadh i dtreo "seirbhís" a sholáthar in ionad bogearraí amháin agus go mbeadh siad ag lorg síntiús rialta ó chustaiméirí in áit na híocaíochta amháin a fhaigheann siad anois.
go laghdófaí méid na n-íocaíochtaí that the size of the payments be decreased
" Moladh go laghdófaí méid na n-íocaíochtaí agus go gcuirfí bealaí ar fáil le leithscéal a ghabháil seachas airgead a íoc.
micrea-íocaíochtaí micropayments
" Tá RTÉ tar éis a lán airgid a ghiniúint ón bhfeachtas seo - rud a léiríonn an chumhacht atá ag micrea-íocaíochtaí mar ní chosnaíonn sé ach thart ar 60 cent gach vóta a chaitheamh.
modh íocaíochta method of payment
" Tá gach seans ann freisin go mbeidh muinín ag úsáideoirí as an modh íocaíochta seo, agus más féidir an tseirbhís a fheidhmiú ar bhonn idirnáisiúnta beidh tíortha atá ag forbairt ábalta leas a bhaint aisti.
íocaíocht payment
" Ach, bí cinnte gurb é aidhm fhírinneach an GPA ná cineál éigin gairmiúlachta a bhaint amach a mbeidh íocaíocht nó pá ar son imeartha mar chuid den mhargadh.
maidir le híocaíochtaí leasa shóisialaigh as regards social welfare payments
" " An lá sular bhuail mé le hiar-Rúnaí seo na Roinne Airgeadais, bhí Runaí Baile na Breataine Móire tar éis fógairt go gcuirfí srianta i bhfeidhm maidir le híocaíochtaí leasa shóisialaigh do shaoránaigh na dtíortha nua atá ag teacht isteach san Aontas Eorpach i mí na Bealtaine.
íocaíocht payment
" Agus tá buntáiste ag baint le bheith ag obair le gníomhaireacht fostaíochta: tagann an pá go rialta ag deireadh gach seachtaine, agus ní bhíonn ort brú a chur ar iris nó ar nuachtán le híocaíocht a fháil uathu, mar a tharlaíonn go minic sa saol saoroibre.
íocaíochtaí payments
" Tá sé mícheart, ar ndóigh, chomh mícheart le polaiteoirí measúla a bheith ag iarraidh íocaíochtaí ar son a bpatrúnachta - na daoine seo a bheadh ag tabhairt amach fá pharamílitigh ar thaobh amháin agus ag teacht i dtír ar a stádas mar fheisirí ar an taobh eile.
an díobháil íocaíochtaí that lack of payments
" Iontach go leor, tá an díobháil íocaíochtaí sin ag fóirstean do chuid de na páirtithe, an DUP agus go háirithe Sinn Féin.
ceist íocaíochta agus urraíochta the question of payment and sponsorship
" Eachtraí tromchúiseacha ======= Chomh maith leis an méid sin thuas, pléann an Suibhneach eachtraí tromchúiseacha ar nós stailc iománaithe Chorcaí ag tús na bliana 2003, ceist íocaíochta agus urraíochta d'imreoirí agus staid na hiomána.
íocaíocht payment
" "Bhí mé féin ar an dole ar feadh tamaill," a deir sí, "ach ansin, ní raibh dóthain laethanta as obair agam seachtain amháin agus baineadh an íocaíocht díom!" I 1981, fuair Mairéad deis ar roinnt oibre a dhéanamh ar an gclár teilifíse "Féach", a chraoltaí ar RTÉ.
ceist na híocaíochta the payment question
" Go luath seachas go mall is gá do Chumann Lúthchleas Gael (CLG) ceist na híocaíochta a shocrú.
íocaíochtaí leasa shóisialaigh social welfare payments
" An Domhnach ina dhiaidh sin, bhí scéal eisiach ag *Ireland on Sunday *faoin cheannteideal *“Dolores In Dole Probe”,* a thug le fios go bhféadfadh sé go gcuirfí an dlí uirthi as íocaíochtaí leasa shóisialaigh a fháil fad is a bhí sí ag obair i monarcha cógas.
faighim íocaíocht I get paid
" Is féidir liom suí sa bhaile agus gan faic a dhéanamh agus faighim íocaíocht.
íocaíocht ar son imeartha payment for playing
" Tuigeann an GPA nach féidir íocaíocht ar son imeartha a éileamh faoi láthair ach tá siad ag obair i dtreo na sprice sin.
gan íocaíocht. without payment.
" Rinne mé tréimhsesé mhí a ghlacadh saor ón Indo gan íocaíocht.
íocaíocht, payment,
" Chinn mé ar iarracht a dhéanamh teacht ar ais anseo ar bhonn níos fadtéarmaí agus d’éirigh liom post (gan íocaíocht, ach nach cuma!) a fháil le comhlacht a eagraíonn *safaris* ar dhroim capall ar an Nyika Plateau, i dtuaisceart na tíre.
íocaíochtaí leasa shóisialaigh, social welfare payments,
" Tá an cineál seo córais i bhfeidhm in áiteanna ar nós na hEilvéise agus Mheiriceá, dhá áit ina socraíonn na húdaráis áitiúla íocaíochtaí leasa shóisialaigh, an pá íosta agus tuarastal oibrithe san earnáil phoiblí.
íocaíochtaí leasa shóisialaigh social welfare payments
" Tá an cineál seo córais i bhfeidhm in áiteanna ar nós na hEilvéise agus Mheiriceá, dhá áit ina socraíonn na húdaráis áitiúla íocaíochtaí leasa shóisialaigh, an pá íosta agus tuarastal oibrithe san earnáil phoiblí.
ag loiceadh ar a n-íocaíochtaí failing in their payments
" Nuair a thosaigh na daoine seo ag loiceadh ar a n-íocaíochtaí, d'imigh foinse airgid tirim na mbancanna leo.
íocaíochta payment
" Carr gasta a fuaireamar, le ráthaíocht iontach agus le plean íocaíochta a oireann dúinn.
híocaíochtaí breise iomarcaíochta redundancy payments
" Choinnigh siad thar oíche é go dtí gur glacadh lena gcuid éileamh maidir le híocaíochtaí breise iomarcaíochta.
in ionad íocaíochta in lieu of payment
" Tá an forhalla, nó an *lobby*, cósúil le dánlann – roinnt de na pictiúir ar taispeáint ann a choinnigh an t-óstán in ionad íocaíochta.
ceal íocaíochtaí due to lack of loans
" Agus luachanna tithe ag titim, agus na sluaite neamhinniúil a morgáistí a íoc, thit na bancanna as a chéile freisin, ceal íocaíochtaí.
íocaíochtaí payments
" Agus baol cánach ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh, níl ach tréimhse ghortach roimpi amach.
íocaíocht payment
" Is féidir nach é ‘tuilleann’ an focal is fóirsteanaí don íocaíocht a fhaigheann sé, ach is é an scéal céanna é i gcás go leor daoine eile ar na saolta seo.
n-íocaíocht payment
" Is amhlaidh go laghdófaí a n-íocaíocht díreach ón Státchiste ach d’ardófaí dá réir an teacht isteach ón cheadúnas teilifíse.
íocaíocht payment
" Ní raibh an Irish Independent, an Irish Times, nó fiú an New York Times ábalta íocaíocht ar eagrán arlíne a fhorbairt.
híocaíochtaí payments
" I measc na mbeartas eile a chuir na Fionlannaigh i bhfeidhm, tá arduithe ar an mhuirear chánach, béim ar an onnmhairiú a chothú, ciorruithe ar chaiteachas, agus cealú ar arduithe sna híocaíochtaí leasa shóisialaigh.
íocaíocht payment
" Cuirtear iallach ar Rohingya, idir óg is aosta, obair gan íocaíocht a dhéanamh ar thionscadail éagsúla cosúil le tógáil is cothabháil champaí an airm.
íocaíochtaí payments
" Tharla sé in 1932 le linn na Outdoor Relief Riots nuair ba léir nár leor íocaíochtaí do dhaoine gan obair, beag beann ar a gcreideamh.
íocaíochta payment
" I gcás na Gaeilge, bíonn a fhios agat roimhré nach bhfaighfidh tú mórán íocaíochta as, ach má tá sé ionat, leanfaidh tú ar aghaidh leis ar aon nós.
híocaíochtaí iomarcaíochta redundancy payments
" Rinne Aire na Gaeltachta, Pádraig Ó Tuathail (FG), iarratas chuig an rialtas le go nglanfaí a gcuid fiacha toisc “go bhfuiltear ag bagairt go mbeidh achrann le hÚdarás na Gaeltachta – agus an milleán á chur ar an Rialtas – mura mbeidh na híocaíochtaí iomarcaíochta ar fáil roimh an Aoine seo chugainn ag na hoibrithe atá ag feitheamh le cúpla mí.
ach íocaíocht chothrom ar obair chrua just a payment for hard work
" Níl á fháil ag na mná tí ach íocaíocht chothrom ar obair chrua.
ag fáil íocaíochtaí fuascailte receiving welfare payments
" D’áitigh siad go raibh méid as cuimse Éireannach i measc coirpigh na cathrach ach ag an am céanna gurb iad ba mhó a bhí ag fáil íocaíochtaí fuascailte.
i dtreo na híocaíochta towards the paying
" B’fhéidir go bhfuil an ceart aige agus tá go leor daoine eile á rá, agus drogall orthu roimhe, gur céim eile í seo i dtreo na híocaíochta d’imreoirí idirchontae CLG.
deacracht leis an íocaíocht a problem with payment
" Bhí deacracht leis an íocaíocht, ach íocadh mé faoi dheireadh.
bhíodh fáilte i gcónaí roimh an íocaíocht the payment was always welcome
" Bhain mé sásamh as an gcúram a bhí orm le roinnt blianta anuas, a bheith ag tochailt sna cartlanna le haghaidh míreanna spéisiúla sna meáin chlóite i nGaeilge agus bhíodh fáilte i gcónaí roimh an íocaíocht a thugtaí dom as mo chuid oibre.
íocaíochtaí d'imreoirí idir-chontae payments for inter-county players
" Measann Colm Mac Séalaigh go léiríonn sé seo go bhfuil sé in am don Chumann Lúthchleas Gael díriú i gceart ar cheist na n-íocaíochtaí d'imreoirí idir-chontae.
íocaíocht bainisteoirí payment of managers
" Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go bhfeicfimid cur is cúiteamh ag teacht chun cinn anois faoi íocaíocht bainisteoirí i gCLG ó tharraing Uachtarán an Chumainn, Criostóir Ó Cuana, an t-ábhar aníos ina aitheasc ag an gComhdháil bhliantúil.
íocaíocht bainisteoirí Payment of Managers
" Is spéis le Colm Mac Séalaigh ceist mhór atá ag bagairt ar Chumann Lúthchleas Gael le seal gairid de bhlianta: íocaíocht bainisteoirí.