Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
íogair sensitive
" " Arsa duine eile: "Go minic má théitear i gceann tionscadail mar seo ar bhealach íogair tuisceanach, bíonn toradh ar an saothar don dá thaobh.
fáisnéise íogaire sensitive information
" Dob amhlaidh a cheap an FBI go raibh duine éigin sa CIA ag cur fáisnéise íogaire chun na Rúise, ó lár na n-ochtóidí amach.
íogaire delicate
" Cé go bhfuil a líon níos lú na laethanta seo, tá traenáil níos fearr, dar le daoine áirithe, faighte ag na sagairt óga maidir le cúrsaí íogaire gnéis.
gurb é an píosa is íogaire ailtireachta dá bhfaca sé riamh that it was the most sensitive piece of architecture
" Dúirt an Méara Bloomberg, ag tagairt don saothar, gurb é an píosa is íogaire ailtireachta dá bhfaca sé riamh.
íogair sensitive
" Bhí Ericsson an-ghar don mhargadh, agus tuiscint íogair acu ar na hathruithe sa mhargadh.
eolas íogair slándála sensitive security information
" Chan amháin gur cosantóirí an phobail iad na Gardaí, ach is coimeádaithe iad fosta ar eolas íogair slándála.
eolas íogair slándála sensitive security information
" Chan amháin gur cosantóirí an phobail iad na Gardaí, ach is coimeádaithe iad fosta ar eolas íogair slándála.
íogaire sensitive
go híogair sensitively
" “Agus ar fhulaing tú aon mhórghoin seachas na créachtaí sin a bhfuil tú ag cuimilt Germolene isteach iontu?” a d’fhiafraigh Laoch na Litríochta go híogair agus go cásmhar.
gach pioc chomh híogair every bit as sensitive
" I bhfianaise an dearcaidh seo tá seans go mbeadh Polannaigh gach pioc chomh híogair maidir lena stair fiú muna mbeadh beo fós daoine a bhfuil taithí phearsanta acu ar chora crua na haimsire atá caite.
íogair emotive
" Ceist íogair is ea í mar go gcuireann sé isteach ar an mheánaicme, dream a bhfuil guth láidir aige.
phointe íogair a touchy matter
" Naimhde ar an IdirlíonA luaithe is a luaim leathshlí tríd an agallamh go bhfuil an cur síos atá le fáil mar gheall ar Harris ar Wikipedia léite agam tuigim go bhfuilim tagtha ar phointe íogair, pointe a ghoilleann go mór air.
íogair touchy
" Ceangail bhúr gcriosanna tárrthála, a cháirde, faoi choinne thuras samhlaíochtúil go béal Ifrinn, agus ar ais! Más gnáthlead iontach íogair, cúthalach é Oskar, is beag atá gnách faoi Eli, an cailín óg andraigíneach béal dorais.
íogair sensitive
" Mheabhródh an tuairisc íogair seo a leanas le hoifigeach in arm Shasana, an Captaen Robert Daniell, faoina thaithí sa Ghearmáin, go leor eachtraí de chuid na hÉireann do dhuine: ‘*There were at least 3,000 inmates still just alive.
is íogaire most delicate
" Cén idirghabháil is féidir le clár athbheochana teanga ar bith a dhéanamh i réimsí pearsanta an tsaoil? Táimid ag caint anseo ar an gcistin agus ar an seomra suí, ná réimsí teanga is íogaire agus is príobháidí dá bhfuil ann.
íogair sensitive
" Bhí cur síos ann mar gheall ar an rochtain a bhí acu d’eolas tábhachtach agus do shonraí pearsanta íogair ar nós claonadh gnéis agus a gcuid laigí ar nós dúil sa deoch mheisciúil.
a íogaire how delicate
" Bíonn cur chuige trasphobail an Iontaobhais ag díriú go príomha ar na haicmí éagsúla seo taobh istigh den phobal aontachtach/Phrotastúnach, chomh maith le hobair atá le déanamh leis an phobal náisiúnaíoch le cinntiú go n-aithnítear a íogaire is atá sé an Ghaeilge a chur chun tosaigh ar mhodh uilechuimsitheach,” ar sé.
íogair delicate
" I ráiteas a d’eisigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha in Éirinn faoi chás Commins, dúradh: Nuair atá fuadach duine i gceist, d’fhéadfadh faisnéis íogair a bheith ag seirbhísí slándála, ag rialtais iasachta nó ag idirghabhálaithe eile, faisnéis a bheadh fíorthábhachtach chun go saorfaí go slán sábháilte an duine, nó na daoine sa chás áirithe seo, atá faoi choinneáil.
duine íogair a tense person
" Is duine íogair é áfach, faoi léigir ag an fhearg laistigh – compánach a thagann go minic ar láimh leis an gcruas ‘fearúil’.
gur duine íogair I’m a touchy person
" Tá a fhios agat gur duine íogair, mothálach mé, agus tá tú i ndiaidh mé a chur as mo riocht.
mhórcheist chonspóideach íogaire one of the major delicate controversies
" Tá dúnghaois inimirce na hAstráile ar mhórcheist chonspóideach íogaire abhus le fada an lá, fearacht tíortha go leor eile sa Chéad Domhain.
scagadh go híogair to scrutinize sensitively
" D’éirigh leis insa leabhar seo fuinneamh, ionracas agus scoilteanna na glúine scríbhneoireachta fíorthábhachtaí seo a scagadh go híogair.
an caidreamh íogair the delicate relations
" Kiernan agus Delia Murphy ======== Chuir de Valera Kiernan chun na hAstráile sa bhliain 1946 mar ‘Aire Lánchumhachtach’ agus d’aidhm aige an caidreamh íogair idir an dá thír a chur ina cheart.
tháinig an sliocht íogair dianmhothaitheach seo this deeply felt and sensitive excerpt
" D’fhéadfaí a áiteamh le dlisteanacht gur tháinig an sliocht íogair dianmhothaitheach seo as chuimhní cinn General Grant, fear eile a chuir spéis ghairmiúil i ndathanna na n-aibhneacha.
Obair íogair delicate work
" Nósanna Stasi ======= Obair íogair is ea obair an NSA.
eolas atá íogair nó pearsanta delicate or personal information
" Léiríonn scéal neamhchas na bpointí pionóis go bhfuil an chontúirt i gcónaí ann go mbainfí mí-úsáid as eolas atá íogair nó pearsanta.
dul i ngleic leis an dúshlán íogair seo to tackle this delicate problem
" Beidh le feiceáil má tá ar a chumas dul i ngleic leis an dúshlán íogair seo.