Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ó dheas to the south
" Is é Cluainín, atá ocht míle ó dheas, an baile is mó sa cheantar.
ar an taobh ó dheas on the southside
" Nuair a bhí mé ag fás aníos bhí áit darbh ainm an 6511 Club ar an taobh ó dheas de Chicago.
ó dheas south
" Tar éis lastas a fhágáil ina diaidh le seoladh ar ais go New Bedford, tógadh criú nua ar bord agus sheol sí léi arís ó dheas ar thóir na míolta móra, thart timpeall na hAfraice agus soir chomh fada le Bunbury in Iarthar na hAstráile.
is faide ó dheas furthest south
" Is é Cléire - nó Cape Clear Island sa Bhéarla - an pointe is faide ó dheas in Éirinn.
ó dheas in the south
" Agus ar ndóigh, ó thuaidh, Acht Teanga ar aon dul leis an cheann éachtach ó dheas.
ó dheas to the south
" Tosaíonn sí taobh thoir thuaidh de Cape York in oirthuaisceart na hAstráile agus síneann sí 2,000 ciliméadar ó dheas le cósta Queensland.
ag dul ó dheas going south
ó dheas the same disease
" " Is iomaí duine ó dheas a raibh an aicíd chéanna air, ar ndóigh, ach nuair a tháinig Bríd go Contae Ard Mhacha i gcéaduair, oscailt súl a bhí ann.
ó dheas in the south
" Bheadh an baol ann go gcaillfeadh an UUP tuilleadh suíochán sa chéad toghchán eile do Westminster agus go mbeadh sé mar atá an Páirtí Coimeádach i Sasana, nó, mura miste a rá, Fine Gael ó dheas.
ó dheas in the south (Republic of Ireland)
" Bhí imní air faoin bhrú a bhí ar an teanga ó dheas ach ba mhór an tógáil croí dó an borradh a bhí faoi chúrsaí ó thuaidh.
ó dheas south
" Ach chuaigh muid ó dheas sa charr an dara lá go sráidbhaile Llangynog, agus ansin ó thuaidh suas Sléibhte Berwyn go dtí Moel Sych (827 méadar ar airde).
trí eitilt ó dheas three flights south
" De réir rialacha an chomórtais OSP don bhealach seo, ní foláir go mbeadh trí eitilt ó dheas agus trí eitilt ó thuaidh gach aon lá.
ó dheas in the south
" ó dheas, meastar gur caitheadh IR£1,050 milliún ar chúrsaí slándála sa tréimhse chéanna.
ó thuaidh agus ó dheas in the north and in the south
" Níl a fhios agam an meallann na cluichí sin mórán lucht tacaíochta breise don chluiche i ngeall ar mhinicíocht na gcalaoiseanna gránna, na himeartha ciniciúla agus an easpa sportúlachta a bhíonn le feiceáil, ach dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa pheil Ghaelach, tá an-seirbhís á tabhairt dóibh ag na cainéil teilifíse ó thuaidh agus ó dheas.
ó dheas south
" Mharaigh na Rómhánaigh na mílte de na Caledonii, agus bhí an bua acu, ach go luath ina dhiaidh sin d’imigh siad leo ó dheas agus thóg siad Balla Hadrian trasna na tíre.
tá an nimh san fheoil ar fad agaibh do gach rud ar an taobh ó dheas you really hate everything in the south
" Ní bhíonn sibh sásta dul thar an teorainn agus tá an nimh san fheoil ar fad agaibh do gach rud ar an taobh ó dheas.
fán Éigeandáil ó dheas about the Emergency in the south
" Scríobh sé leabhar dar teideal *In Time of War: Ireland, Ulster and the Price of Neutrality, 1939-1945* fán Éigeandáil ó dheas le linn an dara Cogadh Domhanda.
ar a mbealach ó dheas on their way south
" B’as Gleann Cholm Cille duine acu agus b’as Cill Charthaigh don fhear eile agus bhí siad ar a mbealach ó dheas go Baile Bhuirne le freastal ar Chomórtas Peile na Gaeltachta.
ó dheas in the south
" Bhí ruathar ag na Gardaí ó dheas ar 20 gnólacht a bhain le “sciúradh airgid”.
sa tsochaí ó dheas in southern society
" Léirigh racán an tSathairn éasclínte sa tsochaí ó dheas.
ó thuaidh agus ó dheas north and south
" Léiríonn an taispeántas na hathraithe stairiúla, sóisialta, polaitiúla agus cultúrtha atá i ndiaidh a theacht ar an tír, ó thuaidh agus ó dheas, agus tugann sé léargas géarchúiseach dúinn ar an saol a bhí ag muintir na cathrach agus ag bunadh na tuaithe trí na daoine atá faoi scrúdú ag an lionsa.
sular chasadar ar ais ó dheas before they returned back south
" Mar sin, ar feadh dhá mhí lean a arm ar aghaidh ó thuaidh, ag teacht i gcóngar cúpla míle do Harrisburg féin sular chasadar ar ais ó dheas.
soir ó dheas to the south-east
" Tá Oileán Whithorn cúpla míle soir ó dheas.
ó dheas to the south
" Ach tá Sliabh Liag deich gciliméadar ó dheas ón Storrúil agus chuir sé seo comhrá i gcuimhne dom a bhí agam le Gearmánach thart fá chúig bliana ó shin.
ó dheas ó south of
" Chaith mé dhá lá i Kande Beach, cúpla uair an chloig ó dheas ó Nkhata Bay.
ag taisteal ó dheas. travelling south.
" Nuair a shéideann stoirm shneachta anuas ort ón tuaisceart i lár mí an Mhárta, is deas fios a bheith agat go bhfuil tú ag taisteal ó dheas.
ceathracha míle soir ó dheas, forty miles to the southeast,
" Níl Washington ach 150 míle ó thuaidh, tá an "tríbhaile" Newport News/Norfolk/Virginia Beach ceathracha míle soir ó dheas, agus ardchathair Virginia, Richmond, caoga míle siar.
roimh an olltoghchán ó dheas before the general election in the south
" Bhí mé ag breathnú ar chlár teilifíse roimh an olltoghchán ó dheas – sular fógraíodh dáta an toghcháin féin – agus iarradh ar an lucht féachana sa stiúideo focal amháin nó abairt a roghnú a chuirfeadh síos ar an dearcadh a bhí acu ar phearsantachtaí nó ar pháirtithe.
bunús na vótóirí ó dheas most of the voters in the south
" Measann bunús na vótóirí ó dheas gur páirtí ón taobh amuigh é Sinn Féin agus chuidigh béim Adams ar phróiseas na síochána leis an dearcadh sin.
ó dheas. in the south.
" Tá siad ann, ach níl an líon céanna inimirceach ó thuaidh is atá ó dheas.
ó dheas uaidh. south of it.
" Is mór an difríocht idir an talamh atá ar an taobh thiar thuaidh de Thomas Jefferson Park agus an talamh atá ó dheas uaidh.
ó dheas to the south
" Bhí Chester, atá 20 míle ó dheas ar abhainn an Dee, ar an phort ba thábhachtaí sa réigiún.
siar ó dheas ó Sydney, to the Southwest of Sydney
" Céad bliain ó shin, i Márta na bliana 1908, fógraíodh go dtógfaí an phríomhchathair ar an láthair a bhfuil Canberra anois – beagnach 300 ciliméadar siar ó dheas ó Sydney, agus 650 ciliméadar soir ó thuaidh ó Melbourne.
ar mo bhealach ó dheas on my way south
" Is dócha gur bhuail an smaoineamh mé den chéad uair nuair a stop mé i stáisiún seirbhíse gar do Lyon agus mé ar mo bhealach ó dheas.
is faide ó dheas furthest south
" Má thosaíonn tú amach ag an phointe is faide ó dheas ar an oileán agus gluaiseacht ó thuaidh fríd an cheantar airgeadais, tiocfaidh tú chuig *Tribeca, Chinatown, Soho*, an Iodáil Bheag, ansin an *Lower East Side*.
ó dheas south
" Rinne fórsaí de chuid arm na Seapáine ionradh ar thuaisceart Nua-Ghuine Phapua go luath sa Dara Cogadh Domhanda, ach ní raibh siad in inmhe taisteal ó dheas trí na sléibhte ar a dtugtar na Owen Stanley Ranges.
ó dheas south
" Agus na fáinleoga ag imeacht ó dheas ag deireadh an tsamhraidh, bhaineamar St Germain-en-Laye amach.
ó dheas to the south
" Ar a bhealach abhaile ón scoil an tráthnóna sin, is cosúil gur chaith sé é féin amach san abhainn ó dhroichead i lár Romans-sur-Isère, baile atá céad ciliméadar ó dheas de chathair Lyon.
ó dheas in the south
" “Bhí an choimhlint faoi lán seoil ó thuaidh ach ní raibh aon duine ag caint air ó dheas,” ar sí, “ach in oifigí Trócaire bhí saineolaithe ar na hOileáin Fhilipíneacha, ar Mheiriceá Láir, ar an Afraic Theas.
siar ó dheas south east
" In ainneoin gur fhágamar Páras ar a cúig a chlog an mhaidin sin, níor éirigh linn na tranglaim thráchta ar an mótarbhealach siar ó dheas a sheachaint.
ó dheas riamh in the south ever
" Tá ráite ag Higgins nár cuireadh an Poblacht i gcrích ó dheas riamh.
ó dheas in the south
" Tá an eite chlé ó thuaidh mar atá sí ó dheas; scaiftí beaga a bhfuil ceannaire feidhmiúil acu le taobh na n-oibrithe agus na mbocht a chur chun cinn ach tá muid san aois “nua” seo - *New Labour, neo-liberalism, neo-cons*, daoine ag moladh Poblacht úr ó dheas - nuair is féidir neamhaird a dhéanamh ar "seanrudaí".
ó dheas to the south
" Tá an ceantar Gréigeach thoir, tá an ceantar Iodálach thiar agus ó dheas tá an ceantar Síneach.
Tamall ó dheas a bit to the south
" Tamall ó dheas de bhaile Łódż a bhí muid an oíche áirithe seo.
Taobh ó dheas de to the south
" Taobh ó dheas de, tá gleann mínghlas torthúil Dyfi, ar an leiceann thiar thuaidh baile Bala, agus in alt an tsléibhe ag breathnú soir i dtreo Shasana tá Llanrhaeadr.
mar a deirid ó dheas as they say in the south
" Tharla go mbíonn go seasta bolg an aeir briste le síorbháisteach abhus i gCorca Dorcha, céard eile atá le cailleadh againn! Múinimis do mhuintir an tsaoil bhraonaigh gur cuma faoin bhraon anuas agus faoi ghadaíocht ár gcuid airgid nuair is féidir leat ceol, braon a ól le STUAIM, agus taitneamh a thabairt do chomhluadar an daoine eile, an ‘chuileachta’ mar a deirid ó dheas.
gcúinne thoir ó dheas south east corner
" Níl aon sliabh ar Í agus tá roinnt cnocán ann atá cúpla céad troighe ar airde ar a mhéad: Dùn Ì agus Cnoc nam Bradhan sa gcuid thuaidh den oileán, Carn Cùl ri Èirinn sa gcúinne thoir ó dheas agus Sithean Mor i lár an oileáin.
ar a mbealach ó dheas on their way south
" Thréig an bheirt acu an chathair an lá dár gcionn agus mhaigh Mc Laughlin gur chuir Stokes an tiachóg i bhfolach in áit amháin ar a mbealach ó dheas agus gur chaith sé an uirlis champála sa choill in áit éigin eile.
tamall ó dheas a bit to the south
" ’ Siúd é ag cur síos dom ar an saol ina bhaile dúchais san Afraic, tamall ó dheas den cheantar a ndeachaigh eitleáin na Fraince i ngleic le hAl Qaida mí Eanáir seo caite.
tolgadh ar aghaidh ó dheas charge ahead to the south
" AFRICOM ==== Thig leis an ‘Iarthar’ tolgadh ar aghaidh ó dheas le srian a chur ar an tSín, tír a bhfuil cathracha á dtógáil aici, chan amháin sa bhaile mar nach bhfuil díol ná ceannach orthu, ach san Afraic.
ní sna cinn ó dheas not in the ones in the south
" Faoin mbliain 1776, bliain neamhspleáchais na Stát Aontaithe, bhí deireadh le sclábhaíocht i roinnt de na stáit thuaidh, ach ní sna cinn ó dheas.
gurb ionann an rialtas ó dheas the southern government is equitable to
" De réir mar a éiríonn leo, beidh a fhios againn cé acu is aontachtaithe Caitliceacha iad, nó aontachtaithe measartha nó gur náisiúnaigh iad a chreideann gurb ionann an rialtas ó dheas agus foireann The Sopranos agus gurbh fhearr leo suí ar an chlaí ar feadh tamaillín go bhfeicfidh siad aiséirí an Tíogair Cheiltigh, ní hamháin saor ach Gaelach chomh maith.
cur i gcoinne láidir ó dheas strong opposition in the south
" Cruthú an Ama ====== **SMM: Déarfadh daoine go bhfuil cur i gcoinne láidir ó dheas in aghaidh Phoblacht Uile-Éireann.
soir ó dheas i dtreo south east in the direction
" Ach tá rian den traidisiún sna sléibhte ó dheas de Kraków, sin agus soir ó dheas i dtreo Lublin agus Rzeszow.
bhog an iarsmalann ó dheas the museum moved south
" Saothraíonn pingin pingin eile, deirtear, agus bhog an iarsmalann ó dheas chuig an fhoirgneamh nua-aimseartha Urbis i lár na cathrach sin.
soir ó dheas southeastwards
" Má éiríonn leo, sciobfar an tSiria agus an Liobáin ar shiúl ar fad agus ruaigfear Siaigh na hIaráice soir ó dheas i dtreo na hÍaráine.
thuas an domhain ó dheas up south
" Ag bun thuas an domhain ó dheas a bhí Pat Butler ag scagadh na scannán an iarraidh seo! D’fhreastail sé ar Fhéile Scannáin Sydney, mura mhiste leat.
ó dheas southbound
" Is iomaí fíoras iontais a foilsíodh dó ansin faoin dream a chuaigh chun farraige lena mbealach a threabhadh go dtí an tOileán Úr nó a thug aghaidh ó dheas i mbun taiscéalaíochta.
toghchán ó dheas southern election
" Beidh tionchar ag an toghchán ó dheas ar an toghchán ó thuaidh faoi cheann dhá mhí.