Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ócáid event, occasion
" Ceann de na rudaí is bunúsaí ar fad ná go gcruthaíonn tú féin an taitneamh a bhaineann tú as áit ar bith, nó ócáid ar bith ag a bhfuil tú.
ócáid cheiliúrtha celebratory occasion
" Theastaigh uathu ócáid cheiliúrtha a chruthú, ócáid ag a mbeadh seans ag na hamhránaithe na hamhráin dhúchasacha a chur i láthair an phobail ar bhealach spraíúil nádúrtha, lasmuigh de thionchar na gcomórtas.
ócáidí events
" Tá muid ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód i mbliana agus ag eagrú ócáidí ceiliúrtha sna cúigí éagsúla.
ócáidí occasions
" Is iad na hócáidí móra, i bPáirc an Chrócaigh, Stáid Semple, agus araile, a tharraingíonn an phoiblíocht agus aird na meán cumarsáide náisiúnta, ach gan obair agus díograis na gcumann ar fud na tíre, ní bheadh na himreoirí agus, dá bhrí sin, na hócáidí móra sin ann.
ócáid shollúnta solemn occasion
" Mar sin, nuair a bhailigh oifigigh phoiblí, ceoltóirí agus daoine mór le rá le chéile Dé Máirt, 16 Iúil chun an t-ionad a oscailt atá mar chuimhneachán ar an Ghorta Mór a mharaigh breis is milliún Éireannach, ócáid shollúnta a bhí i gceist.
hócáidí móra big occasions
" Is fíor nach raibh mórán gréine againn le linn an tsamhraidh agus go raibh cuid mhór báistí ann ar uairibh ach nuair a bhí na cluichí móra á n-imirt is annamh a bhí sé go dona agus is minic a tháinig an ghrian amach do na hócáidí móra amhail is go raibh Dia féin ag iarraidh féachaint cén chaoi ina raibh ag éirí leis na contaetha éagsúla agus iad ag imirt i bPáirc Semple, i bPáirc an Chrócaigh agus mar sin de.
hócáidí cuimhneacháin commemorations
" Ag tarraingt ar an lá féin, ní fhéadfá na hócáidí cuimhneacháin a sheachaint, ná cur síos caointeach theaghlaigh agus chairde na ndaoine a cailleadh san uafás, agus na bhfear dóiteáin a d'éalaigh ar éigean.
ócáidí móra iomána big hurling occasions
" Is foireann óg iad fós agus a lán taithí acu ar ócáidí móra iomána.
ócáidí eile a sheachaint to avoid other events
" Tarlaíonn sí i mí na Bealtaine, cé go bhfuil muid tar éis na dátaí a athrú beagán ó bhliain go bliain, ag iarraidh ócáidí eile a sheachaint.
ócáid stairiúil historic occasion
" Ar an iomlán, meastar gur ghlac milliún go leith duine i 100 tír thart timpeall an domhain páirt san ócáid stairiúil sin, a d'eagraigh (www.
ócáid bhronnta awards ceremony
" '" Ag an ócáid bhronnta le linn na gCluichí Oilimpeacha sa bhliain 2000, ghlac Haworth lena bonn cré-umha "ar son na mban eile nach bhfuil an toirt fhoirfe, uimhir 4.
ócáid occasions
" Tá Pádraig Ó Siadhail ag scríobh bheathaisnéis Phiarais Bhéaslaí faoi láthair agus beidh sé ag nochtadh leacht cuimneacháin sa tsráid inar rugadh an file Gaelach agus an réabhlóidí seo i Learpholl in 1881, mar ócáid eile san fhéile in 2004.
ócáidí cultúrtha cultural occasions
" Buíochas leis an *Cultural Relations Committee *in Éirinn, faighimid an maoiniú chun an faolchú a choimeád ó mo dhoras-sa (agus chun íoc as an-chuid ócáidí cultúrtha leis), ach, i ndáiríre, nach fearr uaireanta an Ghaeilge mhilis thaoisleannach i do bhéal seachas bia? Mar sin, ní raibh ach breaceolas ag formhór na mac léinn ar an nGaeilge, seachas ag beirt nó triúr a chaith seal ag staidéar in Áras Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua.
ag na hócáidí móra rásaíochta at the big racing events
" Capall rása, nó leath de chapall ba chirte a rá, a bhí ann agus an plean ná go mbeadh an bainisteoir feicthe in éineacht leis an gcapall ag na hócáidí móra rásaíochta agus go n-ardódh luach an chapaill dá bharr sin - nó rud éigin mar sin, sílim.
ar ócáid a eagrú ina onóir to organize an event in his honour
" Chinn Muintir Mhaonaigh agus grúpa dá gcairde ar ócáid a eagrú ina onóir.
ócáidí events
" Bhí ócáidí móra againn i gCaisleán Átha Cliath, mar shampla, agus bhí Féile Ghael Linn ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta, ach imíonn na rudaí sin agus theastaigh uaimse go mbeadh cuimhneachán buan agus comóradh ar an mbliain.
d'ócáidí taitneamhacha of enjoyable occasions
" AÓF: Luann sibh go músclaíonn na tiúin atá ar an albam seo cuimhní cinn, de chairde, de gháire, d'oícheannta deireanacha, d'ócáidí taitneamhacha.
ag ócáid bhrónach at a sad occasion
" An mbíonn an ceol i gcónaí mar sin daoibh, mar thaithí a mhúsclaíonn mothúcháin? An gcabhraíonn an ceol libh caoineadh riamh? LK: Mhothaigh mise i gcónaí go n-ardaíonn sé mé ag ócáid bhrónach.
i ndiaidh na hócáide is mó agus is galánta after the biggest and most glamorous event
" De ghnáth, áfach, ní bhíonn na himreoirí sin ag ceapadh gur san ospidéal a bheidh siad coicís i ndiaidh na hócáide is mó agus is galánta i gcúrsaí spóirt na tíre seo.
an ócáid seolta the launch event
" I ndiaidh do pháipéar nuachta áitiúil alt a chur i gcló fúithi, d'fhreastail 2,000 duine ar an ócáid seolta.
ócáid event
" Agus tá áiteanna eile ann a osclaíonn go speisialta don ócáid áirithe seo.
ócáid occasion
" Bíonn ócáid bhronnta na Réaltaí ar na hócáidí is mó spóirt i rith na bliana lasmuigh d'imirt na gcluichí féin.
craoltar an ócáid beo the event is broadcast live
" Bíonn maithe agus móruaisle lucht CLG, teilifíse agus raidió, nuachtán agus gnó i láthair agus de ghnáth craoltar an ócáid beo ar RTÉ.
ócáidí dá leithéid events of that kind
" Ba mhaith léi go mbainfeadh eagraíochtaí Gaeilge agus dreamanna eile a bhfuil baint acu leis an teanga úsáid as mar ionad do chruinnithe, seoltaí leabhar, dinnéir bhliantúla agus ócáidí dá leithéid.
ócáidí dá leithéid events of that kind
" Ba mhaith léi go mbainfeadh eagraíochtaí Gaeilge agus dreamanna eile a bhfuil baint acu leis an teanga úsáid as mar ionad do chruinnithe, seoltaí leabhar, dinnéir bhliantúla agus ócáidí dá leithéid.
ócáid shuntasach prominent event
" Is ócáid shuntasach é *Biennale *na Veinéise (nó *La Biennale*) d’ealaíontóirí an domhain bliain ar bith, ach tá suntas ar leith ag baint le *Biennale *na bliana seo d’ealaíontóirí na hÉireann, agus thuaisceart na hÉireann go háirithe, mar is é seo an chéad uair riamh a bheidh grúpa ag freastal ar an fhéile thar ceann na hÉireann, thuaidh agus theas.
chraoltaí ócáidí móra spóirt beo big sports occasions used to be broadcast live
" Ar feadh na mblianta ní raibh againne ach Teilifís Éireann ach chraoltaí ócáidí móra spóirt beo ó am go ham, cluichí leathcheannais agus ceannais na hÉireann, Corn an FA agus imeachtaí eile ar nós dornálaíochta trom-mheáchain an domhain (is cuimhin liom Cassius Clay/ Muhammad Ali ag tosú amach le Craobh Dhomhanda i gcoinne Sonny Liston), corn sacair an domhain i 1966 agus mar sin de.
ócáidí dá leithéid events of that kind
" Ba mhaith léi go mbainfeadh eagraíochtaí Gaeilge agus dreamanna eile a bhfuil baint acu leis an teanga úsáid as mar ionad do chruinnithe, seoltaí leabhar, dinnéir bhliantúla agus ócáidí dá leithéid.
Craoltar mórán ócáidí spóirt many sports events are broadcast
" Craoltar mórán ócáidí spóirt ar TG4, idir chluichí Gaelacha, rugbaí, sacar, pheil na hAstráile is araile, ach cé a cheapfadh, cúpla bliain ó shin fiú amháin, go bhféadfadh duine féachaint ar cheann de na hócáidí spóirt is ardnósaí ar domhan, is é sin comórtas leadóige Wimbledon, é “beo” ar theilifis na Gaeilge agus an tráchtaireacht á déanamh tré mheán na Gaeilge ag cainteoirí dúchais Gaeilge! B’fhéidir nár cheart a bheith ag déanamh iontais dá leithéid níos mó, ach i gcás cuid againn is gearr le míorúilt ann féin é sin.
ócáidí dá leithéid events of that kind
" Ba mhaith léi go mbainfeadh eagraíochtaí Gaeilge agus dreamanna eile a bhfuil baint acu leis an teanga úsáid as mar ionad do chruinnithe, seoltaí leabhar, dinnéir bhliantúla agus ócáidí dá leithéid.
d’ócáidí speisialta amháin for special occasions only
" “Ní dhéanann muid iad ach d’ócáidí speisialta amháin, mar is obair an-dian í.
ócáidí dá leithéid events of that kind
" Ba mhaith léi go mbainfeadh eagraíochtaí Gaeilge agus dreamanna eile a bhfuil baint acu leis an teanga úsáid as mar ionad do chruinnithe, seoltaí leabhar, dinnéir bhliantúla agus ócáidí dá leithéid.
ócáid nochta unveiling event
" Chuir an díospóireacht acadúil seo ócáid nochta an leachta i bhFrongoch i Meitheamh 2002 i gcuimhne dom.
chuile ócáid every event
" Bheartaigh mé, agus cinneadh coinsiasach a bhí ann, dul i measc an phobail chomh mór agus a d’fhéadfainn, dul ag chuile ócáid ag a bhfuair mé cuireadh.
ar ócáidí foirmeálta formal occasions
" Tagann daoine agus imíonn siad, fanann daoine roinnt laethanta agus tagann daoine chun an cheantair agus b'fhéidir nach ndéanfadh siad aon fhreastal ar ócáidí foirmeálta an Oireachtais in aon chor.
ócáidí éagsúla different occasions
" (Bhí mé ag caint le Galloway an tseachtain seo caite fosta mar go bhfuil an bheirt acu ag tabhairt léachtaí – ag ócáidí éagsúla – le linn Fhéile Bhéal Feirste.
ar lear mór ócáidí on lots of occasions
" I mí na Samhna amháin, bhí cur agus cúiteamh ar siúl faoin ábhar ar lear mór ócáidí.
ócáidí dá macasamhail seo events of this kind
" Samhlaítear na sluaite daoine, ceol beo, dea-atmaisféar agus craic mhaith go ginearálta ach ní minic a smaoinítear ar ócáidí dá macasamhail seo mar chuid de shaol na Gaeilge, ach amháin, b’fhéidir, aimsir an Oireachtais.
hócáidí teicneolaíochta technology events
" Ní minic a bhíonn an Ghaeilge chun cinn ó thaobh cúrsaí teicneolaíochta de ach bhí sí i lár an aonaigh le déanaí ag Oíche Ghradam Bhlaganna na hÉireann, ceann de na hócáidí teicneolaíochta is suimiúla a tharla le tamall anuas.
ar ócáid sheolta a thuarascála on the occasion of the launch of his report
" Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga ar ócáid sheolta a thuarascála, bhainfeadh na daoine seo an oiread céanna tairbhe as lá sa gharraí mar nach bhfuair siad a dhath ar a shon riamh.
hócáidí teicneolaíochta technology events
" Ní minic a bhíonn an Ghaeilge chun cinn ó thaobh cúrsaí teicneolaíochta de ach bhí sí i lár an aonaigh le déanaí ag Oíche Ghradam Bhlaganna na hÉireann, ceann de na hócáidí teicneolaíochta is suimiúla a tharla le tamall anuas.
na hócáidí móra spóirt the great sport occasions
" Is deacair súil a choinneáil ar chúrsaí spóirt i gcomhthéacs mar sin, in ainneoin gurb é an samhradh an t-am a tharlaíonn na hócáidí móra spóirt sa chuid seo den domhan.
ócáid bhronnta dhuaiseanna cumarsáide an Oireachtais the presentation event of the Oireachtas' communications awards
" Bhí rith an rása ina iomláine nach mór ag muintir Chonamara ag ócáid bhronnta dhuaiseanna cumarsáide an Oireachtais ag Féile na Bealtaine i dTrá Lí.
formhór na n-ócáidí most of the events
" Beidh díoltóir leabhar, Anthology Books, ag formhór na n-ócáidí i mbliana agus tabharfaidh sin deis d’fhoilsitheoirí na Gaeilge a gcuid leabhar a chur chun cinn.
nuachtlitir mhíosúil, lónta gnó agus ócáidí sóisialta. a monthly newsletter, business lunches and social events.
" Cothaítear teagmháil leanúnach leis an lucht gnó trí chlár ilghnéitheach sóisialta agus nasctha, lena n-áirítear nuachtlitir mhíosúil, lónta gnó agus ócáidí sóisialta.
ócáid cheiliúrtha celebratory event
" ***AÓF: An bhfuil cuid de na daoine a bhí páirteach sa chraobh ón tús fós in bhur measc?***TÓU: Tá roinnt acu fós ann is dóigh liom, leithéidí Sheáin Uí Bhroin, mar shampla, a bhí thart an uair sin agus atá fós ar an gcoiste agus baint nach beag aige leis an ócáid cheiliúrtha seo a bhí againn le déanaí.
dá mbronnfaí bronntanas bláthanna ar ócáidí speisialta if flowers were presented on special occasions
" Ní ábhar iontais a bheadh ann dá mbronnfaí bronntanas bláthanna ar ócáidí speisialta mar laethanta breithe ach fiú muna mbíonn i gceist ach bualadh isteach chuig cara, ní haon rud thar an gcoitiantacht é táth breá bláthanna bheith ina ghlac ag Polannach.
mar ócáid cheiliúrtha do gach éinne as an occasion of celebration for everyone
" Altú do Dhia a bhí ann ar dtús, is dócha, ach ós rud é gur tír shaolta í na Stáit Aontaithe go hoifigiúil, breathnaítear ar an bhféile anois mar ócáid cheiliúrtha do gach éinne ar an Oileán Úr.
Rinne siad neamhiontas iomlán den ócáid. They totally ignored the event.
" Rinne siad neamhiontas iomlán den ócáid.
ócáid shona mheidhreach a happy and light-hearted event
" Ansin, ag tús mhí Mheán Fómhair, bíonn Mela Dhún Éideann ar siúl, ócáid shona mheidhreach a cheiliúrann cultúr na hIndia agus áiteanna eile thar sáile.
mórán ócáidí agus imeachtaí eile many other occasions and events
" Is léir go bhfuil baint mhór ag an alcól leis an gceiliúradh ó thaobh spóirt de chomh maith le mórán ócáidí agus imeachtaí eile i saol mhuintir na hÉireann – bainiseacha, baistí, torthaí scrúdaithe agus mar sin de.
reáchtáil muid ócáid we ran an event
" I 1986, tá mé ag ceapadh, reáchtáil muid ócáid dar teideal “Blues na Filíochta.
ag treorú shruth na hócáide; directing the flow of the occasion;
" Theo Weber ag treorú shruth na hócáide; a mhac Aonghus ag léamh giota as fógra báis a scríobhadh faoi Phádraig; deartháir Phádraig ag léamh sleachta as scéal eachtraíochta a scríobh Pádraig nuair a bhí sé sna déaga; fear céile Nuala (iníon Theo) ó Mheicsiceo ag seinnt giotáir agus ag canadh amhráin a chum sé don ócáid.
ag canadh amhráin a chum sé don ócáid. singing a song she wrote for the occasion.
" Theo Weber ag treorú shruth na hócáide; a mhac Aonghus ag léamh giota as fógra báis a scríobhadh faoi Phádraig; deartháir Phádraig ag léamh sleachta as scéal eachtraíochta a scríobh Pádraig nuair a bhí sé sna déaga; fear céile Nuala (iníon Theo) ó Mheicsiceo ag seinnt giotáir agus ag canadh amhráin a chum sé don ócáid.
sách maith don ócáid, good enough for the occasion,
" Maidir leis an gcluiche féin, bhí sé sách maith don ócáid, ag cur san áireamh gurbh é an chéad chluiche “ceart” den bhliain úr ag na foirne a bhí i lár a gcuid traenála le haghaidh cluichí móra an tsamhraidh.
leis an ócáid a cheiliúradh. to mark the occasion.
" Thaifead an BBC clár speisialta leis an ócáid a cheiliúradh.
chuig ócáid éicint, to some event,
" An bhfuil sé i gceist a’d a dhul chuig ócáid éicint, nó ag taisteal? Mary: Ó, ní bheadh fhios a’d anois.
ar ócáidí speisialta. on special occasions.
" Anois, bíonn sé oscailte i rith an tsamhraidh agus ar ócáidí speisialta.
ag ócáidí faoi leith. at particular occasions.
" **An Mhaoiris agus na Maoraigh**Dála muidne in Éirinn, bíonn fonn ar dhaoine a dteanga dhúchais a labhairt ag ócáidí faoi leith.
ócáid event
" I mí Mheán Fómhair gach bliain, bíonn ócáid ar a dtugtar Scottish Archaeology Month ar siúl in Albain.
ócáidí occassions
" Bíonn stiúrthóirí neirbhíseach ag na hócáidí seo, ach tógáil croí a bhí ann domsa agus chuir sé tús le cineál momentum.
ócáid bhlaiste tasting
" Tagann cúpla céad duine gach seachtain, agus is ag an ócáid bhlaiste seo a bhuail mé le Rick Reed, úinéir na grúdlainne.
Ag ócáid a sheolta, at the occassion of its launch
" Ag ócáid a sheolta, dúirt sé gur chéim thábhachtach ab ea an curaclam seo i stair oideachas na hÉireann agus gur eascair sé as blianta fada de thaighde agus de dhianmhachnamh i dtaobh riachtanais leanaí na tíre.
agus dearcadh ar nós cuma liom aige i leith na n-ócáidí móra. and seemed to be unaffected by big occassions
" Murab ionann agus na himreoirí sin, bhí Mick óg agus bhí treise nádúrtha aige, agus dearcadh ar nós cuma liom aige i leith na n-ócáidí móra.
ócáid occassion
" Murab ionann agus na himreoirí sin, bhí Mick óg agus bhí treise nádúrtha aige, agus dearcadh ar nós cuma liom aige i leith na n-ócáidí móra.
in ócáid mhór, in a big event,
" ” Go minic i rith an agallaimh, agus sa leabhar fosta go deimhin, luaigh Liam Riobard Mac Góráin, céad bhainisteoir Gael Linn agus an fear a thug Ó hÉanaí trasna as Sasana sna caogaidí le bheith páirteach in ócáid mhór, Na hOícheanta Seanchais, a bhíodh ar siúl in Amharclann an Damer i mBaile Átha Cliath.
le hócáid mhór ghalánta with a big posh event
" Oscailt ghalánta Cuirtear tús le Celtic Connections gach bliain le hócáid mhór ghalánta agus *posh.
ócáidí gealgháireacha cheerful occassions
" Ba ócáidí gealgháireacha iad na mórshiúlta, a bhí mar cheiliúradh agus mar agóid ag an am amháin.
gach ócáid taifeadta every recording occassion
" Bhí beagán beag draíochta ag baint le gach ócáid taifeadta agus le gach uair a chan nó a sheinn duine éigin ar an albam.
eagraíodh ócáid seolta a launch event was organised
" Tháinig an Ciste Craoltóireachta Gaeilge ar an saol i 2005 agus eagraíodh ócáid seolta le hé a lainseáil go hoifigiúil.
ag ócáid éigin áitiúil at some local event
" Cad é a spreag í leis sin a dhéanamh? “Bhuail mé le fear a bhí ag obair in RTÉ ag ócáid éigin áitiúil agus dúirt sé liom, ‘Ba cheart duit glaoch orm má smaoiníonn tú ar bhogadh go Baile Átha Cliath.
ag an ócáid shóisialta at the social event
" Thug mé faoi deara ag an ócáid shóisialta san oíche nár ól sé agus nár chaith sé tobac.
ócáidí events
" Is iomaí uair a labhair iarstiúrthóir an CIA George HW Bush agus a bhean, Barbara, ag ócáidí a d’eagraigh Moon ar fud na cruinne.
ócáid mhór big occassion
" Mar sin, ócáid mhór is ea “ILALA Day” – is é sin, nuair a bhíonn an bád ar feistiú – mar go mbíonn deiseanna díolacháin ag daoine agus deis acu cumarsáid a dhéanamh lena chéile agus sos a ghlacadh ó obair an lae.
ócáid mhórthaibhseach spectacular occassion
" Níl aon dabht faoi ach gur ócáid mhórthaibhseach, lonrach, shiamsúil agus spreagúil a bhí sna Cluichí Oilimpeacha ar cuireadh clabhsúr leo ar an 24 Lúnasa.
arbh fhearrde an ócáid ina éagmais in whose absence the occassion would be better
" An t-aon pholaiteoir mór le rá a bhéas i láthair ag an gcoinbhinsiún ná George Bush, agus faraor do McCain, is eisean an t-aon duine iomráiteach arbh fhearrde an ócáid ina éagmais.
in onóir na hócáide in honour of the occassion
" Ceithre scór deireadh seachtaine ag iarraidh dallamullóg a chur ar eagarthóir *Beo Ar Éigean!* Agus ós ag caint dúinn ar eagarthóirí: an bhfuair Balor cáca milis deas le coinnle air in onóir na hócáide ón eagarthóir? Beag an baol! Dia go deo leis na seanlaethanta nuair a bhí Éamonn Ó Doornail i mbun na hirise; bhí sé chomh teann le gad agus chomh crua le cloch i dtaca le híocaíocht, lena thrí Euro in aghaidh an ailt, ach ar a laghad bhí sé furasta dallamullóg a chur air, nó bhí sé daonna, nó cineál daonna.
ach ar an aon ócáid amháin only on one occassion
" ’ Ba léir nár thuig siad an prionsabal bunúsach nach féidir le duine bás a fháil ach ar an aon ócáid amháin.
gach ócáid every occassion
" Bíonn gach ócáid ar siúl in ionad nach gceadaítear alcól ann agus meallann sé sin daoine a aithníonn go bhfuil gá le siamsaíocht mar sin a bheith ar fáil.
ar ócáid seolta at the launch
" Dúirt Louis Marcus ar ócáid seolta an DVD gur dhuine uasal, speisialta ab ea an Rinneach a dúirt leis, muna bhféadfadh sé scileanna na hiomána a mhúineadh dó (do Marcus) go mbeadh teipthe air féin mar theagascóir, agus nár chóir dó an scannán a dhéanamh! D’éirigh leis is cosúil.
ócáid sheolta launch
" Go deimhin, bhain urlabhraí Gaeltachta Fhine Gael, Frank Feighan, leas as an ócáid sheolta le cur in iúl go mbeidís ag déanamh athbhreithniú ar mholadh a rinne ceannaire an pháirtí go ndéanfaí ábhar roghnach don Ghaeilge i ndiaidh an Teastais Sóisirigh.
Ag ócáid seolta a chuid at the launch of his
" B’é an rud ba mhó a bhí le fógairt ag an Aire ná go mbeadh pacáiste tacaíochta á scaipeadh ar thuismitheoirí a bheadh ag iarraidh páistí a thógáil le Gaeilge, ina mbeadh leabhrán le comhairle inti agus an dlúthdhiosca Rabhlaí Rabhlaí! Teorainneacha na Gaeltachta 2012: ============== Ag ócáid seolta a chuid *‘bounty bags’*, mí Aibreáin seo caite, d’fhógair an tAire Stáit go raibh sé chun teorainneacha na Gaeltachta a athshocrú ar bhonn teangeolaíochta.
móide ócáidí siamsaíochta plus social occasions
" Dá bhrí sin, is é bunfhealsúnacht an chumainn dar liom deiseanna rialta, leanúnacha tríd an bpeil Ghaelach agus tríd an iománaíocht móide ócáidí siamsaíochta a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge agus ar an gcaoi sin comhluadar inmharthana teanga a spreagadh agus a neartú.
freastal ar an ócáid attend the occasion
" Ciallaíonn sin gur féidir le hiriseoir físe – nó tú féin, a léitheoir dhil – dul chuig seimineár éigin, ceamara beag a chur ar siúl agus imeachtaí an lae a chraoladh beo ar an idirlíon ar an bpointe (má tá ceangal leathanbhanda ar fáil san ionad); freastal ar an ócáid agus nótaí a ghlacadh; alt anailíse ar ábhar an tseimineáir a scríobh an oíche sin; agus pacáiste iomlán leis an alt, nasc chuig taifead den chaint, agus grianghraf a chrochadh ar do bhlag (nó a sholáthar do nuachtán idirlín) an mhaidin dár gcionn.
ag ócáid chuimhneacháin in ómós do on the occasion of paying respect to
" Thosaigh an lucht féachana ag feadaíl go drochmheasúil ar an uachtarán, Jacob Zuma, ag ócáid chuimhneacháin in ómós do Mandela féin.
ócáid occasion
" Bhí Liz Curtis i láthair ag ceolchoirm a thug amhránaithe salm as Albain i mBéal Feirste an mhí seo caite agus bhain sí féin agus an slua mór a bhí ansin an-sult as an ócáid.