Pota Focal Intergaelic
cól | dól | L | mól | ó
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tugtha don ól given to drinking
" An té a bheadh 'wedi fod yn **yfe**d' (= **ibh**the/ólta), nó 'in**eb**riated', an té a raibh a shá 'imbibed' aige, is dóigh go nglacfaidh sé le teoiric ar bith! Más tugtha don ól é, an duine bocht céanna, b'fhéidir gur Ó Meadhchair/Meachair a bheadh air, tharla go gciallaíonn a shloinne 'cara (na) meá'! Níl mé a rá, áfach, go bhfuil éinne ar m'aithne darb ainm Lifechair Ó Meachair faoi bhruach na Life sa lá inniu.
An ólann tú bainne agus siúcra? do you take milk and sugar?
" "Ta mé ag dul suas a dhéanamh tae domh féin," arsa Caitríona "Ar mhaith leat braon? An ólann tú bainne agus siúcra?" "Chan ólaim ceachtar," arsa Rita.
ag ól todóige smoking a cigar
" Arabach ag ól todóige agus leathghloine Jameson ina ghlac, beirt striapacha ar adhastar aige.
dá thromluithe óil nó drugaí of his drink or drugs nightmare
" Ach de réir a chéile thuig sé nach i gceann eile dá thromluithe óil nó drugaí a bhí sé, nach móide go mbeadh cos eile faoi ar maidin amárach ná arú amárach ná bliain ó arú amárach mura mbeadh cos mharbh mhístuama adhmaid nó phlaistigh ann.
dá n-ólfadh sé a raibh d'uisce i Loch nEathach if he drank the rivers dry (lit. all the water in Loch Neagh)
" Chomh maith le bheith á leá leis an teas, bhí a theanga amuigh leis an tart agus ní thiocfadh leis a chosc dá n-ólfadh sé a raibh d'uisce i Loch nEathach.
faoi thionchar an óil under the influence of alcohol
" Fir óga de chuid na haicme oibre agus an t-ólachán is cúis le cuid fadhbanna na hAlban, fir óga a chreideann, agus iad faoi thionchar an óil, go gcaithfidh siad daoine a shá.
d'éirigh sé tugtha don ól he became addicted to drink
" Chuaigh sé go Sasana agus d'éirigh sé tugtha don ól - scéal sách coitianta i measc na bhfear a chaith seal i Leitir Fraic.
ag ól cúpla galún leanna drinking a few gallons of beer
" "Ní mó ná sásta a bhí mé cúpla mí ó shin agus mé ar mó sháimhín só istigh i dtábhairne, mé suite liom féin ag ól cúpla galún leanna go ciúin béasach, nuair a tháinig ceann de na cleitíní damanta sin fá leath troighe de mo chluais chlé - bhuail sé mé i gclár m'éadain!" Balor bocht! Ní mó ná sásta a bhíonn sé leis na daoine nach mbíonn ag caitheamh ar chor ar bith sna tábhairní - iad sin nach mbíonn ag caitheamh airgid atá i gceist aige, iad sin nach gcuireann a lámh isteach ina bpócaí riamh ach amháin fá choinne a dtóin a scríobadh.
flóta na n-údar ólta Éireannach drunken Irish author float
" Ar cheann de na rudaí a thaispeáin siad, bhí flóta na n-údar ólta Éireannach, ar a raibh dáréag agus iad uilig díreach cosúil le James Joyce.
ag ól go rialta drinking regularly
" Tá a fhios ag an saol mór go mbíonn daoine óga – sé bliana déag, seacht mbliana déag agus níos óige – ag ól go rialta agus go mbíonn an t-ól mar ghnáthchuid de shaol déagóirí timpeall na tíre agus ní taise d’ócáidí spóirt.
an t-uafás óil a huge amount of drinking
" Is cinnte go mbíonn an t-uafás óil ar ócáidí móra rugbaí agus sacair agus cluichí Gaelacha.
a thugann comhlachtaí óil given by drinks companies
" Luaitear sa chomhthéacs sin an urraíocht a thugann comhlachtaí óil d’eagraíochtaí, do chumainn agus do chomórtais spóirt.
an lámh in uachtar a fháil ar an ól to get the better of the drink
" D’éirigh le cuid acu an lámh in uachtar a fháil ar an ól tar éis troid dian ach bhí fulaingt agus crá ag baint leis ó thaobh a muintire gan trácht orthu féin.
tiomáint agus ól. driving and drinking.
" Scéal eile, áfach, an dlí úr a bhaineann le tiomáint agus ól.
ag faire ar thiomáint faoi thionchar an óil, looking out for drinking under the influence of drink,
" Cé go ndeir 62% go bhfuil siad ag dul chuig an teach tábhairne chomh minic céanna ó thosaigh na Gardaí ag faire ar thiomáint faoi thionchar an óil, léirigh breis agus an ceathrú cuid (28%) athrú ar a n-iompar, á rá nach dtéann siad chuig an teach tábhairne chomh minic.
Déagóirí callánacha faoi thionchar an óil noisy teenagers under the influence of alcohol
" Déagóirí callánacha faoi thionchar an óil (agus rudaí nach é, b’fhéidir) ar fud na páirce.
tógtha leis an ól. taken with the drink.
" Ba shaighdiúir agus píobaire an-mhaith é Donald agus duine rábach dathúil a bhí tógtha leis an ól.
fuil úr le hól. fresh blood to drink.
" Sea, tá an t-othar beagnach marbh, agus na súmairí á fhágáil, de cheal fuil úr le hól.
ag ól drinking
" Thosaigh siad ag ól agus níorbh aon chuidiú dóibh é an t-oideachas Caitliceach a fuair siad.
lucht ólta Mheiriceá American drinkers
" Le fada bhí, agus tá go fóill, lucht ólta Mheiriceá ag éirí písín tuirseach den leacht leamh buí atá déanta as rís ghinchóirithe agus atá ar fáil i ngach tábhairne agus siopa eischeadúnais sa tír.
mar thoradh ar mhí-iompar na ndaoine ólta. as a result of the bad behavious of the drunk people
" Ach ní bheidís sásta freastal ar “chruicéad pitseámaí” – fiú ina gcathracha féin – toisc nach mbraithfidís ar a suaimhneas mar thoradh ar mhí-iompar na ndaoine ólta.
ag ól dí i bpub éicint, drinking in some pub,
" “Is é an chaoi a n-oibríonn muid ná go dtagann na smaointe chugainn agus muid ag ól dí i bpub éicint, nó rud mar sin.
an dóigh a mbíonn muid sásta glacadh le cultúr an óil the way that we are happy to accept the drinking culture
" Iompar frithshóisialtaDeir Des gurb é an dóigh a mbíonn muid sásta glacadh le cultúr an óil ar cheann de na rudaí is mó a mhairfidh ina chuimhne ón tréimhse sin a chaith sé i mbun “Work Experience”.
ró-ólta too inebriated
" Is maith liom a bheith ag siúl, agus siúlaim an t-am ar fad nuair a bhím thall (diomaite de chúpla tacsaí nuair a bhím ró-ólta le mo bhealach féin a dhéanamh go dtí an t-óstán), ach an chrágáil fánach seo thart ar shiopaí gan sprioc ná aidhm – bheir sé cráphian mhillteannach in íochtair mo dhroma – síceasómatach, gan amhras, ach fós do mo chraplú.
lucht óil drinkers
" Cá háit eile a dtosódh sé ach i Sráid na Cathrach – chan sráideanna na cathrach móire atá tréigthe go hiomlán ag na hÉireannaigh – a gcuid tithe agus a gcuid árasán díolta i bhfad ó shin le muintir na Baváire – ach an baile beag sin i gContae an Chláir, áit a gcruinníodh na scaiftí móra ag tús mhí Iúil gach bliain le sult agus pléisiúr a bhaint as Willie Week (mar a thugadh na ceoltóirí air), nó Veak Villie (mar a thugann lucht óil na Gearmáine air – iad siúd nach bhfuil i dtaithí ar an Guinness).
ag ól gail 'having a drag'
" Thosaigh mé ag caint le mac léinn as an gcathair agus mé amuigh ag ól gail.
óil drinking
" Tharla doirtí móra ola a thruailligh uisce óil agus limistéir iascaireachta is feirmeoireachta, rud a d’fhág go raibh ar na hOgoni bia a allmhairiú.
ólta drank
" com/) SMM: An dara ceist deiridh: an gcreideann tú sna Leipreacháin? RMAB: Jez’, braitheann sé cé chomh mór is atá ólta agat agus cad é tá caite agat! (gáire croíúil) An Cabaret Craiceáilte (http://www.
caochta leis an ól blind drunk
" Éiríonn sí caochta leis an ól agus déanann sí sceith bhéil di féin, agus dar leis an athair, tá sí tar éis an teaghlach a náiriú.
an-tugtha don ól very given to drinking
" Déanann sí cinnte de go dtitfidh sé i gcuideachta fir eile atá an-tugtha don ól.
ag ól barraíochta drinking too much
" Chomh maith le seo, deirtear go bhfuil an dóigh a léiríonn sé saol an lucht oibre diúltach, mar ní thugann sé mórán aird ar ghnáthdhaoine ‘measúla’, daoine nach mbíonn ag eascainí nó ag ól barraíochta.
á hól agam I now drink
" Praiseach thanaí á hól agam ina súimíní ag fanacht go mbeadh an oíche reo thart.
ól to drink
" Sna siopaí búistéara agus sna margaí sráide, cuirtear béim ar chuisine an Beaujolais, spóla coinín nó ar dhuáin laofheola mar shampla, mar aon le gach saghas cáise ach an cháis ghabhair go háirithe.
fadhb óil a drinking problem
" Bhí fadhb óil ag an athair agus bhí ar Lula - agus é in aois a sheacht mbliana - oráistí a dhíol ar an tsráid agus snas a chur ar bhróga le hioncam a sholáthar.
óltar an fhuil the blood is drank
" Úsáidtear an buarán mar ábhar tógála mar a luaigh mé; itear an fheoil; déantar pluideanna agus brait den tseithe; agus óltar an fhuil.
ólta as bhur gcloigeann blind drunk
" - Bígí ólta as bhur gcloigeann agus sibh i mbun pinn.
an t-ól drink
" Priompallán an Chéiteannaigh sa Chac Bó Arís ====================== Nuair a áirítear lena chéile iad, is athreic iad de na seanmhúnlaí maslacha a thiomsaigh leithéidí Giraldus Cambrensis i gcoinne na nGael chomh fada siar leis an dara haois déag – Na Gaeil – (nó sa chás seo na Gaeil ar de bhunadh an Lucht Siúil iad) mar dhream a bhfuil fírinne na steiréitíopaí seo le sonrú orthu – an mhímhacántacht, an t-ól, an foréigean, easpa dílseachta (ach amháin dá ‘dtreibh’ féin), lorg deirce, an leisciúlacht, an scéalaí, an díbeartach, an trodaí agus mar sin de.
ólta drank
" Tá an Chateau Lafite 1787 ólta ag duine acu agus tá an pionta pórtair ólta ag an duine eile.
fadhb dhona óil a bad drinking problem
" Fágadh athair Neal, fear a raibh fadhb dhona óil air, i bhfeighil Neal óig agus ní go rómhaith a chruthaigh sé mar thuismitheoir.
Níor tairgeadh greim le hithe ná braon le hól there was no offer of a bite to eat nor a drop to drink
" Laoch an Bhéil Fhliuch agus an Bhéil Thirim ==================== Níor tairgeadh greim le hithe ná braon le hól do Laoch na Litríochta, ach fágadh ansin ina shuí é mar a bheadh mála prátaí ann.
trom’ ar an ól drinking heavily
" Le fada an lá, ní raibh mórán Éireannach nach dtiocfadh leo a rá nach raibh aithne acu ar alcólaí nó ar dhuine a bhí ‘trom’ ar an ól’; bíodh sé gur duine den teaghlach, duine gaolta nó cara a bhí i gceist.
ceist ainmheasarthacht an óil the matter of alcoholism
"ceist ainmheasarthacht an óil fós linn ach tá deacracht eile againn i sochaí an lae inniu nach dtugtar aird chúi air go mbíonn sé i bhfad ródhéanach agus is é sin, an ‘droim dubhach’ agus ‘an galar dubhach’.
gan deoch mheisciúil a ól not to drink alcohol
" Dúirt sé liom gan deoch mheisciúil a ól ar feadh trí mhí agus bia le neart siúcra a ithe.
an t-ól drink
" Faraor, is é an t-ól an tarraingt is mó sa chathair na laethanta seo.
más é saol an óil atá uait if you seek the drinking experience
" Ar ndóigh níl sna deochanna seo ach leithscéalta chun turasóirí óga gan chéill a dheighilt lena gcuid airgid, ach más é saol an óil atá uait, ba cheart duit aghaidh a thabhairt ar *Bourbon Street*.
hógánaigh ólta drunken youth
" Tá a sáith "clubanna striapachais" ar *Bourbon Street* freisin, ag freastal ar na hógánaigh ólta sin ó na tábhairní a shíleann go mbeidh an t-ádh leo anocht.
braon a ól le STUAIM one can drink sensibly
" Tharla go mbíonn go seasta bolg an aeir briste le síorbháisteach abhus i gCorca Dorcha, céard eile atá le cailleadh againn! Múinimis do mhuintir an tsaoil bhraonaigh gur cuma faoin bhraon anuas agus faoi ghadaíocht ár gcuid airgid nuair is féidir leat ceol, braon a ól le STUAIM, agus taitneamh a thabairt do chomhluadar an daoine eile, an ‘chuileachta’ mar a deirid ó dheas.
Ní ceadmhach é a ól ach i gcomhthéacs creidimh amháin its being drunk is only permitted for religious purposes
" Ní ceadmhach é a ól ach i gcomhthéacs creidimh amháin: áirítear mar dhruga é, agus tá cosc air sa chuid is mó de thíortha an domhain.
Tá an tae á ól go tráthrialta agam I’m drinking the tea regularly
" Tá an tae á ól go tráthrialta agam faoin am seo, cupán in aghaidh na coicíse, ach seo an chéad uair a ólaim dhá chupán le linn an aon deasghnátha amháin.
d’ól siad a sáith they drank their fill
" Tháinig bean áitiúil amach as a teach le gloiní uisce breá fuar do na siúlóirí agus d’ól siad a sáith.
ag ól crying
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
leanna a óltar of beer which are drank
" *“Ground Hog Day”* a deir Leamh Ó Cuinneagáin, agus é ag tagairt don mhéid céanna borgairí agus stéigeacha caoldroma a itear gach bliain agus don mhéid céanna piontaí leanna a óltar.
gan á ól just drinking
" Chaith sí sé seachtaine ar an stailc seo, gan á ól aici ach uisce líomóide agus anraith éisc, agus í ag fanacht i bpuball / típí gar don Dáil in Ottawa le linn an gheimridh fhuair.
turasóirí ólta drunk tourists
" Cloistear ón bhfear ceoil teaspúil a sheinneann dosna turasóirí ólta ar Bourbon Street (Wendell Peirce ó *The Wire*) tar éis dó gach aon iarracht a dhéanamh suíomh níos airde a dh’fháilt.
ag ól sláinte a chéile lashing back the drink
" Agus an nóiméad céanna ’s a bhí an comhluadar ilghnéitheach s’againn féin ag ól sláinte a chéile sa mbeár, cé a tharlódh isteach ach an t-ollamh mór céanna.
ag ól, ag ibhe drinking, imbibing
" Bhí oíche go maidin ag Balor ag ól, ag ibhe agus ag ithe agus ag damhsa lena ghrá geal Aingeal A.
ag ól ag Teamhair drinking at Tara
" Tugann sí sracfhéachaint ar an nglac grianghraf atá ann de, é ar an trá i mBinn Éadair agus ag ól ag Teamhair.
bhí gearrsteall ólta agam le cairde I had a tippling with friends
" Ní minic a bhím mar sin ach bhí gearrsteall ólta agam le cairde de mo chuid agus muid ag plé cúrsaí foclóireachta, ceist a bhfuil fairsinge inti mar atá a fhios agaibh agus ábhar ar ceart cuid mhór ama a chaitheamh i mbun chur agus cúiteamh á plé i dtithe leanna.
agus gan braon ólta acu while they’re sober
" Sin mar atá cuid mhór daoine i dtuaisceart na hÉireann agus gan braon ólta acu.
tá lucht an óil ann there are the alcoholics
" Ach tá lucht an óil ann, daoine nach nglacfaidh le haon leigheas, a bhaineann sult as a bheith ag amharc isteach sa ghloine fholamh.
ní leigheas na póite ‘é’ a ól arís a hair of the dog that bit you isn’t a cure
" Sa chas seo, ní leigheas na póite ‘é’ a ól arís.
agus iad ag ól agus ag caoineadh as they drank and cried
" B’é '*A Trooper Cut Down In His Prime*' an t-amhrán a dhéanann an chúis dóibh go léir agus iad ag ól agus ag caoineadh lena chéile i measc na gcoinnlí céire.
bhíonn sláinte duine á ól a person is being toasted
" 'Gob fliuch is bás in Éirinn' a deirtear go minic nuair a bhíonn sláinte duine á ól agus is dócha go dtugann sé léargas éigin ar mhianta formhór na nÉireannach atá ar imirce.
ar an ól a thuilleadh drinking anymore
" Beidh dídean faighte aige agus ní bheidh sé ar an ól a thuilleadh.
An Té atá Thuas, Óltar Deoch Air when successful, one is celebrate
" An Té atá Thuas, Óltar Deoch Air =============== Idir an dá linn chuaigh gnóthaí in olcas.
tigh an óil in the ale house
" Sean-nós Gaelach é an deontas a chaitheamh tigh an óil.
an iomad a ól drinking too much
" Chuala fear amháin sa chomhluadar púcaí ag cnagadh ar dhoras an tí aige oíche amháin tar éis dó an iomad a ól an oíche roimh ré.
gan trácht ar ól not to mention drink
" Samhlaím go bhfuil níos mó airgid acu ar an gcéad dul síos ná mar atá ag an ngnáthleantóir sacair – tá costais arda taistil, lóistín agus bia (gan trácht ar ól) i gceist agus lucht tacaíochta i bhfad ó bhaile agus bíonn ticéid do na cluichí daor.
na comhlachtaí óil the drinks companies
" Tá Colm Mac Séalaigh go láidir den tuairim go bhfuil sé in am ag na heagraíochtaí spóirt in Éirinn an ceangal atá acu leis na comhlachtaí óil a bhriseadh.