Pota Focal Intergaelic
or | cór | lór | Mór | ó
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sciath óir golden shield
" Tá mo chlogad crua, mo sciath óir, claíomh géar na lainne glaise agus mo phéire sleá fós crochta go teolaí ar na rachtaí agam fá bhun na tuí agus fós cha dtáinig an Ginearál de Chateaubriand fá scread asail de mo dhún," a mhaíonn Balor Iarghnóch.
bonn óir gold medal
" Bronnfar bonn óir ar an bheirt Cheanadach, Jamie Sale agus David Pelletier, rud a fhágfaidh go mbeidh comhbhuaiteoirí i gceist i mbliana.
leis an bpota óir ar linne é tráth den saol with the pot of gold which was once ours
" In Éirinn na linne seo, áfach, is iad na *sans culottes *atá fágtha gan snáth ina mbrístí agus na huaisle móra - Tony O'Reilly, George Soros agus a chairde - atá ag imeacht leo ina gcóistí geala leis an bpota óir ar linne é tráth den saol.
lomra óir golden fleece
" Bhí olann á díol ar phunt an punt - ba lomra óir a bhí ann gan aon amhras.
bonn óir gold medal
" Shíl go leor againn i l988, agus Cluichí Oilimpeacha Seoul ag teacht chun deiridh agus Ben Johnson ciontaithe as drugaí a ghlacadh, drugaí a chabhraigh leis curiarracht an domhain a shárú agus an bonn óir sa 100m a bhuachaint, shíl muid an t-am sin go ndéanfaí rud éigin, gníomh éigin dearfa agus fónta chun deireadh a chur le caimiléireacht ghránna na ndrugaí.
bonn óir gold medal
" Bronnadh an gradam Bainisteoir na Bliana san NBA air i 1994 nuair a bhí sé leis na Atlanta Hawks, agus bhí sé i gceannas ar fhoireann na Stát Aontaithe nuair a d'éirigh leo bonn óir a bhaint i gCluichí Oilimpeacha na bliana 1996 in Atlanta.
éide agus fáinní óir gold vestments and rings
" " Agus "an fhearg fhíréin" mar spreagadh aige, scríobhann Breslin go bhfuil sé i bhfábhar sagart pósta agus baineann, deir gur chaith Críost cuaráin agus "ní éide agus fáinní óir", agus deir go bhfuil "miosúr maith Críostaíochta" ag teastáil ón Eaglais Chaitliceach.
Aimsíodh ór gold was found
" Aimsíodh ór i Victoria in 1851 agus faoin mbliain 1854 bhí breis is 25,000 mianadóir i mBallarat.
Ní bhíonn aige ach caisleáin óir. He's all 'castles in the air'.
" "Ní bhíonn aige ach caisleáin óir.
chiste óir gold chest
" Ní raibh uathu, a dúirt sé, ach a sciar féin den chiste óir.
agus páirceanna orthu mar a bheadh paistí glasa agus óir ann with a patchwork of green and gold fields on them
" Ansin chuaigh muid isteach faoin tír, ar bhóthar gleoite a chasann trasna droimníní, agus páirceanna orthu mar a bheadh paistí glasa agus óir ann.
ór gold
" Gan mórán amhrais, is í Páirc Náisiúnta Kruger príomháis na tíre ó thaobh na turasóireachta de.
snáithe óir gold thread
" Maidin Lá Nollag beidh muifléad faoi chrann Nollag Mhic Cárthaigh, ceann breá fada, agus na focail cháiliúla sin bróidnithe air le snáithe óir: *I am one of those who is vaguely interested in Irish*.
ceantracha óir goldfields
" Bhí sé le feiceáil sa naoú céad déag freisin sa gcaoi ar caitheadh le daoine as an tSín a bhí ag obair sna ceantracha óir.
bonn óir a gold medal
" Bhain Ronnie Delaney bonn óir i gcluichí Oilimpeacha Mhelbourne agus bhí Elvis ag barr na gcairteacha le “Heartbreak Hotel”.
go ngnóthóidís an bonn óir that they would win the gold medal
" Agus, mar bharr ar an donas, theip glan ar an fhoireann Cheanadach a roghnaigh Gretzky do Torino nuair a chreid pobal Cheanada go ngnóthóidís an bonn óir.
óir dhá chéad slat ón stáitse for two hundred yards from the stage
" Ní hamháin sin, ach tá rud níos pearsanta ag tarlú anseo dó, óir dhá chéad slat ón stáitse tá dealbh de chuid a athar – Bikki.
óir tá maithiúnas tugtha aici dom! because she has forgiven me!
" Agus tá an fonn thart agus tá meangadh ar aghaidh Mark agus tá a fhios agam nach gá dúinn éisteacht leis an méid atá déanta agam óir tá maithiúnas tugtha aici dom! Tharla an eachtra sin coicís ó shin.
gaibhne geala, óir, agus dubha, silversmiths, goldsmiths and blacksmiths,
" Tá gréasaithe, poitigéirí, siúinéirí, gaibhne geala, óir, agus dubha, agus eile, i mbun a gceirde sa bhaile seo díreach mar a bheadh siad sa bhliain 1775.
ocht mbonn óir eight gold medals
" Bhuaigh mé féin ocht mbonn óir sna comórtais seo go dtí gur éirigh mé as a bheith ag iomaíocht iontu.
bonn óir gold medal
" Is é an t-éacht nó mórghníomh spóirt is faide siar i mo chuimhne-se ná an t-am a bhuaigh Ronnie Delaney an bonn óir sa rás 1,500 méadar ag na Cluichí Oilimpeacha in Melbourne sa bhliain 1956.
ag cuardach óir. gold prospecting.
" D’oibrigh sé mar aoire agus mar shiopadóir, agus bíodh sé ag cuardach óir.
óir thuigeamar for we understood
" D’ólamar deoch air go cúthaileach – óir thuigeamar nach domhain a bhí a phócaí an oíche úd.
an t-ór, the gold,
" Seo é an t-ór, seo é an rud ceart.
bonn óir gold medal
" Bhuaigh Katie bonn óir ag Craobhchomórtas Eorpach Dhornálaíocht na mBan trí huaire as a chéile agus bhuaigh sí ceann ag an gCraobhchomhórtas Domhanda in 2006.
bonn óir agus ceann airgid a gold and silver medal
" Sa bhliain 1906, bhuaigh Peter O’Connor bonn óir agus ceann airgid in Aithin na Gréige sna comórtais léime, agus thapaigh sé an deis buille a bhualadh ar son neamhspleáchas na hÉireann.
óir, gold
" Tá go leor acmhainní luachmhara nádúrtha – ar nós diamant, óir, copair agus ábhair a úsáidtear le micrishliseanna a dhéanamh – le fáil i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, nó an tSáír mar a tugadh ar an tír.
Niamh an Eireabaill Óir. Niamh of the Golden Tail
" Tá athshealbhú déanta ag Biddy Jenkinson ar an stair seo ó thús ama, mar deirtear linn gur thóg carachtar darb ainm dó An Cat Mara ríocht Lios na gCat in ómós dá ghrá geal, Niamh an Eireabaill Óir.
bhoinn óir gold medals
" Ba chuma linne faoi bhoinn óir! Is iarmhúinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
bonn óir gold medals
" Má cuireadh fáilte ó chroí roimh an bhfoireann Éireannach, samhlaigh an fháilte a cuireadh roimh fhoireann na Síne, a thóg 51 bonn óir léi, agus roimh fhoireann na Stát Aontaithe, a bhain 36 bonn óir.
Bonn óir gold medal
" Bonn óir? Go deas, ach nuacht na seachtaine seo caite is ea é.
ceithre bhonn óir déag 14 gold medals
" Bhuaigh foireann na hAstráile 46 bonn ag na Cluichí i mbliana, ceithre bhonn óir déag san áireamh.
óir because
" Bhí hunch nó tuairim aige gur sna súíle a bhí an-chuid des na deiseanna seo, óir tá smacht ag beagnach gach éinne, nach mór, ar na hocht matán a threoraíonn gluaiseacht ár súl, ar neamhchead d’aon éalang a bheadh orthu.
óir is deacair as it's difficult
" Theip ar an frith-Sheimiteachas nua mar straitéis, dar le Gates, óir is deacair míchlú 'frith-Sheimiteach' a chur ar raibithe! Má cheapann éinne go bhfuil na Stáit Aontaithe tagtha slán ó dhrochthionchar na Síónach anois, tharla gur chloígh Obama Mc Cain i dtoghchán na huachtaránachta, ní thugann Jeff Gates mórán dóchais dó.
Ar Ór na Cruinne for the love of God
" Breithiúnas **** Ar Ór na Cruinne ná Caill.
óir because
" Ceantar álainn ach ní fhaca muid tada, óir bhíomar uilig inár gcodladh ar an mbus.
ór na cruinne the world's riches
" Tá sí dílis go smior agus ní tharraingeofaí focal géar aisti mar gheall ar na daoine is tábhachtaí léi ar ór na cruinne.
óir as, because
" Bhí an banna ar mire leis – óir bhí orthu dhá amhrán a chanadh seachas na trí chinn a bhí ag dul dóíbh.
óir because
" Thosaíos, mar sin, ag cuardach cóir leighis lasmuigh de ghnáth-theanga an dochtúra.
óir as (it's)
" Tá fógraí crochta leath bealaigh in airde a thugann foláireamh do shiúlóirí faoin chontúirt a bhaineann leis: “*Tonnes of unstable rock and scree now present a high level of objective dangers and local guides are strongly advising people to avoid the route*.
Óir gold
" Inseoidh tú do cheann scríbe do stiúrthÓir na mbus, agus aimseoidh seisean mionbhus duit a ghabhfas an bealach céanna leat.
ar ór nó ar airgid at any cost
" In ainm Dé, nó ar ór nó ar airgid, ná caill é.
Óir because
" Bhí muid ag brath ar bhlagadÓirí agus ar chláracha plé éagsúla, ach dá fheabhas an díospÓireacht agus na barúlacha spéisiúla a nochtaíodh orthu, ní raibh iontu i ndeireadh ama ach tuairimíocht seachas tuairisceoireacht, údarásach, neamhchlaonta.
bpota óir pot of gold
" Os a choinne sin, beidh ar Foinse a bpota óir a roinnt leis an Indo.
bonn óir gold medal
" Tá an-deiseanna agam féin ach deirim gur cheart go mbronnfaí an bonn óir ar an duine óg, mar ní thuigeann daoine a dheacra atá sé fás suas.
óir because
" Trí bhreathnú ghluaiseacht na n-adamh agus iniúchadh a dhéanamh ar an idirghabháil a dhéanfaidh na hadaimh lena chéile, síleann sé go mbeidh sé in ann ana-chuid a fhoghlaim faoi conas mar a thosaigh bunábhar an domhain agus conas mar a thosaigh gach rud!!! B'fhiú go mór dul chuig a shuíomh idirlín (le nasc thíos) le míniú níos cruinne a fheiscint, óir braithim an-amscaí agus mé ag déanamh iarracht cur síos ar rud chomh casta.
Óir because
" Óir ní raibh aon easpa scéalta ná díospÓireachta le breis is sé mhí anuas agus eagraíochtaí teanga is pobail ag baint na sál dá chéile ag iarraidh a bpáiste féin a chosaint ón tua.
óir because
" Mar cheiliúradh ar an ócáid tá eagarthóir iomráiteach údarásach álainn Beo Ar Éigean! chun ardú pá a thabhairt do Laoch na Litríochta.
óir because, as
" Is acusan atá an ceart, dar liom, óir níor tháinig as an mhír dheireanach den athchaighdeánú, imeacht cúig fhocal deiridh an tuisil tabharthaigh sna 1990aidí, cuirim i gcás, ach simpliú.
óir because
" Dhíol gach éinne ar bord loinge sinn, polaiteoirí, lucht bainc, lucht eacnamaíochta na n-ollscoileanna agus lucht na meán, óir lig siad thar dhream ar bith eile, don tubaiste theacht aniar aduaidh ar an phobal.
Óir is léir because it’s obvious
" Óir is léir gur theip go tubaisteach ar an sprioc a leag an tAire amach sa Dáil an lá úd.
ór gold
" “An té a déarfas leat go gcuirfidh an fhearthain isteach ar do shláinte ar aon bhealach, b’fhiú dó lámh a chur ina bhás féin” a d'fhógair sé go mórtasach is é ag cur geall ar chapaill lá rásaí.
óir because
" B’fhéidir go bhfóirfeadh sé dó a bheith saor ó laincis geilleagrach mar atá ag an Tánaiste reatha.
óir is mór an leas a dhéanfaidh sé as it shall be of great benefit
" Molaim go mór é óir is mór an leas a dhéanfaidh sé feasta i saol lucht foghlama na Gaeilge.
potaí óir funds
" Má tharraingíonn siad le chéile, na coistí áitiúla atá ag feidhmniú ansin, agus iarratas amháin a dhéanamh, tá potaí óir ag Fáilte Ireland chun tacú le féilte áitiúla nó chun nithe cultúrtha a fhorbairt.
óir is é as it is
" Is argóint iontach láidir ar son an tumoideachais i sprioctheanga gné seo na liogeolaíochta, óir is é nádúr an naíonáin teanga agus teangacha a fhoghlaim ar luas iontach tapa.
pota óir jackpot
" Mhol siad go bhfaigheadh na clubanna agus tithe tábhairne fearais lagdhianais ina mbeadh *dollar* amháin mar uasteorainn ar aon gheall iontu agus $500 mar an pota óir is airde a bheadh ar fáil iontu.
Óir is as it’s
" Go príomha, caithfear a fhiafraí an féidir aon ní a choinneáil faoi choim in aois seo an idirlín? Óir is fearann fiáin, aindleathach é an an cibearspás nach n-aithníonn aon teorainn fhísiúil, chluaise ná scríofa.
taisce náisiúnta óir national gold reserve
" ) Theith Black Jack Schramme agus a bhuíon, le taisce náisiúnta óir an Chongó, trasna na teorann go Ruanda 1967.
Teilgeann sé dath óir it casts a golden hue
" Teilgeann sé dath óir ar an gcnoc agus ar an sneachta.
Ghoirt an Óir the gold fields
" Saibhreas na Gaeilge ar Ghoirt an Óir ================== Is léir ón taighde atá déanta ag Noone agus Doyle, chomh maith le staraithe eile, go raibh Gaeilge ag cuid mhaith de na hinimircigh Éireannacha sa naoú haois déag: tá fianaise ann go raibh Gaeilge ag daoine a bhí gar don choirpeach aitheanta Ned Kelly.
óir because
" Duine de bhunaitheoirí Chraobh Melbourne de Chonradh na Gaeilge a bhí ann, agus díreach cosúil lena chomhghleacaithe in Éirinn, bhain sé leas as an nuachtán chun a smaointe a chraobhscaoileadh: d’oibrigh sé mar eagarthóir ar “Our Gaelic Column” sa nuachtán The Advocate, ó 1902-1912.
óir because
" Dhírigh mé féin ar an bhfocal ‘samhradh’ agus thug mé neamhaird ar an aidiacht ‘Éireannach’, rud a chiallaigh gur chaith mé an chéad lá i Christchurch ag dul timpeall na siopaí ar thóir cóta báistí agus péire bróg seachas na cuaráin a thóg mé liom! Chaith muid cúpla lá i gcathair Christchurch sular thug muid aghaidh ar an gcuid eile den Oileán Theas.
óir because
" Faoin am ar thosaigh sé a chuid staidéir i nDámh na nDán i bPrág bhí Jan Palach gafa le gnóthaí agóide na mac léinn, an dream ba mhó díograis i bhfeachtas na n-easaontóirí.
óir because
" Tá trí scór comhalta sa tSeanad reatha, comhdhéanta mar seo a leanas: - 43 Seanadóir tofa as cúig phainéal gairmiúil ((a) Cultúr agus Oideachas (b) Tionsclaíocht (c) Talamhaíocht (d) Saothar (e) Riarachán.
óir because
" Luaitear an tréith chéanna go minic le hoiread na bhfear óg Spáinneach nach bhfágann an baile choíche, fiú agus lámh agus focal idir cailín bocht éigin agus iad! Ar shlí eile, níor oir sé ar fad do roinnt cathróirí anseo in A Coruña gur ar an gceathrú Satharn den mhí a tharla ceiliúradh San Juan na bliana seo.
luach an óir the value of gold
" Faoi chóras Bretton Woods bhí luach gach airgeadra ceangailte le luach an dollair a bhí, é féin, ceangailte le luach an óir.
bonn óir na hEorpa a European gold medal
"bonn óir na hEorpa buaite ag Katie trí huaire as a chéile agus Craobh an Domhain in 2006.
dath an óir gold
" Is cinnte … go mbuafadh sí bonn, dath an óir is dóigh, ag na cluichí Oilimpeacha dá mbeadh dornálaíocht na mban ina spórt Oilimpeach.
óir because
" Glacadh le lucht dídine nach iad fosta agus go deimhin, ba chóir glacadh leo.
an fuadar óir gold rush
" Mheall an fuadar óir sna 1850í oibrithe Síneacha go leor chun na hAstráile ach tugadh íde na muc is na madraí dóibh le linn círéibeacha ciníocha sna láithreacha tochailte óir.
láithreacha tochailte óir gold digging sites
" Mheall an fuadar óir sna 1850í oibrithe Síneacha go leor chun na hAstráile ach tugadh íde na muc is na madraí dóibh le linn círéibeacha ciníocha sna láithreacha tochailte óir.
óir because
" Bíonn stró nach beag le hiarracht den chineál sin agus chuaigh an gnó idir mo dhuine seo agus codladh na hoíche nuair a mhol an dlíodóir dó litir a sheoladh amach ag míniú don phríomhoide úr nach raibh post roimpi a thuilleadh.
óir because
" Ní hamháin go bhfaigheann páistí scoile na Gaeltachta Big Mac agus mála sceallóg saor in aisce lena gcuid cócó ag am lóin ach déantar formhéadú, nó i bhfriotal na linne seo, supersizeáil, 10% ar a mhéid mar go labhrann siad Gaeilge! Agus í ag caint sa tSeanad faoi na réigiúin phleanáil teanga atá le bunú mar thoradh ar Acht na Gaeltachta dúirt an Seanadóir Fidelma Healy Eames: *“I would be delighted if all the deontais the Department gives Connemara currently were spread around the 19 Gaeltachtaí.
a sciobann a bhfuil d’ór is de thúis is de mhiorra againn who swipe all our gold, incense and myrrh
" An Triúr Saoithe— a sciobann a bhfuil d’ór is de thúis is de mhiorra againn sa tír seo abhaile go dtí Aingeal an Bháis sa Ghearmáin —nó an Triúracht mar is fearr aithne orthu.
ná fiú oiread is uinge den ór nor even an ounce of the gold
" ** Benedictus: Ach níor liom féin ruainne ar bith den éadach sin, ná fiú oiread is uinge den ór.
mósáic óir ón 6ú aois a gold mosaic from the sixth cent.
" Tá ríchathaoir an Phápa Gréagóir Mór (580) le feiceáil ann fosta chomh maith le mósáic óir ón 6ú aois a léiríonn Críost agus na naoimh Primus agus Felicianus ar a dhá thaobh.
bonn ór a gold medal
" ” Scairteadh Seodra fén bhFannléas ========== Crann, duilleoga, bonn ór, íomhánna sainiúla an scríbhneora Joysúil.
ina phota óir a bhfuil gach duine sa tóir air is a golden fleece that all seek
" Tá "dípholaitiú na teanga" ar bhéal an uile dhuine, thuaidh agus theas, ina phota óir a bhfuil gach duine sa tóir air.
Tá óir ar fáil sna cnoic úd there’s gold in dem dar hills
" Tá óir ar fáil sna cnoic úd gan aon amhras agus tá acmhainní aiceanta na hÉireann mar a bhíodh an Yukon tráth.
Níl ins an tuairim sin ach deargamaidí óir that’s just pure poppycock because
" Níl ins an tuairim sin ach deargamaidí óir is isteach san eangach náisiúnta a théann an leictreachas a ghintear agus ní chruthófar aon tairbhe faoi leith don phobal áitiúil dá bharr.
ar ar bronnadh an Leon Óir which was awarded the Golden Lion
" Seachas fáinne gealltanais Scarlett Johansson ba é ba mhó a tharraing aird le linn na féile ná an scannán ar ar bronnadh an Leon Óir, príomhdhuais na féile.
fáinní óir ar do mhéaranta a golden ring on
" > ‘Mo Pháistín Fionn ag rince i gcroí na duimhche, ribín id’ cheann is fáinní óir ar do mhéaranta duitse nach bhfuil fós ach cúig nó sé de bhlianta tíolacaim gach a bhfuil sa domhan mín mín.
bonn óir gold medal
" Agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí spóirt, rinne Rob Heffernan éacht nuair a bhain sé an bonn óir i gCraobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain.
Chaith sé isteach tiachóg óir he flung a small bag of gold in
" Chaith sé isteach tiachóg óir a thit isteach ina bróig.
scaoil sé dhá spaga óir he let two small bags of gold
" Os rud é go raibh fuinneoga na beirte ab’ óige dúnta scaoil sé dhá spaga óir síos an poll deataigh acu, ach thit ceann acu isteach i stoca a bhí crochta den chlabhar ag triomú ansin cois tine! Taisí Naomh na Tarrthála ============ Bhog sé go Myra níos déanaí ina shaol áit ar déanadh easpag de.
shinc, ar ór is ar ola zinc, gold and oil
" Is féidir le hÉirinn cúpla cianóg a dhéanamh as fearaistí spiadóireachta agus as codanna de ladrainn a chruthú is a dhíol le gnóthaí cogaíochta agus le hairm an iarthair, airm gurb é a bhfor is a bhfónamh tíortha neamhfhorbartha an domhain a shaoradh (nuair is mian leo teacht ar shinc, ar ór is ar ola go furasta).
óir because
" Tuigeann sé go bhfuil sé tábhachtach ag imreoir a scíth a ligean go rialta – dúirt gach bainisteoir a bhí aige riamh an méid sin - ach ní dúirt aon duine acu cén uair ba chóir é a dhéanamh.
a gcéad bhonn óir their first gold medal
" Nuair a bhain an Airgintín a gcéad bhonn óir ag cluichí Oilimpeacha 1936 i mBeirlín, bhí beirt Chaomhanach, Roberto agus Diego Cavanagh agus fear darbh ainm Luis Duggan ar an fhoireann seachtair.
gan ór na cruinne if one doesn’t have immense wealth
" Is iad na daoine na sclábhaithe agus níl sa chóras stáit ach córas báillíochta le pingneacha a bhailiú agus le smacht a choinneáil ar na daoine trí dhífhostaíocht, eagla agus trí bhríonglóidí nach bhfíorófaí go brách, gan ór na cruinne.
fuadar an óir the goldrush
" Ghlac Cox le páirt Éireannach eile sa tsraith sin, páirt Jack Langrishe, bainisteoir cáiliúil ar troupe d’aisteoirí a chuir fúthu ag Owáyasuta sna *Black Hills* i *South Dakota* le linn fuadar an óir tar éis Chogadh na gCarad.
boinn óir gold medals
" Tá Noel Burke ar dhuine de na déantóirí boghanna is fearr ar domhan agus tá boinn óir bainte aige i roinnt mhaith comórtas idirnáisiúnta.
óir as, because
" Caithfidh daoine athrú agus bogadh amach as an aois seo chuaigh thart a deir Robert McMillen, óir ní gné de shaol na linne seo é an marú seicteach, ná ní leithscéal ar bith é go raibh bratach ar foluain sa cheantar nó nach raibh.
ór dubh oil
" Tabharfar droim leis an ór dubh, agus bhéarfaimid aghaidh ar bhreosla nó ar ábhar fuinnimh eile roimh i bhfad.
óir because
" Is cosúil gur le Dilma Rousseff a bheas an lá óir is í bun agus barr an scéil ag gach éinne ann.
óir of gold
" Mura dtáinig sé ar aon phóta óir ann, tháinig sé ar shaibhreas go leor de chineál eile, ag blaiseadh na staire in éineacht le lá folláin faoin aer úr aige.
óir because
" Tá Laoise Ní Chléirígh i ndiaidh súil a chaitheamh ar mhíolta beaga na linne, an phuitigh agus an mhachaire chladaigh, óir tá an loscann ag dúiseacht, an t-earc luachra ag snámh trí dhufair an fhéir agus tá an cnádán ag righniú leis ar bhán an ghailf in athuair.
bonn óir a gold medal
" Tá Colm Mac Séalaigh ag meá cé a d’fhéadfadh bonn óir nó eile a chrochadh leo as na Cluichí Oilimpeacha an samhradh seo agus cé mar a chruthóidh foireann na hÉireann i Euro 2012 an mhí seo.
óir because
" Ba phríomhoide Ghaelscoil Míde é go dtí le deireanas ach tá obair eile roimhe anois óir beidh ranganna cruinnis agus léachtaí le tabhairt aige i mBaile Átha Cliath cuid den tseachtain.