Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
óráid speech
" Ghlac sí páirt sna himeachtaí uilig agus ba í an t-aon aoi a thug óráid i nGaeilge ar an phríomhstáitse ag tús na féile.
óráidí speeches
" Arís agus arís eile, is iad seanadóirí na nOllscoilleanna a thugann na hóráidí is eolaí agus is deisbhéalaí, ní hamháin sa Seanad ach i dtithe an Oireachtais trí chéile.
óráid speech
" Chuir an *Nobel Laureate*, Seamus Heaney, tús leis na himeachtaí le hóráid a bhí lán de mhachnamh agus de ghreann géarchúiseach.
óráid speech
" Tá a fhios ag an saol mór nach fíorócáid Éireannach é mura mbíonn cúpla sagart paróiste nó cúpla Canónach, nó ar a laghad Monsignor ann le hóráid a thabhairt.
óráid speech
" Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair, thug Jim Post, uachtarán agus duine de bhunaitheoirí VOTF, óráid do bhaill an ghrúpa i Nua-Eabhrac sa St.
ag tabhairt óráide making a speech
" Ná tar ar ais chugam le scéal eile faoi Mhicheál Ó Muircheartaigh ag snortáil cóic amach as Corn Sam Mhic Uidhir, nó faoi Joe Mac Donncha ag tabhairt óráide a mhair níos lú ná sé uair an chloig.
óráid speech
" Thug ceannaire an Transport and General Workers Union, Jack Jones, an óráid agus bhain sé úsáid as cuid focal Wolfe Tone: "If the men of property will not, then we must depend upon that numerous and respectable class, the men of no property.
a céad óráid her first speech
" Nuair a thug sí a céad óráid sa bparlaimint bhí a pictiúr agus a cuid focal ar fud na meán.
ag cleachtadh a óráide os ard practising his speech out loud
" Bhí mé ciaptha ag Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, a bhí ag dul thart ar chairrín gailf, stoc fógartha i láimh amháin aige agus bata draighin sa láimh eile, é ag croitheadh an bhata os a chionn agus ag cleachtadh a óráide os ard.
Óráid na Banríona the Queen's Speech
" Ní raibh rud ar bith mar gheall uirthi in Óráid na Banríona (an óráid ina leagann an rialtas amach an clár parlaiminte don bhliain atá le theacht) i mí na Samhna agus de réir Tim Carter, urlabhraí ó Pháirtí an Lucht Oibre, ní bheidh an rialtas ag athrú an dlí.
óráid i mBreatnais a speech in Welsh
" Thug Gwyn Sion Ifon óráid i mBreatnais ag an ócáid i bhFrongoch in 2002 agus tá sé ag obair i siopa leabhar Awen Merion Cyf ar phríomhshráid Bala.
óráid speech
" Chomh corraithe sin a bhí sé ina dhiaidh, nuair nach bhfuair sé seans óráid cheart a thabhairt le linn an agallaimh, gur mhaígh sé nach mbeadh sé sásta agallamh ar bith eile a dhéanamh le duine ar bith ó phreas na hÉireann, seachas an t-iriseoir sin ar chuala sé iomrá chomh mór sin air: Balor an Chinn Ghlinn agus an Phinn Chruinn.
an óráid ab fhaide the longest speech
" Ach cá háit a dtéann amhraí eile na hÉireann lena scíth a ligean agus le teacht chucu féin arís i ndiaidh bliain mhór oibre a chur isteach? Tá Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, ag dul ar ais go dtí Féile na nGael i Milwaukee Cois Locha, ach tá ár sáith ráite faoi Joe Mac Dunno agus é féin agus a gcuid eachtraí ann anuraidh - an bheirt acu in iomaíocht lena chéile ag iarraidh an óráid ab fhaide a thabhairt agus an líon ba mhó daoine a chur ina gcodladh.
óráid speech
" (Thit sé i laige de dheasca an teasa agus ní raibh sé ábalta an óráid a thabhairt.
san óráid chéanna in the same speech
" Dúirt an file WB Yeats faoi, agus é ag tagairt do na healaíona in Éirinn, go raibh an ghloine dhaite ab fhearr ar domhan déanta ag Harry Clarke (chuir sé in iúl san óráid chéanna gurbh é a athair, dar leis, a rinne an ghloine ba mheasa!) Bhí tionchar láidir ag an Mhisteachas Ceilteach, an Siombalachas, an Rómánsachas Náisiúnta agus an *Art Noveau *ar shaothar Clarke.
le linn m’óráide during my speech
" Mar a dúirt mé le linn m’óráide ag an ócáid ar an 14 Bealtaine, tháinig cuid mhór daoine chuig ranganna Gaeilge thar na blianta, daoine a raibh baint acu leis an rince Gaelach nó le Cumann Lúthchleas Gael ach fuair siad amach go raibh sé i bhfad níb fhusa coiscéim damhsa a fhoghlaim, nó cúl a scóráil sa pheil, ná greim a fháil ar ghramadach na Gaeilge! Luigh Seán isteach ar fhoghlaim na Gaeilge le díograis agus, dá bharr sin, tá an ghramadach agus an comhrá ar a thoil aige.
óráid speech
" Ar an 6 Aibreán i mbliana thug Gerry Adams óráid inar labhair sé go poiblí leis an IRA.
óráid speech
" Sílim gur thug mé 37 óráid phoiblí sa chéad deich mí amháin, agus ochtó agallamh do na meáin.
óráid speech
" (Ceist: An raibh óráid Sheáin Óig i mbliana chomh maith nó níos fearr ná óráid Joe Uí Chonghaile i 1980?) Má bhí dearmad déanta againn air, ní raibh sé i bhfad ár mbualadh arís le himeacht an chluiche iomráitigh úd idir Gaillimh agus Cill Chainnigh i mí Lúnasa seo thart, cén fáth gurb í an iomáint an cluiche is fearr ar domhan.
óráid phoiblí public speech
" Baineadh stangadh as pobal Mheiriceá i gcoitinne le déanaí nuair a thug an tUachtarán George Bush le fios, in óráid phoiblí, go ndeachaigh sé taobh amuigh den chóras dlí chun cúléisteacht agus spiaireacht a dhéanamh ar amhrasaigh, agus go raibh an chúléisteacht seo ar siúl ó 2001 i leith.
cúig óráid five speeches
" Agus mar sin, ó Shamhain 2005 amach, thug an tUachtarán Bush cúig óráid don náisiún, faoi shlándáil, shaoirse, agus an Iaráic den chuid is mó.
scríbhneoir óráidí speech writer
" Gheobhaidh mé jab ceart litríochta duit: beidh tú mar scríbhneoir óráidí domsa, agus mé mar Thaoiseach.
óráid speech
" Nuair a fógraíodh, tar éis na hóráide seo, go raibh an tUasal Bush chun cuairt a thabhairt ar shaotharlann taighde i gColorado, “d’aimsigh” an Roinn Fuinnimh go leor airgid go tapa chun 32 taighdeoir a athfhostú ann, daoine a briseadh as a bpostanna cúpla seachtain roimhe sin de cheal airgid sa bhuiséad.
óráid nimhneach venomous speech
" Agus cliarlathas na hEaglaise Ceartchreidmhí mar acalaithe spioradálta lena thaobh, thug Milosevic óráid nimhneach uaidh a thiomáin breis is milliún Seirbiach le báiní ar láthair an tseanchatha.
óráid speech
" In óráid a thug sé i Washington le gairid, bhí a mhacasamhail de phort á sheinm ag Peter Robinson.
óráid speech
" Caithfimid bheith dóchasach go mbeidh dearmad glan déanta faoin mbliain 2025 nó 2035 ar óráid sin Tony Blair faoi chúrsaí núicléacha, ach go mbeidh sliocht Wavebob (agus b’fhéidir sliocht Pelamis agus Archimedes freisin) ag soláthar ár gcuid leictreachais dúinn – go glan agus go hinbhuanaithe.
óráid ghairid short speech
" Chuaigh sé ansin i mí na Samhna na bliana céanna chun cill na saighdiúirí a thiomnú, agus thug óráid ghairid os comhair 15,000 duine.
macallaí na hóráide sin echoes of that speech
" Cloistear macallaí na hóráide sin ar fud Mheiriceá go fóill lena “Four score and seven years ago” agus a “government of the people, by the people, for the people”.
ag éisteacht le hóráidí faoi chruachás na bPalaistíneach. listening to speeches about the plight of the Palestinians.
" Bhí scata mór daoine ann, ag éisteacht le hóráidí faoi chruachás na bPalaistíneach.
óráid speech
" Dúirt sé in óráid cúpla lá roimh an Nollaig go raibh bua i ndán don tír san Iaráic, agus é den tuairim freisin nach raibh an t-arm mór go leor mar a bhí sé.
óráid dhomhain John John's deep speech
" Níor chuala siad óráid dhomhain John ach chonaic macasamhail Ger sa saol nádúrtha.
óráid spreagúil stirring speech
" Níor cháin siad an “”Dodgy Dossier” a thug sé dóibh agus d’éist siad lena óráid spreagúil sa Pharlaimint.
óráid iontach a great speech
" Thug sé óráid iontach ag an chomhaireamh, agus Tony agus Cherie Blair in aice leis ar an ardán, agus bhí cuma an-mhíshuaimhneach ar an bheirt acu.
óráid speech
" Níor cháin siad an “”Dodgy Dossier” a thug sé dóibh agus d’éist siad lena óráid spreagúil sa Pharlaimint.
Ina céad óráid in her first speech
" Ina céad óráid i dTeach na nIonadaithe mhaígh Hanson go raibh an Astráil “*in danger of being swamped by Asians*”.
ag tabhairt a óráide tromchúisí giving his serious, important speech
" Más fíor sin, tá an chuma ar an scéal gur éirigh leis an chleasaíocht sin a dhéanamh arís agus é ag tabhairt a óráide tromchúisí ar an 2 Aibreán.
i rith a óráide. during his speech
" Ó thaobh na ngunnaí seo de, tharla an eachtra ab fheiceálaí anuraidh nuair a d'úsáid póilíní Florida State University Taser ar mhac léinn darbh ainm Andrew Meyer nuair a chuir sé ceist ar John Kerry i rith a óráide.
óráid speech
" Is poblachtach é Kevin Rudd agus san óráid a thug sé ag deireadh na comhdhála dúirt sé gur chéim mhór chun tosaigh a bhí sa mholadh a rinneadh i leith bhunú na poblachta.
óráidí spreagúla inspiring speeches
" Níl ach dhá mhí fágtha idir seo agus an 4 Samhain, an lá a bheidh an toghchán úd ar siúl – seo chugainn an bús! Agus súile na mílte ball dá bpáirtithe dírithe orthu, tabharfaidh ceannairí agus iarrthóirí óráidí spreagúla a bhrúfaidh na toghthóirí i dtreo amháin nó i dtreo eile.
óráid i ndiaidh óráide speech after speech
" Mar sin, ní bheidh i gceist ag na coinbhinsiúin anois ach óráid i ndiaidh óráide faoi staid na tíre agus faoi chomh huafásach agus atá an t-uachtarán atá i gcumhacht faoi láthair.
hóráidí bladhmannacha boastful speeches
" Ba dheacair dom an teilifís a choinneáil ar siúl agus na hóráidí bladhmannacha céanna á dtabhairt ceann i ndiaidh a chéile.
óráid cháiliúil famous speech
" Cothrom 45 bliain an dáta a thug an tUrramach Martin Luther King a óráid cháiliúil "*I have a Dream"* ab ea é, agus ar ndóigh, cé bhí gualainn ar ghualainn le Obama ach Martin Luther King III, mac an fhir chlúitigh.
a hóráid ghlactha her inaugoral speech
" “Rinne mé trí fhíseáin di, scríobh mé a hóráid ghlactha, scríobh mé an doiciméad 14-leathanach a mhínigh conas déileáil le colscaradh is ginmhilleadh, rud atá fós in úsáid ag FF mar dhoiciméad toghcháin.
dtarraig an óráid an oireadsan cainte the speech drew so much comment
" Ina dhiaidh san, b’ait liom go dtarraig an óráid an oireadsan cainte.