Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na húdaráis the authorities
" " Ní raibh mé róthógtha leis an ábhar seo, ach bíonn sé riachtanach go ndéanfadh daoine an t-eolas seo a roinnt, go háirithe nuair nach mbíonn mórán muiníne agat as na húdaráis.
údaráis authorities
" Téann sé ar ais chun na tíre gach bliain, in ainneoin go mbraitheann sé doicheall áirithe ó na húdaráis.
údaráis áitiúla local authorities
" Bhunaigh sé scoileanna, údaráis áitiúla, amharclanna, stáisiúin raidió agus nuachtáin a raibh an Ghaeilge mar theanga oibre iontu.
údaráis authorities
" Is dócha go mbeidh deacrachtaí móra ag údaráis Nua-Eabhrac cinneadh a dhéanamh faoin iarratas is fearr ó na mílte atá faighte acu le smaointe faoin leacht cuimhneacháin is oiriúnaí do na mairbh.
hÚdarás Craolacháin na Ríochta Aontaithe The UK Broadcasting Authority
" Ar an bhonn sin beidh cruinniú ann taobh istigh de shé seachtaine ag lucht Raidió Fáilte le hÚdarás Craolacháin na Ríochta Aontaithe agus tá muid thar a bheith dóchasach go mbeidh ceadúnas againn go luath ina dhiaidh sin.
údarás nua craolacháin a new broadcasting authority
" In Éirinn, tá an chosúlacht ar an scéal go mbunóidh an Rialtas údarás nua craolacháin, má éisteann siad le moltaí an Fhóraim um Chraoltóireacht a foilsíodh mí Lúnasa seo caite.
úsáid gan údarás unauthorized use
" Deirtear gur chóir dioscaí crua a fhormáidiú arís chun an t-eolas a ghlanadh uathu agus moltar scian a úsáid chun dlúthdhioscaí a scríobadh agus "úsáid gan údarás" a sheachaint.
údarás authority
" Dúirt an Príomh-Aire John Howard nach bhfuil aon chinneadh déanta fós ag an rialtas faoi ionsaí ar an Iaráic agus ní fhreagraíonn sé aon cheist faoi chogadh mura bhfuil údarás na Náisiún Aontaithe leis.
an Údarás um Ard-Oideachas The Higher Education Authority
" Cuireadh iarratas chuig an Údarás um Ard-Oideachas anuraidh agus arú anuraidh agus fuarthas maoiniú chun na tionscadail go léir a chur ar an bhfód.
údarás na Náisiún Aontaithe authority of the United Nations
" B'fhéidir gurbh é an rud ba mhó a chuir iontas ar dhaoine ná go raibh formhór na sluaite a bhí ag máirseáil i gcoinne na cogaíochta, cuma an raibh údarás na Náisiún Aontaithe ag baint leis nó nach raibh.
údaráis authorities
" D'imrínn ana-dhian agus fuaireas drochchic sa cheann agus ní ligfeadh na húdaráis dom aon am saor a thógaint.
údaráis authorities
" " Ba léir ón agallamh a rinne an Garda Máirtín Mac Con Iomaire ar "Barrscéalta" gur ghoill sé go mór air an dóigh ar bhog údaráis na hEaglaise Caitlicí na sagairt ó pharóiste go paróiste de réir mar a tháinig gearáin chun cinn fúthu.
a thug dúshlán na n-údarás who challenged the authorities
" Daoine a thug dúshlán na n-údarás, a d'éiligh seirbhís do lucht na Gaeilge agus na Gaeltachta; daoine a bhí sásta dul chun príosúin ar son a gcearta.
na húdaráis oideachais áitiúla the local education authorities
" Bhí an scéal ina ábhar nuachta san Albáin, áit ar ghlac 287 páiste scoile as ceithre scoil i dTirana páirt i sraith imeachtaí a d'eagraigh Ionad Chearta Daonna na bPáistí agus na húdaráis oideachais áitiúla.
a n-údarás their authority
" Céard é a n-údarás agus a bhfreagracht - céard é tionchar lucht bainistíochta ar easpa smachta na n-imreoirí? Mo thuairim féin ná gur gá freagracht áirithe a chur ar bhainisteoirí as iompar a gcuid imreoirí agus as a n-iompar féin (is minic iad ó smacht leis) ar an bpáirc agus lasmuigh di.
na húdaráis áitiúla the local authorities
" Nuair a bhíonn an nasc idir na húdaráis áitiúla agus an pharlaimint briste, a deir sé, bíonn sé níos deacra ag daoine seifteanna cliste an Rialtais i leith na n-údarás áitiúil a thuiscint.
na húdaráis spóirt the sports authorities
" I gcás THG is cosúil nach raibh eolas ag na húdaráis spóirt go dtí le déanaí go raibh a leithéid in úsáid go forleathan.
na húdaráis the authorities
" Tá beirt eile ag fanacht lena dtriail, agus comhaid eile fós faoi scrúdú ag na húdaráis.
seasamh diúltach in éadan údaráis a negative stand against authority
" An bhfuil muid ag maireachtáil in aois na frithealaíne? Agus cad a spreagann daoine chun saothar a scriosadh? Dar leis an síceolaí David Freeberg gur cuartú airde, iompar atá imithe ó smacht agus seasamh diúltach in éadan údaráis atá taobh thiar de na gníomhartha seo.
na húdaráis áitiúla the local authorities
"na húdaráis áitiúla ag dul i gcomhairle lena n-oibrithe faoi chosc ar thobac ina gcuid foirgneamh - hallaí baile agus mar sin de.
na húdaráis chuí the relevant authorities
" Cuirtear na sonraí a bhaineann leis an ábhar tromchúiseach seo i bhfolach go minic, agus is léir nach bhfuil na húdaráis chuí ná na ranna Stáit ag déanamh mórán infheistíochta chun réiteach a fháil ar an fhadhb shóisialta seo.
na húdaráis the authorities
" Laoch a bhí ann dúinne, mar go raibh na meáin chumarsáide agus na húdaráis an-dian ar dhuine ar bith a bhí in aghaidh pholasaithe Rialtas Shasana sa tír sin.
Údarás um Bhóithre Náisiúnta National Roads Authority
" I mí Lúnasa na bliana 2003 thug an Bord Pleanála cead don Údarás um Bhóithre Náisiúnta mótarbhealach 50 ciliméadar a thógáil ó Bhaile Bhlainséar go Ceanannas.
údaráis authorities
" Dhiúltaigh rialtas Londain cuidiú a bith a thabhairt dóibh, ach rinne na húdaráis áitiúla iarracht bia a sholáthar dóibh agus bhailigh muintir na háite airgead dóibh fosta.
na húdaráis áitiúla the local authorities
" Dhiúltaigh rialtas Londain cuidiú a bith a thabhairt dóibh, ach rinne na húdaráis áitiúla iarracht bia a sholáthar dóibh agus bhailigh muintir na háite airgead dóibh fosta.
an tÚdarás um Bhóithre Náisiúnta the National Roads Authority
"an tÚdarás um Bhóithre Náisiúnta fós ag tabhairt na bhfreagraí céanna.
an Údarás um Ardoideachas the Higher Education Authority
" "Níl aon tsocrú ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, ag an Údarás um Ardoideachas agus, i ndeireadh na preibe, níl aon tsocrú ag an rialtas go gcaithfí leis an nGaeilge ar aon phioc difriúil le haon ábhar eile.
na húdaráis áitiúla the local authorities
" Tá fadhb mhór le guma coganta i mbailte agus i gcathracha na tíre chomh maith agus bíonn ar na húdaráis áitiúla na milliúin euro a chaitheamh gach bliain á ghlanadh seo ó na sráideanna.
na húdaráis the authorities
" Ní raibh a chara Neil sásta labhairt leis na póilíní ná leis na húdaráis ar chor ar bith tar éis an tsléachta mar nach raibh muinín ar bith aige iontu, agus tuigim an dearcadh sin.
údaráis chearta daonna human rights authorities
" Tá an scéal curtha i gcomparáid ag údaráis chearta daonna leis an sclábhaíocht a bhí ar siúl faoi réimeas na Naitsíoch do chomhlachtaí áithrid sa nGearmáin, ina measc BMW, Volkswagen agus Daimler-Benz.
údarás authority
" Gordon, staraí a áirítear mar údarás ar na Círéibeacha Oráisteacha, thosaigh lucht na paráide ag caitheamh achasán le hoibrithe tógála Caitliceacha.
údaráis na heagraíochta the authorities of the organization
" In eagraíochtaí eile, mhothódh údaráis na heagraíochta go raibh dualgas orthu freagra sásúil d'fháil ar cheisteanna gan freagairt.
na húdaráis áitiúla the local authorities
" Táimid ag comhoibriú leis na húdaráis áitiúla i gcur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail.
Údarás Bia agus Drugaí Food and Drug Administration
" I mí na Nollag 2003, vótáil Coiste Comhairleach na Sláinte Atáirgthe san Údarás Bia agus Drugaí (an FDA) 23 in aghaidh a ceathair i bhfábhar an piollaire seo a chur ar fáil do mhná gan oideas, mar a tharlaíonn i dtrí thír is tríocha eile, An Bhreatain san áireamh.
an tÚdarás Náisiúnta Cartlann agus Taifead The National Archives and Records Administration
" " Tá na seoda seo, agus tuilleadh, curtha faoi bhráid an phobail ag an scoláire uachtaránachta James Warren, atá ag scríobh amach an ábhair atá ar na téipeanna seo de chuid Nixon, a bhí rúnda tráth, ó thosaigh an tÚdarás Náisiúnta Cartlann agus Taifead á gcur ar fáil don phobal ó bhí 1996 ann.
na húdaráis the authorities
" Ach is iomaí constaic agus dris chosáin atá curtha rompu ag na húdaráis.
thuairim na n-údarás the opinion of the authorities
" Ag an gcomóradh níos túisce i mbliana rinneadh athléiriú ar an gcath (bhí an toradh céanna air) agus rinneadh tagairt do thuairim na n-údarás in 1804 gur baineadh úsáid as an Aifreann agus as an nGaeilge le comhcheilg a spreagadh.
na húdaráis the authorities
" Ina theannta sin, tá Comhairle Chathair Chorcaí ag obair i gcomhar leis na húdaráis i Shanghai chun nascadh cultúrtha a shocrú.
an Údaráis um Bhóithre Náisiúnta the National Roads Authority
" Léiríonn staitisticí an Údaráis um Bhóithre Náisiúnta go bhfuil seans 7.
Údarás Iomaíochta Competition Authority
" " I 1996, ceapadh Goggin mar Stiúrthóir ar Rannóg na Margaí Rialaithe san Údarás Iomaíochta.
údaráis áitiúla local authorities
" Ach dá ndéanfaí suirbhé i measc ógánaigh na tíre seo, meas tú cé mhéid díobh a bheadh in ann a rá gur chuala siad faoi Shráid Bombay, nó cé mhéid díobh a bheadh in ann an focal *gerrymander *a mhíniú? Cé mhéid díobh a thuigfeadh go mbíodh córas vótála cam agus frithdhaonlathach in úsáid sna toghcháin áitiúla ó thuaidh anuas go dtí na 1970í, agus go bhféadfadh glac vótaí bheith ag duine amháin agus gan vóta ar bith ag a chomharsa? Cé mhéid díobh a thuigfeadh gur baineadh úsáid as an gcóras cam sin chun greim aontachtach a choinneáil ar údaráis áitiúla i gceantair ina mbíodh móraimh náisiúnacha, agus gur baineadh leas as roinnt éagothrom na cumhachta chun dáileadh na dtithe agus na bpostanna a chlaonadh i dtreo na n-aontachtach? Nílim ar aon bhealach ag iarraidh comparáid a dhéanamh idir an Tuaisceart agus scrios na Naitsithe.
údaráis authorities
" Cén tuairim atá aici faoin mbrú seo? "Ní dóigh liom go bhfuil an brú, i ndáiríre, ag teacht ó údaráis na n-ollscoileanna iad féin," a deir sí.
i measc na n-údarás among the authorities
" Measann sé go bhfuil easpa iomlán tola i measc na n-údarás sa tír.
ó na húdaráis fheidearálacha from federal authorities
" Féachann English ina leabhar nua ar an choireacht eagraithe Éireannach i dtréimhsí éagsúla de stair na Stát Aontaithe, ó aimsir an Ghorta Mhóir anuas go dtí éalú dána Whitey Bulger ó na húdaráis fheidearálacha.
na húdaráis the authorities
" Den chúigear a tógadh ag an aerfort, deir na húdaráis san Indinéis go raibh hearóin ar cheathrar acu i bpacáistí timpeall a gcorp agus tá na pacáistí le feiceáil go soiléir ar scannán.
na húdaráis áitiúla the local authorities
" Ba é an cúram a bhí ar fhoirne na dtúr ná scéala a chur chuig na húdaráis áitiúla dá bhfeicfí cabhlach coimhthíoch ag teacht.
Údarás um Ard-Oideachas Higher Education Authority
" Cad iad na foinsí maoinithe atá ag an Acadamh? An leor iad? Tá tacaíocht á fháil againn ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ón Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, ó Údarás na Gaeltachta, ón Údarás um Ard-Oideachas agus ó fhoinsí príobháideacha.
údaráis authorities
" Tá an bealach céanna á thógáil anois ag daoine a bhfuil buillí mailíseacha tugtha dóibh ar pháirceanna imeartha na tíre agus gan sásamh ceart á fháil acu, dar leo féin, ó údaráis CLG.
gur adhmhaigh na húdaráis sláinte that the health authorities admitted
" Cuimhnigh fosta gur adhmhaigh na húdaráis sláinte gur féidir aon trian de na cásanna MRSA a tholgaítear sna hotharlanna a sheachaint.
d’údaráis na hIndinéise to the Indonesian authorities
" Tá cuid den phobal san Astráil míshásta gur thug póilíní na tíre eolas d’údaráis na hIndinéise a chuidigh leo naonúr Astrálach a ghabháil i mBali níos luaithe i mbliana agus drugaí ina seilbh ach tá daoine eile den tuairim go bhfuil cibé pionós a ghearrfar orthu tuillte go maith acu.
na húdaráis the authorities
" Fuair na húdaráis gearáin go rialta ó shiúlóirí faoin droch-chuma a bhí ar bha Leigh, ach nuair a thug na cigirí cuairt air, bhagair sé orthusan fosta.
Údarás um Bhóithre Náisiúnta the National Roads Authority
" In 2003, thug an Bord Pleanála cead don Údarás um Bhóithre Náisiúnta an mótarbhealach 50 ciliméadar seo a thógáil ó Bhaile Bhlainséar go Ceanannas; bhí raic ann nuair a fógraíodh go mbeadh an bóthar seo ag dul tríd an ghleann idir Cnoc na Teamhrach ar thaobh amháin agus Scrín ar an taobh eile agus, ina dhiaidh sin, go rachadh sé go Tailtiu agus as sin go mainistir ársa Cheanannais.
Údarás Réigiúnda Straitéise Regional Strategic Authority
" Tá sé molta go mbeadh aon Údarás Réigiúnda Straitéise amháin ann agus tá imní ar an cheardchumann go rachaidh an tÚdarás seo i muinín leithéidí PFI (*Private Finance Initiatives*).
go rachaidh an tÚdarás seo i muinín that this Authority will resort to
" Tá sé molta go mbeadh aon Údarás Réigiúnda Straitéise amháin ann agus tá imní ar an cheardchumann go rachaidh an tÚdarás seo i muinín leithéidí PFI (*Private Finance Initiatives*).
Údarás na bPóilíní the Police Authority
" "Faigheann muid deontas ó Údarás na bPóilíní mar gur cuid den dualgas atá orthu stad a chur le ciapadh ciníoch," a dúirt Margaret liom.
údarás títhíochta housing authority
" "Eagraíonn muid cruinniú leis na dreamanna uilig a bhfuil baint acu leis an fhadhb: na póilíní, an t-údarás títhíochta, an cumann pobail - agus déanann muid iarracht dul chun cinn a dhéanamh," a dúirt Margaret.
údaráis áitiúla local authorities
" Molann an Páipéar Bán go gcuirfí scoileanna neamhspleácha, nó “Trust Schools”, in áit scoileanna atá curtha ar fáil ag údaráis áitiúla agus atá freagrach, mar sin, do pholaiteoirí áitiúla.
údarás dleathach legal authority
" Ciontaithe i gCúirt Idirnáisiúnta Dlí a bhí tionscanta in údarás dleathach agus ag teacht síos le hurraim agus stádas doshéanta.
údaráis na hIaráine the Iranian authorities
" D’athraigh údaráis na hIaráine ainm na sráide ina raibh ambasáid na Breataine ó Winston Churchill Street go Bobby Sands Street, cinneadh atá na Briotanaigh ag iarraidh a athrú le tamall anuas.
na húdaráis the authorities
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge?***Tá sé mar fhís agam go mbeidh dea-chaighdeán Gaeilge agus dea-thoil i leith na teanga ag gach páiste a théann tríd an gcóras oideachais; go mbeidh an Ghaeilge in úsáid ar bhonn rialta ag na húdaráis; go mbeidh an Ghaeilge mar ghnáththeanga oibre i ngnólachtaí agus go mbeidh méadú mór ar líon agus ar ról na meán Gaeilge.
i gceannáras an Údaráis in the Údarás' headquarters
" Bhuail mé le Pádraig Ó hAoláin ina oifig féin i gceannáras an Údaráis sna Forbacha i nGaillimh.
go ndearna an tÚdarás faillí sa teanga that Údarás neglected the language
" Agus an t-aistear fada sin déanta aige, d’fhiafraigh mé de an gceapann sé, ag breathnú siar, go ndearna an tÚdarás faillí sa teanga, go bhfuil an iomarca béime ar chruthú postanna le blianta fada.
chuir sé olc ar údaráis Chumann Lúthchleas Gael he angered the authorities of the GAA
" Bhí sé daingean ina sheasamh i leith na Staide Náisiúnta agus chuir sé olc ar údaráis Chumann Lúthchleas Gael (CLG) tríd an pháirc nua peile a theorannú do chuspóirí sacair amháin.
na húdaráis, the authorities,
" “Caithfidh mé a rá go raibh na húdaráis, na sagairt a bhí ag breathnú inár ndiaidh, ní fhéadfaidís a bheith níos tuisceanaí agus níos deise ná mar a bhí siad linn (na daoine a d’fhág).
údarás craolacháin broadcasting authority
" “Ar chúiseanna an-simplí ag an am, ní raibh aon údarás craolacháin sa tír ach Údarás RTÉ (agus údarás neamhspleách an IRTC, mar a bhí ag an am) a raibh de chúram reachtúil air cainéal amháin teilifíse a reáchtáil.
na húdaráis the authorities
" Cosc ar chuairteanna oscailte Bhí aighneas idir na príosúnaigh agus na húdaráis nuair a cuireadh cosc ar chuairteanna oscailte.
ar mheon na n-údarás on the mentality of the authorities
" ” Tháinig athrú ar mheon na n-údarás de réir a chéile, áfach.
údaráis áitiúla local authorities
" AÓF: An bhfuil sibh den tuairim go n-oibreodh an modh seo foghlamtha i gcás na n-ealaíon eile? Go mbunófaí comhpháirtíochtaí idir speisialtóirí, údaráis áitiúla agus na daltaí a dteastaíonn uathu an cheird an fhoghlaim? RM: B'fhéidir é.
na húdaráis the authorities
" Go deimhin, níor thángthas ar láthair an dúin féin go dtí 1994! Anois, agus obair sheandálaíochta fós ag leanúint ar aghaidh, tá músaem tógtha ag na húdaráis ag taispeáint cuid den mhilliún (nó mar sin) iarsmaí a fuarthas i dtalamh ansin ó thosaigh an obair chaomhnaithe.
na húdaráis the authorities
" Tá *Guernica* le feiceáil anois sa Museo Reina Sofia i Maidrid ach tá brú ar na húdaráis ansin scaradh leis an phictiúr de bharr feachtais, íorónta go leor, chun é a thabhairt ó thuaidh go Tír na mBascach.
i gcoinne na n-údarás against the authorities
" I dtús báire bhí bratach na dtaoiseach aontaithe ann agus meirge coilíneach (mar chomharthaí cosantacha do longa i gcoinne na n-údarás a sciob aon rud nach raibh marc ríoga air).
na húdaráis the authorities
" Mhaígh Barrett le linn a thrialach go raibh a fhios ag na húdaráis cad é bhí ar bun aige mar gur cuireadh na ceamaraí slándála as le linn dó bheith sa bheairic.
na húdaráis áitiúla the local authorities
" Tá an cineál seo córais i bhfeidhm in áiteanna ar nós na hEilvéise agus Mheiriceá, dhá áit ina socraíonn na húdaráis áitiúla íocaíochtaí leasa shóisialaigh, an pá íosta agus tuarastal oibrithe san earnáil phoiblí.
údaráis authorities
" Tá na fadhbanna céanna acu maidir le leatrom is atá ag daoine gorma, ach ní mheasann na húdaráis go bhfuil Éireannaigh i dteideal na seirbhísí agus na cosanta a chuirtear ar fáil do mhionlaigh eile.
údaráis cainte authority of speech
" Ach tá sé deacair an chaint seo a shéanadh agus Irial sa seomra leat mar is léir go bhfíoraíonn sé na teoiricí ó thaobh na slí a gcuireann sé é féin i láthair, agus ó thaobh a fhéinmhuiníne agus a údaráis cainte de.
údaráis authorities
" Tá na húdaráis chruicéid ag iarraidh atmaisféar teaghlaigh a chothú sna staideanna, agus bíonn páistí le feiceáil ag na cluichí – iad in éineacht lena dtuismitheoirí nó lena seantuismitheoirí.
na húdaráis the authorities
" Ar ndóigh bhí na húdaráis ag rá nach raibh bac ar bith ar an phobal ‘Dingle’ a úsáid dá mba mhian leo ach nach mbeadh ach an leagan Gaeilge á úsáid ar chomharthaí bóthair na Comhairle Contae, ar léarscáileanna móra de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis agus in achtanna Oireachtais.
údaráis authorities
" Dhiúltaigh sé glacadh le húsáid an fhocail “goidte” freisin de bharr go raibh cuid de na tuismitheoirí toilteanach a bpáistí a thabhairt do na húdaráis agus de bhrí gur tógadh cuid eile mar gheall ar fhadhbanna éagsúla ina dteaghlaigh.
Is faoi na húdaráis atá sé it is up to the authorities
" Is faoi na húdaráis atá sé cinneadh a dhéanamh maidir le dlíthiúlacht ghníomhartha Uí Shearcaigh agus bheadh sé róchasta plé a dhéanamh anseo ar mhoráltacht a iompair.
na húdaráis the authorities
" Tar éis an tsaoil, níl aon chúis go mbeadh na húdaráis a cheadaigh scrios chomhshaol agus áilleacht na tíre róbhuartha faoin oidhreacht chultúrtha ach chomh beag.
le húdair a áirítear mar údaráis ar a réimse féin saineolais. with authors who are considered authorities in their own field of expertise
" Is iad Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh eagarthóirí an tsaothair, ina bhfuil sraith aistí le húdair a áirítear mar údaráis ar a réimse féin saineolais.
shochaí a bhfuil cinneadh déanta ag a húdaráis a society in which a decision has been made by the authorities
" I mbeagán focal, ní féidir nuachtán laethúil náisiúnta Gaeilge a sholáthar ar an bhuiséad sin – sin sula gcuirtear san áireamh na deacrachtaí breise a bhaineann le nuachtán a chur i gcló i sochaí nach dtugann aon aitheantas oifigiúil don Ghaeilge, gan trácht ar shochaí a bhfuil cinneadh déanta ag a húdaráis gan a gcuid fógraí a fhoilsiú i nGaeilge feasta.
as siocair an dearcaidh dhiúltaigh atá ag na húdaráis ó thuaidh i leith na Gaeilge. because of the negative attitude of the northern authorities with regard to the language
" ***Fógraíocht trí Ghaeilge: an cosc atá curtha uirthi ag an fheidhmeannas ó thuaidh:*** Le linn ghéarchéim *Lá Nua*, tugadh le fios dúinn an drochbhail atá fágtha ar ghluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne as siocair an dearcaidh dhiúltaigh atá ag na húdaráis ó thuaidh i leith na Gaeilge.
cuid dá údarás iriseoireachta. some of its journalistic authority
" Nuair a bhíonn achainí ar an gcéad leathanach go rialta ag tathaint ar léitheoirí tacú le feachtas éigin, braithim go gcailleann an nuachtán cuid dá údarás iriseoireachta.
na húdaráis the authorities
" Chuaigh mé trasna ar an eitleán ar an 12 Márta ach chuir na húdaráis moill ar theacht abhaile na gcorp.
údarás níos airde a higher authority
" Ag caint i Westminster ar bhille Briotanach dar teideal “The Human Fertilisation and Embryology Bill”, dúirt sí go raibh sí ag caint thar ceann na ndaoine a chuireann a muinín in "údarás níos airde.
a chur faoi bhráid na n-údarás submit to the authorities
" B’éigean d’easaontóirí iarratas a chur faoi bhráid na n-údarás le cead agóide a fháil i gceann de na páirceanna.
na húdaráis dornálaíochta the boxing authorities
" ArdmheasBhí ardmheas ag Balor ar dhornálaí Bhéal Feirste, Paddy Barnes, a dúirt leis na húdaráis dornálaíochta agus leis an Chomhairle Oilimpeach go dtiocfadh leo a mbonn cré-umha a shá cibé áit ar mhaith leo, nach raibh sé de dhíobháil air féin.
na húdaráis the authorities
" Ní raibh mórán ar siúl ag na húdaráis in Éirinn le cúrsaí a fhiosrú ach an oiread.
Údarás um Ard-Oideachas Higher Education Authority
" Tá sé mar sprioc ag an Údarás um Ard-Oideachas nós den chineál sin a chothú agus a fhorbairt sa tír seo freisin.
na húdaráis the authorities
" Mar sin, nuair a fuair mé cuireadh ó Raidió na Gaeltachta le bheith páirteach i ndíospóireacht faoi Shliabh Liag le fear áitiúil, Eoghan Ó Curraighin**, **arb as Teileann dó, agus le Breandán Delap, a bhíonn ag obair mar cheannaire ar mo chúrsa, d’iarr mé ar na húdaráis gan an áit a scriosadh.
na húdaráis spóirt the sporting authorities
" Ach roinnt blianta ó shin, chinn na húdaráis spóirt sa Bhreatain Mhór ar thriail a bhaint as córas traenála atá an-chosúil leis an gcóras a úsáidtear san institiúid Astrálach.
chan amháin dá údarás not just to his authority
" ” Óir is é an toradh is mó atá ar an volte face a rinne sé ar an cheist seo ná go bhfuil dochar mór déanta, chan amháin dá údarás mar Thaoiseach, ach do sheasamh an Aire Airgeadais (tar éis a chéad cháinaisnéis a chur de), an Aire Sláinte (an té is mó a luadh leis an phlean) agus an Tánaiste (nach raibh ábalta éirí amach na gcúlbhinseoirí a chur faoi chois) fosta.
Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann National Qualifications Authority
" Fógraíodh mar shampla go mbeadh Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann, Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna agus Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna ag teacht le chéile.
Údarás Iomaíochta The Competition Authority
" Fógraíodh fosta go mbeadh an Phríomh-Bhord Iascaigh agus na Boird Iascaigh Réigiúnacha ag teacht le chéile mar eagraíocht amháin agus go raibh cónascadh le tarlúint idir an Ghníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí agus an tÚdarás Iomaíochta.
húdaráis authorities
" Buachaill ‘dána’ a bhí ann agus buachaill báire, agus thaitin sin leis an slua, ach níor thaitin sé leis na húdaráis agus bhíodh siadsan agus é in adharca a chéile go minic.
húdaráis authorities
" Is é an míniú a bhí ag an gclann ná nár thuig siad gur ghá bás na seanmháthar a chur in iúl do na húdaráis sa Fhrainc.
húdaráis authorities
" Tá taithí na mblianta fada ag na húdaráis san Astráil ar láimhseáil na dtinte faoin tuath, agus éiríonn leo, den chuid is mó, iad a cheansú, nó iad a choimeád faoi smacht ar a laghad.
dhaoine údaráis people of authority
" ” Ach an bhfuil seans gurbh é ba chúis le bogadh Creedon go Late Date ná an t-aistriú go Corcaigh, mar a raibh sé i bhfad ón bpríomhchathair is ó dhaoine údaráis? An dtabharfaí uaireanta oibre níos fearr dó dá mbeadh sé ar an láthair, ag ól caife is ag imirt galf leis na ‘daoine cearta’? “B’fhéidir é.
ach na húdaráis just the authorities
" Ní raibh ach na húdaráis páirteach sa cheiliúradh ar an chéad dul síos, mar ní raibh mórán le ceiliúradh ag na daoránaigh a tháinig chun na tíre i slabhraí, agus bhí cuid acu fós ina bpríosúnaigh.