Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cairdeas mná the friendship of a woman
" Is fada an lá ó d'éirigh mé as mo chuid iarrachtaí cairdeas mná a chuartú ar an idirlíon, ach thit mé i ngrá faoi dheireadh le glór binn Breatnach.
cairdeas buan friendship for life
" Dar leis, is comórtas iontach é Corn Mhic Giobúin agus déantar cairdeas buan i measc imreoirí.
ní raibh mórán cairdis eatarthu there wasn't much friendship between them
" Cé gur bheirt deartháireacha Seosamh agus Máire ní raibh mórán cairdis eatarthu.
chairdeas friendship
" Montgomery's Anne Books," go raibh na leabhair cheannann chéanna lomlán leis an leispiachas folaithe is gurbh éard a bhí sa chairdeas a bhí ag Anne le banphearsana eile cumann leispiach nár cuireadh i gcrích.
cairdeas friendship
" D'fhás an cairdeas eadrainn ach bhí orm filleadh abhaile.
chairdeas friendship
" Níos déanaí, tar éis do chairdeas fás eatarthu, d'admhaigh Cole d'Allen gur dócha go mbeadh na creidmheasa coláiste agus, ar ndóigh, na riachtanais saoránachta an-deacair dósan, Cole, a láimhseáil.
easpa cairdis lack of friendship
" Tá an tuiscint sin bunaithe ar easpa cairdis agus measa i leith bheirt bhainisteoirí (ar a laghad), baill Chumann Peile na hÉireann (an FAI) agus mórán imreoirí eile.
neart ceachtanna agus cairdis plenty of lessons and friendships
" Táim ag súil le taithí den scoth, le cuimhní iontacha, agus le neart ceachtanna agus cairdis, ach tá drogall orm bheith ag súil leis an iomarca! Caithfidh tú muinín bheith agat ionat féin, i ndaoine eile agus i rotha mór an tsaoil! Is iomaí rud atá ag cur imní orm anois, agus trí seachtaine fágtha agam sula n-imím: An mbeidh dóthain airgid agam? An mbeidh aon deacrachtaí sláinte agam féin nó ag Sophia? An mbeidh deacrachtaí sa bhaile agus mé ar an taobh eile den domhan? An ndéanfaidh gach duine sa bhaile dearmad orm?! Tar éis gach rud, beidh an cheist a bhíonn de shíor i m’intinn fós ansin i mí na Nollag: “Céard a dhéanfaidh mé anois?!” Den dara huair le hocht mí dhéag, táim ag fágáil poist chun dul ar seachrán timpeall na cruinne.
an-chairdeas a great friendship
" Bhí an-chairdeas eadrainn – muid beirt gafa le sacar.
nithe níos tábhachtaí ná cairdeas bunscoile more important things that primary school friendship
" Rinne muid iarracht fanacht i dteagmháil le chéile tar éis dúinn bogadh go meánscoileanna éagsúla, ach le haois tagann nithe níos tábhachtaí ná cairdeas bunscoile agus cibé ar bith thosaigh muid ag imirt ar son foirne difriúla sacair.
bhí na blianta tar éis faobhar a bhaint den chairdeas the years had taken the edge off our friendship
" Ní raibh mórán le rá againn le chéile – bhí na blianta tar éis faobhar a bhaint den chairdeas.
a cheiliúrann síocháin, cairdeas, agus carthanacht. which celebrates peace, friendship and charity.
" Is ócáid é, tar éis an tsaoil, a cheiliúrann síocháin, cairdeas, agus carthanacht.
cairdeas saoil life-long friendship
" D\'eascair cairdeas saoil as seo agus is í anbhean a thit i laige ar fheiceáil na miodóige fuiltí di ná Mary Wilsona bhí ina comhfhreagraí le cúrsaí dlí le RTÉ ó 1996 go dtí an bhliainseo.
as an chairdeas from the friendship
" ” D’fhás an grúpa Skara Brae as an chairdeas a bhí idir muintir Dhomhnaill agus Sproule ach bhí suim ag Maighread san amhránaíocht thraidisiúnta ó bhí sí ina cailín óg de bhrí go raibh amhránaithe ar an dá thaobh den teaghlach.
cairdeas sa chiall is leithne den fhocal friendship in the widest sense of the word
" tuigeann sibh gur cairdeas sa chiall is leithne den fhocal atá i gceist agam.
a chairdeas dlúth. his close friendship
" Cronófar a dhóigh shéimh, a cheannasaíocht dhocht agus a chairdeas dlúth.
Tagraíonn sé don chairdeas he refers to the friendship
" ”* CairdeasTagraíonn sé don chairdeas a bhí ann idir Cesca agus a mháthair féin, Úna Hyde, iníon Dhubhghlas de hÍde.
eascraíonn caidreamh thar a bheith speisialta as an gcairdeas. a very special relationship comes about from the friendship
" Cuireann an Seiceach gliondar ar chroí an cheoltóra sráide agus eascraíonn caidreamh thar a bheith speisialta as an gcairdeas.
faoin gcairdeas about the friendship
" Labhraíonn Maire faoin gcairdeas a bhí idir a hathair féin agus Cathal Brugha agus faoin gcaoi ar phós sí Ruairí Brugha, ar mhac le Cathal Brugha é.
chairdeas friendship
" Cás Jane Harman is ea an sampla is déanaí den ‘chairdeas’ atá ag Iosraeligh don tír a thugann $3 billiúin in aghaidh na bliana agus go leor peorcaisí eile nach é dóibh.
Cairdeas friendship
" Cad é bhí agatsa nach raibh acu sin? Eagarthóir: Cairdeas, a Bhaloir bhlonagaigh, bhiataigh; Cairdeas agus clisteacht, bail ó Dhia orthu mar thréithe fiúntacha.
cairdeas fabhair cronyism
" Maítear go rialta go bhfuil éilliú agus cairdeas fabhair le sonrú go forleathan ann, cibé páirtithe a bhíonn i gcumhacht, agus ar an gcaoi sin go ndíomlaítear an-chuid den chúnamh forbartha idirnáisiúnta a fhaigheann an tír.
fláithiúlacht agus cairdeas generosity and friendliness
" Tharla dhá rud spéisiúla le linn na dturas an dá oíche chuig an gcoláiste, ceann amháin a léiríonn fláithiúlacht agus cairdeas na ndaoine, agus ceann eile a léiríonn a mhalairt - ach gur gá an taobh ghreannmhar a fheiceáil agus tú i do ‘choimhtíoch’! Chaill mé an bus deiridh chuig an gcoláiste mar bhí an cheolchoirm in Baddeck rómhaith lena fhágáil i do dhiaidh.
lámh an chairdis a shíneadh amach to reach out the hand of friendshop
" “Bhí sé de fhlaithiúlacht ag Coventry lámh an chairdis a shíneadh amach roimh a naimhde, nó, mar a scríobh an file cogaidh, Wilfred Owen: *“I am the enemy you killed, my friend,”* arsa Bean Mhic Róibín.
ar fhás cairdeas agus meas growth of friendship and esteem
" Coimhlint a mhair ar pháirc na himeartha i mí Mheán Fómhair de ghnáth agus ar fhás cairdeas agus meas idir imreoirí dá bharr.
d’fhás cairdeas eatarthu a friendship grew between them
" Ní raibh teanga choiteann acu ach ina ainneoin sin, d’fhás cairdeas eatarthu agus chuidigh siad lena chéile dul i ngleic le saol crua an champa.
cairdis friendship
" Dúirt Federico Fellini gurbh é Cinecittà an áit inar ‘thosaígh agus inar chríochnaígh gach cineál caidrimh, cairdis, eachtra agus turais’ sa saol.
cairdis nach facthas ariamh cheana of friendship never seen before
" Níl aon cheist ach go bhfuil an caidreamh idir an dá stát ag leibhéal cairdis nach facthas ariamh cheana.
d’éirigh cairdeas millteanach eadrainn a great friendship developed between us
" Agus bhí sé greannmhar ar bhealach mar ní raibh mórán comhrá idir an bheirt againn go dtí sin agus bhí an oiread céanna spéise aigesean agus agam féin sa litríocht ghaeilg’ agus cheilteach agus achan rud agus d’éirigh cairdeas millteanach eadrainn.
chairdeas leochaileach na bhfear the men’s delicate friendship
" Is iomaí gné sa dráma seo a dhéanann nasc daingean idir na haisteoirí agus an lucht féachana: fiacha an dráma féin do thraidisiún scéalaíochta a ritheann ó William Carleton go Séamus Ó Duilearga, an bhéim ghrámhar a chuirtear ar chairdeas leochaileach na bhfear, mar aon le greann tobann na tuaithe.
d’fhás an cairdeas a friendship developed
" Faoi stiúir Núrí al Malící, príomhaire Siach na hIaráice, cuireadh go tréan le beartais frith-Shunnaíocha sa tír, agus d’fhás an cairdeas idir a rialtas agus an Íaráin.
comhthuiscint agus cairdeas understanding
" Is féidir comhoibriú, aithne, comhthuiscint agus cairdeas a áireamh ina measc.