Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Meallfar tú go cinnte you'll definitely be enticed
" Meallfar tú go cinnte agus tiocfaidh tú chugainn arís agus arís eile.
ionann is cinnte nearly certain
" Thug Aontroim an-taispeántas i gcoinne Thiobraid Árann in 2002 agus is dóigh gurb iad a bhuafaidh Craobh Uladh arís i mbliana, cé go bhfuil sé ionann is cinnte go ndéanfaidh foirne Dhoire agus an Dúin an-iarracht stádas churaí Uladh a bhaint d'fhir na nGleannta.
cruthúnas cinnte definite proof
" Ach is iad an Garda Síochána an t-aon eagraíocht stáit go bhfuil cruthúnas cinnte againn gur éirigh le MI6 insíothlú a dhéanamh uirthi.
cinnte dearfa absolutely certain
" Bhí an-eolas aici ar na Ceiltigh freisin, agus bhí sí cinnte dearfa gurbh iad na *Danaoi*, tuath na Sean-Ghréige, agus Tuatha De Danann na finscéalaíochta an dream ceannann céanna in anallód! Tuigeadh dom sa deireadh, blianta ina dhiaidh sin, le linn mo chéad chuairte ar Éirinn agus ar an Ghaeltacht (Samhradh 1998) go mb'fhéidir nár de shliocht *Danaoi *na Gréige iad na Gaeil ná na Tuatha Dé Danann; mar sin féin, chonacthas dom gur dream iontach ab ea na Gaeil, a raibh croí misniúil agus uasal acu, agus thuig mé go raibh a ndearcadh féin ar an saol acu.
measartha cinnte reasonably sure
" Ní fios cén luach a bheadh ar an 367 foirgneamh seo de chuid an stáit dá gcuirfí iad ar an mhargadh le díol ach is féidir a bheith measartha cinnte go ndéanfadh sé poll réasúnta sa státchiste.
tá sé ionann agus a bheith cinnte it's more or less certain
" Bhuel, le bheith ionraice, tá níos mó ná baol ann, tá sé ionann agus a bheith cinnte go n-atfaidh sé.
tá sé cinnte ormsa I've failed
" Is minic a bhaintear mí-úsáid as an aidiacht "ildánach" nuair a bhítear ag cur síos ar dhaoine a bhfuil níos mó ná bua amháin acu, ach tá sé cinnte ormsa focal níos oiriúnaí a fháil le cur síos a dhéanamh ar Thadhg Mac Dhonnagáin.
cinnte dearfa absolutely sure
" airgead fuascailteransom go scaoilfear saor ansin íthat she will be freed then fuadaitheoiríkidnappers cinnte dearfaabsolutely sure á mbailiú acubeing collected by them aon bhlúirí fianaiseany pieces of evidence grianghrafadóiríphotographers príomhdhualgasmain duty cuir fios ar an dochtúircall the doctor tuairim isaround imeachtaíevents feighlícarer chomh cróga agus a bhí ar a cumasas brave as she could gan gíog ná míog aistiwithout a peep out of her ag impí orthubegging them thairg sé é féinhe offered himself i m’ionadsain my place a leicneher cheeks d’fháisc chuici iadshe pulled them closely to herself crógabrave
polasaí dearfach cinnte a positive and definite policy
" Tá gá le polasaí dearfach cinnte i leith na hiomána agus na peile araon.
níorbh fholáir dóibh bheith cinnte they would need to be sure
" Agus níorbh fholáir dóibh bheith cinnte cé mhéad a chosnódh an leictreachas i gceann fiche nó tríocha bliain, chun go mbeadh go leor brabúis chinnte freisin.
comhartha cinnte a sure sign
" Ach is comhartha cinnte í an dhealbhóireacht go raibh mainistir thábhachtach anseo.
cinnte dearfach de totally certain
" Tá sí cinnte dearfach de go mbeidh sé ina Thaoiseach amach anseo.
cinnte dearfach positive
" “Ní hea, ní hea,” arsa sinne leis, ach bhí sé cinnte dearfach go raibh an ceart aige.
ní thig le híospartach a bheith cinnte a victim can't be sure
" Anois ní thig le híospartach a bheith cinnte cé hé nó cé hí an maistín.
dhéanfadh sé cinnte he would ensure
" Go bunúsach, dhéanfadh sé cinnte go mbeadh foireann Átha Cliath níb aclaí ná aon fhoireann pheile eile sa tír agus tríd an aclaíocht sin go mbeadh an fhoireann chomh láidir agus chomh bríomhar sna nóiméid dheireanacha den chluiche is a bhíodar ag an tús.
bhíos cinnte I was sure
" Agus mé brúite isteach sa phuiteach acu, agus an fhoireann eile go léir ina luí orm, bhíos cinnte go bhfaighinn bás díreach ansin.
go hiomlán cinnte totally certain
" Ba dhoiligh don roinn nó don aire a bheith go hiomlán cinnte go n-éireodh leo sa chúirt dá ndiúltódh scoil ar leith cloí leis an churaclam nó leis an chiorclán faoin luath-thumoideachas.
ní bheifeá cinnte an raibh sé ina lá nó ina oíche amuigh. you wouldn't be sure if it was day or night outside
" Níl fuinneog ar bith ar urlár an *casino*, agus ós rud é go mbíonn an chuid is mó de na siopaí agus na bialanna ar oscailt 24 uair sa lá, ní bheifeá cinnte an raibh sé ina lá nó ina oíche amuigh.
réasúnta cinnte reasonably sure
" Dá n-iarrfaí ar dhaoine sa tír seo Éireannach amháin a ainmniú a bhfuil baint ollmhór aige le Searnóbail, táim réasúnta cinnte go luafadh a bhformhór acu an t-ainm Adi Roche.
Cúis imní cinnte a cause for concern, definitely
" Cleas an philibín Cúis imní cinnte do rialtas Sarkozy.
cinnte definitely
" Tá meas ar an uachtarán, cinnte, ach meas rialta atá ann a imíonn (don chuid is mó) nuair a éireoidh an t-uachtarán as oifig, agus mar a thaispeáin an sealbhóir deireannach, uaireanta ní leanann sé chomh fada sin, fiú.
Cinnte definitely
" Cinnte tá RSS ann a ligeann do dhaoine coinneáil ar an eolas faoi na céadta suíomhanna in aon áit amháin, ach ní hionann é sin agus r-phost le d’ainm agus do sheoladh r-phoist féin luaite ann.
Is cinnte surely
" Is cinnte, áfach, go mb’fhearr leis ‘na daoine idir sinn agus na firicí’ nár chuala tú iomrá ar Jeff Gates riamh, ionas nach gcuirfí isteach ar mheon Chicago.
Níltear cinnte no one's certain
" Níltear cinnte go líonfar an loch go hiomlán i mbliana, ach tá níos mó uisce ann faoi láthair ná a bhí le 35 bliain anuas.
Is cinnte definitely
" Is cinnte go raibh an leabhar sin rópháistiúil aigesean faoin am sin, ach bhí an leabhar thart fan teach agus tháinig mé air.
cinnte certainly
" Beidh roinnt daoine ag casaoid, cinnte, ag rá nach leor an 450 rothar atá beartaithe do Bhaile Átha Cliath le hais an 20,000 Vélib atá ar shráideanna Pháras.
ionann is cinnte as sure as anything
" Tá sé ionann is cinnte anois go bhfuil deireadh ag teacht le Scéim Labhairt na Gaeilge, beag beann ar chur i bhfeidhm Thuarascáil an Bord Snip.
Is cinnte definitely
" Is cinnte go bhfuil tús maith curtha leis an togra agus deir Ciara Nic Lochlainn, Comhordaitheoir Oideachais na Cultúrlainne, go bhfuil breis is 170 duine cláraithe sna ranganna Gaeilge cheana féin agus go bhfuil caighdeán na gcúrsaí thar barr.
cinnte sure
" Measann údar amháin nach ann ach do 2000 Afra-Pharaguach i gCambacuá sa lá atá inniu ann, ach is deacair a bheith cinnte ós rud é nach n-áirítear iad mar ghrúpa ar leith sa daonáireamh.
cinnte certainly
" Bhí neart plé ar siúl ar na hábhair seo i meáin chraolta na Gaeilge, cinnte, ach ba bheag a scríobhadh.
is cinnte surely
" Óir is cinnte go raibh scagadh ceart de dhíth i bhfoirm cló ar na himpleachtaí a bhí ag tuarascáil an Bhord Snip don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.
Thig a bheith cinnte one may be assured
" Thig a bheith cinnte de mar sin go mbeidh iomaíocht fhíochmhar ann idir an dá nuachtán úra do líon teoranta fógraí.
is cinnte definitely
" Is iad an trí dhream is mó a shamhlaímid leis an tír mhí-áidh seo, ar ndóigh, ná na Sunnaígh, na Siaigh is na Coirdínigh agus is cinnte go bhfuil a gcuid d’anachain an tsaoil fulaingthe ag gach dream díobh um an dtaca seo.
Cinnte definitely
" Cinnte, tá corr-rud maith ann faoi chúrsaí oideachais ach chun na moltaí uaillmhianacha oideachais a chur i bhfeidhm, cá bhfuil an Bord Oideachais a bhí molta sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta? Ina áit, beifear ag brath ar an Roinn Oideachais: an Roinn Stáit chéanna a raibh ar an gCoimisinéar Teanga, imscrúdú a dhéanamh air anuraidh, faoi Alt 21 de Acht na dTeangacha Oifigiúla mar nach raibh an Roinn sin sásta a ghéilleadh go raibh aon dualgas orthu treoirlínte faoi mhúineadh an churaclam scoile a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta, ná do na Gaelcholáistí in aon teanga eile seachas i mBéarla.
Cinnte certainly
" Cinnte, bhí na céadta stáisiún teilifíse agus raídió ar fud na tíre, ach bhíodar uilig, nach mór, comhcheangailte le ceann de na ‘líonraí’ móra, nach raibh ach trí cinn ann: NBC, ABC, agus CBS, a raibh monaplacht triarach acu ar aerthonnta Mheiriceá ó thús ré an chraolacháin.
cinnte dearfa convinced
" Ach bíodh gach duine cinnte dearfa gurb é an t-alt a bhaineann leis an teanga Ghaeilge an t-aon alt amháin nach gcuirfear ina aghaidh.
Cinnte certainly
" Cinnte, tá an ráta os cionn 1% níos airde ná an ráta ab éigean dúinn a íoc le blianta beaga anuas, ach tá an ráta níos ísle ná an ráta 6.
cinnte sure
" Tugann grianghraf léargas ar nóiméad áirithe in am, tugann sé comhthéacs don eachtra ar bhealach nach bhfuil na scórtha focal in ann a dhéanamh ach, uaireanta, fágfaidh sé muid sa riocht nach bhfuilimid cinnte faoin bhfírinne iomlán atá taobh thiar den íomhá.
cinnte definitely
" Cad déarfá faoi na feisirí a d’fhan sa seomra sin faoin gcoinníoll nach sceithfidís eolas Rehn lena gcuid vótóirí?** SÓhU: Caithfidh siad súd labhairt dóibh féinig, ach, cinnte ó mo pháirt féin, cuireadh é sin in iúl, ón gCoimisinéir.
Cinnte certainly
" Cinnte, táim sa phríomhchathair le fada an lá anois agus bhí de phribhléid agam tacú le muintir Bhaile Átha Cliath Thiar, an Dáilcheantar úd, ar feadh deich mbliana, agus ansin, a bheith curtha isteach i bPairlimint na hEorpa, ag an daonra ar fad abair, idir chathair agus chontae.
is cinnte it’s certain
" Is léir go raibh bord conspóideach stiúrtha NIW as láthair nuair a bhí an ceacht sin thuas á thabhairt mar a bhí siad as láthair ag na ranganna áirimh, staidéir ghnó, cumarsáide agus dá mbeadh rang soláthar uisce ar fáil, is cinnte go gcaillfeadh siad an rang sin fosta.
Cinnte definitely
" Cúpla lá ó shin chuir an t-eagarthóir scairt ar Bhalor faoin alt seo a bhí le scríobh aige do mhí Eanáir: “Cinnte! Cinnte! Tá an ceart ar fad agat, a Sheosaimh!” a dúirt Balor.
tá sé ionann is cinnte as sure as certain
" Ó d’fhógair Fianna Fáil go bhfuil an páirtí ar son deireadh a chur leis an tSeanad, tá sé ionann is cinnte nach mairfidh Teach Uachtarach an Oireachtais.
Is cinnte surely
" Paul, áit a dtabharfaimid cuairt ar an Mall of America! Is cinnte gur chuala tú faoin Mall of America cheana.
chomh cinnte céanna just as definite
" Bhí sise chomh cinnte céanna go mbeadh Gaeilge againn aige baile is a bhí sé féin.
is cinnte certainly
" Roghnaíodh iad, is cinnte, mar gur beirt iad a mhúsclódh comhbhá an lucht féachana.
is féidir a bheith cinnte one may be certain
" Nó, le bheith blaisín níos cruinne, cá bhfuil an ceathrar déag seanadóirí den Pháirtí Daonlathach, atá ar iarraidh ón 17ú Feabhra amach? Dar le ball sinsearach den pháirtí sa stát, is féidir a bheith cinnte go bhfuilid ‘áit éigin sa leathsféar thiar’, ach thairis sin, níl sé sásta níos mó eolas a thabhairt.
Drochrogha go cinnte definitely a bad choice
Cinnte certainly
" Cinnte nár chuala mé féin fúthu go dtí go raibh mé féin agus m’fhear céile ag cur turas an domhain in áireamh tamall ó shin.
Is cinnte there’s definitely
" ly/76cly5
> Toghchán ó Thuaidh =========== Is cinnte go bhfuil borradh faoin pháirtí agus gan ach naoi seachtaine go dtí toghcháin an Tionóil ó thuaidh.
go cinnte certainly
" "Muise," arsa bean tí béalscaoilte na bialainne a rabhamar ag ithe ann, agus í ag caint linn faoin chathair, "is deas an áit í go deimhin más féidir leat neamhaird a dhéanamh de na dúnmharuithe!" Ábhar machnaimh go cinnte agus muid ag siúl ar ais go dtí an t-óstán sa dorchadas.
Is féidir leat a bheith cinnte you can rest assured
"Is féidir leat a bheith cinnte” a dúirt sé liom “ go mbeidh rud éicint dearfach á dhéanamh i dtaobh na ceiste”.
is cinnte it's definite
" Ní dóiche go mbeidh na Fíor-Fhionlannaigh i réim gan mhoill, ach is cinnte go gcuirfidh siad brú ar na páirtithe eile seasamh i gcoinne na bpacáistí móra cúnaimh atá á gcíoradh ag ceannairí na hEorpa.
Cinnte certainly
" Cinnte, tá tuarastal ag Pat Kenny s’agaibhse ar RTÉ atá ceithre huaire níos mó ná mo cheannsa; agus níl eitleán dá chuid féin aigesean… go fóillín.
Is cinnte definitely
" Is cinnte gurbh éigean do Bharack Obama ceann a thaispeáint chun clóichead a fháil i 1967, nuair a thaistil sé lena thuismitheoirí go dtí an Indinéis, agus i 1981, nuair a thaistil sé ansin arís, agus ar aghaidh chun na hIndia agus na Pacastáine an bhliain chéanna.
cinnte definitely
" **MDH: An raibh tuairim agat ar choinceap na dteangacha ag an aois sin?** CL: Bhí, cinnte! Is é an dátheangachas cuid mhór dem’ fhéiniúlacht.
is cinnte definitely
" Ní raibh an sórt seo misnigh nó dóchais feicthe ag an óige le fada agus is cinnte nár mhothaigh siad a leithéid faoina dtír féin le caimiléireacht a bpolaiteoirí agus le ‘tarrtháil’ CAI na tíre.
cinnte certain
" Deir sé nach bhfuil sé cinnte an dtuigeann lucht dréachta dúnghaoisí féin na himpleachtaí sin agus na tionchair a d'fheadfadh a bheith acu ar chúrsaí daonlathais, ar scaipeadh eolais agus ar thuiscint na ndaoine ar a bhfuil ag tarlú.
Is cinnte definitely
" Is cinnte go bhfuil tréimhse dhúshlánach roimh na ceantair tuaithe, ach creidim go bhféadfaidh siad teacht slán mar phobail bheoga.
ionann is cinnte as good as certain
" Nuair a thit an tóin as an Aontas Sóivéadach fiche bliain ó shin cheap aos eagna an Iarthair go raibh sé ionann is cinnte go leathnódh an córas caipitleachais a bhí acu ar fud an domhain agus go scaipfí an daonlathas dá réir.
cinnte dearfa definite
" Más daoine cliste iad an Troika, shílfí go dtuigfidís an méid seo faoi Éirinn agus faoi mhuintir na hÉireann: an bealach cinnte dearfa le beocht agus beatha agus anam úr a chur i rud sa tír seo ná é a chrosadh agus é a thoirmeasc le bannaí.
is cinnte definitely
" Is fada an bóthar nach bhfuil casadh ann agus is cinnte gur sin mar a mhothaigh craobh Dhoire de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, nuair a bhris an scéal ar na mallaibh gur éirigh lena n-iarratas, faoi dheireadh thiar, Fleadh Cheoil na hÉireann a thabhairt chuig a gcathair i 2013.
measartha cinnte fairly sure
" D’fhéadfadh go mbeadh gnéithe áirithe de phlean an Fhorais sa tsocrú dheireanach a dhéanfar idir na páirithe éagsúla – meascán de bhunmhaoiniú agus d’iarratais ar scéimeanna b’fhéidir – ach is féidir a bheith measartha cinnte de nach gcuirfear an tSamhail, mar a ‘samhlaíodh’ dóibh siúd a cheap é, i bhfeidhm.
Cinnte is annamh certainly it’s seldom
" Cinnte is annamh a fheictear aon chóála ag ól mar go bhfaigheann siad uisce go leor as duilliúr na n-eoclaipí.
cinnte certainly
" D’úsáid sé leabhair neamhghnácha, cinnte, ina léacht in NYU mar gheall ar stair imirceach na hÉireann, leabhair cosúil le foinsí socheolaíochta sainiúla de chuid Orlando Fals Borda, Conrad Arensberg, Sol Kimball agus E.
Is cinnte there’s definitely
" Is cinnte go bhfuil údar maith ag lucht leanúna sacair scleondar agus sceitimíní a bheith orthu agus Euro 2012 sa Pholainn agus san Úncráin beagnach buailte linn.
Chan fhuil mé cinnte I’m not sure
" **SMM: Cad é an dóigh a bhfuil tú ag obair le BBC na h-Alba agus Radiò nan Gaidheal nó cá háit a bhfuair tú Gaeilg na hAlban?** AW: Chan fhuil mé cinnte cá dtosóidh mé.
chan fhuil mé cinnte I’m not sure
" Saothar Fhear Mhuir Bhreatan ============= **SMM: An fear seo a thosaigh é, an Granndach, cén aois a bheadh sé?** AW: Ó chan fhuil mé cinnte, bheadh sé, is dócha, an 45bl.
baileach cinnte definitely certain
" **SMM: Cén bhliain, dar leat, ar thosaigh sé ar an obair seo go léir?** AW: Chan fhuil mé baileach cinnte.
Chan fhuil mé in innimh a bheith cinnte I can’t be sure
" Chan fhuil mé in innimh a bheith cinnte nach bhfuil canúint Eilean Íle in Albain níos éagosúil le canúint Leodhais ná mar atá sí le canúint Dhún na nGall.
bheith cinnte faoi na dualgaisí atá orainn being sure of our obligations
" Ní raibh fadhb ar bith ag an Roinn le sin ach scríobh Stiúrthóir Ginearálta Oifig an Ombudsman, Pat Whelan, ar an 13 Bealtaine 2009 chuig Príomhoifigeach na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, ag meabhrú dó gur cuireadh an dréachtscéim faoi bhráid na Roinne sé mhí roimhe sin: “Cruthaíonn an mhoill seo deacrachtaí dúinn ó thaobh bheith cinnte faoi na dualgaisí atá orainn faoi láthair,” a scríobh an tUasal Whelan.
cinnte ina ábhar míshuaimhnis definitely a matter of disquiet
" Tá dearcadh eile áfach ag an pobal idirnaisiúnta agus tá an eachtra ag tarraingt airde ar an bhealach a gcaitear le heasaontóirí sa Rúis, rud atá cinnte ina ábhar míshuaimhnis ag rialtas Putin.
Is cinnte definitely
" Is cinnte … go mbuafadh sí bonn, dath an óir is dóigh, ag na cluichí Oilimpeacha dá mbeadh dornálaíocht na mban ina spórt Oilimpeach.
go cinnte definitely
" Má tá sé trom, tá aghaidh an bhuachalla óig air, agus go cinnte shíl lucht eagraithe an choinbhinsiúin go ngríosfadh sé an slua lena reacaireacht chroíúil.
ionas go mbeidh tú cinnte so that you’ll sure
" Is féidir é a nascadh le féilire digiteach freisin ionas go mbeidh tú cinnte nach bhfuil na himeachtaí atá ag teacht aníos ar siúl ag an am céanna is a bheas na himeachtaí priobháideacha atá á n-eagrú agat féin.
Cinnte certainly
" Nuair nach raibh an dea-thoradh air, caithfear an cheist a chur, sé mbliana déag tar éis a bhunaithe, cé lena aghaidh TG4 agus cén fhis atá ag lucht a stiúrtha? Cinnte tá neart cláracha i nGaeilge á gcur ar fáil nach ndéanfaí murach TG4.
Níltear cinnte people aren’t sure
" Níltear cinnte cé chomh cruinn is atá an téarma go fóill, ach baineann sé go príomha le deireadh na gciorruithe cánach a reachtaigh an tUachtarán Bush roinnt blianta ó shin.
Ar an rud is lú thig a rá go cinnte the least that can be definitely said
" Ar an rud is lú thig a rá go cinnte, nach bhfuair Maolra Seoighe triail chothrom.
ag iarraidh a bheith cinnte trying to ensure
" Bhí mé ag iarraidh a bheith cinnte nár cailleadh mé i mionsonraí an tionlacain agus gach mire ag dul ar aghaidh thart orm, mar sin bhí mé cinnte go dtosóinn leis an chanadh le bheith cinnte nach gcaillfí an guth.
aon pholasaí cinnte any definite policy
" Ní léir go raibh aon pholasaí cinnte ná straitéis riamh ag an stáisiún maidir leis an nGaeilge ach a chinntiú nach gcaillfeadh an stáisiún an iomarca lucht féachana agus ioncam fógraíochta de bharr am craolta a thabhairt don ‘teanga náisiúnta’.
cinnte certainly
" B’fhéidir gur áibhéil a rá go mba naimhde iad, ach cinnte ba chéilí comhraic diongbháilte, nádúrtha iad muintir Chiarraí agus muintir Átha Cliath ó na caogaidí i leith.
a dtiocfadh leat a bheith cinnte fúthu which you could be sure about
" Dar leis an staraí Sean Connolly, a scríobh an leabhar comórtha Belfast 400, ba é aidhm na cairte a bhunaigh Béal Feirste - agus bailte eile in Éirinn - "ní le bonn a chur faoi ghréasán úr uirbeach ach le dáilcheantair a chruthú a dtiocfadh leat a bheith cinnte fúthu go dtoghfadh siad Teachtaí Protastúnacha don Pharlaimint Éireannach a bhí le theacht.
bí cinnte cláruimhir an chairr a fhéachaint make sure to check the car’s reg. no.
" ie ===== * Sula gceannaíonn tú carr athláimhe, bí cinnte cláruimhir an chairr a fhéachaint le cartell.
is cinnte gur suaitheadh an Eaglais the church was definitely disturbed
" Deirtear gur chuir na scéalta seo isteach go mór ar Bhenedict, agus is cinnte gur suaitheadh an Eaglais dá dheasca seo, ach ba mhall agus ba dhoicheallach an freagra a thug an Vatacáin orthu agus is ar éigean a thuill siad muinín na ndaoine ina dtaobh.
cinnte dearfa definite
" Tá sé cinnte dearfa go mbaineann sé sin “le laethanta m’óige ag imirt peil Ghaelach mar spreagann sé thú.
Is cinnte definitely
" (sna naisc ar dheis) Is cinnte gur ghoill a bhfaca Mhic Róibín thar lear uirthi, sa tSomáil go háirithe.
Is cinnte certainly
" Is cinnte gur gortaíodh aghaidh an Chamarúnaigh go dona, ach maíonn “foinsí inimirce” gurb é an fear féin atá freagrach.
is cinnte gur mar seo this is definitely
" Tá na ceardchumainn fíorlag sna tíortha seo fosta, agus is cinnte gur mar seo is fearr le leithéidí Primark agus Benetton.
ab ea an tÉireannach cinnte was the Irishman, definitely
" Tionchar mór ar chur chuige liteartha Wallace ab ea an tÉireannach cinnte, cé go raibh scríbhneoirí eile cosúil le DeLillo a chuaigh go mór i bhfeidhm ar stíl an ghaiscigh liteartha seo.
ag feabhsú cinnte definitely improving
" “Tá rudaí ag feabhsú cinnte, níor mhaith liom a bheith diúltach, ach sílim go bhfuil áit ansin do bhailte Gaeltachta chun ceiliúradh a dhéanamh ar na healaíona dúchais – ar nós agallamh beirte nó lúibíní a chur ar siúl nó ceolchoirmeacha den chéad scoth ar an sean-nós.
is cinnte go mbeidh leisce orthu araon they’ll both definitely be reticent
" Cé gur beag difir atá eatarthu ó thaobh fealsúnachta de, is cinnte go mbeidh leisce orthu araon tabhairt faoi chleamhnas den chineál seo.
Cinnte certainly
" Cinnte, tá easpa daonlathais ag baint leis an mbealach a thoghtar an Seanad.
is cinnte nár léadh iad they certainly weren’t read
" Na gearáin a scríobh mé cheana, is cinnte nár léadh iad mar go raibh siad i nGaeilg.
ní fios go cinnte it’s not known exactly
" Maraíodh 20 eile ach ní fios go cinnte ar bhain na maraithe lena gcuid saothair.
is cinnte gur toradh dearfach é sin that is definitely positive
" Cibé tuairim atá agat féin faoin ghradam seo, spreagann sé cuid mhór daoine, gan amhras, le spéis a chur i gcúrsaí ealaíne agus le bheith ag caint fúthu agus is cinnte gur toradh dearfach é sin.
Is cinnte dearfa very definitely
" Is cinnte dearfa go bhfuil bunchloch leagtha i gcomhar 2014”.
Is cinnte go bhfuil definitely
" Is cinnte go bhfuil an-mheas ag daoine ar Adele as ucht a cuid mothúchán a chur trasna ina cuid amhrán.
Cinnte certainly
" B’fhéidir go bhfaighfeá ‘súisteoir’ ceart as an gcleas, sin nó slat do bhuailte féin! Cinnte tá deacrachtaí faoi leith ag baint leis seo.
Cinnte certainly
" Cad é an mheisce a bhí ar Ard-Aighne Thuaisceart Éireann John Larkin nuair a mhol sé gan dul ar aghaidh le fiosrúcháin ar choireanna a tharla le linn na dTrioblóidí? Cinnte, ba bhreá le Rialtas na Breataine a leithéid ar mhaithe le cúrsaí airgid agus ar mhaithe le rúndacht (bhí alt ar an Guardian inné faoin dóigh ar loisc na húdaráis Bhriotanacha cáipéisí a chuirfeadh aiféaltas orthu sular fhág siad na tíortha Afraiceacha a bhain neamhspleáchas amach sna 1960í).
is cinnte definitely
" Ní thagann a leithid ar an tsaol ach go hannamh agus is cinnte go raibh sé ar dhuine d’fhir mhóra an fhichiú aois.