Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Cé gur dúradh although it was said
" Cé gur dúradh go poiblí go raibh seasamh neodrach ag Éirinn sa dara Cogadh Domhanda, tá fianaise láidir ann gur tugadh tacaíocht do na comhghuaillí a sheas an fód i gcoinne na Gearmáine sa chogadh sin.
is a dúradh linn roimh ré as we were told in advance
" Tá cogadh na hIaráice faoi lán seoil agus an chuma ar an scéal faoi láthair nach mbeidh sé thart chomh tapa is a dúradh linn roimh ré.
gur dúradh leis that he was told
" Dúirt mac léinn eile, nár tógadh "sa traidisiún Caitliceach", gur dúradh leis go minic go gcaithfeadh sé meas a bheith aige ar bharúlacha agus ar thraidisiúin daoine eile.
a dúradh it was said
" Ní raibh aon chinnteacht ann, a dúradh, gur Gaeilgeoirí a bheadh ina gcónaí sna tithe seo agus, dá réir, go raibh éiginnteacht faoi thodhchaí na Ceathrún Rua mar bhaile láidir Gaeltachta.
a dúradh linn we were told
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Ba é an rud is mó a rinne muid an nuachtán a fhoilsiú go laethúil, rud, a dúradh linn, nárbh fhéidir a dhéanamh.
Dúradh le gairid it was said recently
" Dúradh le gairid go mbeidís le fail saor in aisce ag aon tír san Afraic nó sa Meán Oirthear a bheadh sásta glacadh leo.
Dúradh it was said
" Dúradh freisin go raibh an pionós ródhian d’fhear óg a raibh seans maith go bhféadfaí é a chur ar bhealach a leasa.
Dúradh it was said
" Satharn a bhí ann, agus nuair a tháinig imreoirí Thír Eoghain go dtí an t-ionad, Dúradh leo go raibh an phríomhpháirc dúnta agus go mbeadh cluiche peile club i sraithchomórtas peile Uladh ag dul ar aghaidh ar an bpáirc thraenála san ionad céanna.
dúradh leo they were told
" Satharn a bhí ann, agus nuair a tháinig imreoirí Thír Eoghain go dtí an t-ionad, dúradh leo go raibh an phríomhpháirc dúnta agus go mbeadh cluiche peile club i sraithchomórtas peile Uladh ag dul ar aghaidh ar an bpáirc thraenála san ionad céanna.
inar dúradh in which it was said
" Foilsíodh tuarascáil eile le gairid inar dúradh go bhfaigheann 70% de dhúchasaigh bás sula mbíonn siad 65 i gcomparáid le 20% den phobal geal.
dúradh paidreacha prayers were said
" Rinneadh cuimhneachán ar an tubaiste i Márta 1995 nuair a chuaigh grúpa daoine, agus an sagart paróiste chun tosaigh, suas Cró na Rad ó na Cealla Beaga agus dúradh paidreacha ar an suíomh.
Dúradh it was said
" Dúradh go gcuirfí cosc ar chaitheamh tobac i mbialanna amháin agus go bhfágfaí na tithe tábhairne as an áireamh mar nach mbíonn bia ar fail iontu.
a dúradh linn, we were told,
" Ní ligfí isteach sinn in aon chor, a dúradh linn, gan cuardach iomlán a cheadú ar gach duine sa ghrúpa.
dúradh i bhfoilseachán amháin it was said in one publication
" Go deimhin, dúradh i bhfoilseachán amháin gur ciontaíodh é san am a chuaigh thart as coireanna éagsúla.
Dúradh liom it was said to me
" Dúradh liom roimh an gcluiche go mbeinn ag déanamh marcála ar leaid óg darbh ainm dó Mick Holden a bhí sé bliana, b’fhéidir, níb óige ná mise.
a dúradh it was said
" Ach d’fhág sí an Fhrainc go luath ina dhiaidh sin agus chuaigh sí chun cur fúithi i Londain, ar chúiseanna a bhain le cúrsaí cánach a dúradh ag an am.
Dúradh it was said
" Dúradh go raibh doras imrothlach idir Goldman Sachs agus an Teach Bán de chuid Bush.
Dúradh linn we were told
" Dúradh linn gur chaill sé a phost tamall gearr ó shin.
dúradh was said
" ie) inar dúradh go raibh an riachtanas Gaeilge mar dhris chosáin d’earcú bunmhúinteoirí fireanna.
Dúradh it was said
" Dúradh gur féidir 1,300 euro in aghaidh na bliana a shábhailt ar an dóigh sin.
dúradh was said
" ‘*Compo culture*’ a dúradh liom seachtain ó shin, ní raibh ann ach an méid sin a dúradh liom.
Dúradh it was said
" Dúradh i leith Uí Chuanacháin i ndiaidh a bháis nach ndéanfadh sé an Ghaeilge a bhrú ar éinne riamh, in ainneoin an t-am is an fuinneamh a thug sé chun an teanga a chur chun cinn.
dúradh was said
" Ar ndóigh, dúradh ón tús gur maratón seachas ráib a bhí i gceist agus go dtitfeadh an t-ualach ar rialtais éagsúla seachas an ceann atá ann san am i láthair.
dúradh it was said
" D’ainneoin an mhéid sin, dúradh linn roimh ré ar Theilifís Éireann ag an am go dtarlódh tubaiste ag Oileán Faoide i gCuan Bheantraí.
dúradh linn we were told
" Ar chúiseanna éagsúla, a dúradh linn: an chíor thuathail pholaitíochta sna tíortha Arabacha, an Éigipt agus an Túinéis go háirithe, agus an ghéarchéim i ngeilleagar na hEorpa na fáthanna ar shocraigh daoine an tsaoire a chaitheamh sa bhaile.
mar a dúradh as was said
" Beidh an fhoirm Ghaeilge fágtha sa charr nó san oifig acu, nó mar a dúradh liom ag mo theach cúig bliana ó shin *“there's no Irish form left in the office.
Dúradh linn we were told
" Dúradh linn fanacht cois farraige ag am díthrá agus thuirling an muireitleán anuas chun sinn a thabhairt ar bord.
Dúradh it was said
" Spriocanna ===== Dúradh sa cháipéis go mbeadh aidhmeanna na meithle bainte amach nuair a bheadh roinnt athruithe curtha i gcrích: - Meas a bheith ar an iomáint i mBaile Átha Cliath i measc spóirt éagsúla - Foirne iomána Átha Cliath a bheith ar na sé fhoireann is fearr sa tír ar bhonn rialta - Ardmheas a bheith ar ghairmiúlacht lucht bainistíochta agus oiliúna na hiomána san ardchathair - Tacaíocht do chur chun cinn na hiomána a bheith ar fáil ó gach uile chlub de chuid an CLG i mBaile Átha Cliath.
Dúradh it was said
" Dúradh le Balor alt a scríobh faoi ionsaithe an mhí seo, a léitheoirí dílse: ionsaithe! Bhuel, tiocfaidh na hionsaithe ar ball, ach idir an dá linn, cúpla focal faoinár gcuid cuairteoirí clúiteacha iomráiteacha.
Níor dúradh liom I wasn't told
" Níor dúradh liom roimhré cé chomh trom is a bhíonn na scíonna agus na maidí nó cé chomh deacair is a bhíonn sé siúl timpeall sna buataisí troma sciála.
Dúradh it was said
" Dúradh sa chúirt gur mhonarcha buamaí de chuid an IRA a bhí sa teach.
Dúradh formhór most were sung
beag beann ar an mhéid a dúradh disregarding what was said
" "* Tá súil agam nach bhfuil a leithéid céanna i gceist leis an dá phróiseas comhairliúchán tábhachtacha seo: ’sé sin go n-éisteofar lena bhfuil le rá ach i ndeireadh ama go nglacfar cinneadh beag beann ar an mhéid a dúradh.
Dúradh liom I was told
" Dúradh liom gur gnách le lucht ceannach éisc praghas na sairdíní a ardú sa tseachtain roimh an bhféile, agus gur lú an marú a rinneadh orthu i gcaitheamh mhí an Mheithimh i mbliana ná mar a dhéantar go hiondúil.
dúradh leo they were told
" Ghearr an breitheamh dhá bhliain charcrach ar Nadezhda Tolokonnikova (22), Maria Alyokhina (24) agus Yekaterina Samutsevich (30) as a n-agóid, a mhair 40 soicind agus dúradh leo, ‘gur diamhasla míofar a bhí ann a bheith ag mallachtú san eaglais’ agus go raibh siad ciontach as drochmheas agus fuath a tharraingt ar an Eaglais Cheartchreidmheach.
dúradh liom I was told
" D’iarras foirm Ghaeilge ach dúradh liom nach raibh aon fhoirm i nGaeilge ar fáil ag an Oireachtas.
Dúradh it was said
" ”* Dúradh sa mheamram sin go mbíonn an tUachtarán cúramach *“to recommend for temporary assignment to Gaeltacht areas only justices who have Irish.
Dúradh agus scríobhadh na mílte focal thousands of words were said and written
" An Rógaireacht ======= Dúradh agus scríobhadh na mílte focal faoi Pháidí tar éis a bháis.
dúradh it was said
" Murach an tarbh neamhoilte Éireannach seo, a dúradh, d’fhéadfaí gach fadhb a réiteach gan foréigean agus achrann.
dúradh it (was) said
" Nochtadh tuairim go raibh imreoirí spóirt ina n-eiseamláirí don óige agus don phobal i gcoitinne agus dúradh go raibh teipthe ar eagraíochtaí móra agus ar chinnirí éagsúla na tíre, idir chléir agus thuath, lucht polaitíochta, gnó agus siamsaíochta (an dream a luaitear an focal ‘*celebrity*’ lena stádas sa phobal go háirithe), treoir, sampla agus cinnireacht cheart a thabhairt do mhuintir na tíre.
a dúradh, i gcead duit was said, if you don’t mind
" **Balor: Do chum glóire Dé agus onóra na hÉireann, a dúradh, i gcead duit, a Phápa; agus leachtanna cuimhneacháin a bhí i gceist aige seachas maoin shaolta.
dúradh was said
" ‘B’fhéidir go dtiocfaidh sé timpeall gan rómhoill’ a dúradh uair eile i dtaobh imreora a fuair buille láidir sa chloigeann agus nach raibh cinnte ar feadh tamaill an raibh sé i bPáirc an Chrócaigh nó sa bhaile ar an tolg.
dúradh leis he was told
" ” “Mar thoradh ar an bhac a cuireadh air ní raibh sé in innimh traenála agus dúradh leis nach mbeadh an neart céanna aige sa leathghlúin arís.
dúradh it was said
" dúradh nach raibh baint ar bith ag an bhfírinne leis an scéal áfach, agus dúradh ina leith chomh maith go ndéanfar iniúchadh ar chuntais an Chéid Náisiúin i bhfad níos minice ná cuntais aon dream eile, agus gur minic a chuirtear iachall ar dhreamanna an t-airgead a chaitheamh go fánach, cé nach dteastaíonn uathu féin a leithéid a dhéanamh i gcónaí.
dúradh it was said
" dúradh go bhfuil a thrí oiread de chostas ag baint le RTÉ Radio 1 a chur ar an aer ná mar atá ag Raidió na Gaeltachta ach go bhfuil a 39 oiread níos mó den mhargadh acu.
dúradh it was said
" Go luath ina dhiaidh sin, bhí Sáirsint de chuid na nGardaí atá lonnaithe ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath, i dteagmháil liom ag lorg cóipeanna de na hagallaimh agus tras-scríbhinn i mBéarla den mhéid a dúradh.
dúradh ar ball was said earlier
" Leoga, mar a dúradh ar ball, a chonách sin orthu mar dhream leisciúil falsa sprionlaithe truaillí.
Dúradh liom go háitiúil I was told locally
" Dúradh liom go háitiúil nár tugadh ceadúnas nua ar bith amach ó 1935.
dúradh was said
" Faoi mar a dúradh ag an seimineár, tá stádas ar leith ag nuachtán clóite nach bhfuil ag suíomh idirlín, agus bíonn sé an-éasca ag suíomh idirlín dul i bhfolach i measc na gcéadta míle suíomh eile atá amuigh ansin.
Dúradh leis go neamhbhalbh he was told bluntly
" Dúradh leis go neamhbhalbh gurbh éigean dó aisíoc a thabhairt don bhean a thóg cás ina éadan nuair nár éirigh léi cúiteamh a fháil uaidh ar eitilt nár eitil le linn do na scamaill luaithrigh a bheith ag cur isteach ar aerthaisteal i 2010.
Dúradh leis it was said to
" Dúradh leis na daoine a ghlac páirt sa turgnamh go raibh bean ann darbh ainm Linda, atá singil, ceannasach, agus cliste agus a d’oibrigh in aghaidh an idirdhealaithe agus ar son na gceart sóisialach nuair a bhí sí ina mac léinn.
inti dúradh go neamhbhalbh it was stated plainly in it
" Bhí baint agam leis an litir a dhréachtadh agus inti dúradh go neamhbhalbh le Dinny Mc Ginley go raibh ‘tréas’ déanta ar an nGaeltacht nuair a bhrúigh sé Acht na Gaeltachta tríd an Oireachtas dhá bhliain ó shin, gan aon tacaíocht ag an reachtaíocht ó aon duine taobh amuigh den rialtas.
Dúradh liom I was told
" Dúradh liom go mbeadh ocht mí athshlánaithe le déanamh agam, ach i ndáiríre ní raibh mé feabhsaithe ar fad go dtí ar a laghad bliain iomlán ina dhiaidh,” a deir sí.
dúradh it was said
" I ráiteas a d’eisigh an CCEA dúradh gur deineadh cinneadh gan cháilíocht sa Ghaeilge a chur ar fáil i Sasana níos mó mar gheall “ar na difríochtaí atá ag teacht chun cinn idir na scrúdaithe i dTuaisceart Éireann agus i Sasana.
dúradh it was said
" Ina áit sin, dúradh go n-earcófaí painéal de chainteoirí dátheangacha nó 6% d'oibrithe i ngrád an oifigigh feidhmiúcháin.
dúradh linn we were told
" Ceithre mhilliún €uro a dúradh linn, imithe, ar shiúl, bailithe leis, i dtiachóga mhuintir sin Oirthear na hEorpa as an státchiste abhus.
dúradh was said
" D’ainneoin na béicíola agus an díspeagadh go léir, níor chuir sé isteach air cibéard a dúradh nó a scríobhadh tar éis cluiche.